C a r a s a C h ú i r t !

.

******************************

.

Is dócha gur cuimhin libh go léir an seanfhocal, – Is fearr cara sa chúirt ná bonn sa sparán, – bhuel, ní cara dá leithéid sin, go díreach, atá i gceist agam in alt na seachtaine seo, ach ag an am gcéanna, ní fhéadfainn gan úsáid a bhaint as an seanfhocal céanna sin, mar cheannnteideal don phíosa seo….

Ní go ró-mhinic a aontaíonn duine ar bith leis an méid a bhíonn idir chamáin agam in, “I mBéal an Phobail,” ach tharla sé, nuair a labhair an Breitheamh William Harnett, ag suíomh den Chúirt Dúiche, i gCill Chainnigh, ar an Máirt, an 21 Bealtaine, 2002. Ach b’fhéidir nárbh aon dochar é, an scéal ar fad a leagan os bhur gcomhair amach, le go bhféadfadh sibh bhur mbreith fhéin a thabhairt ar an scéal.

Tharla gur scríobh mé píosa sa cholún seo, anuraidh, faoi na mion-timpealláin úra, a tógadh, nó a suíodh, i lár Bhóthar Cheatharlach. Bhuel, bhí mé ag rá, ag an am, go raibh an Rialtas láir imithe ar mire le buile chumhachta, agus go raibh an Rialtas Áitiúil fhéin á leanúint síos an bóithrin sleamhain, slíoctha, céanna sin….

Seo mar a chuir mé síos orthu, ag an am…

“An ndéanann siadsan (lucht an Rialtais Áitiúil) tada as an mbealach, a thabharfadh le fios, go raibh buile chumhachta ag cur as dóibhsean, freisin”

“Bí cinnte go ndéanann! Ar bhreathnaigh tú ar na timpealláin nua a tógadh ar Bhóthar Cheatharlach, le déanaí?”

“Níor bhreathnaigh, nó déanta na fírinne, níor thaistil mé an bóthar céanna sin, le tamall anuas, ach cén cineál timpealláin a tógadh air?”

“Bhuel! Tá daoine sa chathair seo, a théann síos suas an bóthar céanna sin, cupla uair sa lá, agus níor thugadarsan faoi deara fós iad, ach oiread !”

“Conas a d’fhéadfaidís taisteal síos suas an bóthar sin gan na timpealláin a thabhairt faoi deara?”

“Bhuel, ní timpealláin chearta atá iontu, in aon chor. I ndáiríre, níl i gceist ach ciorcal beag péinteáilte i lár an bhóthair, ceann acu cóngarach do thimpeallán Bhóthar Cheatharlach, agus an ceann eile taobh amuigh d’Ospidéal Chainnigh. Nílim á rá anois nár chóir timpealláin a bheith sna hionaid chéanna sin, ach dá mbeifí le beart dá leithéid a dhéanamh, cheapfá gur chóir go mbeadh siad infheicthe, feiceálach, sábháilte, ach faoi mar atá siad anois, tá mé ag ceapadh, gur baolaí i bhfad Éireann níos mó iad ann, nó as. Fiú amháin, dá mbeadh seanbharaille ina sheasamh i lár an bhóthair, agus lampa de chineál eicínt air, le gluaisteánaithe a chur ar an airdeall, thuigfeá dóibh, ach faoi mar atá cúrsaí anois, dár liomsa, níl bun na barr air.”

Bhuel, b’in mar a scríobh mé anseo, agus mé ag cur síos ar an gcomhrá a tharla idir mé fhéin agus mo sheanchara Séimí an Droichid, tar éis dom scéalta a chlos faoi thimpistí a tharla sna bólaí sin, ag an am. Ach ar tugadh aon aird orm? Ag magadh fúm atá tú! Bhuel, nach orm a bhí an t-ionadh, an lá cheana, agus mé ag léamh an Kilkenny People ar mo sháimhín só, nuair céard d’fheicfinn ar an gcéad leathanach den pháipéar sin, ach an ceannlíne seo…

J u d g e s l a m s “ l u d i c r o u s ” r o u n d a b o u t s .

Ní call dom a rá, gur léigh mé a raibh scríofa san alt, faoin gceannlíne sin, agus seo chugaibh anois é…

Mini roundabouts on the Carlow Road in Kilkenny have been described as “ludicrous, appalling and dangerous” by a Judge.

And the Judge has asked Kilkenny’s Garda Superintendent to contact the local authority regarding the roundabouts “before there is a really serious accident” Judge William Harnett told Kilkenny District Court yesterday (Tuesday) that the roundabouts, outside SEHB headquarters and Shandon Park, were extremely dangerous.

“Those roundabouts are ludicrous. They are appalling. People can’t even see someone going on to them from the right” said the Judge, who asked Supt. Gordon Ryan to raise the issue with the local authority.

Sin an píosa dhuit anois, díreach mar atá sé le léamh ar an People, dár dáta, an Aoine, 24 Bealtaine 2002. Agus cé chuirfeadh i gcoinne an Bhreithimh sa mhéid a bhí le rá aige sa Chúirt Dúiche, anseo i gCill Chainnigh, ar an Máirt, an 21 Bealtaine. Ní gá tada a chur le breith an Bhreithimh, agus mar sin fágaimis siúd mar atá sé.

Bhí ábhar eile, a bhí ag dó na geirbe agam, tamall ó shoin, agus scríobh mé alt faoi, in eagrán an 26 Deireadh Fómhair, 2001. Ba é an teideal a thug mé don phíosa sin nó…

S é i p é i l f a o i l é i g e a r ?

Agus sa phíosa sin, scríobh mé faoin chaoi ar mhothaigh mé fhéin go rabthas ag iarraidh, cosc a chur le páirceáil gluaisteán, taobh amuigh de shéipéil na Cathrach Áille seo. Labhair mé faoin Mhainistir Dhubh, ar bhruach na Bréagaí, agus an chaoi ar cuireadh cosc iomlán, d’fhéadfá a rá, le páirceáil thíos ansin, ar feadh cupla bliain, agus ansin, nuair a bhí deireadh leis an athnuachan, agus leis an rómhar uilig a bhí ar siúl ag an mBardas, fuarthas amach, go raibh an chuid ba mhó den spás páirceála caillte, agus nach raibh fágtha do pháirceáil ach cuid Pháidín den mheácan, an rubaillín caol. Ba é a cheap mé fhéin, nó go raibh léigear a dhéanamh ar shéipéil na cathrach, agus go rabhthas ag iarraidh constaicí a chur sa mbealach orthu siúd, ar theastaigh uathu freastal ar Aifrinntí, anseo in ár measc.

Scríobh mé freisin, faoi chúrsaí i Sráid Eoin, agus faoin chaoi a rabhthas ag iarraidh deireadh a chur le páirceáil taobh amuigh d’Eaglais Eoin, sa tsráid chéanna sin, ach, tráthúil go leor, cuireadh go láidir i gcoinne an chinnidh sin, agus is cosúil gur ligeadh i ndearmad ó shoin é. I gcás Ardeaglais Mhuire, bhuel, deineadh an t-ionad páirceála, atá taobh leis an Ardeaglais sin, a thógáil faoi chumhacht an Bhardais, agus táthar le táille a ghearradh ar pháirceáil ansin, feasta. Nach gceapfadh duine go rabhthas ag iarraidh bac a chur sa mbealach orthu siúd a d’úsáideadh an t-ionad sin, thar na blianta fada, mar áit pháirceála, le linn dóibh bheith ag freastal ar Aifrinntí ansin. Nuair a rinne na Tiarnaí Talaimh na coimíneachtaí a ghabháil fado, chuir sé sin fearg ar chuile dhuine den chosmhuintir, ag an am, ach nach iad an dá mhar a chéile iad? Tuige nach ligfí do dhaoine páirceáil, saor ó chíos, ansin ag am Aifrinn, Domhnach agus Lá Saoire? Nach gceapfá go raibh an ceart sin tuillte acu, trí bheith a úsáid mar ionad párceáa le sinsearacht?

Scríobh mé freisin, faoina raibh ag tarlú thart ar Shéipéal Phádraig, agus faoi na rialacha nua a cuireadh i bhfeidhm, fan an bhóthair sin, le páirceáil a theorainniú. Sea, agus tugadh le fios don chléir ansin, is cosúil, go gcuirfí an dlí i bhfeidhm ansin ar éinne a sháródh na rialacha nua páirceála ansin. I ndáiríre, is beag nach bhfuil páirceáil crosta ar fad thart ar an séipéal sin, cé go raibh nós na páirceála céanna fadbhunaithe ansin. Téigh amach ansin agus breathnaigh air, agus feicfidh tú, nach luíonn cuid de na rialacha céanna sin le réasún!

Sea, agus céard faoin bhFriary s’againne, áit a gceiliúrtar Aifreann i nGaeilge, chuile Dhomhnach agus Lá Saoire? Cad a tharla don ionad breá fairsing páirceála a bhí acu ansin ina ndéanadh lucht freastal ar Aifrinntí sa bhFriary a ngluaisteán a pháirceáil, le linn dóibh bheith istigh ag na hAifrinntí sin? Imithe, faoi mar a d’imigh an sneachta a bhí ann anuraidh. Tógadh foirgneamh ollmhór ansin, sa chaoi nár fágadh fiú áit do ghluaisteán amháin páirceáil ansin anois. Agus ní bheadh an scéal chomh holc sin ar fad, dá mba le duine príobháideach an t-ionadh, mar déarfadh duine go mba leis fhéin é, agus a chead aige úsáid ar bith, ar mhian leis, a bhaint as. Ach, níor le duine príobháideach é. Níorbh ea, muis! Ba leis an mBardas s’againne é, agus b’iadsan a dhíol é. Is dócha go bhféadfá a rá gur dhíol siad oidhreacht an phobail, agus níor smaoinigh siad ar thada a chur ina áit, le freastal ar phobail na nAifrinntí sa bhFriary. An féidir tada a dhéanamh anois, leis an scéal sin a chur ina cheart arís? Tá faitíos orm nach bhfuil, ach i ndáiríre, is dócha gur chuma le roinnt mhaith daoine faoi chearta páirceála na ndaoine a dhéanann freastal ar Aifrinntí feasta. Is mó go mór fada a ndúil go mbeadh ionaid fhairsinge pháirceála ar fáil ag na hOllmhargaí, agus ag na hÓstáin, in ár measc.

B’fhéidir go gcuirfeá ceist orm faoin chúis atá leis an athrá seo ar rud a scríobh mé anuraidh. Bhuel, tá, seo, gur léigh mé litir ar an Kilkenny People dár dáta, an 24 Bealtaine, faoin ábhar céanna sin. Litir bhreá, a scríobh Jim Woodcock, as Bishops Hill, sa chathair seo, agus chuir sé áthas orm arís, go raibh Jim ar aon fhocal liom sa mhéid seo, faoi ghanntanas áiteacha páirceála ag eaglaisí na cathrach, nó i ndáiríre, faoin gcúngú a deineadh ar ionaid pháirceála thart ar eaglaisí agus ar shéipéil na cathrach seo. Anois, is é an rud is mó atá ag cur as do scríbhneoir na litreach seo, nó go bhfuil an cúngú seo ag cur as, go háirithe, do sheanóirí na cathrach, daoine a dteastaíonn áit pháirceála, cóngarach don séipéal, go géar uathu. Ba mhaith liom cupla abairt a thógáil as litir Jim, le sin a léiriú daoibh. Féach ar seo…

   “Recently, at the Black Abbey, a number of the congreagation found their cars had received parking tickets, while they were attending Mass. As is the case, a large percentage of daily Mass-goers are elderly, some of whom may have a degree of infirmity or disabilitay, which makes parking nearby, essential.

Previously around the Black Abbey, there were 150 available car spaces which have now been reduced to a meagre 35.”

An gá cur leis an meid adúirt Jim, sa litir sin? Más gá, féach ar seo, agus é ag cur síos ar chúrsaí páirceála ag an bhFriary…

“Regarding our other parishes in town, the elderly attending Mass at the Friary have had all car parking facilities removed, and could have to park their cars up to half a mile away.”

Ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a chur in iúl do Jim Woodcock, as a litir bhreá. fad saoil aige, agus b’fhéidir go dtabharfadh duine eicínt údarásach aird ar a bhfuil á rá aige sa litir chéanna sin, ach thar aon rud eile, is dócha go léiríonn an rud ar fad an t-athrú ollmhór atá tagtha ar chúrsaí, le cupla scór bliain anuas. An tráth sin, ní smaoineodh éinne fiú, ar chúngú a dhéanamh ar ionaid pháirceála na n-eaglaisí, gan an comhar a íoc leo, ar bhealach eicínt eile, sé sin, trí ionad eile páirceála a chur ar fáil ina áit. Ach d’imigh sin, is tháinig seo, agus d’fhéadfá a rá, go bhfuil saol nua sa treis anois, saol nár smaoiníodh fiú air, nuair a bhí mé fhéin nó Jim Woodcock, ag fás aníos, agus i ndáiríre, ní dóigh liom, gur féidir linn na hathruithe céanna sin a chur ar gcúl anois, ach murar féidir fhéin, ní hionann sin is a rá, go dtaitneoidh na hathruithe sin linn, nó nach féidir linn tagairt a dhéanamh dóibh, mar b’fhéidir go dtabharfadh duine eicínt, áit eicínt, am eicínt, aird orainn, amach anseo.

*****************

Peadar Bairéad.

*****************

.

.

gaGaeilge