Triológ

Peadar Bairéad

.

The Dead Republic……………………….Céadchló…………..2010.

By

Roddy Doyle………………………………………………………..£13.99.

.

Triológ a chuir an t-údar seo, Roddy Doyle, roimhe a scríobh. Triológ ina ndéanfadh sé stair na tíre seo, sa bhfichiú haois, a chlúdach, ach é ag díriú, go háirithe, ar an dtréimhse ó 1916 go dtí cuimhne céad Éirí Amach na Cásca, sa bhliain 2016. ÁthCliathach is ea an t-údar, a rugadh sa bhliain 1958, fear a bhfuil blianta fada caite aige i mbun cheird na múinteoireachta. Chuaigh sé le scríbhneoireacht, go lánaimseartha, sa bhliain 1993, agus mar is eol do chách, tá mám maith leabhar curtha dhe aige faoin am seo. Roinnt duaiseanna liteartha buaite aige, agus ní gá a rá, go bhfuil a shaothar aistrithe go roinnt mhaith teangacha eile. Ach, le filleadh ar an leabhar…

An Tríú Leabhar

Seo an tríú leabhar sa triológ, ar dheineamar tagairt di thuas, agus déanann an leabhar seo trácht ar an bPoblacht s’againne, ón mbliain 1951, go dtí bliain seo ár dTiarna, 2010. Ach breathnaigh ar na leabhair eile sa triológ spéisiúil seo. Ní gá a rá, gurb é Henry Smart príomhcharachtar na triolóige ar fad, agus ritheann a scéal trí na leabhair uilig, faoi mar ba snáithe é ag dul trí chlocha i mbraisléad, á gceangal le chéile, agus á n-aontú ina n-aonad corraitheach, spéisiúil, amháin, iad.

“A Star Called Henry” a bhaist an t-údar ar an gcéad leabhar den triológ, agus sa leabhar sin, leagann sé scéal “Henry Smart” os ár gcomhair amach, agus déanann tagairt dá pháirt in Éirí Amach na Cásca 1916, agus gan ann ag an am ach stócach, thart ar cheithre bliana déag d’aois. Leanann an scéal ar aghaidh ansin trí na blianta trioblóideacha idir sin agus bunú an Stáit. Thug Henry Meiriceá air fhéin, sa bhliain 1922, nó tuigeadh dó, nach raibh sé sábháilte dó fanacht abhus, tar éis ar dhein sé de ghunnadóireacht le linn bhlianta na dtrioblóidí.

“O Play that Thing”

“Oh Play that Thing” a bhaist sé ar an dara leabhar den triológ, agus sa leabhar sin, cuireann sé síos ar na blianta a chaith sé thall, ón mbliain 1922 to dtí gur fhill sé ar Éirinn arís, sa bhliain 1951. Sa dara leabhar sin, cuireann sé síos ar na heachtraí a bhain dó, le linn a thréimhse sna Stáit. Bí ag caint ar an seanfhocal adeir, nach íseal na huasal, ach thíos seal agus thuas seal, nó is cinnte gurbh é sin dála Henry é, i rith na mblianta sin. Ar aon nós, is cinnte gur thíos a bhí sé i ndeireadh a thréimhse thall, nó thit an fear bocht de thraein, a raibh sé ag fáil síbe uirthi, agus ba é deireadh an eachtra sin, nó gur baineadh an chos de sa timpiste sin, rud a d’fhág ar chos mhaide feasta é, agus dá bharr sin, chuaigh sé isteach sa bhfásach le bás a fháil, ar an iargúil. Ní mar sin a bhí áfach, nó tháinig Harry Fonda air, agus é amuigh ansin ag fáil faoisimh, agus ba é deireadh an scéil sin é nó gur chuir Henry s’againne aithne ar John Ford, fear na scannán, agus chuaigh a scéal i bhfeidhm go mór ar Mr Ford, agus bheartaigh an scannánaí cáiliúil sin scannán a dhéanamh as scéal Henry, nó b’fhear é Ford, a raibh dúil mhallaithe aige in Éirinn a bhrionglóidí. Fuair Henry post ar fhoireann Ford mar “IRA Consultant”, agus pá sásúil ag dul dó, mar iocaíocht as an bpost céanna sin.

“The Quiet Man”

Ar ball, tháinig siad uilig go hÉirinn, leis an scannán a dhéanamh. In éineacht leo, tháinig John Wayne, Maureen O’ Hara, Ford fhéin, agus tuilleadh. Ach tar éis roinnt útamála, fuair Henry amach nach raibh faoi Ford an scannán faoi shaol an óglaigh sin, Henry Smart, a dhéanamh in aon chor, ach gurb amhlaidh a shocraigh an scannánaí cáiliúil ar chuma eile ar fad a chur ar an scéal Éireannach, sa chaoi gur dhein sé dearmad ar an ngunnadóir, Henry, agus gur dhein sé scannán faoi “The Quiet Man” , scannán a deineadh thart ar bhaile Chunga, i gContae Mhaigh Eo. Nuair a tuigeadh sin dár laoch, ba é an chéad rud a chuir sé roimhe a dhéanamh nó John Ford a mharú, ach bíodh gur thug sé cupla smitín dó, níor mharaigh sé é, ach bhailigh sé a chip is a mheanaithe, is thug sé Baile Átha Cliath air fhéin, mar ar casadh a iarpháirtí “Missis O Kelly”, agus a iníon, Nuala O’ Shea, air. Fuair sé post ansin mar airíoch scoile. Baineann an t-údar úsáid as a chleachtadh fhéin mar mhúinteoir scoile, le cuma na fírinne a chur ar an gcuid seo dá scéal. Ansin, tharla buamáil i mBaile Átha Cliath, sna seachtóidí, buamáil aduaidh ba ea í, ach shéid an bhuamáil chéanna sin Henry s’againne, gona chos mhaide, isteach i gcinnlínte na meán, agus thuig lucht an IRA go mba bhronntanas ó Dhia anuas iad, na cinnlínte céanna sin.

Get Smart!

Thógadar Henry faoina sciatháin agus bhain úsáid as, lena seasamh polaitíochta a chruthú. Ba é Henry Smart an “real deal”, dár leo, agus chum siad scéal, le dul leis an gcruthú sin. Ach sa chuid seo den dtriológ, feictear don léitheoir nach gcuireann an scéal céanna sin aon dallamullóg ar an údar, nó feictear dó, go bhfuil laigí agus fiú, bréaga, taobh thiar de scéal Henry. Ach, más uait fios fátha gach scéil a fháil amach, sa chás seo, caithfidh tú an leabhar seo a fháil is a léamh, sea, agus mura bhfuil an chéad dá leabhar den dtriológ léite cheana agat, b’fhéidir nárbh olc an smaoineamh é, sin a dhéanamh anois, nó, gan dabht ar domhan, seasfaidh cuid mhaith de cháil an údair seo, ar fheabhas, ar inchreidteacht, agus ar aontacht, na leabhar, sa triológ seo.

A Hundred and Eight!

Féach mar a chuireann an t-údar críoch lena thríú leabhar den triológ…..

“I’ll close my eyes, finally, tonight. It’s early afternoon, a nice day. I’ve seven hours left, maybe eight. I’ve lived a life. I’m a hundred and eight. I’m Henry Smart.”

B’fhéidir nach é an chríoch is fearr dár léigh tú riamh, ach nach raibh an seanlead ocht mbliana is cúig scór faoin am sin!…..

gaGaeilge