Tréadlitir an Phápa

Peadar Bairéad  

Agus mise ag fás suas, in Iorras na nIontas, in óige na haoise seo caite, bhí saoirse bainte amach ag Éireannaigh ó dheas, agus ag an am gcéanna, creideadh go forleathan, go mba chine tofa iad na Gaeil, cine a d’fhan dílis dá gcine, dá gcreideamh, agus dá nDia, trí bhlianta fada a n-anfhorlainn, anfhorlann a mhair thar ocht gcéad bliain. Ba bheag tír ar domhan a ghlac lena creideamh, chomh díograiseach, dáiríre, leis an gcine s’againne, agus dá bharr sin, tháinig fás as cuimse ar uimhir ár ndaoine a chuaigh le sagartóireacht agus le hoird eaglasta, nó ba bheag tír ar domhan a sheol an oiread céanna misinéirí thar lear, leis an Dea-scéal a scaoileadh go himeallchríocha an domhain. Chomh maith le sin, deineadh dia beag de chuile dhuine de na pearsain eaglasta sin. Tugadh áit na honóra sa tsochaí dóibh, áit a tugadh, agus nár tuilleadh; b’in an dearmad a bhí taobh thiar de roinnt mhaith den mhí-úsáid a tugadh ar dhaoine goilliúnacha, ar ball, nó níor creideadh go bhféadfadh na pearsain chéanna sin mí-úsáid a thabhairt d’éinne beo. Ach níorbh aon aingil ar talamh iad ach daoine daonna, cosúil leis an gcuid eile dínn. Ní gá anois liosta den mhí-úsáid sin a thabhairt anseo, nó ba liosta le háireamh é dá ndéanfainn a leithéid, agus ar aon nós, leath an scéal sin ó cheann ceann na cruinne, agus dá bharr sin, glaodh ar Easpaig Chaitliceacha na hÉireann chun na Róimhe fhéin, leis an scéal uilig sin a mhíniú dá Naofacht, an Pápa Beinidict XVI. Ba é deireadh an scéil sin, nó gur shocraigh an Pápa ar Thréadlitir chuig Caitlicigh Rómhánacha na tíre seo, a scríobh, agus a sheoladh chugainn roimh Cháisc na bliana seo 2010. Tar éis an iomláin, shroich an Tréadlitir sin tír na hÉireann, i ndeireadh an Charghais, i mbliain seo an Tiarna 2010. Deir an Pápa linn, go bhfuil an Litir seo á scríobh aige mar Aoire an hEaglaise Uilí chuig Pobal Dé in Éirinn, faoin mhí-úsáid a thug sagairt, agus buíonta eile den chléir, ar pháistí, agus ar dhaoine goilliúnacha eile a fágadh faoina gcúram. Ní gá a rá, ar seisean, gur chuir gníomhartha dá leithéid, agus an chaoi ar dhein údaráis na hEaglaise Caitlicí in Éirinn deighleáil leo, díomá agus déistean air.

I gcaibidil a Dó den Litir, cuireann sé in iúl dúinn, go dtuigtear dó, nach bhfuil an dara rogha aige ach litir dá leithéid a scríobh, nuair a chuireann sé san áireamh, an freagra lag, easnamhach, a thug údaráis na hEaglaise anseo ar na coireanna céanna sin. Sa tslí sin, teastaíonn uaidh a mheas orainn a chur in iúl, agus chomh maith le sin, teastaíonn uaidh bealaí áirithe lenár slánú, lenár athnuachan, agus lenár leorghníomh a chur in iúl, a mholadh dúinn. Agus bíodh go mbíonn ciníocha eile ciontach i gcoireanna dá leithéid seo, ag an am gcéanna, is trom an choir í, agus caithfear í a admháil os ard, agus caithfear leorghníomh a dhéanamh inti, agus féachaint chuige nach dtarlóidh a leithéid inár measc arís. Ba chóir dúinn, ag an nóiméad seo, smaoineamh ar na glúnta a d’imigh romhainn, agus ar an saothar a rinneadarsan i bhfíonghort an Tiarna. Leath siad an creideamh ar fud na hEorpa sna meánaoiseanna, agus tharraing na manaigh Éireannacha úd a neart, ó thobar an chreidimh, ina dtír dhúchais. Thug Liféar Pluincéad dea-shampla dúinn ar dhílsecht don Chreideamh céanna sin inár measc, i laethe dorcha na bpéindlíthe, agus níorbh é an t-aon duine a d’fhulaing ar son na fírinne ach oiread é. Níos déanaí sa stair freisin, trí ré na misinéireachta, thug na hÉireannaigh sampla don uile náisiún, faoin chaoi ar chóir an deascéal a leathadh, ó cheann ceann na cruinne, sa chaoi, gur bheag clann nár thug gaol éigin don ghluaiseacht misinéireachta sin. Le linn na saolta seo, áfach, b’éigean do mhuintir na tíre seo dul i ngleic le dúshláin tromchúiseacha an lae inniu, nuair a b’éigean dóibh cur suas le saoltacht fhorleathan, agus na hathruithe uilig a tháinig anuas sa mhullach, de phlimp orainn, athruithe a mheall daoine ó mhúineadh agus ó luacha na hEaglaise Caitlicí abhus. Mar thoradh ar na hathruithe sin uilig, ba mhinic a laghdaíodh ar dhíograis an phobail, i gcleachtadh deabhóide agus cráifeachta, ina saol laethúil. Minic freisin a d’iompaigh siad ó phaidreacha laethúla, ó fhreastal minic ar fhaoistin, agus ar chúrsaí spioradálta. Ní hé amháin gur dhein Pobal Dé faillí sna cúrsaí sin, ach leath an galar céanna i measc na cléire freisin, sa chaoi gur deineadh dearmad ar mholtaí Dara Chomhairle na Vatacáine. Sa chomhthéacs ginearálta seo, is cóir dúinn breathnú ar fhadhb na mí-úsáide gnéasaí ar dhaoine óga, ag baill áirithe den chléir, nó ba sa bhealach sin a chaill an Eaglais Chaitliceach an meas agus an urraim a bhí tuillte aici agus a tugadh go fial di, thar na blianta fada. Luann an Pápa cúiseanna eile freisin, leis an gcúlú céanna sin a mhíniú. Dár leis, níor chóir dearmad a dhéanamh ar na bealaí a úsáidtear le sagairt a roghnú, a thraenáil, agus a mhúnlú, agus chomh maith le sin, níor chóir dul thar fóir leis an ómós a thugtar don chléir, agus do dhaoine údarásacha eile, nó níor chóir aird ró-mhór a dhíriú ar áit na hEaglaise i measc an phobail, nó ar bhaol scannail a thabhairt do na fíréin. Casadh roinnt de na daoine ar tugadh mí-úsáid dóibh air cheana, agus bheadh sé toilteanach a leithéid a dhéanamh arís. D’éist sé lena scéalta, thuig sé ar fhulaing siad, agus ghuigh sé leo, agus ar a son. Sa bhliain 2006, mhol sé d’Easpaig na hÉireann scéal na mí-úsáide seo a fhiosrú, féachaint céard ba chúis leis, agus bealaí le críoch a chur leis, a aimsiú, agus a mholadh, sa chaoi nach dtarlódh a leithéid arís, agus mhol sé freisin, go roinnfí ceart agus cothrom leo siúd ar deineadh éagóir dá leithéid orthu.

Ina dhiaidh sin, labhrann sé, leo siúd, ar deineadh mí-úsáid orthu, le sagairt agus le pearsain eaglasta a rinne an mhí-úsáid chéanna sin, le tuismitheoirí, le daoine óga na tíre, le hEaspaig agus le Pobal Dé na tíre frí chéile.

Comhairle don Aos Óg

Chuir sé roimhe freisin, aos óg na tíre seo a mhisniú, agus iarrann sé orthu caradas a shnadhmadh le hÍosa, agus gan ligint do pheacaí na dtreoraithe eaglasta úd, iad a chur amú. D’fhéadfadh siad a bheith cinnte nach dtréigfeadh Íosa go brách na breithe iad. Mar sin, coinnígí súil airsean, agus déanaigí bladhaire an chreidimh a chaomhnú in bhur gcroí, a deir sé leo. Beidh mé ag súil go gcabhróidh bhur ndíograis le hatógáil na hEaglaise Caitlicí in bhur dtír dhúchais, amach anseo. Iompaíonn sé a aire freisin, ar shagairt agus ar dhaoine eaglasta na tíre seo, a d’fhan dílis dá ngairm, agus bíodh gur náirigh peacaí chuid dá gcomhshagairt iad, agus bíodh freisin, go leagann daoine áirithe an milleán orthusan i bpeacaí a mbráithre, níor chóir go gcaillfeadh siad a misneach, nó go gceapfadh siad, go bhfuil siad tréigthe, agus ba mhaith leis fhéin a chur in iúl dóibh, go bhfuil meas aigeasan ar a n-iarrachtaí, agus molann sé dóibh ród na cráifeachta, agus an chreidimh, a leanúint, agus a ndílseacht don Mháistir, agus dá n-eaglais a léiriú do chách, rud a chruthóidh a ndóchas i ngeallúintí an tSoiscéil.

Comhairle do na hEaspaig

Díríonn an Pápa an tóirse ansin, ar a chomhEaspaig, a bhráithre sa chreideamh, agus bíodh go bhfeictear dó, gur theip ar roinnt áirithe díobh i ndualgaisí a n-oifige, agus nár lean siad dlí na hEaglaise fhéin, agus iad ag déileáil le líomhaintí, i gcás na mí-úsáide a tugadh ar dhaoine óga, ag an am gcéanna, tuigeann sé chomh casta, crosta, is atá cúiseanna dá leithéid, ach sin ráite, tuigtear dó, gur deineadh dearmaid, ar chúis iad don ísliú céime a d’fhulaing an Eaglais i measc daoine, i dtír na hÉireann, agus dá bharr sin, tuigtear dó, go gcaithfear féachaint chuige go leagfar amach rialacha ciallmhara, córa, éifeachtacha, le déileáil le mí-úsáid dá leithéid sa todhchaí. Ba chóir do na heaspaig dea-shampla a thabhairt dá sagairt, éisteacht leo, agus iad a mhisniú agus a spreagadh, i ré dhorcha seo a n-éadóchais, agus ba chóir freisin, tine an chreidimh a adhaint athuair ina gcroí. Ina chomhairle do Phobal Dé in Éirinn, molann a Naofacht dóibh aird faoi leith a thabhairt ar mhúineadh an aosa óig, trí dheis a thabhairt dóibh tarraingt as tobar an chreidimh. agus as foinsí eile a n-oidhreachta. Cinnte, caithfear déileáil le coireanna an lae inné, agus ceart agus cóir a chur i réim arís sna cúrsaí sin, ach ní leor sin, dar leis, nó caithfear fís nua, bunaithe ar cheachtanna agus ar phrionsabail an tSoiscéil, a fhionnadh, agus a leagaint os comhair phobal Dé, fís a fheidhmeoidh mar thóirse, le sinn, agus leis na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh, a mhealladh fan ród na fírinne, ród a threoroidh sinn go Dún daingean an Tiarna, ag deireadh ár n-oilithreachta.

Dlúthpháirtíocht

Insíonn sé dúinn ansin, go dtuigtear dó, chomh dian is atá na cúrsaí seo uilig ar Phobal Dé na tíre seo, agus dá bharr sin, teastaíonn uaidh, a dhlúthpháirtíocht linn a chur in iúl dúinn, agus is dá bharr sin a sheol sé an Tréadlitir seo chugainn, le sinn a mhisniú, agus a spreagadh, agus le moladh dúinn inspioraid a tharraingt as tobar ár n-oidhreachta, sa chaoi go leanfaimis bóthar na dílseachta, agus na cráifeachta, sna laethe atá romhainn amach. Agus le sin a chinntiú, ba mhaith leis roinnt áirithe cleachtaí a mholadh dúinn, leis an gcreideamh a neartú feasta inár gcroí. Iarrann sé ar fhíréin na tíre seo, cibé aithrí a dhéanann siad chuile Aoine, ó Cháisc na bliana seo, go Cáisc na bliana seo chugainn, a thiomnú do Dhia, ag súil go mbronnfadh sé a thrócaire agus grásta an Spioraid Naoimh anuas go fial ar an Eaglais Chaitliceach sa tír seo. Iarrann sé orainn freisin, paidreacha, troscadh, léamh na Scrioptúr, agus dea-oibreacha na trócaire, a dhéanamh, agus a ofráil do Dhia, le grásta an tslánaithe agus athnuachan na hEaglaise Caitlicí abhus, a iarraidh air. Molann sé do na fíréin freisin, aird faoi leith a dhíriú feasta ar Shacraimint na hAithrí agus ar adhradh na NaomhShacraiminte, agus go ndéanfaí a leithéid i ngach deoise, i ngach mainistir, agus i ngach cliarscoil, ó cheann ceann na tíre seo.

Cuairteanna Aspalda

Lena chois sin uilig, tá socruithe déanta aige, cuairt Aspalda a thabhairt ar dheoisí áirithe, ar mhainistreacha, ar chomhthionóil eaglasta, agus ar chliarscoileanna. Déanfar na socruithe chuige sin, ar ball, agus agus fógrófar na socruithe sin, amach anseo. Molann sé freisin, go n-eagrófaí Misean, d’easpaig, do shagairt, agus d’oird rialta, agus go roghnófaí seanmóirithe oilte agus lucht stiúrtha chúrsai spioradálta, le dul i mbun na hoibre sin, agus go ndéanfaidís dualgais a ngairme agus a n-oifige a scrúdú, sa tslí go dtiocfaidís arís ar fréamhacha a gcreidimh in Íosa Críost, agus go n-ólfaidís a sáith as fíorthobar an uisce spioradálta a chuireann a nEaglais ar fáil dóibh.

Díoltas nó Maithiúnas?

Cuireann sé críoch lena Thréadlitir le paidir speisialta, a chum sé fhéin don Eaglais in Éirinn, agus chuir sé an tír, agus an Eaglais, faoi choimirce na Maighdine Muire, agus mar chomhartha dá chúram athartha, dá chomhchríostaithe abhus, bronnann sé a Bheannacht Aspaldha orainn uilig, mar chomhartha nirt agus síochána sa Tiarna.

Leis an bpíosa seo a thabhairt chun críche, ba chóir a lua arís, go bhfuil dualgas orainn uilig, mar eaglais, féachaint chuige, go ndéanfar leorghníomh leo siúd a gortaíodh i ré úd na mí-úsáide, agus go bhféachfar chuige, nach dtarlóidh a leithéid arís inár measc, ach caithfear a thuiscint, nach mbeidh deireadh go deo leis an ré uafásach, céasta, achrannach seo, go dtí go gceanglófar síocháin idir bhaill éagsúla na hEaglaise Caitlicí in Éirinn, eatarthu siúd a gortaíodh agus an chuid eile de Phobal Dé, sa chaoi go dtuigfí, i ndeireadh na dála, nach díoltas atá ag teastáil ach maithiúnas, agus ní chneasóidh ár gcréachta go dtí go dtarlóidh sin. Nára fada uainn an lá sin.

  

gaGaeilge