Solas sa Dorchadas.
Le linn na ngearróga dubha a thagann
I gcroílár ceart an Gheimhridh istigh,
Téann na sluaite Gael ar oilithreacht
Go Brugh geal draíochta na Bóinne thoir.
.
Ní le déithe a mhóradh a thagaid,
Nó le briocht a shníomh faoi rún,
Faoi mar a dhein a sinsir rompu
In Áras ársa Aonghus an Bhrugha.
.
Tagaid ‘na sluaite le breacadh lae ghil,
Roimh éirí gréine i Ríocht na Mí,
Is téid isteach go croí an Bhrugha,
Mar nár scal ga gréine cheana le bliain.
.
Is fanann leo go socair foighdeach,
Go bhfeiceann ga solais chucu aniar,
Ga nach stopann riamh nó choíche,
Go mbuann ar dhoirche na pluaise thiar.
.
Músclaíonn ga ghrianstad an Gheimhridh
Umar an ionaidh ina gcroí istigh,
Gur éirigh lena sinsear Gael.
An Brugh ildánach a thógáil cruinn.
Lena scil is lena ngliceas
Cheansaigh siad an ga gréine groí,
Is sheol faoi úim isteach san uaimh é
Le cumhacht na doirche go brách a chloí.
.
Le bua dá leithéid a fháil ar olc,
Níor mhór dóibh saothrú buan ar léann,
Is ga a dtaighde a scaladh siar
Trí phóirsí dorcha a n-aineolais fhéin.
.
Labhrann siad linne, trí Bhrugh an tsolais,
Is molann dúinn ár n-aineolas a chloí
Trí sholas a scaladh san áit ’tá dorcha,
Is seisreach ár mbeatha a scaoileadh saor.
.
***********************************
.
.
.
.