I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

Christ the Lord

The Road to Cana

by

Anne Rice

Leabhar ar leith

Leabhar an-neamhghnách atá idir chamáin againn an tseachtain seo, nó is annamh a thagann duine trasna ar leabhar a dhéanann teideal mar seo a láimhseáil ar bhealach macánta, dáiríreach. Ach éiríonn leis an údar seo, Ann Rice, é sin a dhéanamh go seoigh, agus ag an am gcéanna, éiríonn lei scéal corraitheach a leagan os ár gcomhair. Ach ní hé seo an chéad leabhar corraitheach a chuir sí ar fáil dúinn, nó smaoiníonn duine ar theidil mhór-ráchairte eile a shil óna peann, leabhair cosúil le, Out of Egypt; The Feast of All Saints; Cry to Heaven; agus Called out of Darkness, leabhar a bhfuiltear meáite ar é a chur i gcló i Samhain na bliana seo, 2009. I gCeanada a rugadh í, agus tá cónaí uirthi anois i ríocht úd na gréine, Calafóirnia.

Féach mar a chuireann sí tús lena scéal………..

“Who is Christ the Lord?

Angels sang at his birth. Magi from the East brought gifts: gold, frankincense, and myrrh. …

In the Temple an old man gathered the babe in his arms….…A light for revelation to the Gentiles and glory for your people Israel.”

Mac an tSiúinéara

Arbh fhéidir go mba shiúinéir i Nasair é Críost an Tiarna? Fear a raibh triocha bliain bailithe aige faoin am seo, agus fear a raibh lán an mhála de scéalta ag dul timpeall faoina bhreith, faoi na haoirí, faoi na Ríthe ar chuairt, sea agus céad scéal eile chomh do-chreidte leo sin, ach nach raibh triocha bliain imithe isteach i muileann an ama ó ré na scéalta sin, agus cad a tharla i rith na mblianta sin, le tuar a chur faoin tairngreacht, mar adéarfá?

Faic na ngrásta!

Ach sa scéal seo, tagann Íosa fhéin os ár gcomhair amach, agus déanann seisean a scéal fhéin a chur in ár láthair. Tuigtear dó, gurb é a dhán an dán ar labhair na fáithe faoi, fadó, ach an raibh a fhios sin uilig ag an Íosa seo ‘gainne, an siúinéir ó Nasair. Bhuel! Feach mar a chuir sé fhéin é…

“Yes. I know it’s possible. I am Christ the Lord. I know. What I must know, I know. And what I must learn, I learn.”

B’fhéidir go raibh dearmad déanta ag an gcosmhuintir ar na tarlúintí neamhaí, a thit mar chith glóire aimsir a bhreithe. Ní raibh dearmad ar bith déanta ag Íosa fhéin, nó ag “Yeshua” faoi mar a thugtar air sa leabhar seo. Nár shiúinéir é cosúil leis na siúinéirí eile a bhí ag obair in éineacht leis? Nár mhair sé in éineacht leo, agus nár ith sé, agus nár ól sé, faoi mar a rinne chuile dhuine thart air? Ach, bhí a fhios ag “Yeshua” fhéin go raibh dán faoi leith i ndán dó.

Tráth Pósta Tagtha

Ni mar sin a bhí i gcás a dhearthár áfach, nó tuigeadh dá dheartháir Séamas go mba óigfhear, cosúil le haon óigfhear eile é, agus go raibh sé thar am aige corraí amach, faoi mar ba chóir d’fhear dá aois a dhéanamh, ach tuigeadh do “Yeshua” nach raibh a leithéid i ndán dó. Ach, tá chuile chosúlacht ar an scéal, gur thuig na daoine a mhair timpeall air, nár dhuine mar dhaoine eile a bhí ann.

Ach ó tharla gurb é “Yeshua” fhéin atá ag insint a scéil dúinn anseo, déanann an t-údar chuile iarracht ar an gceangal idir a dhaonnacht agus a dhiagacht a thuiscint. Cinnte ba dhuine daonna é, cosúil le chuile dhuine eile de chlann Éabha, ach ag an am gcéanna, ba Dhia é, an dara pearsa den Tríonóid Naofa. Anois, ar tháinig an dá bheith sin salach ar a chéile am ar bith, agus conas a d’éirigh leis an duine daonna saol iomlán daonna a mhaireachtaint, gan cur isteach ar bith, am ar bith, óna dhiagacht. Bhuel, sin an fhadhb, agus déanann an t-údar chuile iarracht ar an bhfadhb sin a scaoileadh dúinn.

Daonnacht agus Diagacht

Anois, níl fúmsa an rún ar fad a scaoileadh dhaoibh anseo, nó, chuige sin, caithfidh sibh fhéin an leabhar a fháil, agus a léamh, ach féach ar an bpíosa seo, agus tabhair faoi deara, mar a léiríonn sé fadhb an údair agus í ag iarraidh breathnú isteach i gcroí an scéil, tar éis do “Yeshua” daichead lá a chaitheamh ar a mharana sa bhfásach…

“I lay in a heap as the sand blew over me. And the voice of the Lord was not in the wind; and it was not in the sand; and it was not in the sun; and it was not in the stars.

It was inside me.

I’d always known who I really was. I was God. And I’d chosen not to know it. Well, now I knew just what it meant to be the man who knew he was God.”

Anois, mar bhuille scoir, ba cheart dom a rá anseo, nach dírbheathaisnéis iomlán “Yeshua” atá idir chamáin ag an údar sa scéal seo. Ní hea in aon chor, nó i ndáiríre, níl i gceist sa leabhar seo ach tréimhse ghearr ina shaol, thart ar a thriochadú bliain, nuair a bhí coire na Tíre Naofa ag fiuchadh go tréan, tráth a raibh na Giúdaigh ag súil le fuascailt ó smacht na Rómhánach.

Bealach na Croise

Ag an nóiméad cinniúnach sin, bhí daoine ann, a raibh súil acu, gurb é an “Yeshua” sin a sheolfadh chun a saoirse iad, thar bhóthar anacair an chlaidhimh, ach níorbh é sin an druma a chuala “Yeshua” cóir, agus tar éis do dul ar oilithreacht chun na háite a raibh Eoin Baiste i mbun a mhisin fhéin, agus tar éis a bhaiste faoi láimh Eoin, Agus ansin, i ndiaidh dó seal a chaitheamh sa bhfásach ar a mharana, agus cathuithe an diabhail fhéin a chur de, tuigeadh dó go raibh misean Diaga le coimhlíonadh aige ina bhealach fhéin, agus go raibh an t-am tagtha le tabhairt faoin misean sin a chur i gcrích. Ach caithfidh tú an leabhar fhéin a léamh le fios fátha gach scéil, agus gach eachtra, fan an bhealaigh sin, a thuiscint.

Leabhar neamhghnách, spreagúil, suimiúil, corraitheach.

Súil agam go mbainfidh tú taitneamh agus tairbhe as.

  

gaGaeilge