i gcúl mo ghlaice, in the back of my fist; Ní raibh an dara suí sa bhuaile agam, I had no alternative; folúntas, vacancy; láithreach bonn, immediately; an fuíollach, the remainder; clabhsúr a chur ar rud, to bring matters to a close.

********************************

.

.

Eachtraigh Dúinn 34

Peadar Bairéad

“God will provide”

Ar deireadh thiar, bhí mé ar ais arís i mbaile na Druime, in Iorras Domhnann, Contae Mhaigh Eo, tar éis dom bliain mhór, fhada, a chaitheamh amuigh ansin sa tsaol mór, sea, agus bhí Cáilíocht Múinteoireachta, ó Roinn an Oideachais, in Ollscoil na Gaillimhe, i gcúl mo ghlaice anois agam, agus mé lán-ullamh le dul i mbun an tsaoil, le greim mo bhéil a shaothrú dom fhéin, feasta. Ní haon ionadh, go raibh faitíos orm dul i ngleic leis an saol mór céanna sin, nó nár cuireadh fainic na bhfainic orainne, sa Chliarscoil, faoin saol diabhalta, mioscaiseach, mealltach, damnaitheach, céanna sin, ach, i ndáiríre, ní raibh an dara suí sa bhuaile agamsa. Ní raibh mórán fáltais, nó saibhreas, nó tada dá leithéid, taobh thiar de Bhairéadaigh Iorrais, agus dá bhrí sin, bheadh ormsa déanamh as dom fhéin, agus pingneacha a shaothrú, le teacht i dtír, i ndomhan nach raibh aon chleachtadh ró-mhór agamsa air. Ach, mar ba ghnách, thug an tOllamh, Peat Larkin, comhairle barainneach mo leasa dom, ar an ócáid. “Deus providebit” ar seisean. Bíodh muinín agat as Dia, agus ní bheidh cailleadh ar bith ort! Ghlac mé lena chomhairle, agus ní raibh a chathú sin orm riamh ó shoin. Ach ba scéal eile ar fad é an Samhradh fada, fánach sin, sa bhliain 1951.

Job hunting

Thosaigh mé orm ag léamh na bhfógraí sna páipéir nuachta, chuile lá. Agus caithfear a rá, go mbíodh roinnt mhaith folúntais do mheánmhúinteoirí á bhfógairt, an tráth úd, ach níor phostanna domsa a bhí á bhfógairt, nó ní oiriúnfadh a mbunús mór domsa, dubh, bán, nó riabhach. Chuir mé roinnt mhaith iarratais isteach chuig scoileanna áirithe, ach b’in a bhí agam dá bharr, nó tá mé ag fanacht le freagra ó na scoileanna céanna sin, anuas go dtí an lá atá inniu fhéin ann, agus tá mé ag ceapadh, go dtiocfadh lá Philib a’ Chleite fhéin, sul a bhfaighinn freagra ó na scoileanna céanna sin! D’fhógair scoil áirithe i gContae Mhaigh Eo folúntas do mhúinteoir Gaeilge, agus tuigeadh dom, go mbeinn sásta tabhairt faoina leithéid de phost, go háirithe ó tharla, go raibh an folúntas céanna sin chomh cóngarach dom bhaile dhúchais. Fuair mé freagra uathusan. Glaodh chun agallaimh mé. Cuireadh agallamh orm, agus tugadh le fios dom, go raibh an post faighte agam, agus go ndéanfaí é sin a dheimhniú, i litir tríd an bpost, i gcionn cupla lá. Ach mo mhairg, ba é an seanscéal céanna arís é. Níor chuala mé tada uathusan fós!

To no avail

Chláraigh mé le Comhlacht speisialta, a raibh sé d’aidhm acu, postanna a fháil dóibh siúd a chláródh leo. Rinne siad a ndícheall, ach arís ba é an scéal céanna é, agus ní raibh ar a gcumas post a chur ar fáil domsa. Anois, ba chóir a lua anseo, nár saor in aisce a dhéanaidís siúd beart dá leithéid, nó bhí de nós oibre acu, 5% den tuarastal bliantúil, a bhaint díot, dá n-éireodh leo, post a fháil duit! Ar aon nós, rinne mé mé fhéin a dhí-chlárú, chomh luath is a tuigeadh dom, nach n-éireodh leo faic oiriúnach a fháil dom, agus thug mé fhéin faoi ngnó sin arís. Dúirt duine eicínt liom, sílim gurbh é mo sheanmháistir, An Máistir Ó Cróinín, é, agus dúirt seisean liom, gur chóir dom CV a sheoladh chuig Coláiste Mhuireadhaigh, i mBéal an Átha, nó bheadh seans ann, go mbeadh folúntas acusan. Rinne mé rud air, ach ag an am gcéanna, lean mé orm ag cur isteach ar phostanna, faoi mar a dheintí iad a fhógairt sna páipéir. Chonaic mé go rabhthas ag lorg múinteoirí thall i Sasain, agus chuir mé isteach ar chupla post thall. Bhuel! Ní chreidfeá é, ach d’éirigh liom an dá phost sin a fháil. Anois, bíodh go raibh mé trom tuirseach de bheith ag cur isteach ar phostanna, ag an am gcéanna, bhí orm anois a shocrú ar phost a dhiúltú! Ar deireadh thiar, shocraigh mé ar phost acusan a ghlacadh. Scríobh mé litir, ag glacadh leis an bpost sin, ach ó tharla go raibh sé déanach go maith sa tráthnóna, ag an am, níor chuir mé an litir sin sa phost, an lá sin.

A Letter from the “Doc”

An mhaidin dár gcionn, sula raibh deis agam mo litir a chur tríd an bpost, fuair mé litir ó Bhéal an Átha, ag rá, go mbeadh folúntas acusan do mhúinteoir Fraincíse, don bhliain reatha sin, agus lena chois sin, dúradh sa litir, gur mhaith le hUachtarán an Choláiste sin bualadh liom, an lá dár gcionn. Choinnigh mé an litir, go bhfeicfinn céard a bheadh le rá ag an “Doc. Loftus”, faoi mar a thugtaí, coitianta, ar Uachtarán Choláiste Mhuireadhaigh, ag an am, nuair a bhuailfeadh sé liom, an lá dár gcionn.

Bhí go maith, is ní raibh go holc, mar adeireadh lucht scéalaíochta fadó. Tháinig an “Doc” agus casadh ar a chéile sinn. Chuaigh an “Doc” céanna sin i gcionn go mór orm, nó b’fhear grinn, géarchúiseach, léannta, ildánach é, an Doc céanna sin. Ní call dom a rá, go mba shagart é an Dochtúir Ó Lachtnáin, a bhain Céim Dochtúireachta sa Dhiagacht amach dó fhéin, amuigh sa Róimh, mar ar cuireadh léann an tsagairt air, roinnt blianta roimhe sin. Caithfidh go raibh seisean sásta liomsa freisin, nó ba é deireadh an scéil sin é, gur thairg sé post mar mhúinteoir Gaeilge dom i gColáiste Mhuireadhaigh, láithreach bonn.

I accept

Ní gá dom a rá leat anois, go mbfhearr liomsa go mór fada, post a ghlacadh i dtír seo na hÉireann, ná mo dhúthracht a chaitheamh i mbun mo cheirde, thall i gCríocha Gall. Níor thóg sé i bhfad ormsa mo fhreagra a thabhairt don Doc! Chraitheamar lámh air. Bhí an margadh déanta. Shocraíomar cúrsaí pá ar ball, agus geallaimse dhuit é, a chara na gcarad, nár ró-dheacair an gnó é, an socrú céanna sin a dhéanamh. Ba é an margadh a rinneamar nó go ndéanfadh an Coláiste seomra a chur ar fáil dom, istigh sa Choláiste fhéin, agus go mbeadh mo bhéilí uilig le fáil agam ansin, ag bord na sagart istigh, agus chomh maith le sin, thabharfaí £160 sa bhliain, mar thuarastal bliantúil dom. Daichead punt um Shamhain, daichead eile um Nollaig, an tríú daichead um Cháisc, agus an fuíollach, faoi dheireadh na scoilbhliana. Ní call dom a rá, nach mbíodh faic na ngrásta le fáil againn ón Stát, don chéad bhliain sin, nó ba bhliain phrofa í, chomh fada is a bhain sé leosan é.

Chuir mé litir chuig an dá Scoil úd i Sasana, ag gabháil buíochais leo as na postanna a thairiscint dom, ach, tharla go raibh mé tar éis glacadh le post múinteoireachta anseo in Éirinn, agus nach mbeadh ar mo chumas freastal orthusan faoi Mheán Fómhair na bliana sin. Bhuel, tuigeadh dom go raibh sin ar a laghad tuillte acu.

Preparations to be made

Ní raibh fágtha agam ach coicíos roimh thús na scoilbhliana nua, agus bhain mé leas as an am sin, le roinnt ullmhúcháin a dhéanamh don ghnó a bheadh le déanamh agam feasta, nó tuigeadh dom, dá n-éireodh liom an chéad bhliain sin a chur isteach, go sásúil, go leanfainn liom i mbun na Gaeilge feasta, nó bhí mo chroí sáite sa teanga chéanna sin, ó laethe m’óige anall, agus seo anois an deis agam, mo chion fhéin a dhéanamh, ar son na cúise, mar adeireadh daoine an t-am sin. Ach b’fhéidir gur chóir dom clabhsúr a chur ar an ngála seo. Ach bí liom arís, nuair a bheidh mé ag cur síos ar mo laethe, agus ar m’imeachtaí, i gColáiste Mhuireadhaigh, ar bhruacha méithe na Muaidhe, I gContae mealltach Mhaigh Eo.

gaGaeilge