Eachtraigh Dúinn. 16

Tar éis dúinn roinnt ama a chaitheamh ar an gcarr cliathánach úd, ar deireadh thiar thall, shroicheamar Coláiste an Chroí Ró-Naofa, i mBéal an Átha Fhada, i lár Chontae Mhaigh Eo, agus mura raibh ionadh ormsa ar fheiceáil an Fhoirgnimh ríoga sin dom, bhuel, ní lá go maidin é! Foirgneamh mór, ard, galánta, ba ea é, a raibh cuma an airgid agus an tsaibhris air, ó bhun go barr. Ní call dom a rá, nach bhfaca mise tada dá leithéid riamh cheana. Bhí gáirdíní glan-bhearrtha os a chomhair amach, agus oifigí agus seantáin, de chuile shaghas, timpeall an Tí Mhóir. Níor tógadh an foirgneamh céanna sin le bheith ina Choláiste Sagartachta, ach is amhlaidh a bhí an Teach céanna sin mar Árus cónaiathe ag Críostaí díograiseach, ar theastaigh uaidh a chion fhéin a dhéanamh do na misin choigríocha, agus céard a rinne sé ach idir Theach agus fheilm a bhronnadh, scun scan, ar na Misin chun na hAfraice, nó, an SMA, mar a thugtar, de ghnáth, ar an gCumann miseanach sin. Blácach ba ea an fear sin, agus caithfidh go raibh sparán maith teann aige, le fáltas chomh fial, flaithiúil, a chur ar fáil do na misin choigríocha sin. Is dócha gur de bharr na flaithiúlachta céanna sin a deienadh Cunta den Eaglais Chaitliceach Romhánach de, nó ba Chunta é an Blácach sin, Llewellyn, An Cunta, de Bláca.

Ar deireadh thiar, bhí ár gceann scríbe sroichte againn. Bhí sagart ansin romhainn, le fáilte a chur romham agus le mé a stiúradh chun an tSuainleasa. Tugadh leaba dhom istigh sa suanlios céanna sin, seantán ollmhór ba ea an Suanlios céanna, a raibh leapacha do, thart ar thriocha duine ann. Bhí seantán eile taobh leis, a raibh an fhairsinge chéanna ann. Geallaimse dhuit é, nach raibh mórán spáis le spáráil istigh sa Suanlios sin, nó bhí na leapacha sách cóngarach dá chéile ann. Bhí scaraoid bhán ar chuile leaba acu sin, agus ciumhais scothógach ar chuile scaraoid acu sin. ar na ballaí bhí pictiúir bheannaithe agus cros ollmhór chéasta, agus ar chuile bhinn, bhí fógra ollmhór scríofa i litreacha móra… S i l e n c e …. a bhéic na fógraí sin orainn. Tugadh deis dom cibé éadaigh a bhí im chás taistil agam, a chur i dtaisce i gcórfa speisialta dom fhéin, agus cuireadh an cás fhéin i dtaisce freisin. In áit pitseámaí, bhí léine fhada oíche agam! Nach mór idir inné agus inniu, nó b’in a bhí leagtha amach ar an liosta d’éadaí riachtanacha, a cuireadh chuig chuile dhalta, roimh theacht go Coláiste an Chroí Ró-Naofa dó. Cuireadh an léine chéanna sin i dtaisce faoi mo philiúr. Teaspáineadh an seormra níocháin dom, seomra a bhí in aice láimhe, idir an dá sheanatán mhóra, áit a raibh báisín níocháin curtha in áirithe do chuile ghasúr againn. Teaspáineadh mo bháisín fhéin domsa. Ní gá a rá, nach raibh aon uisce reatha ag dul leis na báisíní sin, ach mura raibh, bhí sconna ag bun an tseomra, agus chuile oíche, tar éis do dhuine é fhéin a ní, agus a fhiacla a ghlanach, líonadh sé an báisín sin don mhaidin dár gcionn. Bhí gá leis an nós céanna sin, nó go minic, i gcroí an Gheimhridh, ní bheadh uisce le fáil sa sconna céanna sin, dá dtarlódh go mbeadh na píopaí reoite. Sea, mh’anam, agus ba mhinic a bhíodh leac oighre ar an uisce fhéin sna bháisíní freisin, agus bheadh ort an leac chéanna sin a bhriseadh agus a bhearnadh, sár a bhféadfá d’aghaidh agus do lámha a ní! Thagadh an soláthar uisce ar fad don Choláiste, ó thobar mór domhain, a bhí suite in aice an Choláiste, agus caidéal láimhe os a chionn. Bhíodh ar chuile ghasúr, ar a sheal, tamall a chaitheamh chuile lá, ag oibriú an chaidéil chéanna sin, le huisce a chur ar fáil don Choláiste.

Nuair a bhí an méid sin déanta ag an sagart, d’iarr sé ar ghasúr, a raibh bliain caite aige sa Choláiste cheana féin, an chuid eile den Choláiste a theaspáint dom. Ní raibh aon soláthar aibhléise ag an gColáiste an t-am sin, agus ba é an bhí acu ina áit, nó lampaí ola pharaifín. Níor chuir sin aon ionadh ormsa, nó ní raibh againne sa bhaile, an t-am sin, ach an cineál céanna solais. Ba é an gléas téite a bí acu nó sorin mhalldóite, sna hallai móra, agus tine ghuail, sna gnáthsheomraí ranga. Chuamar isteach sa Halla Staidéir, agus ba bheag nár bhain sin an chaint díom, nó ní fhaca mise aon rud cosúil leis, ar a mhéad, nó ar a fhairsinge, riamh cheana. Arís, bhi an fógra ollmhór céanna ar an mbinn inairde acu, ag fógairt orainn bheith ciúin……S i l e n c e ……a bhéic an fógra céanna orainn, ach dúirt mo threoraí liom, go raibh cead cainte againn an lá sin, agus nach mbíodh an “Silence” sin i bhfeidhm, ach amháin nuair a bhíodh na mic léinn uilig bailithe ansin, sa tráthnóna, i mbun a staidéir. Bhí na binsí uilig ansin leagtha amach ina ranganna, ó cheann ceann an Halla, faoi mar ba shaighdiúirí iad, agus crochta ina líne dhíreach os a gcionn, síos lár an Halla, bhí rang lampaí ola phairifín ar sileadh ón tsíleáil anuas, le solas a chur ar fáil, nuair a bheadh gá lena leithéid, le linn séasur an dorchadais. Ar ‘chaon taobh den Halla mór sin, bhí rang de shoirn mhalldóite, agus iad ina seasamh ansin, faoi mar a bheadh siad ag fanacht ar laethe fuara, feannaideacha, an Gheimhridh, le teas agus compórd a chur ar fáil dá gcairde óga. D’fhágamar an Halla sin ar ball, agus thugamar aghaidh ar an bProinnteach. A leithéid de sheomra! é mór, fada, leathan, fairsing, boird leathana fhada ag bun an tseomra, agus bord breá leathan, galánta, ag ceann an tseomra, agus é socraithe in airde ar ardán.

“Na sagairt a itheann at an mbord galánta sin” adúirt mo threoraí liom, “agus sinne a bheidh ag ithe ag na boird thíos ansin.”

Chuir radharc úd na mbord céanna sin in iúl domsa, go raibh ocras ag teacht orm fhéin, agus dá mbeinn sa bhaile, go bhfaighinn canta aráin agus braon bainne, dom fhéin, le cúl a chur air, ach ní raibh mé sa bhaile a thuilleadh, agus ní raibh mo Mham, nó mo chlann ansin, le haire a thabhairt dom feasta. Ba bheag nár thosaigh mé ag caoineadh, nuair a smaoinigh mé go raibh an nead tréigthe agam, agus go mbeadh orm maireachtáil i measc strainséirí feasta. Níor chuir mé na smaointe sin in iúl dom threoraí, dár ndóigh! Ach bhí fhios agam, go raibh na crainn curtha, agus go raibh orm mo thoil a chur le toil Dé, feasta. Ar aghaidh linn ansin, go dtí an Séipéal. Ba chosúil le Neamh ar thalamh é, an tAireagal céanna sin. An altóir, na fuinneoga, na suíocháin, na pictiúir. Nárbh álainn go deo an radharc iad, i gcomparáid leis an tsean-séipéal a bhí againne sa bhaile, ach níor dhóigh liom, go raibh sé chomh cairdiúil céanna le Séipéal na Cille Móire Iorrais! Ach, is dócha go bhféadfadh duine dul ina chleachtadh, le himeacht aimsire. Chuamar ar ár nglúine, agus chuir mé fhéin paidir lem’ mhuintir sa bhaile, agus lem’ chairde, ach go háirithe, d’iarr mé ar an bhfear thuas, súil a choinneáil orm fhéin, fad is a bhí mé ag iarraidh mo bhealach a dhéanamh trí dheacrachtaí an tsaoil nua seo a bhí tofa agam.

Ar ball, chuamar ar chuairt timpeall, ag iarraidh chuile shórt a thabhairt faoi deara, ach chuir mé suim, agus dhá shuim, sna cúirteanna breátha liathróid láimhe, a bhí suite cóngarach go maith don scoil. Faoin am seo, bhí na mic léinn ag teacht isteach ina sluaite, agus ba ghearr go raibh siad go léir bailithe le chéile ansin. Bhí sé ina thráthnóna, faoin am sin, agus ar deireadh thiar thall, dúradh linn aghaidh a thabhairt ar an bProinnteach. Bhí cinnirí tofa ansin, agus ba ghearr go raibh chuile dhalta againn seolta acu chun a ionaid fhéin. Nuair a bhí sin déanta, tháinig na sagairt isteach. Sheasadar ag an bpríomhbhord. Dúirt Uachtarán an Choláiste an t-altú roimh bhia, agus ansin, shuigh chuile dhuine ina áit fhéin. Ba ghearr gur leag na cinnirí ár mbéile os ár gcomhair amach. D’itheamar ár gcuid go buíoch, beannachtach, nó, déanta na fírinne, bhí mé fhéin stiúctha leis an ocras, faoin am sin. I ndiaidh ár mbéile, thugamar aghaidh ar an Séipéal arís, le paidir a rá, agus ansin, chuamar amach ar fud na bhfud arís, agus cead againn rud ar bith ba mhaith linn a dhéanamh, ar feadh tamaill. Chuaigh cuid againn ag siúlóid, cuid eile ag imirt liathróid láimhe, agus tuilleadh fós ag imirt peile. Bhí ulloird bhreátha, mhóra, torthúla ag an gColáiste, agus dá bharr sin, cuireadh ár ndóthain úlla ar fáil dúinn, agus gheallaimse dhuit é, go raibh fáilte is fiche againn roimh na húlla céanna sin.

Ar deireadh, buaileadh clog, agus thugamar aghaidh ar an bProinnteach arís, le béile na hoíche a chaitheamh. D’éirigh linn teacht isteach ar chleachtas na scoile, go tapaidh, nó bhí bliain amháin caite ansin, cheana féin, ag lucht an dara bliain, agus bhí siadsan mar threoraithe againne, lucht na chéad bhliana. I ndiaidh an tsuipéir, agus tar éis dúinn seal a chaitheamh san Aireagal, ag rá ár bpaidreacha oíche, thugamar aghaidh ar an Suanlios, áit ar tugadh treoracha dúinn faoi dhea-iompar, agus rialacha éagsúla na háite sin. Bhí sollúntacht faoi leith ag baint le Tost Mór na hoíche, nó an “Grand Silence” faoi mar a thugadh cuid de na sagairt ar thost mór sin na hoíche. Ní raibh cead cainte ag duine ar bith againn sa suanlios céanna sin. Bhí aird chuile dhuine againn ar a ghnó fhéin, agus thug an tost fada sin deis dúinn smaoineamh ar Dhia, agus ar chúrsaí spioradálta. Nach gceapfá go ndéanfadh saol dá leithéid naomh de dhuine ar bith? ach caithfear a smaoineamh freisin, nach raibh ionainne, ag an am, ach gasúir, agus gasúir a bhí tugtha do dhiabhlaíocht, agus do mhioscais, de chuile shórt. Ní dóigh liom áfach, gur mar sin a bhreathnaigh na sagairt a bhí inár mbun ar an scéal, nó dár leosan, ba chóir go mbeadh chuile dhuine againn chomh deaiomprach le manach! Bhí breall orthu sa mhéid sin, áfach, geallaimse dhuit é!

Dúradh linn nach mbeadh orainn éirí ag a sé, an mhaidin dár gcionn, agus ó tharla gurbh í sin an chéad oíche ag cuid againn sa Choláiste, ligfí dúinn codladh go dtí a seacht ar maidin! Mhothaigh mé fhéin go raibh an leaba an-mhíchompórdach, ach dá ainneoin sin, ba ghearr go raibh mé im’ chnap codlata, agus ba é an chead rud eile a mhothaigh mé, nó an clog diabhalta sin ag insint dúinn uilig, go raibh sé in am againn éirí. “Vox Dei”, nó guth Dé, a thugadh siad ar an gclog úd, sa Choláiste, ach geallaimse dhuit é, gur mhinic a cheapamarna go mba gharbh, géar, gránna, an guth a bhí an an gclog céanna sin!!

“Benidicamus Domino”, sílim, adeireadh fear an chloig, mar bheannacht dúinn, ar maidin, agus d’fhreagraímis, d’aon guth slochtach amháin, “Deo gratias!” Nuair a smaoiním siar ar na cúrsaí sin faoi láthair, tuigtear dom, amanta, gur ag brionglóidigh atá mé, ach b’in é díreach mar a bhí cúrsaí againn, i gColáiste an Chroí Ró-Noafa, i mBéal an Átha Fhada, an tráth úd fadó, i dtús dhaichidí na haoise seo caite.

D’éiríomar as na leapacha amach, bhaineamar ár léinte fada oíche dínn, agus chuireamar roinnt éadaí orainn fhéin, agus amach linn chun an tseomra níocháin. Rinneamar a raibh le déanamh againn ansin, agus nuair a bhíomar nite, gléasta, pioctha, thugamar aghaidh ar an Aireaagal, nó ar an Séipéal, agus bhí orainn seal a chaitheamh ag paidreoireacht, agus seal ag machtnamh. Nuair a bhí sin déanta againn, léadh an tAifreann dúinn. Ina dhiaidh sin, agus roimh ár mbricfeasta, cuireadh i mbun oibre sinn, ag ní, agus ag glanadh an tí, nó ní raibh éinne eile ansin leis an gcineál sin oibre a dhéanamh, ach sinne. Thuig na cinnirí, a raibh le déanamh i rith na tréimhse sin, agus chuireadar sinne i mbun oibre láithreach, agus thug a ghnó fhéin le déanamh do chuile dhuine againn. Tar éis leathuair a chloig a chaitheamh i mbun na hoibre sin, bhíodh an áit chomh glan le biorán nua, agus ansin, sheoltaí isteach sa mBialann arís sinn. Thugtaí pláta bracháin do chuile dhuine againn, agus ina dhiaidh sin, bhí cupán tae, arán, agus ruainne margairín againn, le cúl a chur ar an ocras, go ham dinneir. Ní raibh aon ranganna, nó tada dá leithéid, againn an lá sin, nó tugadh lá saoire dúinn, le deis a thabhairt dúinn, dul i gcleachtadh ar an áit, agus le haithne a chur ar a chéile. Rinneamar sin, agus cuireadh comórtas liathróid láimhe sa tsiúl freisin, agus geallaimse dhuit é, gur bhaineamar toit agus sásamh as an lá sin, agus léirigh sé dúinn, nach gcaitear an t-am ar fad ag guí, is ag paidreoireacht, i gCliarscoil, ach go mbíonn deis ag gasúir seal a chaitheamh ag spraoi dóibh fhéin freisin. Chuireamar aithne ar na sagairt a bhí i mbun an Choláiste sin, ach dúirt na sinsir linn, nach mairfeadh na laethe saoire sin i bhfad, agus go mbeadh muid gafa in úim na hoibre, an lá dár gcionn, agus nach mbeadh lá saoire dá leithéid againn arís go ceann scathaimh fhada. Bhaineamar sásamh as an lá sin, agus bhí an cearat ag na sinsir, nó an lá dár gcionn, bhéic an clog orainn ag a sé ar maidin, agus b’éigean dúinne an bhéic sin a fhreagairt, ar an toirt, agus buíochas a ghabháil le Dia dá bharr!

“Deo gratias”, a bhéic sinne, agus bhíomar imithe i gcleachtadh ar rithim na naofachta, cheana féin, ach níorbh ionann sin is a rá, go mba naoimh fós sinn!

  .

gaGaeilge