“Séimí anseo”……

Peadar Bairéad

I mBéal an Phobail

Ag iarraidh píosa na seachtaine seo a chur i dtoll a chéile a bhí mé, anseo ar an ríomhaire, nuair a phléasc cling an telefóin taobh liom. Nuair a tháinig mé chugam fhéin, i ndiaidh na geite a baineadh asam, thóg mé suas an glacadóir, ach sára raibh am agam tada a rá, réab guth an scairteora ciúineas an tseomra thart orm, agus thóg mo chroí, ag an am gcéanna, nó cé bheadh ag ceann an líne ach ár seanchara, Séimí a’ Droichid fhéin. Bhí áthas orm scéala a fháil uaidh, nó bhí sé buailte síos le galar eicínt, le tamall anuas, agus gan fonn cainte nó eile air, ach é sínte ansin sa leaba, faoi mar a bheadh sé gan aithne gan urlabhra. Nuair a fuair mé an deis, d’fhiafraigh mé dhe, an raibh aon scéal nua aige, nó b’fhada ó chuala mé scéal nó duan uaidh.

“Cén gá ata le scéal nó le scuan nuair atá chuile dhuine sa tír, agus taobh amuigh di freisin, ag caint faoin ábhar céanna?”

“Agus cén t-ábhar é fhéin?” arsa mise, agus mé ag iarraidh an scéal a mhealladh uaidh.

“Cén t-ábhar, an ea? agus chuile dhuine sáite go dtí na cluasa i scéal téipeanna an Bhainc Angla-Éireannaigh. Sin an scéal atá idir chamáin agam fhéin, ar na mallaibh.

Ach, a Shéimí, nár dhúirt Mártan a’ Tairbh liom, nach raibh sa scéal céanna sin ach scéal mhadra na n-ocht gcos. Cibe saghas scéil é fhéin?”

“ Bhí cuid den cheart aige sa mhéid sin, nó is scéal é a bhfuiltear ag dul thar fóir ar fad leis. Scéal é ar chóir cos a bhuaileadh anuas air i dtosach báire.”

“Tuige sin? a Shéimí, nár cheart scéalta dá leithéid a chur i mbéal an phobail, ionas go dtuigfeadh an pobal s’againne cén cineál céapair a bhí ar siúl ag lucht an Bhainc sin, ag an am, céapair a sháith pobal na tíre seo go dtí na cluasa i bhfiacha, agus a mhill ár neamhspleáchas eacnamaíochta, ar feadh na mblianta.”

Fíor ar fad, ach nach bhfuil mám ceisteanna le freagairt fós faoi fhoilsiú na dtéipeanna céanna sin?”

Cén cineál ceisteanna, a Shéimí?

. Ceisteanna mar iad seo….Cé chuir na téipeanna ar fáil, don nuachtán a d’fhoilsigh iad, a chéaduair? agus tuige ar dheineadh a leithéid? Nár chóir foilsiú na dtéipeanna sin a chosc, ar eagla go mbeidís ag teastáil ó Chúirt Dlí eicínt, le coireanna áirithe a chur i leith baincéirí ainmnithe? Agus ó tharla go raibh na téipeanna seo ar fáil le roinnt blianta, má bhíothas len iad a fhoilsiú, tuige nár foilsíodh cheana iad, nó bheadh sé deacair am níos mífheiliúnaí a fháil ná an t-am a roghnaíodh chuige, agus Rialas na tíre seo ag críochnú a théarma in Uachtaránacht an Chomhaontais Eorpaigh? Sea, agus tá tréad eile ceisteanna le cur, is le freagairt, faoi fhoilsiú na dtéipeanna céanna sin.”

“Ach, a Shéimí, céard faoi “publish and be damned”. nó, “Ní dhiúltaionn páipéar bán do dhúch riamh.” agus lena chois sin, nach bhfuil an ceart saothraithe ag an bpobal go leagfaí a bhfuil ar na téipeanna sin os a gcomhair amach, mar nach bhfuil feannadh an phoic déanta orthu ag údar na dtéipeanna anna sin?”

Tá stiall den bhfírinne in a bhfuil á r

á agat ansin, agus tú PC, gan dabht, ach cé’n mhaith é a bheith ‘Politically Correct’, más é a thoradh sin go ndéanfaí aimhleas an phobail? Trua nár leagadh an cheist sin ar fad os comhair ár gCúirteanna, sular breacadh ar nuachtán ar bith iad. Ach cén mhaith bheith ag caoineadh agus an anachain déanta? Ach fillfidh mé ar an scéal seo, ar ball, nuair a bheidh tuiscint níos fearr agam ar an scéal. Go dtí sin, Slán.”

Agus leis na focail sin, chroch Séimí suas a ghuthán agus fágadh mé im staic ansin, liom fhéin, agus gan ar mo chumas cur leis an argóint, bealach amháin nó bealach eile.

Céard fútsa, a léitheoir? Cá seasann tusa sa díospóireacht seo?  

  

.

.

.

.

.

gaGaeilge