Teacher Man

le

Frank McCourt

————————————

Peadar Bairéad

.

Méaróg ar a charn

a fhios ag an Saol Gaelach, faoi seo, gur bhásaigh an t-údar cáiliúil, Frank McCourt, ar na mallaibh, agus mar mhéaróg ar a charn, ba mhaith liom píosa beag a scríobh sa cholún seo, faoin leabhar deiridh a shil óna pheann líofa. Níl mé ag tagairt anseo do, Angela’s Ashes, nó do, ’Tis, an dá leabhar ba cháiliúla uaidh, ach tá mé ag tagairt don leabhar deiridh dá chuid, sé sin, do Teacher Man, leabhar a scríobh sé, le cur síos a dhéanamh ar ar bhain dó, agus é i mbun a cheird mar mhúinteoir, i Scoileanna éagsúla i gCathair mhór Nua Eabhrac. Tá sé soiléir ó thús, go bhfuil muid ag plé le duine umhal, carthannach, fiosrach, agus le duine a raibh tine ina bholg, de shíor á thiomáint i dtreo na foirfeachta i gceird na múinteoireachta.

Clú agus Cáil

Tá’s ag madraí an bhaile anois, faoi mar a d’éirigh leis dul i gcionn ar an saol mór, lena dháiríreacht, agus lena mhacántacht in Angela’s Ashes. Táid ann adeir, nach bhfuil sa leabhar sin ach cumadóireacht agus fiannaíocht, agus gur scríobhadh é le freastal ar bhrionglóidí Ghael Mheiriceá, ach ní mar sin atá, in aon chor, nó sa leabhar sin, déanann an t-údar cur síos ar an saol, faoi mar a bhí i measc a mhuintire, le linn a óige-sean i gcathair Luimní. Ní hamháin go raibh siad bocht, ach bhí siad an-bhocht. Thug sé faoi deara, faoi mar a diúltaiodh dó fhéin is dá mhuintir, nuair a rinne a athair iarracht ar áit a fháil dó mar chléireach Aifrinn. Agus arís, thug sé faoi deara, an chaoi a raibh ar a mháthair déirc a lorg ó shagairt, le goblach a choinneáil lena hál. Ach taobh ar taobh leis an mbochtaineacht uilíoch sin, feicimid mar a chabhraigh daoine lena chéile, agus an chaoi ar theastaigh ón údar fhéin a bhealach a dhéanamh chun tosaigh. Tuigtear dó fhéin gur mhill an bhochtaineacht chéanna sin a mhisneach agus a spiorad, agus gur leag sí é i mbogach an easpa muiníne, agus d’fhéadfadh cuidín eicínt den cheart a bheith aige sa mheid sin, ach le filleadh ar Teacher Man… caithfidh mé a rá, go ndeachaigh an leabhar céanna sin i bhfeidhm go mór orm fhéin, nó tá dáiríreacht, macántacht, agus neamhurchóid, le feiceáil go soiléir tríd na scéilíní uilig, ó thús deireadh. An Máistir ag plé lena ranganna, a chéaduair, agus ansin, lena dhaltaí mar dhaoine daonna, atá á chur os ár gcomhair ag an údar, sa leabhar seo.

That Irish Childhood !

Breathnaigh ar an gcaoi a chuireann sé tús leis an scéal, sa chéad chaibidil…

“If I knew anything about psychology, I’d be able to blame all my troubles on my miserable childhood in Ireland. That terrible childhood took away my confidence and filled me with self-pity; it made me afraid of my emotions, jealous of other people, unable to obey orders, and frightened of the opposite sex…..So, it’s surprising that I ever managed to become a teacher.

Sea, mh’anam! Ach ní dóigh liom go gcreidfeadh mórán daoine go raibh an t-údar lom dáiríre sa ráiteas sin, go háirithe, nuair a chuireann tú san áireamh, gur chaith an fear céanna sin triocha bliain dá shaol i mbun na múinteoireachta céanna sin, i gcathair mhór Nua Eabhrac, áit a chuirfeadh sceon i gcroí múinteora ar bith! Sea, agus i rith na mblianta sin freisin, bhí de mhisneach aige, tuilleadh staidéir Ollscoile a dhéanamh, staidéar a chuirfeadh ar a chumas dul chun cinn a dhéanamh sa chóras scolaíochta, agus sa tslí sin, go n-éireodh leis dul i gcionn níos fearr ar a dhaltaí.

Ach ag tagairt dá ráiteas thuas, go ndeachaigh a thabhairt suas agus a scolaíocht fhéin go mór ina choinne, nuair a chuaigh sé i gcionn oibre thall, nach luífeadh sé le réasún, gurb é a mhalairt ar fad a bheadh fíor, nó nár chuir a thabhairt suas fhéin ar a chumas, na daltaí bochta ó chúlshráideanna Nua Eabhrac a thuiscint níos fearr ná mar a dhéanfadh a chomhmhúinteoirí thall?

“Angela’s Ashes”

Tugann muid faoi deara freisin, an t-ionad gradamach a thuill a chéad-leabhar, Angela’s Ashes dó, agus an chaoi ar tugadh aird domhanda air, as ucht an leabhar sin amháin sin a scríobh, agus ar an dtaobh eile den scéal, níor thug éinne aird ar bith air as an triocha bliain a chaith sé mar mhúinteoir i gcathair mhór Nua Eabhrac!

B’iontach mar a bhain Frank McCourt úsáid as an scéalaíocht mar uirlis oideachais i measc na ndaltaí sin. Agus níos iontaí ná sin fhéin, gur chuir na daltaí stóinsithe sin suim ina scéalta, ó thús. Ní raibh siad cinnte riamh céard a dhéanfadh an tÉireannach buile sin a bhí acusan mar mhúinteoir, agus dá bhrí sin, bhídís ag faire amach i gcónaí, féachaint cén toradh a bheadh ar a mbligeardaíocht fhéin i rang Mhic Cuarta.

Tá mé cinnte go mbainfidh tú taitneamh agus toit as an leabhar seo, nó tá slua iontach carachtar ann, carachtair a bhainfidh gáire as anois, agus a bhainfidh deoir asat ar ball, nó bíodh go bhfuil siad stóinsithe, seanaimseartha, ag an am gcéanna, tá siad macánta, neamhurchóideach, dáiríreach.

Críoch Chuí ?

Breathnaith mar a chuireann an t-údar críoch leis an leabhar seo. Tá sé ag éirí as an múinteoireacht, agus seo a rang deiridh críochnaithe aige. Buaileann an clog, agus……………

“The bell rang, and they all said goodbye to me. I was told to have a good life. I wished them, the same. As I left the classroom for the last time, a voice called out to me.

‘Hey, Mr. McCourt, you should write a book.’

I’ll try.”

Críoch chuí, oiriúnach, le triocha bliain múinteoireachta, agus comhairle chuí ó dhuine anaithnid dá dhaltaí. Níor bronnadh fiú uaireadóir óir air, tar éis a shaothair go léir!

Ach, nach ’in an saol agat, a mhiceo?

.

gaGaeilge