Gray Mountain..by..John Grisham

(This week we consider another novel by John Grisham)

Úrscéal Úr

Ócáid spesialta domsa i gcónaí is ea foilsiú úrscéil úir ón sár-úrscéalaí sin, John Grisham, agus ní gá dhom a rá nach é seo a chéad iarracht sa ghort sin, nó is é seo an t-ochtú úrscéal fichead a shil óna pheann líofa, go nuige seo. Ní gá dhom iad uilig a lua anseo nó ba liosta le háireamh iad, ach b’fhéidir nárbh aon dochar é cupla ceann a roghnú mar shamplaí dá shaothar sa ‘genre’ seo. Nach maith is cuimhin linn uilig The Last Juror, Calico Joe, agus Sycamore Row? gan ach trí cinn acu a ainmniú anseo, nó ba chorraitheach, lán teannais, inchreidte, chuile ceann acu sin, agus nárbh é an scéal céanna é i gcás a shaothar uilig, geall leis. Chuaigh an Grishamach le dlí ó thús agus a rian sin ar a shaothar ar fad, beagnach, nó bhunaigh sé a scéalta ar cheisteanna, ar fhadhbanna, agus ar chastachtaí an dlí chéanna sin, agus ní taise don scéal seo é.

Cúlú Eacnamaíochta

Is í Samantha Kofer, ar fho-bhall tríú bliain, i Scully and Pershing, an Comhlacht Dlí ba mho i gcathair Nua Eabhraic í i dtús an scéil seo, mar a raibh sí ag obair céad uair sa tseachtain, ar theacht isteach de $180,000 in aghaidh na bliana, ach, tar éis chliseadh Lehman Brothers sa bhliain 2008, lig a Comhlacht roinnt mhaith dá fhoireann chun siúil, agus dá bharr sin, fágadh Samantha gan todhchaí, gan teacht isteach, gan chas, ach moladh di bliain a chaitheamh ag obair ‘pro bono’ agus ansin d’dhéadfadh sí teacht ar ais chun an Chomhlachta arís, agus dá dtiocfadh feabhas ar chúrsaí, bheadh post ansin di, ar an leibhéal a bhí sroichte aice roimh bancbhriseadh Lehmans. D’fhág sí an Chathair ina diaidh, agus chuaigh sí chun oibre i Brady, Virginia, mar a ndeachaigh sí chun oibre, pro bono, le ‘Mountain Legal Aid’, sa mbaile sin. Ba í Mattie Wyatt a bhí i mbun an Chomhlachta sin, agus ba é an príomh ghnó a bhí idir mha acu nó ag cabhrú le muintir Apalachia teacht i dtír ansin, ainneoin amplacht agus leithleas na gComhlachtaí Ollmhóra Mianadóireachta, a bhí ag milleadh agus ag scrios na dúiche sin, ina niarrachtaí do-stoptha le gual a thochailt as cnoic agus as sléibhte na tíre áille sin. Bhí nia ag Mattie Wyatt, arb ainm dó Donovan Gray, dlíodóir, arbh é mian a chroí é lamh in uachtar a fháil ar na Comhlachtaí Mianadóireachta úd, agus tharla go raibh cás tógtha aige, ag an am sin, in aghaidh Chomhlacht áirithe Mianadóireachta, agus é ag lorg breithiúnas de thrí mhilliún Dolar ina gcoinne toisc go raibh siad ciontach, dár leis, i mbás bheirt ghasúr nuair a thuairt mullán mór cloiche ar a leantóir tráth raibh an bheirt sin ina gcodladh ann. Ba dheargnamhaid ag na Comhlachtaí Mianadóireachta é, ach, i ndeireadh na feide, cailleadh i dtimpist eitilte an Donovan céanna sin, agus dár ndóigh, ba é a cheap a lán gurbh iad lucht na mianach guail ba chúis leis an timpist chéanna sin.

Fadhb le réiteach

Luigh Samantha isteach ar an obair i Mountain Legal Aid Clinic’, agus thit i ngrá leis an dúiche agus le pobail na tíre sin, agus ar deireadh thiar, bhí fadhb le réiteach aici, cé acu a roghnódh sí? Fanacht i mBrady, Virginia. nó dul ar ais chuig a post le Scully and Pershing.

Cé acu roghnódh sí i ndeireadh na dála. Bhuel, níl fúmsa an scéal ar fad a thabhairt duit, sa phíosa seo, ach má theastaíonn uait fios fátha gach scéil a fháil faoi dhán Samantha Kofer, níl le déanamh agat ach greim a fháil ar an leabhar breá, corraitheach, toirtiúil, seo, agus é a léamh ó thús deireadh. Tá ag ceapadh, go mbainfidh tú taitneamh agus toit as, nó bíodh nár cheap mé fhéin gurb é seo an leabhar ab fhearr uaidh fós, ag an am gcéanna, bhain mé an-sásamh agus taitneamh as leagan amach, as stil, as diograis agus díocas an údair ina ionsaí ar léirscrios agus éigniú na gComhlachtaí móra Mianadóireachta ar áilleacht dhúlra Apalachia, agus ar a lucht tacaíochta, idir dhlíodóirí, lorgairí, agus bhreithimh, in éineacht leo.

An-léamh, an-leabhar, agus an-saothar. Súil agam go mbainfidh tú an-taitneamh as.

.

.

gaGaeilge