Ar na mallaibh, of late; crith talún, earthquake; Maidhm mhara, tidal wave; moing, mane; ruathar, rush; sléacht, slaughter; uimhir gan áireamh, innumerable; múrtha, heaps; bráithreachas, brotherhood.

.

I mBéal an Phobail

Súnaimí an Áir

Peadar Bairéad

That Tidal Wave

Ní fédir linn gan tagairt a dhéanamh, sa cholún seo, don tubaiste uafásach a tharla ar na mallaibh ar chóstaí an Aigéin Indiaigh, nó tá an tubaiste chéanna sin i mbéal an phobail, faoi láthair. Ar an 26ú Nollaig na bliana seo chuaigh tharainn, a tharla an Mhaidhm Mhór Mhara sin, a bhasc is a bháigh roimpi is ina diaidh, an lá cinniúnach sin. Crith ollmhór talún, a tharla ar ghrineall na mara, cóngarach do chríocha na Téalainne agus na hIndinéise, ba chúis leis an maidhm mhara sin.

Maidhm mhór mhara ar ligeadh srain lei,

Iar chrith dian talún i dtóin poill thíos,

Ina rás nós lasrach thar Mhuir na nIndiach,

Ar chapaill Mhanannáin is a moing le gaoth.

As go brách leis an maidhm mhara tubaisteach sin, trasna na mara, ar nós na gaoithe, agus luas thart ar cheithre chéad míle san uair a chloig fúithi. Ait go leor, ní dhéanfadh an tonn chéanna an oiread sin dochair do long nó do bhád a bheadh sa tslí roimpi ar an bhfarraige, nó thiocfaidís slán chuile bhabhta, geall leis, ach ba é an áit a raibh an dochar nó nuair a bhuailfeadh sí cósta is trá, ag an bpointe sin, cruinneodh sí a neart, d’fhéadfá a rá, is d’éireodh inairde ina tonn ard, tubaisteach, cinniúnach, le ruathar a thabhairt faoi cibé a thiocfadh sa mbealach roimpi…..

Ina thonn mhór mhillteach do sheol an tubaist’

Aniar aduaidh ar fhir is ar mhná,

Gur tháinig i dtír i ngan fhios d’éinne,

Is gur threascair roimpi a raibh ar thrá.

.

Ar theacht i ngar don chósta gnóthach,

Chruinnigh a fórsaí is bhailigh a slua,

Gur éirigh in airde ina sliabh ard uisce,

Le bás is bascadh a imirt gan trua.

.

Bhuail an cósta mar a phléascfadh sliogán,

Is leag go faonlag a raibh sa tslí,

Ní raibh tada roimpi a stopfhadh a ruathar

Go ndearna sléacht is gur scrios gach ní.

Unexpected

Ní gá a rá, gur tóg sí roinnt mhaith ama ar a turas maraitheach, ach bhí de bhuntáiste ag an maidhm chéanna sin nach rabhthas ag súil lei, agus thug sin deis di teacht aniar aduaidh ar na pobail éagsúla, a bhí ag cur futhu, fan chóstaí na dtíortha sin atá suite thart ar chóstaí na Mara Indiaigh. Tharla freisin, go raibh roinnt mhaith de na bailte cois trá ag cur thar maoil le turasóirí, a thaistil ansin leis an Nollaig a chaitheamh ar a sáimhín só, i bhfad ó fhuacht agus ó chruatan an Gheimhridh ina dtíortha fhéin…..

Na fir is na mná, na sean is na páistí,

A bhí ag déanamh spóirt dóibh fhéin gan chrá,

Bascadh ina mbruscar na créatúir bhochta

is fágadh ar lár iad ar chiumhais na trá.

.

.

Bhí roinnt mhaith daoine ag snámh, is ag déanamh bolg le gréin, ar thránna áille na nIonad Saoire, agus thug roinnt áirithe díobh faoi deara, go raibh an fharraige ag éaló lei amach ón trá. Droch-chomhartha! Lean cuid de na daoine óga, ach go háirithe, amach í, ach ba ghearr gur chuala siad an torann, agus go bhfaca siad an fharraige carntha, cuachta, ina tonn mhór, mhillteach, chucu isteach. Níor tugadh mórán deise dóibh tada a dhéanamh, nó ba ghearr go raibh an Súnaimí, sa mhullach orthu, agus gur scuab sé leis iad, faoi mar ba chipíní beaga adhmaid iad….

Céad caoga míle a treascradh sa ruathar,

Gan deis ag éinne acu ealó ón dtonn,

Is d’fhág Clann Éabha go deorach cráite,

Ag silt gan faoiseamh, is ag gol le fonn.

Ó tharla gur tháinig an Súmainí seo isteach ina thonn mhór, ard, cumhachtach, agus ó tharla go raibh luas ar leith fúithi, ní raibh tada os a comhair le cosc a chur roimpi. Isteach lei faoin tír, agus chuile shórt á scuabadh lei roimpi, daoine, tithe, báid, gluaisteáin, agus chuile shórt a tháinig sa bhealach roimpi. Bhí an t-ádh ar roinnt áirithe daoine, nó bhí ar a gcumas éaló, ar bhealach amháin, nó ar bhealach eile, ach i ndáiríre, scuabadh uimhir gan áireamh chun a mbás ag an Súnaimí ollmhór céanna sin. Ba í an Indinéis ba mhó a bhí thíos leis an mbascadh a d’imir an Súnaimí céanna sin ar muir is ar tír.

An Súnaimí gránna mar ruathar mharcshlua,

Do bhris is threascair idir fhir is mhná,

Scuab sé roimhe idir dhaoine is tithe,

Is leag go fann iad gan bhrí, ar lár!

.

Across the Sea

Trasna na Mara Indiaigh leis ansin, gur imir bás agus bascadh ar Srí Lanka, agus ar an India fhéin fiú, agus arís, b’uafásach go deo an dochar a rinne sé ar na tíortha sin, agus ní raibh deireadh déanta ag an maidhm mhór mara ansin fhéin, nó d’imigh lei, nós na gaoithe, iar sin, agus níor stop gur bhain cóstaí na hAifrice amach, agus gur dhein roinnt áirithe dochair ansin freisin. Níor éirigh leis an Súnaimí uafásach sin an spiorad daonna a bhriseadh, nó a bhascadh, áfach, nó chomh luath is a leath an scéal, ó cheann ceann na cruinne, nó gur tharla maidhm mhór trua i gcroíthe daonna, agus neartaigh agus d’fhorbair an tonn sin, gur seoladh i dtreo an Domhain Thoir í, le dóchas agus misneach a mhúscailt i gcroíthe na ndaoine a d’fhulaing cruatan agus anró an tSúnaimí.

Ach níor treascradh fós an spiorad daonna,

Nó chruinnigh sé a neart abhus is thall,

Gur gineadh madhmanna do-stoptha cúnaimh,

A d’imigh ina rás chuig a raibh faoi chrá.

A Tsunami of Hope

Bailíodh chuile shaghas cúnaimh agus cabhrach le teacht i gcabhair ar na daoine bochta a treascradh faon faoi chumhacht an tSúnaimí. Bailíodh na múrtha airgid, agus earrraí, le cúnamh a chur ar fáil dóibh. D’fhéadfá a rá gur dúisíodh Súnaimí an Dóchais ar fud an domhain, agus gur sheol an Tonn ollmhór sin i dtreo an Domhain Thoir, le bráithreachas an chine daonna a dhearbhú os comhair an tsaoil mhóir.

Maidhm mhór trua ina ruathar chucu,

Is maidhm mhór airgid mar thonn ina rás,

Comhar na gcomharsan mar chúnamh á seoladh,

Maidhmeanna a chlaoifeadh Súnaimí an Áir.

.

Cé gur leagadh faonlag na pobail chlaoite,

Is go gceapfadh éinne gur bocht a gcás,

Ardóidh Súnaimí an Dóchais a misneach,

Is tógfaidh a gcroí siúd nár thit san ár.

.

Ná déanaimis dearmad guí orthu siúd a thit sa tubaiste a lean Súnaimí úd an Áir sa Domhan Thoir;

Guigh orthu siúd a thit sa tubaist’,

Solas na soilse go raibh acu go brách,

Áit go deo ag bord an Tiarna,

Dóibh siúd a mharaigh Súnaimí an Áir.

.

gaGaeilge