I mBéal an Phobail

Peadar Bairéad

(This week I mBeal an Phobail bids farewell to 2011, and looks forward to the incoming year, 2012.)

Slán go deo!

“Ring out wild bells to the wild sky,

The flying cloud, the frosty lights;

The year is dying in the night,

Ring out, wild bells, and let him die.”

Sin mar a chuirim tús le píosa seo na hathbhliana, bliain i ndiaidh bliana, agus tuigeadh dom anois, nár chóir dom an nós sin a bhriseadh i mbliana, ach oiread. Sea, agus mar sin, molaim do na cloig chéanna sin, cloig Tennyson, bás na bliana 2011 a chaoineadh, agus a chomóradh, agus súil againn nach bhfillfidh a leithéid de bhliain orainn go brách arís. Anois, níorbh í an bhliain ba mheasa riamh í, ach ag an am gcéanna, níorbh í an bhliain ab fhearr í, ach oiread, nó ba í an bhliain í a thug cruatan, anró, agus céasadh dár muintir í, an bhliain a d’fheistigh úim lucht an airgid, agus na cumhachta, go daingean thart ar ár nguaille. An bhliain inar chailleamar ár neamhspleáchas eacnamaíochta trí na hiasachtaí a ghlacamar ón ECB, ón IMF, agus ón AE, ach, nach bhfuil a fhios ag madraí an bhaile fhéin nach gan choinníollacha a tugadh na hiasachtaí sin dúinn. Ach sin uilig ráite, agus admhaithe, caithfear a rá freisin, gurbh í an bhliain í a d’fhorbair, agus a neartaigh, spiorad an chomhaontaithe, agus na comharsanúlachta, i bpobal na tíre seo, bliain a d’aontaigh, agus a dhlúthaigh spiorad an phobail inár measc, an bhliain a thug Rialtas nua dúinn, agus bliain inar deineadh roinnt iarrachtaí ar shrian a chur ar theacht isteach scannallach na mboc mór, agus a chuir críoch le caranna stáit a chur ar fáil do dhaoine áirithe, daoine a bhí ag déanamh go maith as sparán an stáit, cheana féin. Ba í an bhliain freisin í, a thug Uachtarán nua dúinn, agus an bhliain inar thug Banríon Shasana, agus Uachtarán Mheiriceá, cuairt orainn agus a chuir ainm na tíre seo i mbéal phobail an domhain.

Bás Bliana

Sea, clingigí libh, a chloga caointe, nó tá an bhliain seo, 2011, ar leaba a báis, tá sí ag séathlú lei i lár na hoíche, clingigí os ard, a chloga, agus ligigí di imeacht. Sea, ligigí di séathlú, agus ná bímis ró-dhian uirthi, nó ní bhíonn saoi gan locht, agus breathnaigh mar a chuir an tseandream é, fadó, ‘Ná mol, is ná dí-mhol daoi, nó ní bhíonn saoi gan locht’. Sea, agus féach mar a chuireadh na Rómhánaigh fadó é:-

De mortuis nil nisi bonum…

Mar sin, ná bímis ag sciolladóireacht uirthi feasta, ach chun bóthair linn arís le misneach agus le croí maith mór…..

“Ring out a slowly dying cause,

And ancient forms of party strife,

Ring in the nobler modes of life,

With sweeter manners, purer laws.”

Nach breá mar a chuireann an file é? Tá deis againn anois slán a fhágáil lenár lochta, agus leis an saol lochtach a chruthaigh muid, agus tá seans againn sibhialtacht úr, útóipeach, a thógáil ina háit. Seans agaibh anois, a chloga, fáiltiú roimh an saol béasach, uasal, nua, seo. Sea, clingigí libh a chloga, agus comóraigí an t-athrú iontach sin.

“Ring out old shapes of foul disease,

Ring out the narrowing lust of gold,

Ring out the thousand wars of old,

Ring in the thousand years of peace.”

Síocháin Feasta agus go deo

A chloga, déanaigí bhur ndícheall críoch a chur leis na galraí uafásacha úd a chránn agus a chéasann an daonnaí, agus glanaigí as a chroí amach, an t-ampla agus an dúil mhallaithe atá aige in ór agus i saibhreas an tsaoil seo. Sea, agus molaigí dó críoch a chur le cogaí agus le troid, agus ina n-áit, clingigí chugainn ré uasal, beannaithe, na síochána, an ré úd a chonaic Ísáia, fáidh, i bhfís fadó. Féach mar a chuir seisean síos ar an ré neamhaí chéanna sin :-

Agus buailfidh siad a gclaimhthe amach ina soic chéachta,

Agus a sleánna ina gcorráin.

Ní thógfaidh na ciníocha an claíomh in aghaidh a chéile feasta,

Nó ní chleachtóidh siad cogadh níos mó.

Nach álainn go deo an fhís í sin, fís a scalann anuas chugainn trí dhorchadas oíche chéasta na staire daonna. Sin í mian chroí an duine daonna, agus an tráth seo bliana, guímis arís an tseanghuí….

Glóir do Dhia sna hArda,

agus ar talamh síocháin do lucht a pháirte…..

.

Athbhliain faoi mhaise dár léitheoirí go léir.

.

.

gaGaeilge