I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

.

An Mianadóir………….céadchló....…..2015

le

Jackie Mac Donncha...…………………..€10.00

.

Deoraí ag filleadh ar a dhúchas

Is suimiúil an scéal a leagann an t-údar seo os ár gcomhair sa leabhar dea-scríofa seo, agus leabhar is ea é freisin, a chuirfidh léitheoirí áirithe faoi gheasa, lena chuid Gaeilge tharraingteach, lena phlota teannasach, suimiúil, agus lena stíl fhorbartha. Seo leabhar a thaitneodh go mór leis an aos óg, go háirithe le déagóirí. Ní hionann sin is a rá, nach mbainfeadh éinne eile toit nó taitneamh as, mar caithfidh mé a rá, gur bhain mé fhéin an-taitneamh as, agus geallaimse dhuit é, nach aon bhunóc bliana mé, faoin am seo!

Is dócha go bhféadfá a rá, gurb é an gasúr, Darach Ó Fualáin, príomhcharactar an scéil seo, nó téann a chuid eachtraí siúd, mar shnáithe, tríd an scéal seo ar fad, ó thús deireadh. Ní gá a rá, go n-imríonn a mhuintir an-pháirt sa scéal freisin.

Fear faoi leith is ea an t-athair, Aindriú Ó Fualáin, agus é, de shíor, sáite go dtí na cluasa ina fhóinínca. Bean ghnóthach, dhíograiseach, is ea a mháthair, Siobhán, agus cailín cliste, cúramach is ea, Siún, a dheirfiúr. Caithfear a rá gur bheag aird a thug Aindriú ar a mhac, Darach, go dtí an pointe sin, nó bhí sé ró-ghnóthach lena finín póca agus lena nuachtáin, le Darach a thabhairt leis ag iascaieacht, nó ag fiach, nó a leithéid, ach, d’fhoghlaim sé a cheacht go dóite nuair a tharla nach raibh siad ábalta teacht ar Dharach, an lá sin a chuaigh sé i bhfostú sna píopaí uisce.

Ach díríonn an scéal a thóirse freisin, ar an bhfear úd a tháinig abhaile óna dheoraíocht sna mianaigh chopair, i mButte, Montana, fear arbh ainm dó, Antaine de Búrca. D’fhill Antaine ar theach folamh a mhuintire ó tharla nach raibh éinne dá mhuintir ina sheilbh, agus ghlac seisean seilbh air, ach má dhein, ní i ngan fhios do na comharsain é, nó bhí súil seabhaic acu air, agus gan aon ró-iontaoibh acu as, ach oiread, nó ní raibh aithne ar bith acu air. Casadh Darach air, ar a bhealach abhaile ón scoil agus d’éirigh leo caradas a shnaidhmeadh eatarthuithreach bonn. Ar ball, nuair a chuaigh Darach i bhfostú sna píopaí uisce, a bhí ag síneadh trasna faoin mbóthar, agus nuair a bhí sé beagnach múchta, tachtaithe, iontu, agus gan ar a chumas éaló astu aris, ba é an strainséir, Antaine de Búrca, a chuala fóinínca Dharach ag bualadh, agus a thuig ón bhfuaim sin gur faoi thalamh, sna píopaí, a bhí an fón céanna sin. Chuir Antaine é fhéin i mbaol a bhasctha ag iarraidh Darach a shábháil nuair a chuala sé scréachaíl sna píopaí céanna sin.

Nuair a tuigeadh do na comharsain gur mar sin a bhí, bhí siad lán-tsásta ansin glacadh lena gcomharsa nua mar dhuine díobh fhéin. Ní gá a rá, go gcuirtear síos ar mhuintir an bhaile, agus go háirithe ar mhuintir Dharach fhéin, Clann Ui Fhualain, sa scéal suimiúil, lánteannais, seo faoi’n mhianadóir a d’fhill ar a dhúchas.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge