cumasach, powerful; riarachán, administration; céatadán, percentage; ag múnlú, moulding; fís, vision; san idirlinn, in the interval; neamhspleách, independent; líofa, fluent; dhátheangach, bilingual; oideachasóir, educator; caolaigeantacht, narrow-mindedness.

Á i l l e a c h t a n t S a o i l s e o 1

I mBeal an Phobail

Peadar Bairéad

“Áilleacht an tSaoil seo”, a bhaist mé ar an tsraith altanna seo, ag smaoineamh dom ar dhán úd an Phiarsaigh …”The Wayfarer”, faoi áilleacht an tsaoil seo.

“The beauty of the world hath made me sad,

This beauty that will pass.

Sometimes my heart hath shaken with great joy

To see a leaping squirrel in a tree,

Or a red lady-bird upon a stalk,

Or little rabbits in a field at evening,

Lit by a slanting sun”

Sea, nár chumasach an file i mbun pinn é? Ach, cad iad na hathruithe ollmhóra úd, – ar dhein mé tagairt dóibh, an tseachtain seo caite, (sa Réamhrá) – atá tagtha ar thír seo na hÉireann, ó laethe an Phiarsaigh i leith, a d’fhiafródh duine, b’fhéidir?

I laethe an Phiarsaigh, bhí an tír seo fós faoi smacht Shasana, agus bíodh go raibh roinnt dár bpobal oilte agus sciliúil i gcúrsaí polaitíochta, agus riaracháin, ag an am gcéanna, ní raibh cleachtadh faighte fós ag éinne acu ar rialú tíre, nó ní mar sin a imrítí cluiche na cumhachta, i laethe na hImpireachta. An tráth sin freisin, ó bhunú eagraíochtaí cosúil le Conradh na Gaeilge, Cumann Lúthcheas Gael, agus Sinn Féin, lean spiorad an náisiúnachais ag fás is ag forbairt i measc mhuintir na tíre ársa seo, ach, ag an am gcéanna ba chóir a lua, go raibh céatadán maith de dhaonra na tíre a bhí sásta le cúrsaí faoi mar a bhí. Ní call dom a rá, go raibh an Piarsach fhéin páirteach sna gluaiseachtaí nua sin, tharla go raibh sé bainteach le hiriseoireacht, le múinteoireacht, agus le litríocht, tráth a raibh na fórsaí réabhlóideacha sin ag múnlú, agus ag dul i bhfeidhm, ar phobail a thíre. Breathnaigh ar an tír, faoi mar a bhí, an tráth úd, agus faoi mar atá sí inniu, agus tabharfaidh tú faoi deara, an fás ollmhór a tháinig ar shaol eacnamaíochta, agus ar stíl bheatha na muintire, san idirlinn, agus feicfidh tú freisin, gur tháinig fás as cuimse mór ar fhís, agus ar aisling, mhuintir na hÉireann, sa tréimhse chéanna sin.

“The Fool”

Táid ann adéarfadh, go n-iompódh an Piarsach ina uaigh, dá bhfeicfeadh sé an bhail atá ar an tír s’againne, faoi mar atá sí anois. Ní dóigh liom go dtiocfainn leis an tuairim sin, nó ba dhuine é an Piarsach a d’fhéadfadh athrú, de réir mar a theastaigh óna phobal athrú, agus má bhí a fhís fhéin aige, bhí an fhís sin aige, toisc gur cheap sé gurbh í sin fís a phobail freisin, agus níorbh é sin amháin é, nó chreid sé go raibh seans ann, go bhfíorófaí a fhís, ar ball…

O wise men riddle me this

What if my dream comes true?

What if my dream comes true

And if millions unborn should dwell

In the house I have shaped in my heart

The noble house of my thought.

Thuig an Piarsach ina chroí istigh, céard a bhí uaidh, agus chuaigh sé i mbun oibre, go luath ina shaol, le sin a thabhairt i gcrích. D’fhoghlaim sé an Ghaeilge, agus in éineacht le spiorad na teanga sin, shlog sé siar neamhspleáchas fiáin an Ghaeil. Ná ceap anois, go mba Ghaeilgeoir buile, amach is amuigh é, nó níorbh ea. Mura gcreideann tú sin, níl le deanamh agat, ach breathnú ar a mhodh oibre i Scoil Éanna.

Bilingualism as Pearse saw it

Ní chaití amach as an scoil sin duine ar bith nach raibh líofa i dteanga an Ghaeil, níor dhein, agus níorbh é sin amháin é, ach ba é an chuspóir a chuir sé roimhe sa scoil sin, nó córas dhátheangach a bhunú, sa chaoi go mbeadh idir Ghaeilge agus Bhéarla ag daltaí Scoil Éanna. Ba sa Bheilg a chonaic sé mar a d’oibrigh córas dá leithéid sin, go seoigh, agus táid ann adeir, gur chaith sé súil freisin, ar chúrsaí dhátheangachais sa Bhreatain Bheag. Ar aon nós, b’in an chuspóir a chuir sé roimhe mar oideachasóir i Scoil Éanna. Breathnaigh freisin ar a chuid iriseoireachta, agus ar a chuid scríbhneoireachta, agus feicfidh tú go soiléir, go raibh meas aige ar an dá theanga, agus gan fuath aige do cheachtar acu. Déarfainn go bhfuil sin le feiceáil go soiléir, sna focail seo, óna pheann fhéin….

“I challenge again the Irish Psychology of the man who sets up the Gael and the Palesman as opposing forces, with conflicting outlooks. We are all Irish, Leinster-reared or Connaught-reared; your native Irish speaker of Iveragh or Erris is more fully in touch with the Spiritual past of Ireland than your Wexfordman or your Kildareman. But your Wexfordman or your Kildareman has other traditions which your Iveraghman or your Errisman has lost. It is a great thing to have heard in childhood the songs of a Tadhg Gaelach or to have seen a Raftery of a Colm Wallace. It is an equally great thing to have known old men who fought in Wexford in ’98, or to have been nursed by a wonan who made bullets for the Fenians. All such memories, old and new, are part of Irish history, and he who would segregate Irish history, and Irish men, into two sections…..Irish-speaking and English-speaking is not helping towards achieving Ireland a Nation…”

.

Narrrow-minded?

Déarfainn go bhfuil sé soiléir go maith ón méid sin, nach raibh aon chaolaigeantacht ag baint leis an bPiarsach, chomh fada is a bhain sé le cúrsaí teanga. Ar bhealach, ní bheifeá ag súil lena mhalairt ó fhear a shíolraigh ón dá thraidisiún.

Ach céard faoi’n ráiteas úd, a thagann chun cuimhne, chomh luath is a luaitear ainm an Phiarsaigh?

Cén ráiteas, an ea?

An ráiteas úd adeir….

“Not free merely but Gaelic as well,

Not Gaelic merely but free as well.”

Is dócha gur chóir a chur san áireamh, i gcás na bhfocal sin, gur dúradh iad os cionn uaigh Uí Dhonabháin Rosa, agus gur dócha, gurbh é dearcadh an fhir sin a bhí á mhóradh aige sna focail sin, agus é ag iarraidh tuairim Uí Dhonabháin, faoin cheangal atá idir saoirse agus teanga, a chur i mbéal an phobail. Nár labhair mé nóiméad ó shoin, faoin dátheangachas a chuir sé roimhe mar chuspóir, i Scoil Éanna, rud a léiríonn, nach raibh sé de pholasaí aige, sa scoil sin, éinne a labhródh Béarla a ruaigeadh as an scoil.

B’fhéidir gur leor sin do thuras na huaire seo. Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as an tsraith seo, agus go raghaidh tú siar liom, thar na cúig bliana fichead atá imithe, ó thug mé an léacht sin, in Óstán an Newpark, anseo i gCill Chainnigh, ag Daonscoil Osraí, i bhFómhar na bliana sin 1979, bliain úd an Phápa.

gaGaeilge