.

Ionad Paróiste Phádraig Naofa

Beag duine sa dúiche seo Osraí nár chuala trácht ar Ionad Paróiste Phádraig Naofa, nó ar “St Patrick’s Parish Centre”, faoi mar a thugtar air i mBéarla, mar táthar ag pleanáil don Ionad céanna sin ó tógadh Séipéal Fhiachra ar an Loch Buí, suim de bhlianta ó shoin. Bhí suíomh den scoth thart ar an Séipéal céanna sin, ach ní rabhthas cinnte, ag an am, cén cineál Ionaid go díreach a d’fheilfeadh d’éilimh an Pharáiste is mó i nDeoise seo Osraí. Theastaigh seomraí cruinnithe uathu, theastaigh Hallaí le freastal ar riachtanais an phobail uathu, theastaigh áit uathu freisin, le freastal ar óige an pharáiste, mar a mbeadh deis acu teacht le chéile, le cruinnithe, le cluichí, le caitheamh aimsire, agus a leithéid, a reachtáil dóibh, ionas go mbeadh seans acu seal taitneamhach a chaitheamh i lár a bpobail fhéin. Sea, agus nár mhaith an smaoineamh é Áitreabh na Sagart a thógáil ar an láthair céanna, i gcroílár a bpobail, agus b’fhéidir, go bhféadfaí freastal ar riachtanais na n-aostach freisin. An bhféadfaí tithe a chur ar fáil dóibh ar an láthair chéanna sin? rud a chuirfeadh ar a gcumas Fómhar a laethe a chaitheamh faoi dhíon, istigh i lár a bpobail dílis fhéin, mar a dtabharfaí togha na haire dóibh i ndeireadh a laethe thiar, agus iad i ngiorracht urchar méaróige don eaglais, faoi mar a d’fheilfeadh do bhaill de Phobal dílis Dé.

Fíorú na Físe

Ní saor in aisce a d’fhéadfaí na háiseanna sin uilig a chur ar fáil, ach tar éis roinnt mhaith cruinnithe, agus cuid mhaith pleanála, agus tar éis comhoibre den scoth idir an Eaglais, na hÚdaráis Áitiúla, agus na Ranna Rialtais, socraíodh ar fheoil a chur ar chnámharlach na físe Críostaí úd. Ba é a beartaíodh a dhéanamh nó Ionad Paróiste a thógáil, le freastal ar riachtanais an Pharóiste seo Phádraig, agus ó tharla gurb é an Paróiste seo an paróiste is mó i nDeoise Osraí, socraíodh ar Ionad feiliúnach a chur ar fáil dóibh. Bhí suíomh breá, fairsing, acu cheana féin, thart ar Shéipéal Fhiachra, ar an Loch Buí, agus shocraigh siad ar áiseanna breise a chur ar fáil thart ar Ionad nua seo an Pharóiste, agus ó tharla go raibh spás acu do naoi gcinn de thithe speisialta do sheandaoine, tuigeadh dóibh, gur chóir iad sin a thógáil ar an suíomh sin, agus ansin, bheartaigh siad ar Áitreabh na Sagart a thógáil ansin freisin, agus ó tharla go bhfuil trí cinn de shagairt ag saothrú leo sa pharóiste, faoi láthair, bheartaigh siad ar thrí árasán a chur ar fáil dóibhsean, ar an suíomh sin chomh maith.

Ionad Oiriúnach

Sea, agus céard faoin Ionad Paróiste fhéin? Bhuel, faoi mar atá faoi láthair, tá ann:-

 Oifig an Pharóiste, le haire a thabhairt do ghraithí an Phobail.
 Seomra, a bheadh oiriúnach do chruinnithe ina mbeadh suas le triocha duine i láthair.
 Seomra mór eile, le freastal, ar ollchruinnithe, ar dhamhsaí, ar bhéilí, ar sheimineáir agus a leithéid.
 Bialann, mar a bhfuil áit do thart ar 30 duine, agus taobh leis tá cistin mhór, fhairsing.
 Seomra oiriúnach do phaidreoireacht, nó do mhachtnamh.
 Cupla seomra beag, le freastal ar chomhairleoir, nó ar Agallamhóir.
 Seomraí beaga eile, le freastal ar riachtanais a thiocfaidh sa treis, amach anseo.

Chomh maith lena bhfuil luaite thuas, d’fhéadfaí áit a chur ar fáil do dhaoine, a mbeadh suim acu i gcluichí, i gcaitheamh aimsire, i ndamhsaí, i ríomhairí, nó in imeachtaí oiriúnacha eile, faoi mar a theastódh ón bpobal. Tá chuile eolas faoi na cúrsaí sin le fáil ó Oifig an Pharóiste.

Pingneacha le bailiú!

Thuigfeadh duine ar bith nach saor in aisce a gheofaí áiseanna dá leithéid a chur ar fáil, agus gan fiacail a chur ann, d’fhéadfá a rá, gur beag briseadh a bheadh fágtha agat as Cúig Mhilliún Eoró, tar éis duit na háiseanna sin uilig a chur ar fáil. Ní call dom a rá, dár ndóigh, go bhfuair siad breis mhaith is milliún Euró mar dheontais airgid ó na hÚdaráis leis na tithe do sheandaoine a thógáil, agus chomh maith le sin, díoladh Teach na Sagart ar Bhóthar Urmhumhan, ar phraghas sásúil. Agus ina dhiaidh sin, tháinig an pobal i gcabhair ar lucht eagraithe an tionscadail, agus trí dheontais a bhronnadh, trí Crannchur míosúil a reachtáil, trí chomórtais gailf a eagrú, trí mhálaí a phacáil i Supervalu, agus trí bhealach ar bith eile, a d’fhéadfaí smaoineamh air, le pingneacha a bhailiú, agus trí na bealaí sin uilig, déantar chuile iarracht ar fhiacha an Pharáiste a ghlanadh, ar an dá luathas.

Comhghairdeas tuillte

Ach, i ndeireadh na dála, tá againn anois, Ionad Paróiste agus Áiseanna Pobail, chomh maith is a theastódh ó Pharóiste ar bith sa tír. Bhí mé fhéin ar chuairt i gCalafóirnia, suim de bhlianta ó shoin, agus bhí mé ar chuairt ar Pharóiste Cathrach ansin, agus d’fhéadfá a rá gur bheag nach raibh mé ag éad leo faoina nIonad breá Paróiste agus faoi na hÁiseanna breátha a bhí acusan, taobh lena Séipéal álainn dea-dheartha. Bhuel, anois, is féidir a rá, go bhfuil againn, anseo i bParóiste Phádraig, Ionad agus Áiseanna ar chomhchéim leosan, agus ní beag nó suarach an focal é sin.

Agus bíodh gur coinníodh an pobal ar an eolas, ó thús, agus go raibh chuile shórt ag brath ar a gcomhoibriú-san, is ag Foireann an Pharóiste atá muid faoi chomaoin mhór, i ndeireadh na dála. Fuair siad an deis, agus d’fhéadfá a rá, gur thapaigh siad a ndeis, agus gur bhain siad leas as éifeacht an Tíogair Cheiltigh, fad is a bhí an beithíoch sin ábalta tál orthu. Nár laga an Rí fhéin iad, agus guímis Rath Dé ar chuile dhuine a bhainfidh leas as an Ionad nua Paróiste seo.

.

gaGaeilge