.

P á p a c h t S p r e a g ú i l .

.

*******************

.

Is dócha go bhféadfá a rá, go bhfuil meas thar na bearta ag Gaeil, frí chéile, ar a Naofacht, an Pápa Eoin Pól a Dó, nó ba é an chéad phápa riamh, a leag a chos phápúil ar thalamh beannaithe Oileán seo na Naomh agus na nOllamh. Is maith is cuimhin le cuid mhaith againn an ócáid spreagúil chéanna sin, agus nach raibh sé de phribhléid ag roinnt áirithe daoine, mé fhéin ina measc, an Chomaoin Naofa a ghlacadh uaidh, ag an Aifreann speisialta sin a cheiliúir sé i bPáirc fhairsing an Fhíonuisce, faoi scáth na croise móire pápúla ansin, i láthair thart ar 1.25 milliún daoine, an lá cinniúnach sin, i nDeireadh Fómhair na bliana 1979. Dá bharr sin, ní haon ionadh gur choinnigh muid súil ghéar ar a shaol agus ar a shaothar, ón lá sin amach. Thaistil muid an saol mór ina fhochair, agus é ag iarraidh Briathar Dé a scaipeadh sna ceithre hairde fichead. Thugamar faoi deara, an tionchar ollmhór a bhí ag a chuairt ar thír a dhúchais, an Pholainn, i ré chorraithe na gCumannach, agus chreid roinnt mhaith againn freisin, go raibh lámh aige i mbriseadh an chórais ainchreidmhigh chéanna sin. Thugamar aird, agus dhá aird freisin, ar a raibh le rá aige dá thréad, trína himlitreacha, agus trína ráitis iomadúla, a d’fhoilsigh sé dúinn, ó am go chéile, i rith a réime. Ar ball, ní fhéadfadh duine gan meáchan a chroise pearsanta a thabhairt faoi deara, nó níl sé éasca dó dualgais throma a oifige naofa a choimhlíonadh, i bhfianaise an ghalair anbhainnigh atá mar dhealg sa bheo aige, le blianta fada anois.

.

Bíodh sin mar atá, áfach, caithfimid é a mholadh agus a mhóradh as a mhisneach, agus as a dhíograis i mbun dualgas a Phápachta, nó bíodh go bhfuil a chorp lagaithe, crapalta, ag galar Pharkinson, agus ag ualach na mblianta, ní chuireann sin stop leis i mbun a chuid oibre i bhfíonghort an Tiarna. Agus anois fhéin, is féidir leis fós, an gníomh fónta a dhéanamh, gníomh a spreagann, ní hamháin a thréad fhéin, ach grúpaí eile freisin, ó cheann ceann na cruinne.

Cén gníomh atá i gceist agam, an ea?

Bhuel, tá mé ag tagairt don ghairm a chuir sé ar cheannairí na reiligiún éagsúla, ar fud an domhain, teacht le chéile in Assisi, ar an Déardaoin, an 24ú lá d’Eanair na bliana 2002.

.

Cá bhfuair mé an t-eolas uilig faoin tionól iontach seo, an ea?

Nach fánach an áit ina bhfaighfeá breac? Ach i ndáiríre, fuair mé an t-eolas seo uilig i nuachtlitir, anseo i bPharáiste Phádraig, Cill Chainnigh, an tseachtain seo chuaigh tharainn.

Bhuel, deirtear liom, gur de thairbhe na buamála a tharla i Nua Eabhrac, agus i Washington, ar Mháirt úd na Mire, an 11 Meán Fómhair, 2001, a smaoinigh an Pápa, a chéaduair, ar chruinniú dá leithéid a thionól, le seasamh na reiligiún iomadúla i leith na síochána, a dhearbhú os comhair an tsaoil mhóir. Bhí daoine áirithe ag ceapadh, nach dtiocfadh ionadaithe ó mhórán de na reiligiúin mhóra ar an bhfód don ócaid. Bhí breall ar na daoine ceanna sin, de réir an chuntais a bhí sa nuachtlitir thuasluaite, nó is cosúil go raibh breis is dhá chéad de cheannairí creidimh ar an bhfód, lena seasamh fhéin i leith na síochána a dhearbhú os ard. Agus nár mhór an t-éacht é sin do Phápa atá i ndeireadh a laethe, d’fhéadfá a rá! Ach is dócha go ndéarfadh seisean, nárbh eisean ba chúis leis, ach gurbh é Spiorad an Tiarna ag oibriú tríd ba chúis leis an bhfómhar a baineadh, agus d’fhéadfadh an ceart a bheith aige sa mhéid sin.

Ach céard a bhí le rá ag na ceannairí creidimh sin, i ndeireadh na dála, nó ar eisigh siad aon ráiteas aontaithe, i ndeireadh an chruinnithe?

D’eisigh sin, agus seo bunús a raibh le rá acu…

.

—-Ag ár gcruinniú anseo in Assisi, dheineamar cómhachtnamh ar an tsíocháin, (bronntanas Dé), agus leas an chine dhaonna. Agus cé go mbaineann muid le hoidhreachtaí éagsúla creidimh, dearbhaíonn muid uilig, nach síocháin go grá na gcomharsan, agus éiríonn an prionsabal sin as an tsár-riail sin adeir, gur chóir dúinn roinnt le daoine eile faoi mar ba mhaith linn go roinnfeadh siadsan linne.

Agus ó tharla go bhfuil muid ar aonfhocal faoin méid sin, dearbhaímid anseo go gcaithfimid ár ndúthracht feasta, i mbun na síochána a thógáil, agus dá bhrí sin, gheall siad uilig..

.

********************************

 Go ndearbhódh siad, nach réitíonn foréigean, nó sceimhlitheoireacht le fíorspiorad an Reiligiúin, agus dá thairbhe sin, go n-oibreodh siad le bunchúiseanna na sceimhlitheoireachta a chur ar ceal, feasta.
 Go ndéanfadh siad a ndícheall feasta, le cómhaiareachtáil comharsanúil, síochánta a chothú i measc a dtréada.
 Go nglacfadh siad mar chúram orthu fhéin feasta, modh an agallaimh a chothú, ionas go mbeadh tuiscint níos fearr ag dreamanna éagsúla dá chéile, agus meas acu ar a chéile dá bharr sin, amach anseo, nó is ar na priosnabail sin a thógtar an tsíocháin.
 Go mbainfeadh siad úsáid as agallamh foighneach, macánta, lena ndifríochtaí a shárú, agus go nglacfaidís mar phrionsabal, nach fál go haer iad feasta, na difríochtaí céanna sin, ach deis, lena ndifríochtaí a thuiscint níos fearr.
 Go nglacfadh siad mar chúram eile orthu fhéin maithiúnas a thabhairt dá chéile sna dearmaid a rinneadar, agus sna claontuairimí a chothaigh siad i gcoinne a chéile, anuas go dtí an lá atá inniu ann, agus nach mbeadh i gceist acu feasta, ach cabhair agus cúnamh a thabhairt dá chéile, agus iad ag iarraidh idir leithleachas agus díomas, fuath agus foréigean, a chloí, agus an ceacht a fhoghlaim, nach síocháin go Cothrom na Féinne
 Feasta freisin, go mbeidís ar thaobh na mbocht agus na bhfann, agus go labhraídís thar a gceann, agus iad ag iarraidh a gcás a réiteach.
 Go saothróidís i gcoinne an oilc agus an fhoréigin, agus iad ag iarraidh an tsíocháin, agus an ceart, a chur i réim.
 Go misneoidís daoine, le caradas a chothú eatarthu fhéin, nó gan comhthuiscint i measc daoine, is baolach go ndéanfadh dul chun cinn teicneolaíochta aimhleas an chine s’againne.
 Go ndearbhóidís freisin, go ndéanfadh siad gach dícheall le cinnirí na náisiún éagsúla a spreagadh, le hord domhanda a chruthú, ina mbeadh síocháin, bunaithe ar an gceart, i réim feasta.

.

************************************

.

Níl sa mhéid sin ach iarracht lag uaimse, ar bhunús a raibh le rá ina ráiteas, a thabhairt duit anseo, nó is breá fada an ráiteas é. Críochnaíonn siad arís ag dearbhú, go saothróidís go dícheallach feasta, ag iarraidh a chur ar a súile do dhaoine, gur den tsíocháin an ceart. Ach b’fheidir nárbh olc an smaoineamh é, athlua gairid a thabhairt anseo, le blas an ráitis fhéin a thabhairt, faoi mar atá sé le fáil i nuachtlitir sin Pharáiste Phádraig, Cill Chainnigh.

“May God bless these our resolutions and grant justice and peaace to the world.

Pope John Paul ll concluded:

Violence never again!

War never again!

Terrorisn never again!

In the name of God

May every religion bring upon the earth

Justice and peace,

Forgiveness and life,

Love!”

.

Agus b’in sin. Bhuel, caithfimid a admháil, gur dheineadar uilig lá maith oibre ansin in Assisi na hEadáile, ar Dhéardaoin úd na Síochána, an 24ú lá d’Eanair na bliana seo, 2002. Sea, agus caithfear admháil freisin, gur oidhre Pheadair é Eoin Pól s’againne, gan aon agó, nó leathann sé an deascéal, i dtráth, agus in antráth, moch agus mall, Cuma cé acu éistear leis nó nach n-éistear. Agus nach beag aird a thugann sé orthu siúd a deir, gur chóir dó dul ar scor anois, ó tharla go bhfuil an aois agus an drochshláinte ina n-ualach trom anuas air. Daoine eile ag rá, go bhfuil sé ró-choimeádach, don aois seo ina bhfuilimid anois. Ní ar na guthanna sin a thugann sé aird áfach, ach ar an gcogar docheilte, a chuireann an Spiorad Naoimh ina chluais fhéin, sin an cogar a fhaigheann freagra, agus téadh na guthanna eile ag feadaíl. Is dócha, i ndáiríre, gurb é gnó an Phápa é, aird a thabhairt ar an oidhreacht a tháinig anuas chuige, trí shlabhra na mblianta, ó na hAspail, a fuair an deascéal ón Máistir fhéin. Nuair a dhéanann iriseoirí, go háirithe, ionsaí air, á rá nach dtugann sé aird ar thuairimí a thréada, nó á rá freisin, go bhfuil sé coimeádach, cúng-aigeantach, ró-aosta, ní bhíonn á léiriú acu, ach nach dtuigeann siad faic faoin ualach trom spioradálta a leagtar ar Phápa, nuair a thoghtar é, trí chumhacht, agus tinfeadh an Spiorad Naoimh, le bheith ina cheannaire ar Phobal Dé. Ach scaoilimis sin tharainn, agus arís, más iontaofa an téacs a fuair mé sa nuachtlitir sin Pharáiste Phádraig, nár mhór an t-éacht a rinne a Naofacht agus an breis is dhá chéad ionadaí úd, a tháinig le chéile in Assisi, ar Dhéardaoin na Síochána, 2002.

.

.

******************

Peadar Bairéad

******************

.

.

.

.

gaGaeilge