Oilithreacht dian an tsaoil seo

(This week we try to write a Preface for a possible autobiography.)

.

Réamhrá.

Níor dhún Dia doras riamh nár oscail sé ceann eile.

Nach minic a chualamar uilig an seanfhocal sin, agus is é atá i gceist nó, go bhfuil cabhair Dé níos giorra ná an doras fhéin. Doirse Dé, a thugadh na seandaoine ar na doirse a bhí i gceist sa seanfhocal sin, agus b’in an fáth ar bhaist mé Doirse Dé ar mo dhírbheathaisnéis fhéin, dá dtarlódh go scríobhfainn a leithéid riamh. .

Bhuel! sin iad na doirse atá i gceist agamsa i scéal seo mo bheatha, nó ó laethe m’óige i leith, b’in mar a d’éirigh le Dia mé a sheoladh ó ré amháin dem’ shaol go dtí an chéad ré eile. Doirse á n-dúnadh, agus doirse eile á n-oscailt dom, agus i ndáiríre, nach ’in an saol agat! Breathnaigh ar chúrsaí do shaoil fhéin, agus feicfidh tú gur mar sin a tharla duitse freisin. Ní dhéanann muid aon nath de na cúrsaí seo, nuair nach mbíonn i gceist ach athruithe beaga, fánacha. Scéal eile ar fad a bhíonn ann, nuair a fhágann duine an baile den chéad uair, agus nuair a thugann sé bóithre an tsaoil mhóir air fhéin, faoi mar a tharla domsa nuair a d’fhág mé mo bhaile fhéin in Iorras thiar, le dul sna sagairt. Nuair a tharlaíonn athruithe móra dá leithéid in ár saol, is ansin a thugann muid Doirse Dé faoi deara, i ndáiríre. Sea, níor fhág Dia ar an mblár folamh riamh sinn, nó tá sé ansin lena shlánú is lena chúnamh, le teacht i gcabhair orainn, chuile bhabhta a tharlaíonn ina ngátar muid. Is dócha go bhféadfadh duine dul beagáinín níos sia fós leis an scéal, agus a rá go bhféachann Dia chuige, go mbíonn doras oscailte os ár gcomhair i gcónaí, cuma cé dhúnann an doras eile orainn. Sea, agus is féidir linn a bheith cinnte, go ligfidh an doras céanna sin isteach i Ríocht Dé sinn, luath nó mall, agus gan le déanamh againne ach an doras céanna sin a thabhairt orainn fhéin. Ach nach mbíonn a fhios againn freisin, go bhfuil ar ár gcumas diúltú, scun scan, don doras sin, agus doras eile ar fad a thabhairt orainn fhéin? Saorthoil an daonnaí is cúis le sin. Ach is maith é Dia inné, inniu agus amárach, agus bíonn ár seasamh airsean i gcónaí.

Ábhair sagairt sna Dachaidí

Mar sin, bíodh go bhfuil na blianta fada caite agamsa ag dul trí na doirse úd a d’oscail Dia dhom, níor chaill mé mo dhóchas iontu fós, nó tá mé ag ceapadh, go mbeidh radharc an Tiarna le fáil agam, nuair a dhúnfaidh sé doras deiridh mo ré agus nuair a osclóidh sé doras na síoraíochta dom.

Sa leabhar seo, ó tharla gur shocraigh me i dtus m’oige ar bheith im shagart, déanaim iarracht ar shaol ábhar an tsagairt sna dachaidí, a leagan os comhair an léitheora, nó ní go minic a fhaigheann duine radharc, ón dtaobh istigh, mar adéarfá, ar an gcineál saoil a chaithidís siúd, i ré bhuacach úd na hEaglaise. B’fhéidir go dtabharfaí faoi deara na laigí, agus na heasnaimh, a bhí ag baint leis an saol céanna sin, agus b’fhéidir freisin, go dtabharfaí léargas dúinn, ar na laigí agus na heasnaimh a bhí i dtraenáil ár n-ábhar sagairt, an tráth úd. Níl locht ar bith á fháil agamsa ar an gcaoi ar caitheadh liom fhéin, agus mé ag dul trí na blianta fada traenála céanna sin, mar ar an dtaobh eile den scéal, feictear dom gur chuidigh an traenáil sin go mór liom, agus mé ag dul i ngleic leis an saol mór, bíodh gur fhág sé lag, leochaileach, soghortaithe go maith mé, ar bhealaí eile, ach le críoch a chur leis an Réamhrá seo, ghlac mé le fírinní mo chreidimh, agus chreid mé freisin an seanfhocal a dúirt, nár dhún Dia doras riamh gan ceann eile a oscailt, don té a bheadh ag déanamh a bhealaigh chuige, ar oilithreacht dian, chasta, an tsaoil seo.

.

.

gaGaeilge