Leabhar de chineál eile ar fad

(Leabhar neamhghnách)

Peadar Bairéad

.

Litríochtaí ………….le ………… Daithí Ó Muirí

.

.

.

.

Céadchló…………………..2015………………….€8.00

.

Leabhar neamhghnách

.

Ní gá dhom an scríbhneoir seo a chur in aithne dár léitheoirí, nó chuile sheans go bhfuil aithne acu air, cheana féin, óna shaothar, nó óna bhaint le cláracha Raidió agus Teilifíse. Rugadh Daithí i gContae Muineacháin, agus faoi láthair tá cónaí air i gCois Fharraige, i gConamara. Roinnt duaiseanna bainte amach ag a shaothar cheana féin. Ach le filleadh ar ‘Litríochtaí.’……………

Bunoscionn!

.

Leabhar de chineál eile ar fad is ea Litríochtaí, agus ag an am gcéanna, is deacair a dhearbhú cé air a bhfuil sé dírithe. Mo chuidse de, caithfidh mé a rá, go raibh orm é a léamh cupla babhta le hadhmad ar bith a bhaint as. Ach, is féidir liom, ar deireadh, a rá, gur thaitin an leabhar frí chéile liom. Cheapfadh duine gur aistí níos mó ná gearrscéalta atá sa díolaim seo. Sea, aistí ag cur síos ar iarrachtaí údar eile ar litríocht a chumadh. Cruthaíonn an t-údar sciliúil seo saol atá éagsúil, amach is amuigh, leis an saol a bhfuil cleachtadh faighte againn air i saothar litríochta údar eile, saol ina bhfuil a bhunús bun os cionn, iompaithe droim ar ais, agus do-fheicthe, do-chloiste, do-thuigthe, ach, tríd is tríd, éiríonn leis, an léitheoir a chur faoi gheasa, le draíocht a chumadóireachta, agus le dánacht a ionsaí ar ‘ghurúnna na leabhar, gan trácht in aonchor ar a chur chuige leithleach.

Folús úrnua

.

Anois, tá mé ag ceapadh, go bhfuil daoine amuigh ansin adéarfadh nach é an t-údar amháin a bhfuil an saol iompaithe bun os cionn aige! agus bíodh acu, ach bhain mise taitneamh as ar chruthaigh an t-údar sciliúil seo. Breatnaigh ar chuid de na haistí a chum sé sa díolaim Aistí seo. Breathnaigh ar an gcéad phíosa, ar a bhaisteann sé, Folús Úrnua, agus an chaoi a gcuireann sé tús leis….

“Céard atá ann? Faraor níl tada ann, tada ach báisteach agus gaoth,la bruscair thall ansin freisin, rudaí, na rudaí lena raibh tú ag rudáil riamh anall ach ní ligfear isteach sa scéal seo iad, scéal de shaghas úrnua a bheas anseo, bréan den bháisteach atá tú ar aon nós, den mhála dubh plaisteach ….bréan de na rudaí uile atá feicthe agat go dtí seo, gach seans.….

Scéal neamhghnách

Ní gnáth scéal a bhéas sa scéal seo, agus caithfear amach as, gnáththroscán agus gnáth fheisteas na scéalta a léigh tú go nuige seo.

“Ní bheidh aon rud sa scéal seo, ná duine ach oiread, Aisling, Seán, Criostóir ná Luisne, duine ar bith ná rud de shaghas ar bith………..Ní bheidh ann ach tusa, aghaidh ar aghaidh leis an bhfolús”

Sea, agus féach mar a chuireann sé críoch leis an gcéad scéal sin……

“Seo, scéal nár thúisce léite é ná é imithe uait san fholús.”

B’fhéidir gur leor sin le faobhar a chur ar do ghoile chun an scéil seo a léamh?

B’fhéidir go mbainfeá triail as. Tá mé ag ceapadh go mbainfidh tú idir adhmad

agus taitneamh as.   

.

.

.

.

.

gaGaeilge