Saithe na gCuimhní
Mar scaoth beach a fhilleann na cuimhní
Ina saithe dhlúth, chealgach, groí,
Is dorchaíonn aghaidh na gréine,
Nuair a éiríonn as codladh na mblian.
.
Ní féidir liom breith ar an iomlán,
Nó tá an tsaithe sin iomarcach, tréan,
Is mearaíonn dordán a sciathán
Mo mheabhair, le buarach a dtéad.
.
Ach anois is arís, is gan choinne,
éalaíonn beach as an dtréad,
is sáitheann a chealg go feirc ‘nam,
le cuimhní a scaoileadh ‘na slaod.
.
Dúisítear leis cuimhní is eachtraí,
Is mothúcháin a bhí dearmadta, tréith,
Clúdaithe le cúbhar dúr na mblianta,
Mar ar luigh siad ar ghrinneall mo ré.
.
Ach ar ball, éiríonn siad ró-phianmhar,
Gan cheirín leis an bpian a mhaolú,
Is ruaigim uaim saithe na gcuimhní
Le scaird toite as bosca na mian.
.
Éalaíonn an tsaithe de phlimp uaim,
Ar ais leo de ruaig, chuig a bpluais,
Is fágtar mé idir dhá chomhairle,
ar shona, nó ar dhona, a gcuairt.
.
***********************************
1 Eanair 2008.
.
.