I M E A L L A N D O M H A I N .
D’fhás mise suas ar bhruach álainn na Farraige Móire. Shiúladh muid na tránna thiar, Domhnach agus Dálach. Radharc glé glinn againn, ar oileáin draíochta, crochta, feistithe ar imeall an domhain, ar dhuirling sciorrach, chorrach, chlochach. B’in an troscán a d’fheistigh mise im aigne istigh, agus mé ag fás suas in Iorras, thart ar thrí scór go leith bliain ó shoin anois. Istigh im aigne fós, in áit na honóra, tá an troscán céanna sin, é sciomartha, snasta, le hionramahail na mblianta. Ní haon ionadh, mar sin, go bhfilleann mo smaointe ar Iorras na draíochta, agus go dtugaim faoi véarsaí a shníomh as cuimhní na dúiche sin. Seo dán beag, sníofa as abhras úd an dúchais.
.
D R A Í O C H T N A M A R A .
.
Draíocht na Mara Móire,
Mar bhrat geal cúir anuas
Ar aigne ghlinn na hóige,
In Iorras binn na gcuan.
.
Tránna fairsinge, bána,
A mheallann fós mo dhán,
Go tír dheas lách na meala,
Tar éis blianta fada ar fán.
.
Gualainn, Corrán, Inis Gluaire,
Carraig Mhainnín agus Inis Geidhe,
Dufair, Bearnach agus Sailín,
Mar phéarlaí im bhráisléad.
Draíocht na Mara Móire,
Ag buaileadh ar thrá mo shaoil,
Mar othra fós dom chosaint
Ar bhuairt, ar bhrón, ar aois.
.
Greadaigí libh a thonnta,
Ar thránna geala, buí,
Caithigí chugainn ar phort na beatha,
Síocháin, lúchair, is maoin.
.
********************************
Peadar Bairéad.
********************************
.
.
.
.