Béasa Bóthair 1

Peadar Bairéad

.

(This week we take a look back at behaviour on our Roads.)

Capall, Cú, nó Giorria

Nach mór go deo idir inné agus inniu! Ba bheag trácht a bhí ar luas ar bhóithre nuair a bhí mise ag fás suas in Iorras na nIontas, breis mhaith is trí scór bliain ó shoin anois. Capall, cú, nó giorria, na beithigh a rithfeadh linne agus muid ag samhlú luas thar na bearta, dúinn fhéin, an tráth úd, agus le fírinne, ba bheag cur isteach a dhéanadh fear ar bith den triúr sin orainne, nó ní raibh capaill ráis, nó cúite, chomh flúirseach sin i measc na cosmhuintire, ag an am, agus téadh an giorria ag feadaíl, nó ba bheag dochair a d’fhéadfadh seisean a dhéanamh dúinn. Ceart go leor, bhí cupla feithicil le hinill dócháin inmheánaigh iontu, sa timpeall, ach ní dóigh liom, go gcuirfeadh sé aon ró-stró ar chapall ar bith, gan trácht ar chapall ráis in aon chor, coinneáil suas le ceachtar acusan. Sa lá atá inniu ann áfach, is earra marfach, amach is amuigh, é an luas céanna sin, agus tá an cine s’againne ag dul as a gcrann cumhachta ag iarraidh taisteal níos tapúla, agus níos tapúla fós. Tá sin go breá, ach nuair a smaoiníonn tú ar na feithicil atá cumtha acu don taisteal, sa lá atá inniu ann, ansin tuigfidh tú an dochar a d’fhéadfadh fear de na feithiclí sin a dhéanamh, nuair a théann sé ó smacht.

Ní chreideann tú mé, an ea?

Bhuel, níl le déanamh agat ach dul amach ar na bóithre s’againne, lá ar bith, agus feicfidh tú na gluaisteáin, na busanna, agus na leoraithe, gan trácht in aon chor ar na rothair ghluaiste, agus iad faoi mar a bheidís in iomaíocht lena chéile, iad ag iarraidh an bhearna a bhaint dá chéile, iad ag iarraidh an fear maith a fháil ar a chéile, nó is cosúil le cluiche báis nó beatha an cluiche atá idir chamáin acu, amuigh ansin ar bhóithre na Banban. Ní gá dom pictiúr a líniú duit ar an toradh a bheadh ar phléascadh boinn, ar mhiogarnach neamhbheartaithe, ar shraoth gan choinne, ar bheach gan chuireadh, nó ar thada ar bith eile dá leithéid sin, go háirithe, nuair atá tú ag caint ar luas thart ar nócha, nó ar chéad míle san uair a chloig.

Luas gan chead

Ach, adéarfadh duine, b’fhéidir, níl luas dá leithéid ceadaithe ar ár mbóithre, anseo i dtír seo na nÉireann. Fíor dhuit, a mhac! níl luas dá leithéid ceadaithe ar bhóithre na Banban, ach ní hionann sin is a rá nach dtéann gluaisteánaithe áirithe ar na luasanna sin. Níl le déanamh ag duine ach dul amach ar na bóithre sin, agus tabharfaidh sé fhein faoi deara, nach dtugann daoine áirithe aird dá laghad ar an teorainn luais. Má dhéanann tú fhéin iarracht ar fanacht taobh istigh dár dteorainneacha luais, is beag nach séidtear den bhóthar thú, nuair a réabann gluaisteánaithe áirithe tharat. Minic a iompaionn siad thart, le radharc ceart a fháil ar an tseilide de thiománaí, nach bhfuil de luas faoi ach an seasca míle san uair! agus bóthar breá, leathan, folamh, os a chomhair amach. Sea, mh’anam, agus seans freisin, go dtabharfadh sé comhartha na méar dhuit, lena dhrochmheas a chur in iúl dhuit. Nach é an scéal céanna é ar shráideanna ár mbailte, agus ár gcathracha? Meas dá laghad níl ag cuid acu ar na teorainneacha luais atá i bhfeidhm ar na sráideanna céanna sin.

Tiomáint chomharsanúil!

Ach, b’fhéidir go ndéarfá liom, gur scríobh mé sa cholún seo, anuraidh, go raibh feabhas ollmhór tagtha ar bhéasa bóthair ár dtiománaithe, le tamall anuas. Admhaím gur scríobh mé a leithéid, anuraidh, ceart go leor, ach má scríobh, geallaimse dhuit é, go raibh sin fíor, ag an am. Bhí feabhas iontach tagtha ar bhéasa na ngluaisteánaithe, an t-am sin. Choinnigh a mbunús an teorainn luais, agus lena chois sin, thiomáin siad go ciallmhar, cúramach, comharasanúil, sa chaoi go mba phléisiúr é bheith amuigh ar na bóithre, in éindigh leo. Ach le tamall anuas, thug mé faoi deara, go raibh na dea-bhéasa sin imithe le gaoth, imithe mar a d’imigh an sneachta a bhí ann anuraidh, agus tá faitíos orm gur imeacht gan filleadh é, mura múintear fios a mbéas dóibh, agus sin go luath, nó má leantar ar aghaidh, faoi mar atá cúrsaí, i láthair na huaire seo, raghaidh uimhir na dtionóiscí tríd an díon, amach anseo.

Ach céard is féidir linn a dhéanamh, leis an scéal seo a leigheas?

Bí liom arís an tseachtain seo chugainn le fáil amach an bhfuil leigheas ar bith ar an scéal.

.

.

gaGaeilge