.

An Cháisc ar an Aoine!

.

Nach minic a chualamar go léir na nathanna éagsúla, a chuireann ar ár súile dúinn, nach bhfuil de nós ag an gCáisc titim ar aon lá den tseachtain, taobh amuigh den Domhnach; nathanna ar nós, “Níorbh iontaí liom an Cháisc ar an Aoine” ná a leithéid a fheiceáil, nó arís, “Chomh siúráilte is atá an Cháisc ar an Domhnach”, agus a leithéid. N’fheadar mé ar mar sin a bhí, ó thús? Ach fillfidh mé ar an scéal sin ar ball beag, ach le tús a chur leis an scéal seo, ba mhaith liom sibh a thabhairt siar liom, thar dhroichead na mblianta, go dtí an bhliain 1940, nó tharla rud ait go leor an bhliain chinniúnach chéanna sin. Ní raibh ionnamsa ach glas-stócach, an tráth sin, ach mar sin fhéin, chuaigh an rud úd, a tharla an bhliain sin, i gcionn chomh mór sin orm, gur fhan a chuimhne go glas, glan, glé, liom, anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann.

.

An tSeamróg agus an Phailm taobh le taobh!

Céard a tharla an bhliain áirithe sin, in ainm an Áidh?

Bhuel, tharla rud atá thar a bheith neamhghnách.

Agus céard é fhéin, an ea?

Bhuel, an bhliain áirithe sin, chaitheamar an tseamróg agus an phailm, i bhfochair a chéile, nó thit Domhnach Pailme ar an 17ú Márta, an bhliain sin. Bhí mé fhéin óg ag an am, agus ní dhearna mé aon nath ró-mhór den tarlúint chéanna sin, ag an am. Anois, is cuimhin liom go raibh an scéal i mbéal gach éinne, ag an am, agus é ina scéal eatarthu, go mbeadh Éire saor, an chéad uair eile a tharlódh a leithéid arís.

.

Cathain a tharlóidh sé arís?

Agus an raibh a fhios acu cathain a tharlódh a leithéid arís?

Tuigeadh domsa, ag an am, go raibh an t-eolas sin le fáil sna nuachtáin, ach ó tharla nach raibh mé fhéin ró-thugtha do léamh na nuachtán céanna sin, ag an am, ní fhaca mé tada faoi iontu, ach bhí sé ina scéal mór i measc daoine, go dtarlódh sé arís sa bhliain 2000! Is cuimhin liom freisin, go raibh duine de na comharsana, Micheál Shéamais Mhóir, istigh ar chuairt againn, oíche an lae úd, agus go raibh sé fhéin is m’athair ag cur na gcúrsaí sin trí chéile, agus ba é a fhaid ar a ghiorracht go raibh siad beirt den tuairim nach mbeidís fhéin sa timpeall, um an dtaca sin, ach bhíodar beirt den tuairim, go raibh chuile sheans ann, go mbeinnse ar an bhfód fós faoin mbliain 2000, agus d’iarradar ormsa dul síos go dtí Séipéal na Cille Móire, an tráthnóna sin, agus paidir a chur lena n-anam. Is dócha gur thoiligh mé fhéin chuige sin. Anois, san idirlinn, ba mhinic mé ag iarraidh fios fátha an scéil sin a fháil amach, ach i gcónaí, gcónaí, theip glan orm aon eolas a fháil faoi na cúrsaí céanna sin.

Bhuel, tháinig an bhliain 2000, agus mar is eol do chách anois, níor thit Lá ‘le Pádraig ar Dhomhnach Pailme, an bhliain áirithe sin, nó nior thit sé ar an nDomhnach sin bliain ar bith ó shoin i leith, ach oiread. Sea, agus fágadh mé fhéin im’ bhambairne, agus mé ag súil chuile bhliain, go mbeadh deis agam an tseamróg agus an phailm, a chaitheamh i bhfochair a chéile, uair amháin eile im shaolsa, agus go mbeadh deis agam cuairt a thabhairt ar Shéipéal na Cille Móire, le paidir a chur le hanamnacha na marbh, ach go háirithe le hanamnacha na beirte úd, a d’iarr orm a leithéid a dhéanamh, nuair a chaithfí an tseamróg agus an phailm ar an lá céanna, arís.

Comhairle Nicea

Ar na mallaibh áfach, thosaigh mé ag iarraidh scil eicínt a bhaint as cúrsaí na Cásca, agus mar a shocraítear dáta na Féile úd, sea, agus chomh fada is a d’fhéadfainn a dhéanamh amach, d’fhéadfadh an Cháisc titim ar lá ar bith den tseachtain, ar feadh cupla céad bliain, le linn óige na hEaglaise, mar, anuas go dtí an bhliain 325, dheintí an Cháisc a cheiliúradh ar an gcéad lá de Cháisc na nGiúdach, nó ar an lá díreach ina dhiaidh sin, cuma cén lá den tseachtain a bhí i gceist, ach, in áiteacha eile, dheintí í a cheiliúradh ar Dhomhnach, gar do Cháisc na nGiúdach. Ag chéad Chomhdháil Nicea, áfach, tar éis roinnt mhaith cur trí chéile, socraíodh ar an gCáisc a cheiliúradh feasta ar Dhomhnach, agus uaidh sin amach, ba scéal cinnte é, go dtitfeadh an Cháisc ar an nDomhnach, agus uaidh sin a d’fhás an nath cainte úd sa Ghaeilge…Chomh siúráilte is atá an Cháisc ar an Domhnach, agus bhí deireadh feasta le Cáisc ar an Aoine!

An Féilire Greagóireach

Tharla athruithe áirithe eile sa bhFéilire le linn do Ghreagóir a Trí Déag a bheith i gCathaoir Pheadair sa Róimh, agus deineadh na socruithe a chinntiú tuilleadh, nuair a leagadh síos an riail, go dtitfeadh an Cháisc feasta, ar an gcéad Domhnach, i ndiaidh na gealaí úire, a leanann eacaineacht an Earraigh. Agus ní gá a rá, gur socraíodh, go nglacfaí leis an 21ú Márta mar dháta na heacaineachta sin. Glacadh leis na socruithe sin, nó tuigeadh gur mar sin a tharla, sa bhliain 30 AD, nuair a d’aiséirigh ár dTiarna ón mbás, faoi mar a tuigeadh ag an am.

Ach, le filleadh ar oíche úd an 17ú Márta na bliana sin 1940, nuair a tharla go raibh Micheál Shéamais Mhóir, ceoltóir, ag bothántaíocht sa teach s’againne, agus an tseamróg agus an phailm á gcaitheamh fós ar ár ngeansaithe againn, agus nuair a hiarradh ormsa, paidir a chur lena n-anamnacha, thíos i Séipéal na Cille Móire, sa bhliain 2000, tuigeadh dúinn uilig, an oíche sin, go dtarlódh sin arís sa bhliain 2000, ach, mar is eol do chách anois, níor tharla aon rud dá leithéid an bhliain sin, nó aon bhliain eile ó shoin i leith, ach oiread. B’in an fáth mar sin, a ndeachaigh mé fhéin ag tóraíocht fios fátha an scéil sin, i mbliana.

Agus bhfuil fhios agat toradh mo chuid taighde?

Níl, muis!

.

1799, agus 2391

Bhuel, tar éis roinnt mhaith ama a chaitheamh i mbun an tionscnaimh sin, ba é a fuair mé fhéin amach, nó gur tharla a leithéid cheana ag deireadh an ochtú haois déag, sa bhliain 1799. Mar sin, ní gnáth tarlúint in aon chor é caitheamh na seamróige agus na pailme ar an aon lá amháin, sé sin le rá, nach dtiteann Domhnach na Pailme ar Lá ‘le Pádraig ach go fíor fíor annamh, amach is amuigh.

Agus cathain a tharlóidh a leithéid arís, adeir tú?

Bhuel, sin scéal eile ar fad anois, nó chomh fada is a d’fhéadfainn fhéin a dhéanamh amach, ní tharlóidh sé go luath, ar aon chaoi, nó ní raibh ar mo chumas-sa teacht ar dháta ar bith roimh an bhliain 2391, nuair a thitfeadh Domhnach na Pailme ar Lá ‘le Pádraig arís, agus sin tarraingt ar cheithre chéad bliain eile. Bhuel, tá mé ag ceapadh, nach mbeidh mé fhéin ar an bhfód, teacht na bliana sin, agus má tá orainn fanacht le saoirse na tíre seo a bhaint amach, go dtí an bhliain áirithe sin, bhuel, nach mbeadh sé chomh maith dúinn dul ag feadaíl! Sea, agus féach ar ar tharla an bhliain roimh na blianta cinniúnacha sin 1799, agus 1940, agus nach gcuirfeadh sin duine ar bith ag smaoineamh ar an mbliain 2390! Deireadh an tsaoil seo, b’fhéidir!

Cuir an phaidir sin leo anois!

Ach céard faoin mbeirt úd a bhí ag súil le paidir uaimse, faoin mbliain 2000, nuair a chaifí,- mar a thuig siadsan ag an am,- an tseamróg agus an phailm i bhfochair a chéile arís? Bhuel, féach, nach mbeadh sé chomh maith agam dul síos go dtí an Seipéal amárach, agus an dualgas úd a chomhlíonadh, fad is atá ar mo chumas sin a dhéanamh! Agus b’fhéidir go ndéanfása Solas na Soilse, agus Leaba i measc na Naomh, a ghuí orthu freisin, agus ar anamnacha na marbh uilig, anocht agus i dtólamh.

Bhuel, sin é mo scéal don bhabhta seo agus má tá bréag ann ní mise a chum nó a cheap, agus súil agam gur thaitin sé libh. Go dtí an chéad bhabhta eile, Slán.

Peadar Bairéad.

gaGaeilge