.

Leabhar do-dhearmadta

…..My Lady Judge…..

.

My Lady Judge…..An chéad chló……….2007

le

Cora Harrison…………………… £15.99

.

.

.

I mBoireann an Chláir

Seo leabhar ar tháinig mé trasna air, ar na mallaibh. Thíos sa Leabharnann, sa Loch Buí a bhí mé maidin, agus mé ag guairdeall thart i measc na leabhar ansin, féachaint an bhféadfainn teacht ar leabhar eicínt, a chorródh an croí istigh ionnam, is a thabharfadh pléisiúr dom, fad is a bheinn sáite go dtí an dá chluas ann. Bhuel, tháinig mé ar an leabhar thuasluaite, agus tuigeadh dom láithreach, go bhféadfainn seal a chaitheamh leis, ‘á chrú’, mar adéarfá.

Tuige? adéarfadh duine liom, b’fhéidir.

Bhuel, ar an gcéad dul síos, suíonn an t-údar, Cora Harrison, a scéal i gcuid den tír, a chuaigh i gcionn go mór orm blianta ó shoin anois, agus dár ndóigh, tá sár-aithne ag an údar ar an dtaobh sin tíre, nó nach bhfuil cónaí uirthi, thiar ar bhruach na tíre sin.

Tír Álainn

Cén chuid den tír atá i gceist agam, an ea?

Boireann an Chláir, gan dabht ar domhan, nó cá bhfaighfeá áit ar bith, ó cheann ceann na cruinne, gan trácht ar ó cheann ceann na tíre seo, cá bhfaighfeá áit inchurtha le Boireann an Chláir, ar a fhiántas, ar a áilleacht, ar a éagsúlacht, nó ar a iargúltacht. Sea, agus sa scéal seo, faigheann muid trácht ar ionaid aithnidiúla, cosúil le Mullaghmore, Poulnabrone, agus Kilfenora. Sea, agus suítear an scéal i bhfad siar i stair na dúiche sin, nó ba sa bhliain 1509 a tharla eachtraí an scéil seo. Ba é Turlough Donn O’Brien, a bhí ina Rí ar “Thomand,” ar an “Burren,” agus ar “Corcomroe,” freisin, ag an am, agus ba í, Mara, Breitheamh, (nó Brehon i mBéarla,) na Dúiche céanna sin, an t-aon bhean a bhí ag feidhmiú mar bhreitheamh in Éirinn, ag an am, agus ba é Turlough a cheap sa phost sin í.

Brehon na Boirne

Is í Mara an príomhcharachtar sa scéal, agus déanann an t-údar iarracht ar bhrat grá a shníomh thart uirthi fhéin agus an Rí, Turlough Donn, Ach ba dhuine an-neamhspleách í an Breitheamh, Mara. Ag an am áirithe sin, thart ar Fhéile mhór na Bealtaine, bhí an Rí ar a chuairt ríoga ar Ríocht na Boirne, agus é mar aoi ag a Bhreitheamh, Mara, ina teach fhéin i gCahermacnaghten, mar a raibh Scoil Dlí á seoladh ag Mara, le blianta fada. Féach mar a chuirtear síos ar an ionad ársa sin, Cahermacnaghten, sa Réamhrá…

“On the west side of the kingdom was Cahermacnaghten whose great stone walls, ten foot wide and twenty foot high, enclosed a law school. The exquisitely written documents penned within its walls tell the story of a community, living by the ancient laws of their forebears in the stony kingdom of the Burren.”

Féile na Bealtaine

Anois, bhí de nós ag daonra na Boirne Féile na Bealtaine a cheiliúradh, trí bhailiú ina slua, ar bharr “Mullaghmore”, agus Tine Cnámh a lasadh ansin, um mheánoíche, ar Oíche Bhealtaine. Bhí Mara, Breitheamh, agus Turlough Donn, Rí, ar an bhfód freisin, ach tuigeadh dóibh, go mbeadh sé ró-dhian orthu dul go barr an tsléibhe, an oíche sin, agus shocraigh siad, ar dhul píosa den tslí leo, agus ansin dul thar nais go Cahermacnaghten. Rinneadar amhlaidh. Ach, ar an drochuair, tharla gur deineadh dalta ón Scoil Dlí a dhúnmharú ar thaobh an tsleibhe sin, tráth eicínt, an oíche sin. Ar Mhara, an Breitheamh, a thit sé anois, an chúis a fhiosrú, agus teacht ar an té a dhein an marú, le go ngearrfaí an pionós cuí air, agus le go n-iocfadh sé an éiric a bheadh dlite air.

Taighde

Caitheann an t-údar roinnt mhaith ama ansin, ag fiosrú an scéil, trí dhul chun cainte le daoine áirithe, ar tuigeadh di, go mbeadh fianaise ábharach eicínt acu, a chabhródh lei teacht ar an ndúnmharfóir. Ach, i ndeireadh na dála, bheadh uirthi an pobal a thionól thart ar “Poulnabrone” leis an gcúis a phlé os ard, os comhair na muintire, nó ba thart ar an Leacht ollmhór sin a dhéantaí cúiseanna dlí a phlé, a fhuascailt, a shocrú, agus ba ansin freisin a dhéantaí breith an Bhreithimh a chur i bhfeidhm. Thart ar an ndúnmharú sin, agus ar an románsaíocht idir Mara agus an Rí a chaitheann an t-údar bunús a dúthrachta i gcruthú an scéil seo.

Scéal Stairiúil

Déanann an t-údar seo iarracht cumasach freisin, ar shaol an séú haois déag a chur ina steillebheatha os ár gcomhair amach. Cuireann an t-údar síos ar Ríthe, ar Bhreithiúna, ar Thaoisigh, ar Cheárdaithe, ar Phobal, agus ar Lucht Léinn. Tugann sí spléachadh dúinn freisin, ar an gcóras dlí a chuirtí i bhfeidhm i Ríochtaí Éireann, ag an am, agus ar na modhanna a d’údáideadh siad, leis na dlithe sin a chur i bhfeidhm. Cuirtear síos, chomh maith, ar an gcogaíocht idir thaoisigh, idir threibheanna, agus fiú, tugann sí leide dúinn, ar na heasaontais idir Ghaeil agus Gaill, agus an chaoi ar tharla an dá chine sin in adharca a chéile i gCathair mhór na Gaillimhe.

Is spéisiúil freisin, na carachtair a chruthaíonn an t-údar le cur ar stáitse na staire, lena fís a leagan os ár gcomhair amach. Breathnaigh ar na hainmneacha breátha, Gaelacha, a bhaisteann sí orthu, ainmneacha ar nós, Murrough, Cumhal, Ardal, Fachtnan, Oscar, Lorcan, agus tuilleadh.

An-Léamh

Níl fúm a thuilleadh a rá faoi chúrsaí an scéil seo, ach mholfann don léitheoir an leabhar seo a léamh, dá bhfaigheadh sé an deis chuige, nó is spéisiúil an leabhar le leamh é, ar a chur chuige, ar a stairiúlacht, ar a inchreidteacht, agus ar a dhílseacht don dúiche ina suítear é.

.

Peadar Bairéad

.

.

gaGaeilge