An Chamchuairt úd 1
Peadar Bairéad
(This week we start a reveiw of that Scottish visit.)
…..Cuimhní ar Chamchuairt ar Albain…..
Dé Sathairn, 19 Meán Fómhair, 1992. Cé nach raibh aon ró-bhrú orainn bheith inár suí le giolc an ghealhain, an mhaidin bheannaithe sin, ag an am gcéanna, ní raibh aon ró-fhonn orainn codladh go headra, agus mar sin, bhíomar ar ár gcois, tarraingt ar a hocht a chlog ar maidin. Bhíomar pioctha, bearrtha, agus an bricfeasta ite againn, ag a naoi. Ag an bpointe sin, bhí fear an tí, Alec Welstead, réidh lena mhadraí a aclú. Chuamar, mé fhéin agus an Cornal Eoghan Ó Néill amach in éineacht leis, Ba thaitneamhach an uair an chloig a chaitheamar ag siúl linn trí choill, in aice an bhaile, muid ag comhrá agus ag seanchas, fad is a bhí na madraí ag rith is ag rás leo fhéin, ar a sástacht. Ba le hÓstán an Crieff Hydro an choill úd, ach go raibh cead ag an bpobal í a úsáid, am ar bith ar mhian leo.
Thart ar a haondhéag, thóg lanúin an tí, Wendy agus Alec, ina gcarr muid, go dtí Teach Stiléireachta Ghlenturret, nó bhí socraithe ag Gaeil Chrieff, go mbeadh deis againn turas tionlactha na Drioglainne is sine in Albain, a thabhairt. Rinneadar sin, agus bhlaiseamarna toradh a saothair, ag deireadh an turais, agus geallaimse dhuit é, nár den díogha é an Glenturrwet Whisky céanna sin! Bhí Ionad Oidhreachta ansin acu freisin, agus chríochnigh an turas tionlactha le scannán ‘The Water of Life,’ a léiríodh dúinn i bpictiúrlann bheag, ghleoite, na Drioglainne. Tarraingt ar mheán lae, tháinig an bhuíon Éireannach, agus Morag MacLeod, ár dtreoraí lách, oirirc, mar aon le Gaeil Chrieff, le chéile i mBialann na Drioglainne, le lón a chaitheamh i bhfochair a chéile.
A leithéid de lón níor bhlais mé le fada an lá, nua gach bia agus sean gacha dí ar chlár romhainn amach; comhluadar lách, geanúil, Gaelach; agus comhrá spreagúil, tuisceanach, cairdiúil.
Slán le Crieff!
Ar deireadh thiar, áfach, b’éigean dúinn slán a fhágáil ag ár gcairde nua i gCrieff. Déanta na fírinne, bhí uaigneas orainn, agus muid ag buaileadh bóthair, ach bhíomar ag ceapadh, go mbfhéidir go bhfillfeadh muid ar Chrieff, am éigin, amach anseo! Thugamar cúl an ghluaisteáin ar Chrieff agus a aghaidh ar Ghlaschú aerach na nGael, agus ní haithristear ár n-imeachtaí gur shroicheamar teach agus áras ár lóistín don oíche sin, an Babbity Bowster, ag Uimhir 15 Sráid Blackfriars. Tar éis dúinn an tuirse bóthair a chur dínn, bhíomar suite chun boird arís, ag a leath i ndiaidh a sé, le béile eile a chaitheamh ar ár sáimhín só, i dTeach Ósta an Bhabbity. Ní gá dhom an béile sin a mholadh, nó bhí sé thar mholadh beirte, cheana féin.
Sráid Stairiúil
Ar ball, agus muid sách, suaimhneach, sásta. Thugamar aghaidh an mhionbhus ar ‘The Centre for Contemporary Arts’, in Uimhir 350 Sauchiehall Street, nó ba san ionad oirirc sin a bheadh seó na hoíche sin againn. Agus cé go raibh treoraí maith againn i Morag, ní raibh sé éasca áit pháirceála a fháil dár mionbhus galánta i ngiorracht scread asail don ionad oirirc céanna sin. Ar deireadh thiar, d’éirigh le Morag áitín feiliúnach a fháil i gcúlshráidín ciúin, cúng, agus ba ghearr go rabhamar ag déanamh ár slí síos an tsráid cháiliúil sin, Sauchiehall.
……………….Tuilleadh le teacht an chéad bhabhta eile………………..
.
.
.
.
.
.
.
.
.