.
Slán le Denis Philpott.
.
A Dhonncha gealgháireach mothóimid uainn thú,
Do chomhairle gaoise, is do chúnamh caoin, Do neart, do dhearcadh, is do chluas le héisteacht,
Bheith ’na n-éaghmais feasta, is buille dian.
.
Dáileadh an chré leat i Mí na Marbh,
Is fágadh do mhuintir i mbuairt ‘s i mbrón ,
Ach duitse, a chara, guím solas na soilse
I dTeaghlach an Rí, anois go deo.
.
Mothóimid uainn thú, inniu is feasta,
Agus sinn i sáinn nó i bhfadhb gan bhrí,
Ach beidh do chuimhne mar mhéar an eolais
Dár stiúradh fós trí bhuairt an tsaoil.
.
Codladh sámh dhuit i dteaghlach Chiaráin,
I bhfad ód’ dhúthaigh ar bhruach na Laoi,
Mar tá d’áit in áirithe ag Bord an Tiarna,
Is fáilteofar romhatsa i measc na Naomh.
.
.