I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

(This week we try to understand the excitement caused by the discovery of the “God Particle”)

Frídín Dé

Is dócha gur chuala chuile dhuine againn, agus fiú madraí an bhaile fhéin, an scéal mór atá i mbéal chuile eolaí, ar na mallaibh, ag maíomh go bhfuiltear tar éis Frídín Dé a fhionnadh.

In ainm Dé, adéarfadh duine, b’fhéidir, céard é fhéin, nuair a tharlaíonn sa bhaile é?

Deir siad gurb é an frídín fo-adamhach é, a bhronnann mais, nó toirt, ar fhrídíní eile, agus a chuireann ar a gcumas cur le chéile le h-adaimh a chruthú, na         h-adaimh sin a chuireann le chéile le chuile earra cruthaithe a dhéanamh, bíodh siad beag nó mór. Is í an chiall a bhaineann roinnt áirithe eolaithe agus saineolaithe as sin, nó go bhfuiltear anois tar éis cruthú na cruinne a mhíniú, ar deireadh thiar, nó leis an bhfrídín áirithe seo, tuigtear dóibh, nach bhfuil gá ar bith le Dia feasta, Q.E.D. Is dócha gur chualamar uilig an deilín céanna sin á ríomh ag daoine áirithe cheana, i gcás fionnachtana corraitheacha eolaíochta síos trí na blianta.

Céard faoi éacht Chopernicus? Nó nuair a thángthas ar chúrsaí éabhlóideachais? Nó fiú nuair a maíodh gur mhínigh an Ollphléasc, nó an Big Bang, chuile cheo, agus nár ghá ‘Deus’ ar bith a tharraingt ‘ex machina’ lenár n-aineolas fhéin a mhíniú don saol mór?

Cúis na hOllphléisce

Ach ar mhínigh? Nó arbh amhlaidh a cheil sé an t-aineolas céanna sin orainn?

Níl dabht ar domhan ach gur cuireadh go mór le heolas, agus le tuiscint, an daonnaí ar chúrsai na cruinne a bhí thart air, agus gur leathadh ár n-eolas ar an domhan ábhartha, trí iarrachtaí, agus trí thaighde ár n-eolaithe eolgaiseacha, ach ar mhínigh siad é ar chaoi nach mbeadh orainn riamh arís cúis an chruthaíthe a lorg? Ní cheapfainn gur dhein, nó i ngach cás a luaigh mé thuas, nach bhfuil ceist eile fós le cur fúthu? Cén chúis a bhí leis an Ollphléasc? Cad é a phléasc? Agus cén chúis a bhí leis an mbunábhar sin. Céard ba chúis le seo, nó céard ba chúis le siúd? Sea, agus i gcás na hÉabhlóide fhéin de, nach mbeadh uainn a fháil amach, céard a bhí ansin muair a thosaigh an próiseas iontach seo a chéaduair? Céard a bhí ansin sular thosaigh sé, agus má bhí tada ansin, cé as a dtáinig sé? Céard a chuir ansin é, agus cé a thug a chumas beithe dó?

Tríd an scéal seo uilig, níl muid ag iarraidh teacht trasna ar na fionnachtana iontacha úd, ar tháinig na heolaithe orthu tar éis an oiread sin dua a chaitheamh leo, ach is é atá muid ag maíomh nó go bhfeictear dúinne nach míníonn siad fiú Frídín Dé fhéin, gan trácht in aon chor ar na frídíní fo-adamhacha eile a dtéann sé i gcionn orthu. Agus fiú má thángthas ar an bhFrídín Dé seo, ní hionann sin is a rá nach raibh gá le cruthaitheoir, nó nach féidir an cheist a chur, cé chruthaigh an Frídín Dé fhéin?

‘Higgs Boson’

Mar sin, ná caithimis ár ndúthracht ag iarraidh a chruthú go raibh dul amú ar na heolaithe, agus ar na saineolaithe cliste, a fuair spléachadh ar an bhfrídín draíochta seo, i mion-mheandar ama, tar éis dóibh blianta a chaitheamh ag cruthú an innill, a chuir ar a gcumas an spléachadh sin a fháil air, tríd an ‘Hadron Collider’ úd, atá thart ar ocht míle dhéag ar fad, a thógáil ag Cern san Eilbhéis, áit a n-éiríonn leo frídíní áirithe a chur ag gluaiseacht thart ar luas an tsolais fhéin, féachaint arbh fhéidir leo teacht ar an ‘Higgs Boson’, Frídín draíochta Dé fhéin a tharlaíonn mar thoradh ar imbhualadh na bhfrídíní úd. Ba chóir dúinn comhghairdeas a dhéanamh leo, as a ndúthracht, agus as a dtaighde, agus tá súil againn go n-éireoidh leo tuilleadh fionnachtana a fháil, tríd a dtaighde, san ionad sin. Ní chuireann a leithéid as dúinne, ach is amhlaidh a thógann sé ár gcroí le háthas, nó léiríonn sé dúinn an chumhacht gan teorainn atá ag Dia, le cruinne chomh casta, achrannach, do-thuigthe sin a chruthú, ach thar aon rud eile, toisc gur fholaigh sé an cumas ionainne roinnt áirithe dá chumhacht, agus dá aimhréiteacht, a thuiscint. Sea, léiríonn an chruinne dúinne, ollchumhacht an chruthaitheora, a chruthaigh a bhfuil ann. Ba chóir dom a admháil anseo, gurbh é a spreag an píosa seo faoin bhfrídín Dé úd, nó alt a bhí ag Mark Dooley san Irish Daily Mail, dár teideal…”I’m a Catholic, but I marvel at the finding of the God Particle.”

Leor sin domsa, le cruthú nach dtagann creideamh sa Chruthaitheoir, agus na fionnachtana iontacha eolaíochta, trasna ar a chéile, ach is amhlaidh a mhórann na fionnachtana céanna sin cumhacht, agus glóir an Dé Uilechumhachtaigh úd a chruthaigh a bhfuil ann.

.

.

gaGaeilge