Teachtaireacht an Amadáin

Peadar Bairéad

Fógraí Bóthair

(Recalling memories of being lost in Dublin traffic, 12 years ago.)

.

Nár minic, sna seanlaethe, a chuirtí duine ar theachtaireacht bhréige ó theach to teach ar fud an bhaile, le spórt a bhaint as an té a bheadh gann go maith i gciall. Ligeadh chuile dhuine air go raibh sé lom dáiríre, agus é ag seoladh an amadáin bhoicht óna dhoras fhéin, agus á chur ar chuairt gan toradh go dtí na beil dorais. Bhuel, b’in an smaoineamh a rith liom, maidin inniu, an 26 Lúnasa, 2002, nuair a chuala mé na scéalta uilig faoi dhaoine a bheith seolta amú ag na fógraí nua bóthair úd, a cuireadh i bhfeidhm, d’fhonn trácht na Príomhchathrach s’againne a choinneáil ag gluaiseacht, in áit é a bheith plódaithe, faoi mar a bhíodh, le blianta beaga anois. Cuireadh na gluaisteánaithe bochta timpeall i gciorcal, agus ansin timpeall i bhfáinne fí, agus mar sin dóibh, ó fháinne amháin go timpeallán eile, ach i ndeireadh na feide, ba bheag dul chun cinn a bhí á dhéanamh acu, dár leo, ach iad cosúil leis an té úd a bhí gann go maith i gciall, á chur timpeall an bhaile, ó theach go teach, ach gur saothar gan toradh a bhí air, ar deireadh thiar thall.

Ná ceap anois, go bhfuilimse ag déanamh beag is fiú d’iarrachtaí na n-údaras a smaoinigh ar an bplean iontach mearaitheach seo. Nár mhair mé fhéin ar feadh blianta sa chathair chéanna sin? agus nár mhinic, le blianta beaga anuas, a chaith mé síoraíochtaí, mar a b’fhacthas domsa é, ag iarraidh mo bhealach a dhéanamh tríd an tranglam tráchta a tharlaíonn ar “Shráideanna Naofa Átha Cliath”, ag amannta áirithe sa lá, nuair a bhíonn chuile ghluaisteánaí sa tír ag iarraidh a shlí a dhéanamh tríd na sráideanna sin, ag an am gcéanna. Minic a ghabh mé buíochas le Dia as gan a bheith im’ chónaí, a thuilleadh, san Ardchathair s’againne, ach mé ag cur fúm anois, anseo i gcathair Chill Chainnigh. Ar inis mé dhaoibh, cheana, faoin lá a cuireadh mé fhéin, agus mo bhean, ar theachtaireacht amadáin, trí shráideanna na cathrach céanna sin?

Níor inis!

Lá na dTuilte

Lá ‘le Bríde a bhí ann, dár Príosta! Lá na dtuilte! Agus tharla go raibh mé fhéin is mo bhean ar chuairt ar ospidéal, thart ar an gCarraig Dhubh, agus tar éis dúinn cannta maith den lá a chaitheamh sa bhfoirgneamh céanna sin, bhuaileamar bóthar, ar ár mbealach go Maigh Nuat, áit a raibh socraithe againn an oíche sin a chaitheamh. Bhuel, bhíomar ag déanamh ár slí go mall, trom-rothach, go lár na cathrach. Suas Sráid na bPiarsach linn, síos Sráid Teamhrach, agus é ar intinn againn casadh ar chlé ag Droichead Butt, faoi mar a dheineamar go minic cheana. Turas éasca go maith a bheadh ann, dár linne, ach é a bheith mall, tuirsiúil. Ach, nuair a thángamar chomh fada le Droichead Butt, do bharúil, nach raibh dhá phóilí mhóra feistithe ansin, agus a mbaitíní inairde acu, le cosc a chur le duine ar bith ar theastaigh uaidh casadh ar chlé ag an bpointe sin. Rinne mé fhéin chuile dhícheall a chur in iúl dóibh gur theastaigh uaim dul ar chlé ansin, nó nach raibh malairt bealaigh ar eolas agamsa le mo cheann scríbe a bhaint amach. Ach d’fhógair mo bheirt dom, go neamhbhalbh, gur chuma sa tsioc leosan cá raghainn, ach go raibh rud amháin cinnte, agus b’in, nach raibh ar intinn acusan mé a ligint ar chlé, ag an bpointe áirithe sin. Seoladh muid, gan trua, gan taise, amach i bhfásach, agus i bhfiántas, thuaisceart na cathrach. Thart le Teach an Chustaim, síos Sráid Amiens, agus fan na Trá Thuaidh amach. Timpeall linn ag Fionnradharc, agus suas Aibhinne Philipsburg. I rith an ama a raibh an bealach sin á thaisteal againn, ní raibh ar ár gcumas stopadh, nó casadh ar dheis, nó ar chlé, nó bhíomar gafa go daingean istigh i lár shruth tráchta, ach ar ámharaí an tsaoil, bhí aithne againn ar áit amháin, fan Aibhinne Philipsburg, agus bhí ar ár gcumas, casadh isteach ansin, agus léarscáil na cathrach a tharraingt orainn, féachaint conas a d’fhéadfaimis éaló as dufair draíochta úd Thuasceart na cathrach.

‘Phone a Friend!

Ach, cosúil leis an gClár Teilifíse úd “Who wants to be a millionaire”, thug an sos sin deis dúinn glaoch ar chara (To phone a friend!). Rinneamar amhlaidh, agus tar éis cupla nóiméad, d’éirigh leis an gcara céanna sin bealach éalaithe as an dtranglam tráchta úd a fháil dúinn, agus ansin, ní raibh le déanamh againn, ach a threoracha a leanúint.

Le scéal gairid a dhéanamh de, tar éis dúinn ceithre huaire go leith a chaitheamh ar fán ar shráideanna Átha Cliath, d’éirigh linn Maigh Nuat a shroichint, i ndeireadh na dála, agus ní gá dhom a rá, go raibh muid sáraithe, soncaithe, faoin am sin. Ón lá sin amach, bíonn trua an domhain agam fhéin do ghluaisteánaithe na hArdchathrach, agus dóibh siúd a bhfuil sé de dhualgas orthu bealaigh tráchta na hardchathrach a dhréachtadh agus a chur i bhfeidhm.

.

.

.

.

gaGaeilge