An Garraí dearmadta

Peadar Bairéad

The Lost Garden……………………Céadchló…………..2014

by

Kate Kerrigan……………………………………………..€16.99

Can love bloom twice in one lifetime?

.

(This week we take a look at Kate Kerrigan’s latest book)

Ardmholadh

Féach mar a scríobh Marian Keyes faoin leabhar seo…

“I devoured this book in one sitting – I LOVED IT!”

Ní beag nó suarach an moladh sin ó dhuine dár n-údair cháiliúla. Ach i dtaobh an scéil, is dócha go bhféadfá a rá gur ghlac an t-údar le dóiteán tubaisteach Kirkintilloch mar chúlra, agus mar spreagadh, don úrscéal corraitheach, beoga, inchreidthe, seo. Tharla an tubaiste uafásach sin ar oíche an chúigiú lá déag de Mheán Fómhair na bliana 1937, nuair a tharla go raibh “Tattie Hokers” ó Acaill ag obair sa dúiche sin, ag piocadh prátaí d’fheirmeoirí Albanacha. Chodlaídís i mBothy’ san oíche. Cineál stábla a bhí sa mBothy’ céanna sin, a raibh doras mór air, doras a dhéantaí a bholtáil ón dtaobh amuigh. Thosaigh an tine sa ‘mBothy’ i rith na hoíche, agus ní rabhthas in ann an doras mór a oscailt ón dtaobh istigh, agus cailleadh deichniúr sa dóiteán sin. Bhí an dochar déanta nuair a tugadh an tine faoi deara. Saol eile ar fad a bhí sa treis an tráth úd, agus smaoinigh go dtéadh thart ar 4,000 duine ó Chontae Mhaigh Eo ag Tattie hokáil ag piocadh prátaí, d’fheirmeoirí thall, chuile bhliain.

Ag brath ar an Imirce

Ach le filleadh ar an úrscéal corraitheach seo…

Suíonn an t-údar a scéal ar “Illaunmore”, áit a gcónaíonn muintir Uí Dhochartaigh, an t-athair, Paddy, ar gheafar ar an ‘squad’ é, agus a bhean, Anne, agus a gcúram, Paddy junior, Martin, agus Aileen. Ní raibh mórán de mhaoin an tsaoil ag an gclann seo, agus thagaidís i dtír trí thimhse, chuile bhliain, a chaitheamh mar Tattie Hokers i ngoirt phrátaí in Albain. An bhliain áirithe seo, shocraigh an t-athair ar Aileen a thabhairt leo go hAlbain, le deis a thabhairet di bheith ina Tattie Hoker’ in éineacht lena deartháireacha agus lena hathair. Bhí go maith. Ba ghearr gur casadh gasúr óg, as Aghabeg, Jimmy Walsh, uirthi, agus ní call dom a rá gur thit an péire i ngrá, go dtí na cluasa, lena chéile agus chaithidís bunús a gcuid saorama i bhfochair a chéile. D’éirigh go hiontach maith le hAileen thall, agus ba ghearr go raibh sí ag cabbhrú leis an Fore Graipe, Biddy, a bhí i gceannas lucht cócaireachta agus a leithéid.

Bothy trí thine

Lean cúrsaí mar sin go ceann tamaill, ach ansin, nuair a bhí chuile shórt ag gluaiseacht ar aghaidh go hálainn do Jimmy agus d’Aileen. Faoi mar a bhuailfeá do dhá bhois ar a chéile, thit an tóin as na brionglóidí áille, draíochta, a bhí á gcumadh agus á maisiú ag an mbeirt ghasúr sin, nó chuaigh an Bothy’ ina raibh na fir ina gcodhladh trí thine, agus ba é deireadh an scéil sin é nó gur cailleadh deichniúr de na Tattie Hokers sin. Rinne Jimmy iarracht dul isteach sa Bhothy’ lena chairde a shábháil, ach bhí sé ró-dhéanach, nó bhi an deichniúr sin caillte cheana féin, ach, ar an ndrochuair, gortaíodh Jimmy go dona agus ba bheag nár cailleadh é.

Leabhar le léamh

gadh na coirp abhaile, lena gcur in Éirinn, ach scaradh Jimmy agus Aileen óna chéile. D’fhan Jimmy thall, agus d’fhill Aileen ar Illaunmore, ach má d’fhill, bhí a croí agus a spiorad millte, briste, ag an dtubaiste úd sa mBothy thall. D’fhan sí lei fhéin feasta, agus thosaigh sí ar gharraí dearmadta an tí mhóir a dheisiú. Má theastaíonn uait a fháil amach ar tháinig na leannáin sin le chéile arís? Ar tháinig Jimmy chuige fhéin? nó ar éirigh le h-Aileen an fear maith a fháil ar a buairt agus ar a briseadh croí? Bhuel, má theastaíonn uait freagraí na gceisteanna sin a fháil, níl le déanamh agat ach an leabhar corraitheach, spéisiúil seo a fháil agus a léamh. Ní bheidh a chathú ort, nó is breá go deo an léamh é, agus níl fúmsa é a mhilleadh ort, trí rúin an leabhair bhreá seo a scaoileadh anseo! Sea, is leabhar le léamh é…..

  

gaGaeilge