Straitéis fiche bliain don Gaeilge 2

Peadar Bairéad

.

(This week we continue our look at – “Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge 2010 – 2030” – a seoladh in eireaball na bliana 2010, le beannacht traspháirtíoch, agus le gártha buabhaill. – as we continue to recall what was written then in this column concerning same.)

.

Lagmhisneach

Chríochnaigh mé píosa na seachtaine seo caite lagmhisniúil go leor, nó luaigh mé go raibh beartaithe ag an bhFreasúra, ag an am, gnáth-ábhar a dhéanamh den Ghaelige feasta sna scruduithe Teistimeireachta. Agus chomh maith le sin, go raibh beartaithe ag an Rialtas gearradh siar ar mhaoiniú na teanga feasta. Dá ndéanfaí amhlaidh, céard a tharlódh don Straitéis Fiche Bliain? Bhuel! bhí an t-ádh orainn nár cuireadh na cinnidh chéanna sin uilig i bhfeidhm, san idirlinn….

A thóin leis!

Níl dabht ar domhan ach go bhfágfadh cinnidh dá leithéid an Plean Fiche Bliain sin agus a thóin leis. Ach sin uilig ráite, admhaithe, caithfear a rá, gur fearr ann ná as é, agus má thugtar aird air, bhuel, déarfainn go mbeidh toradh céatach air, amach anseo.

Níl le déanamh agat ach stracfhéachaint a thabhairt ar an doiciméad fhéin le sin a thabhairt faoi deara. Tosaíonn sá le cur síos ar an bhfís atá taobh thiar den bplean seo. “An Fhís” a bhaistear ar an gcaibidil seo, agus déantar cur síos ann, ar an straitéis fhéin agus an gá atá lei. Dearbhaíonn sé i dtús báire, go maireann ár dteanga beo mar theanga phobail, agus mar theanga teaghlaigh, agus chomh maith le sin, go bhfuil eolas na teanga chéanna sin ag céatadán ard dár ndaonra, cé go bhfuil a lán talamh caillte aice thar na blianta. Is é polasaí an Rialtais, mar sin, nó a chinntiú go mbeadh an oiread agus is féidir dár ndaoine dhátheangach, i nGaeilge agus i mBéarla, ach, chomh maith le sin, tuigtear an gá atá le slánú, le forbairt, agus le leathnú na Gaeltachta, nó ní bheadh an dátheangachas inshroichte, nó inmharthana, go fadtéarmach, mura mbeadh Gaeltacht bheo ar an bhfód, mar nach droichead é an dátheangachas idir dhá theanga éagsúla?

Teanga labhartha

Chomh maith le sin, is é polasaí an Rialtais nó cur le méid na dteaghlach a bhaineann úsáid as an nGaeilge mar theanga chumarsáide laethúil, agus mar thaca do na polasaithe sin, féachfar chuige, chomh fada agus is féidir, go mbeidh deis ag chuile shaoránach úsáid a bhaint as a rogha den dá theanga, ina theangmháil leis an bpobal, agus le seirbhísí an Stáit freisin. Tá caint freisin ar an dteanga a dhéanamh níos infheicthe sa tsochaí mar theanga labhartha ag ár gcuid saoránach, mar aon le bheith le feiceáil ar chomharthaí, agus i litríocht. Dearbhaítear freisin, go gcoinneofar súil ghéar ar dhán na teanga i dTuaisceart Éireann, nó is toradh nádúrtha é sin ar na socruithe idirnáisiúnta a ceangladh idir an dá chuid dár dtír.

“An dá arm aigne”

Tá líofacht sa Bhéarla tábhachtach freisin i saol an náisiúin seo, agus chuige sin, agus dá bharr sin, leanfar ar bhéim a leagan ar an dátheangachas, ach amháin a thuiscint, nach i gcónaí a d’oirfeadh polasaí dá leithéid do na ceantair Ghaeltachta. Ach sin uilig ráite, admhaítear go mbraitheann todhchaí na teanga ar dhaoine a roghnóidh go cinnte leas a bhaint as na deiseanna a chuirfidh an Rialtas ar fáil dóibh, tríd an Straitéis seo.

Ní gá a dhearbhú anseo, go mbunaítear an straitéis uilig seo ar an méid a dlitear i mBunreaht Éireann, in Airteagal 8…“Ós í an Ghaeilge an teanga náisiúnta is í an phríomhtheanga oifigiúil í”. Níor chóir dearmad a dhéanamh de sin, nó is cinnte go seasann stádas dlíthiúil na teanga náisiúnta, go huile is go hiomlán, ar a bhfuil reachtaithe ansin i mBunreacht Éireann.

Spriocanna cinnte

Tá mé ag ceapadh, go mbeidh an-toradh ar an Straitéis Fiche Bliain seo, ach ag an am gcéanna, bheadh duine ag súil go leagfaí síos an dátheangachas mar sprioc do Dháil Éireann freisin, sa chaoi is go mbeifí ag súil go sroichfeadh obair an Oireachtais spriocanna cinnte, chomh maith le duine – beart de réir a mbriathar! -. Ach sin uilig ráite, caithfear an t-ath a mholadh mar a fhaightear. Leor nod don eolach!

.

.

.

.

gaGaeilge