Ceiliúradh Thiar 5

Peadar Bairéad

(Final instalment of our Western Celebration)

Fánaíocht i gContae Mhaigh Eo

In alt 4 chuireamar críoch lenar dTuras in Iorras nuair a d’fhilleamar ó dhúthaigh mo mhuintire, agus tar éis béile bhreá, ríoga a chaitheamh, os cionn an Ridge Pool arís, agus radharc againn ar na hiascairí a bhí sáite go básta in uiscí iascmhara na Muaidhe, agus tar éis dúinn codladh na hoíche a chur dínn ina dhiaidh sin, bhíomar réidh le críoch a chur lenár gCeiliúradh Thiar. Tar éis dúinn bricfeasta a chaitheamh, shocraíomar go mbeadh Cruach Phádraig mar chuid suntais dár bhfánaíocht i gContae Mhaigh Eo, an babhta seo.  Ba ghearr an mhoill orainn fáil réidh don turas sin agus suí isteach inár suíocháin chompordacha sa Mhionbhus. Nuair a bhí chuile dhuine ar a shocracht, casadh an eochair, dúisíodh an t-inneall, agus chun tosaigh linn, le taitneamh a bhaint as ár bhfánaíocht thiar. Anois, in ionadh dul amach ar an N26 go Caisleán an Bharraigh trí Bhéal Easa, is amhlaidh a shocraíomar ar thaisteal ar an R310, trí Phont Abhann. Gan dabht ar domhan, is taitneamhach an bealach é agus bheadh sé deacair radharcra níos áille, nó níos éagsúla a fháil i do shiúl lae. Ní call dom a rá, gur stopamar anseo is ansiúd, le lán na súl a bhaint as a raibh leáta os ár gcomhair amach, fan na slí. Sea, agus cá bhfaighfeá radharc inchurtha lena bhfuil le feiceáil thart ar bhruacha Loch Choinn agus Loch Chuilinn? Leanamar linn ar an mbóthar go Caisleán an Bharraigh. Smaointe faoi’n nGinearál Humbert agus faoi Rásaí Chaisleán an Bharraigh agus faoi Spiorad an Iarthair a dúisíodh i mbliain úd na bhFrancach dár spreagadh agus muid ag tiomáint linn, go deas, reidh, trí shráideanna Chaisleán a’ Bharraigh. Cuma na maitheasa ar an mbaile deafhorbartha seo, agus chuile chosúlacht ar an áit go raibh deireadh anseo leis an gCúlú Eacnamaíochta, a mbíonn daoine ag caint faoi. D’fhágamar an baile seo taobh thiar dínn, agus amach linn ar an N5, i dtreo Chathair na Mart. Thugamar faoi deara, go raibh cuma na talún feabhsaithe go mór sa tír seo trínar ghabhamar anois, i gcomparáid le tailte Iorrais. Bhí freisin, cuma sheascair, chompórdach ar na tithe, faoin dtuath agus sna bailte móra.

Faoi Scáil na Cruaiche

Trí Chathair na Mart linn agus muid ag tabhairt áilleacht, agus dea-dhearadh na bhfoirgneamh, agus na sráideanna, faoi deara, agus smaointe faoi Ghráinne Mhaol Ní Mháille ag tógáil croí agus meanman, nó bhí a spiorad fós in aer agus in anam na dúiche seo. Chun tosaigh linn i dtreo na Cruaiche fan bhóthar R355. An-athrú tagtha arís ar an radharcra, nó faoin am seo, bhíomar ag taisteal fan bhruacha Chuan Modh, agus radharc ar dóigh againn ar idir uiscí agus oileáin, ach bíodh go raibh súil ghéar againn ar an bhfarraige gona hoileáin, ar thaobh na láimhe deise, bí cinnte freisin, go raibh an tsúil eile sáite go feirc sa tsliabh álainn, dea-chrothach, a líon an spéir ar thaobh na ciotóige, sliabh a tharraing an tsúil thart ón bhfarraige, faoi mar a bheifeá faoi gheasa ag meall mór draíochta, slimthaobhach sin, na Cruaiche. Ar deireadh thiar, chuamar isteach sa charr-chlós úd ag bun na Cruaiche, agus caith seal ansin ag baint lán na súl as na h-oilithrigh a bhí ag tabhairt faoi dhreapadh na Cruaiche, bíodh go raibh muid i ngiorracht scread asail do Dhomhnach na Cruaiche fhéin, nó b’in é an chéad Domhnach eile! Ach, is dócha gur tuigeadh dóibhsean, gurb é an dá mhar a chéile dóibh é, Domhnach nó lach, nó b’fhéidir gur inis dúil eicínt dóibh nach mbeadh aon turas a dháanamh ar Dhomhnach na Cruaiche, i mbliain seo a ’15!! Chaith muid tamall eile ag tiomáint timpeall, le blas agus boladh na dúiche naofa sin a shlogadh siar. Smaoiníomar ar stair agus ar chultúr naite seo, agus ar na glúnta éagsúla a rinne turas sin na Cruaiche leis na cianta cairbreacha, agus chaith muid seal ansin ag stánadh ar Dhealbh an Ghorta Mhóir agus muid ag smaoineamh ar na créatúir uilig a d’fhulaing go géar in oíche úd ár n-anachain.

Slán tamall

Faoin am seo, bhí an déanaí ag brostú inár dtreo arís, agus bhailíomar ár gcip is ár meanaithe, agus bhuaileamar bóthar i dtreo Bhéal álainn an Átha, agus ár lóistín in Óstan an Manor, agus chuig an mbéile a bhí le caitheamh againn os cionn an Ridge Pool, agus shocraíomar go raibh sé in am againn críoch a chur lenár gCheiliúradh Thiar. Tá mé buíoch díotsa a léitheoir as fanacht liom fan bhóthar sin ár gceiliúrtha.    

.

gaGaeilge