Séipéil ag cur thar maoil

Peadar Bairéad

.

(This week we consider the changes in religious practice in a lifetime.)

.

Faoi chuing an Chreidimh

.

Nuair a thosaigh mise ag freastal ar sheirbhísí eaglasta, i dtriochaidí na haoise seo caite, glacadh leis, ag an am sin, go mbeadh chuile dhuine ar an mbaile ar an bhfód in éineacht leat, ar ócáidí dá leithéid. Ó cinnte, bheadh an corrsheanduine fanta sa bhaile, de bharr tinnis nó a leithéid, agus bheadh ar dhuine as chuile theach, b’fhéidir, agus ar a sheal, fanacht sa mbaile freisin, le haire a thabhairt do na rudaí beaga, ach thairis sin, d’fhéadfá a bheith cinnte, go mbeadh an chuid eile den daonra i láthair sa tSéipéal do na seirbhísí sin. Ba é cúis a bhí le sin nó go raibh chuile dhuine acu gafa faoi chuing an Chreidimh, agus é umhal dá rialacha, agus dá bharr sin, bhíodh chuile shéipéal acu ag cur thar maoil, chuile bhabhta.

D’imigh sin is tháinig seo

D’imigh sin áfach, is tháinig seo, agus sa lá atá inniu ann, is beag an baol atá ann go mbeadh séipéal ar bith acu sin ag cur thar maoil, nó mórán thar leath-lán fhéin, fiú. Is cuimhin liom fhéin, nuair a tháinig mé go Cill Chainnigh den chéad uair, i lár sheascaidí na haoise seo caite, go mbíodh na séipéil lán go scóig ag na hAifrinntí, chuile Dhomhnach. Sa lá atá inniu ann áfach, is annamh a d’fheicfeá a leithéid, taobh amuigh de na Féilte móra Eaglasta, cosúil leis an gCáisc agus an Nollaig.

Creideamh ag meathlú ?

Céard a tharla in aon chor, má sea? nó céard ba chúis leis an dtitim tubaisteach sin i bhfreastal ar Aifreann, san Eaglais Chaitliceach, sa lá atá inniu ann? Ar an gcéad dul síos, ní fás, nó meath, aon oíche atá i gceist anseo. Ní hea, mh’anam, ach cosúil le meirg, is amhlaidh a thosaigh sé, de réir a chéile, agus d’fhás go mall, réidh, formhothaithe, sa chaoi gur tháinig sé aniar aduaidh orainn uilig, nó bhíomar ag ceapadh go n-athródh cúrsaí, agus go dtosódh daoine ag filleadh ar na séipéil arís, ach tá faitíos orm go mba “Shúil Uí Dhubhda le hArd na Rí” againn é.

Bhí fórsaí ollmhóra ag obair inár measc, mar phobail, faoin am sin, fórsaí cosúil le teilifís, raidió, nuachtáin, agus irisí, cumarsáid ar an dtoirt, mar a déarfá, Diaidh ar ndiaidh, tharla gur lagaíodh údarás múinte na hEaglaise, agus de réir mar a fuair chuile dhuine sláimín eicínt den oideachas, tháinig daoine den tuairim, go raibh níos mó ná bóithrín amháin go Dún Dé. Bhí fórsa eile ag dul i gcionn ar an bpobal freisin, agus b’in an sparán teann, nó is minic a maolaítear ar chleachtadh an chreidimh nuair a mhéadaítear ar fháltas na muintire.

Deus Providebit

Ach ní haon mhaith bheith ag caoineadh agus an anachain déanta. Ní féidir linn cúl a chur ar na blianta. Tá muid mar a bhfuil muid, faoi láthair, agus níl le déanamh againn feasta, ach ár mbealach a dhéanamh, fan bhóithrín an Oilithrigh, chomh maith agus is féidir linn. Ach an méid sin ráite agam, nach féidir a rá freisin, go bhfuil na mílte is na mílte Oilithreach amuigh ansin, agus gan uathu ach gaoth an fhocail, le filleadh ar chleachtadh a gcreidimh.

Bhreathnaigh na caoirigh ocracha suas

Ach níor beathaíodh iad.

Ach céard is féidir a dhéanamh anois, leis an bpobal sin a mhealladh ar ais?

Sea, b’fhéidir go raibh cuid den cheart ag Séimi an Droichid s’againne, nuair a dúirt sé, an lá cheana, gur chóir dúinn an gnó sin a fhágail i lámha Dé. “Deus providebit” adúirt sé, go mórchúiseach! “Nach mór an focal é sin, a Shéimí.” adúirt mé fhéin leis. “Sea,” ar seisean, go bródúil, “ón Misinéir Mór Ó Confhaola fhéin a chuala mé a chéaduair é, tarraingt ar thrí scór bliain ó shoin anois.”

Sea, fág faoi Dhia é, agus nach maith an chomhairle í sin, lá ar bith?

.

.

.

gaGaeilge