An Gearrscéal

Nuair a smaoiním anois ar an bPiarsach, tagann chugam isteach ar thonn na cuimhne, an lá úd fadó, nuair a d’inis an Máistir, i Scoil Náisiúnta na Cille Móire Iorrais, scéal an Phiarsaigh dúinn. Tagann chugam freisin, an grianghraf úd, a léirigh cló leicinn an Phiarsaigh, pictiúr, dár linne, a léirigh séimhe, macántacht, agus fearúlacht. Sea, agus cuimhním freisin, ar na huaigheanna néata, rangaithe, úd, i gCnoc an Arbhair, gona gcrainn arda lásacha, gona leacht ard, snoite, clochach.

That terrible beauty!

Ach thar aon rud eile, tagann véarsaí an Yeatsaigh chugam, agus é ag smaoineamh ar an bPiarsach chéanna sin.

“This man kept a school

And rode our winged horse..”

Agus arís…

I write it out in a verse

McDonagh and McBride

And Connolly and Pearse

Now and in time to be

Wherever the Green is worn

Are changed, changed utterly

A terrible beauty is born”

An Gearrscéalaí

Ach ní chuige sin atá mé, an iarraidh seo, nó is é atá ag déanamh tinnis dom, sa phiosa seo, nó Gearrscéalta an Phiarsaigh, mar bíodh go raibh scileanna aige i mbun filíochta agus i mbun drámaíochta, agus fiú i mbun óráidíochta, is é mo thuairim fhéin, nó gur mar ghearrscéalaí ba mhó a bhain sé clú agus cáil amach dó fhéin. Chuaigh sé i mbun pinn agus é an-óg, agus lean den nós sin thar na blianta. Sa bhliain 1902, agus é trí bliana is fiche, thosaigh sé ag scríobh altanna agus cuntais chuig an Claidheamh Solais. Cur síos ar a imeachtaí agus ar a eachtraí i gConamara, ba mhó a bhíodh idir chamáin aige sna píosaí sin. Ba chara leis an eagarthóir, Eoin Ó Neachtain é, agus d’fhoilsíodh seisean chuile shórt uaidh. Ag cur síos ar aiste acu sin, “Lá Fá’n Tuaith” dúirt Ruth Dudley Edwards, ina Beathaisnéis scolártha, faoin bPiarsach…..

“It smacked more of the schoolboy essay than of the serious literary effort of an adult. But as with oratory, so with writing. Pearse had to learn his craft, he was only beginning.”

Ag scaipeadh an scéil

“Fair enough”, adéarfadh duine, b’fhéidir, ach ag an am gcéanna, chaithfeadh duine smaoineamh, nach raibh an oiread sin eiseamláirí ag an bPiarsach, le bheith ag déanamh aithrise orthu, an t-am sin. I ndáiríre, is dócha go bhféadfá a rá, go raibh sé ag iarraidh litríocht na Gaeilge a chur in oiriúint don ré inar mhair sé. Rinne sé a dhícheall ar roinnt scríbhneoirí Gaeilge a spreagadh, le gearrscéalta nua-aoiseacha a scríobh i nGaeilge, ach ba bheag aird a tugadh air, agus i ndeireadh na dála, tuigeadh dó, nach raibh an dara rogha aige ach tabhairt faoin ngnó é fhéin. Sa bhliain 1905, d’éirigh leis an gearrscéal “Poll an Phíobaire” a chur de, bíodh nár chuir sé a ainm fhéin leis an scéal sin, ach bhain úsáid as, Colm Ó Conaire, mar ainm cleite.

Thaitin sé le XYZ

Thaitin an sceal le Sgeilg (Seán Ó Ceallaigh) agus rinne sé léirmheastóireacht air san Irish People, faoin ainm cleite, XYZ. Seo mar a chuir seisean é:-

“The most artistic and suggestive publication of its kind yet issued by the League…..easily the most vigorous and idiomatic piece of modern Irish that has so far been given to us by the Western writers.”

Rinne an “Claidheamh Solais” an scéal a léirmheas freisin, agus mhol go hard é, agus cé go ndúirt an léirmheastóir, nach raibh aon eolas aige ar an údar óg, ag an am gcéanna, tuigeadh dó, go raibh a stíl an-chosúil le stíl an “Chlaidheamh Solais” fhéin. Ba é ba chúis le sin, dár leis, nó an tionchar a bhí ag an Nuachtán sin ar an údar óg sin, Colm Ó Conaire.

Níor mealladh an tAthair Ua Duinnín, áfach!

Nior buaileadh aon bhob áfach, ar an Athair Ua Duinnín, an foclóirí. Ba bheag a mheas siúd ar scríbhneoirí an Iarthair, agus rinne sé spior spear de léirmheas XYZ,

“As regards a certain Irish Storyette with a nauseous name…..”

“I have tasted Conemara butter before now, it has its defects..but it is natural….over-salted, yes…and over-dosed with the water of the béarlachas..yes…but it is genuine mountain butter all the same, and not clever margarine…This storyette however smacks more of the margarine of the slums, than pure mountain butter….”

Leag an Duinníneach béim ar theideal masmasach an scéil, mar adúirt sé, agus chuaigh an saghad sin go dtí an beo sa Phiarsach, nó b’fhuath leis gáirsiúlacht de chineál ar bith, agus dá chruthú sin, féach gur fhág sé ina uacht é, go n-athrófaí ainm an scéil sin, agus go nglaofaí “An Uaimh” feasta air in áit Poll an Phiobaire. Ach le filleadh ar an nDuinníneach, ní raibh sé críochnaithe fós le Colm Ó Conaire, nó cibé a scríobh Poll an Phíobaire, agus chuir sé críoch lena alt fhéin, ag súil go n-éireodh leis an údar óg tuilleadh scéalta a sholáthar dúinn as an bhfoinse chéanna sin, sé sin, as Poll an Phíobaire! Fair Play! don Duinníneach. Níor chaill sé riamh é! Dá mba rásúr a theanga, níor ghá faobhar a chur riamh air! Is dócha gur tuigeadh dó, go mba é an Piarsach fhéin a chum an “Storyette”, mar a thug sé air, agus tá’s ag an lá nárbh é an Piarsach a rogha scríbhneora, agus nár mhinic a rinne sé ceap magaidh de Chéimeanna Léinn an Phiarsaigh, sé sin, BA agus BL, nuair a thugadh sá, BABL, air, ag cur an Túir cháiliúil úd fadó, i gcumhne dúinn!

*************

Peadar Bairéad.

*************

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge