Cén Fáth?

Cén Fáth?

Nach minic a chuireann duine ceist orainn agus níl freagra oiriúnach againn toisc go mbaintear stad asainn! Nach fuath linn nuair a tharlaíonn a leithéid! Uaireanta, caillimid cúpla uair a chloig codlata dá bharr sin, fiú más rud beag atá i gceist. Cuireadh ceist den saghas seo orm le déanaí, agus ba mhaith liom dul ag amthaisteal ar ais chun an cheist a fhreagairt i gceart. B’fhéidir nach bhfuil mé in ann amthaisteal a dhéanamh i ndáiríre, ach tá mé in ann é a dhéanamh le mo shamhlaíocht, agus ansin in ann scríobh faoi!

An Cheist

Cén fáth a bhfuil tú ag staidéar Gaeilge?”

Bhí mé sa teach tábhairne i nGleann Cholm Cille le Sinéad, mo bhean chéile, ag deireadh an lae. Bhí Sinéad ag bualadh le cúpla duine as a rang agus tháinig mise chun bualadh leo den chéad uair, mar ní raibh mé ag freastal ar an rang céanna leo.  Bhíomar ag cur aithne dár gcéile nuair a cuireadh an cheist orm. Ba é breitheamh a chuir orm é, agus óna thuin chainte, bhraith sé domsa gur cheap an fear seo nach raibh ciall ar bith dom a bheith ag staidéar Gaeilge, agus gur am amú a bhí ann. Bhí a fhios aige go bhfuil cónaí orm an chuid is mó den bhliain i gCalifornia, agus sin an méid. Sheas an focal i mo bhéal, agus bhí mé i mo staic le scaoll!

George Mallory

Níl a fhios agam cén fáth, ach chuir an cheist sin ceist eile i gcuimhne dom. Cuireadh ceist áirithe ar an dreapadóir cáiliúil George Mallory, go minic. Seo mar a scríobh Mallory faoi:

“Fiafraíonn daoine díom, ‘Cad is fiú é Sliabh Everest a dhreapadh?’ Is é m’fhreagra ar an bpointe ná Ní fiú go mór é!” Níl seans ar bith aon tairbhe a bhaint as. Ní thabharfaimid ar ais beagán óir ná airgid, ná seoda, ná gual, ná iarann.

Mura dtuigeann tú go bhfuil rud éigin ionainn a dtugann aghaidh ar dhúshlán an tsléibhe seo, agus go bhfuil an streachailt seo mar an gcéanna leis an streachailt suas gan sos atá inár saolta, fheicfidh tú cén fáth a dtéimid.

Is é an rud a fhaighimid ón eachtra seo ach fíor-áthas. Agus tar éis an tsaoil, is é áthas cúis an tsaoil. Ní mhairimid chun ithe agus chun airgead a dhéanamh. Ithimid agus déanaimid airgead chun maireachtáil. Sin an bhrí ag baint leis an saol agus sin cuspóir an tsaoil.

Nach iontach an freagra a bhí ag Mallory! Ní gá dom a rá nár cheist eisiach mar sin a cuireadh orm, ach d’aimsigh sé an t-éasc ionam, mar sin féin. Rith sé liom aithris a dhéanamh ar Mallory, agus freagra a scríobh síos don cheist a cuireadh orm.

Yu Ming is Ainm Dom!

Tá gearrscannán ar fáil ar ‘YouTube’ dar teideal ‘Yu Ming is Ainm Dom’. Roimh dó teacht ar cuairt go hÉirinn, léann Yu Ming gurb í Gaeilge teanga oifigiúil sa tír, agus tosaíonn sé á foghlaim ionas go bhfuil sé i gceist aige cur faoi in Éirinn. Ar dtús, ní thuigeann aon duine é agus ní thuigeann sé aon duine. Ach buaileann sé le Gaeilgeoir sa teach tábhairne, a insíonn do Yu Ming go “labhraítear Béarla anseo!”  Sa deireadh, faigheann Yu Ming post sa Ghaeltacht, agus bíonn sé in ann a chuid Gaeilge a úsáid. Ba é an fáth a d’fhoghlaim Yu Ming Gaeilge ná gur cheap sé go labhraíonn gach duine í gach lá. Ar an drochuair, ní raibh an ceart ag Yu Ming agus ní fáth bailí a bhí aige chun Gaeilge a fhoghlaim. Fiú sa Ghaeltacht, tá sé deacair go leor an Ghaeilge a úsáid an t-am go léir.

Cén fáth, mar sin, a chaithfeadh aon duine an ceistitheoir san áireamh, seachtain nó dhó sa bhliain ag freastal ar thumchúrsa Gaeilge? Bhí daoine ann ar úsáid siad Gaeilge ina bpoist, agus tuigim é sin go maith. Ach, fiú dfhormhór dóibhsean, níorbh é a gcuid poist a spreag siad chun feabhas a chur ar a nGaeilge ach a mhalairt!  Chomh maith leis sin bhí go leor daoine ann, an breitheamh san áireamh, nár ghá leo Gaeilge a úsáid, ó thaobh a bpoist de.

M’fhreagra

Faoi dheireadh, seo m’fhreagra féin:

.

Tá cultúr na hÉireann, agus go háirithe teanga na Gaeilge, de dhlúth agus d’inneach ionam, is cuma cá bhfuil cónaí orm nó cad a tharlaíonn dom. Is saghas DNA nó buntréith ionam é le mo chuimhne, atá ag mo mhuintir ar thaobh m’athair (file arbh as an Ghaeltacht é) leis na glúnta.  Faighimid fíor-áthas agus brí as a bheith dílis dúinn féin, agus nach mise a bheadh faillitheach agus fiú amaideach dá ndéanfainn neamhaird ar rud chomh tábhachtach leis sin?

.

.

.

.

.

.

Brú na Bóinne!

Brú na Bóinne!

Láithreán Oidhreachta Domhanda

Is é Láithreán Oidhreachta Domhanda Bhrú na Bóinne an tírdhreach is saibhre in Éirinn ó thaobh na seandálaíochta de.

An uair dheireanach a thugamar cuairt ar Bhrú na Bóinne, bhí i bhfad níos mó gruaige orm! Ní Láithreán Oidhreachta Domhanda a bhí ann ag an am sin, ach an oiread. Gheallamar dúinn féin le fada an lá go rachaimis ann arís. Tá go leor ama curtha dínn againn ó shin, ach faoi dheireadh thug mo bhean chéile agus mé féin cuairt ar an suíomh iontach seo arís.

Baineadh stangadh asainn nuair a chuamar isteach san Ionad Cuairteoirí, gan trácht ar na láithreáin seandálaíochta! Ionad den chéad scoth atá ann, chomh maith agus atá le fáil in aon áit ar an domhan. Is é taispeántas an tIonad Chuairteoirí eispéireas cuairteoirí atá go hiomlán idirghníomhach ina bpléitear an cultúr, an tírdhreach agus na séadchomharthaí ón tréimhse Neoiliteach ag Brú na Bóinne. Ar an drochuair, ní raibh a fhios againn faoin taispeántas roimh ré, agus ní rabhamar in ann é go léir a fheiceáil, mar bhí orainn an bus tointeála a fháil go dtí na séadchomharthaí.

Cnóbha

Tógadh na tuamaí pasáiste ag Brú na Bóinne (Cnóbha, Sí an Bhrú agus Dubhadh) thart timpeall 3,200 RC, agus tá siad i measc na láithreacha Neoiliteacha is tábhachtaí ar domhan, leis an mbailiúchán is mó d’ealaín mheigiliteach in iarthar na hEorpa.  Nuair a thuirlingíomar den bhus ag Cnóbha bhí treoraí ag fanacht linn. Ní raibh cead againn dul isteach sa phasáiste, ach bhí go leor le feiceáil taobh amuigh. tuama mór agus ocht dtuama dhéag ann, agus is iontach an méid atá iontu. Tá an tuama mór dhá mhéadar ar airde agus 67 méadar ar trastomhas, le dhá thuama taobh istigh. Tá 127 cloch cholbha timpeall an tuama agus cuid mhaith dóibh maisithe le healaín mheigiliteach, agus patrúin theibí le feiceáil orthu. Níl tuiscint againn faoi cad a bhí ar intinn ag na healaíontóirí Neoiliteacha leis na siombailí teibí sin. Eispéireas an-tairbheach, an-spioradálta a bhí ann iad a fheiceáil, mar sin féin. Rinne an treoraí sárjab ag míniú dúinn faoin gcúlra comhthéacsúil maidir le struchtúr agus cuspóir na dtuamaí ag Brú na Bóinne, faoin tsnoíodóireacht chloiche, faoi na daoine a thóg na tuamaí, agus faoi na daoine a bhí curtha ann. Roinn sé torthaí ó thaighde DNA linn, a d’athraigh ár dtuiscint faoin tsibhialtacht Neoiliteach a thóg na tuamaí pasáiste sin. Tiocfaidh mé ar ais chuig an eolas a roinn sé linn i gceann tamaillín.

Sí an Bhrú

Tar éis turais eile ar an mbus, stadamar ag Sí an Bhrú agus bhí treoraí eile ag fanacht linn ansin.  Tá an carn seo thart ar 11 méadar ar airde agus 80 méadar ar trastomhas ar an meán. Tá 97 cloch colbha timpeall an tuama seo agus tá an pasáiste agus an seomra déanta as 450 cloch eile cosúil leo. Tá roinnt mhaith dóibh maisithe le patrúin theibí freisin.  Isteach sa seomra, tá boghta coirbéalta mar dhíon ann, a choimeád an seomra tirim le 5,000 bliain go dtí seo!

Meastar gur úsáideadh thart ar 200,000 tonna ábhar chun an carn seo a thógáil, agus bailíodh grianchloch bhán, gréabhaca agus clocha eibhir in áiteanna áirithe a fhad le sléibhte Chill Mhantáin. Meastar gur ar muir seachas ar tír a iompraíodh na hábhair sin, ach tasc ríchasta a bhí ann, gan dabht ar bith! Bhí ailtirí agus tógálaithe thar barr ag obair ar an tionscadal seo, a thóg tríocha bliana ar a laghad chun cur i gcrích.

Chuamar isteach sa phasáiste a bhí cúng agus íseal. Tá an pasáiste seo agus an seomra taobh istigh ailínithe i dtreo an oirdheiscirt. Tá bearna bheag os cionn an dorais isteach (an bosca dín), a ligeann an ghrian isteach chun an seomra a shoilsiú ag grianstad an gheimhridh. Mhúch an treoraí na soilse ionas go raibh sé dorcha, agus ansin las sé solas eile agus tháinig ga solais isteach a las an pasáiste agus urlár an tseomra, díreach cosúil leis a tharlaíonn leis an ngrian ag an ngrianstad. Gan dabht, bhí an grianstad an-tábhachtach do na daoine Neoiliteacha. Láithreáin ilfheidhmeacha ba iad na tuamaí pasáiste, agus gach seans go raibh ócáidí sóisialta agus searmanais reiligiúnacha ag an tsochaí sin sna séadchomharthaí i mBrú na Bóinne.  

Bhí an bus ag fanacht linn nuair a thángamar amach ón bpasáiste, agus bhíomar go léir ciúin sa bhus. Chuaigh an turas seo go croí ionainn, ceapaim, agus chuir sé lenár saol i slí dhearfach, spioradálta, fiú fealsúnach!

Taighde DNA

Fuarthas amach cúpla rud a bhí suntasach agus nach raibh aon duine ag súil leo.  Is í an Dochtúir Lara Cassidy (Roinn na Géineolaíochta i gColáiste na Tríonóide) a rinne an chuid is mó den taighde agus bleachtaireacht chun na fíricí a nochtadh bunaithe ar DNA ó fhear a bhí curtha sa tuama i Sí an Bhrú, dearbhaithe le DNA ó dhaoine eile ó thuamaí eile ar fud na tíre.

Tháinig na daoine Neoiliteach sin chugainn ón gCorrán Méith sa Mheánoirthear timpeall 5,000 bliain roimh Chríost. Níl mórán den DNA sin ionainn in Éirinn níos mó.  Bfheirmeoirí iadsan a tháinig anall ón gCorrán Méith sa Mheánoirthear, agus diaidh ar ndiaidh chuaigh siad ó thuaidh go hÉirinn tríd an Eoraip.  Cad as ár DNA féin, mar sin? Bhuel, tháinig imirce eile go hÉirinn idir 3,000 agus 2,500 roimh Chríost, ón Steip Pontic in oirthear na hEorpa, agus ó shin i leith, feictear DNA ó na daoine sin ionainn in Éirinn.  

Fuair an Dochtúir Cassidy amach cúpla rud suntasacha freisin nuair a rinne sí a hanailís DNA. Ciorrú coil a bhí i gceist, agus garghaolta ba iad a thuismitheoirí. Ní tharlaíodh a leithéid ach nuair a bhí sochaí céimlathach i gceist agus ríochas i gceannas, cosúil le sochaí na sean-Éigipte agus a farónna.  Meastar anois go raibh sochaí mar sin in Éirinn ag am tógála na dtuamaí, rud nach rabhthas ag súil leis.

Gan dabht, bíonn ár n-eolas agus ár dtuiscint seandálaíochta ag méadú agus ag athrú an t-am go léir, agus go háirithe le huirlisí nua ar fáil againn, cosúil le hanailís DNA.   Mholfainn cuairt go dtí Brú na Bóinn go hard duit, ach cuir roinnt ama i leataobh don taispeántas – ní bheidh díomá ort!

.

.

     

  

  

  

.

.

.

.

Dírbheathaisnéis 3 – Cill Chainnigh!

Dírbheathaisnéis 3 – Cill Chainnigh!

Bhogamar uair amháin eile, toisc go bhfuair m’athair post i gColáiste Naomh Chiaráin i gCill Chainnigh. Ní raibh fadhb ar bith agam leis sin, agus bhí mé ag tnúth go mór leis an lá mór. Tháinig an lá sin faoi dheireadh agus ag aghaidh linn go Cill Chainnigh!

Fuaireamar árasán ar cíos ar Bhóthar Bhaile Átha Cliath agus d’fhreastail mé ar scoil náisiúnta Naomh Eoin le linn na tréimhse sin. Bhí sé níos deacra teacht isteach ar an scoil ar dtús, mar níor thuig mé cad a bhí á rá ag aon duine, agus níor thuig aon duine mise, ach an oiread. Is cuimhin liom mo chéad seachtain ar scoil agus muid amuigh sa chlós ag imirt. Bhí na páistí ag magadh fúm, agus bhí mé mar shionnach sáinnithe i gcúinne an chlóis, na páistí go léir bailithe i mo thimpeall, iad ag iarraidh orm labhairt, ionas go mbeidís in ann aithris a dhéanamh orm agus a bheith ag gáire fúm. Ní raibh mé ag súil lena leithéid, ach chuir mé suas leis, mar i ndáiríre, ní raibh an dara rogha agam. Níor chuala na páistí mo chanúint ón taobh thuaidh de Bhaile Átha Cliath riamh roimhe. Níor chuala mise a gcanúint, ach an oiread. Ach, chomh luath agus a bhí mé in ann cumarsáide níos éifeachtaí a dhéanamh, ní raibh deacrachtaí agam cairde nua a dhéanamh. Ní gá dom a rá gur chaill mé an blas Bhaile Átha Cliath a bhí ar mo chuid cainte gan mhoill, mar níl aon rud níos tábhachtaí do ghasúr óg ná a bheith in ann luí isteach leis a gcomhluadar.

Tar éis leathbhliana nó mar sin, cheannaigh mo thuismitheoirí teach ar Bhóthar Phort Láirge ar imeall na cathrach, agus bhí Coláiste Naomh Chiaráin in aici láimhe. Thosaigh mé ag freastal ar scoil nua, Scoil Náisiúnta Naomh Pádraig ar lána an Chútaigh sa Sráidbhaile (‘Village’), agus shiúlainn ar scoil gach lá, agus fiú abhaile ag am lóin. Thagadh m’athair abhaile le haghaidh an lóin freisin, agus bhí sé go deas dár dteaghlach a bheith le chéile mar sin sa lá.

Scoil bheag náisiúnta ba í Scoil Naomh Pádraig, agus is cuimhin liom go mbíodh dhá rang ar siúl sa seomra céanna, le múinteoir amháin i gceannas. Is cuimhin liom go maith an Bráthair Abban a bhí mar mhúinteoir agam ar dtús. Cheap mé go raibh sé an-aosta ar fad, agus bhí ionadh orm go mbeadh duine den aois sin beo fós. Bhí sé níos óige ná atá mise anois, gan dabht!

An tráth sin, bhíodh pionós corpartha sna scoileanna agus go háirithe scoileanna bhuachaillí. Théadh buachaillí go dtí scoil amháin agus cailíní go dtí scoil eile, de ghnáth. Go minic, bhíodh fir ag múineadh na mbuachaillí, agus mná ag múineadh na gcailíní. Bhíodh curaclaim dhifriúla ag buachaillí agus cailíní, freisin.

Bhíodh gléasanna céasta ag beagnach gach múinteoir sna scoileanna bhuachaillí, agus ceapadh ag an am gur gá pionós a úsáid chun smacht a chur ar bhuachaillí ionas go bhfásfaidís aníos ina bhfir láidre.

Ba é an rogha gléas céasta a bhí ag Abban ná slat fuinseoige. Bhí faitíos orm nuair a chonaic mé Abban ag bualadh dalta sa rang den chéad uair. B’fhéidir gur thóg an dalta freagra mícheart do cheist a chuir Abban air, nó b’fhéidir nach raibh sé ag éisteacht sa rang, nó b’fhéidir go ndearna sé dearmad ar a obair bhaile. Ar aon nós, b an dalta bocht ag béicil, ag impí ar Abban stopadh, agus ag iarraidh a lámh a tharraingt siar, ach ní raibh aon toradh ar a chuid iarrachtaí. Ar an dea-uair domsa, ní bhfuair mé an tslat ach go hannamh, mar b’aoibhinn liom a bheith ag foghlaim ar scoil. Ach bhí trua agam do gach dalta ar bualadh é, agus cheap mé go raibh rud éigin mícheart leis an gcleachtadh uafásach sin. Bhí sé deacair dom a thuiscint freisin cé chomh cruálach is a bhíodh ionadaithe . Nach raibh iompar mar sin díreach in aghaidh teagasc na heaglaise?

Cuireadh an tarcaisne i gceann na héagóra le cleachtadh cruálach eile a bhí ag Abban. Nuair a bhristí a shlat fuinseoige tar éis tamaill, d’iarradh sé ar a chéad íospartach eile slat nua a ghearradh dó, ón gcrann fuinseoige a bhí in aici leis an scoil. Dochreidte!

Ach dá laige muid, bhaineamar díoltas amach ar Bhráthair Abban, rud eile a tháinig salach le teagasc na heaglaise. Ach ba chuma linn faoi sin!

Bhíodh gloine uisce ar an mbord os comhair Abban, agus thógadh sé slog uisce ó am go ham chun a ghob a fhliuchadh. Aon uair a bhíodh an ghloine folamh, d’iarradh Abban ar dhalta éigin gloine nua uisce a fháil dó. Thugamar faoi deara rud eile faoi Abban freisin – bhí sé ag cailleadh radharc na súl. Mar a tharla sé, bhí lochán taobh amuigh den scoil in aice leis an gcrann fuinseoige agus bhí glóthach froig agus fiú torbáin ann san earrach. Réitigh na fíricí sin an bealach faoi choinne clis a imirt ar Abban.

Uair amháin, nuair a d’fhiafraigh Abban ar dhalta slat nua a ghearradh dó, rinne sé é ach ansin ghabh sé cúpla torbán agus chuir isteach i mbuidéal iad. Bhuail Abban an dalta leis an tslat nua mar ba ghnáth dó a dhéanamh agus lean sé ar aghaidh ag múineadh an ranga. Tar éis tamaill, agus an ghloine uisce ólta aige, d’iarr sé ar bhuachaill eile ceann nua a fháil. Ní fhaca Abban an dalta ar bhuail sé é, ag tabhairt an bhuidéil don dalta a bhí ag fáil dí dó. Ní fhaca sé an dalta sin ag cur na tormáin sa ghloine. Agus ní fhaca sé na tormáin ag snámh isteach sa ghloine nuair a ardaigh sé í chun slog uisce a fháil, ach an oiread. Rinne Abban brúcht agus lig sé osna mhór as. Ansin, lean sé ar aghaidh ag múineadh. D’imigh an gáire orainn agus ní rabhamar in ann cúl a choinneáil air. Le gach slat nua a fuair sé, fuair Abban cúpla tormán nach raibh á iarraidh aige. Rinneamar cosaint ar ár mí-iompar uafásach leis an smaoineamh gur sásamh i gcoir a bhí i gceist. B’fhéidir nach raibh an ceart againn an cleas sin a dhéanamh, agus rinneamar é arís agus arís eile go dtí go raibh an mheiteamorfóis críochnaithe agus gach tormán ina frog nua! Ar an drochuair, is é an t-aon rud amháin a d’fhoghlaim gach dalta i rang Abban ná go mbíonn blas ar an díoltas.

.

.

.

.

  

.

.

.

.

.

.

.

Cruinneas sa Ghaeilge!

Cruinneas sa Ghaeilge!

Ní raibh cl ar bith agam cad a bhí romhainn, mar ní rabhamar i nGleann Cholm Cille riamh roimhe sin. Roinn mé mo chéad imprisean den cheantar seo leat an tseachtain seo caite, agus anois ba mhaith liom cúpla focal a scríobh faoin gcúrsa ar fhreastal mé air i nGleann Cholm Cille.

Nuair a shroicheamar Oideas Gael i nGleann Cholm Cille ar an Satharn, chuir bean den fhoireann fáilte romhainn agus threoraigh sí muid go dtí ár lóistín ar imeall an bhaile. Lóistín leaba agus bricfeasta a bhí ann agus bhí seomra mór dúbailte againn (mé féin agus mo bhean chéile) le seomra folctha en-suite.  Is trua é nach raibh lánlóistín ar fáil, cosúil leis an lóistín a bhí againn i nGleann Fhinne an tseachtain roimhe, ach sin a bhfuil.

D’fhreastail céad is fiche daoine ar an gcruinne ionduchtaithe ag a seacht a chlog Dé Satharn, agus mhínigh ceann de na heagarthóirí gach rud dúinn maidir le hOideas Gael agus na cúrsaí a bheadh ar fáil dúinn. Go háirithe, dúirt sé go mbeadh ranganna Ghaeilge ar fáil dúinn ar sheacht leibhéal agus cúrsa speisialta eile darb ainm Cruinneas sa Ghaeilge. Tá an cúrsa seo dírithe ar dhaoine a bhfuil caighdeán ard Gaeilge labhartha acu, a bhfuil roinnt eolais acu cheana ar ghramadach na teanga ach ar mian leo eolas níos fearr a fháil uirthi. Bíonn an bhéim ar scríobh agus ar léamh na teanga ach le gníomhaíochtaí cainte i gceist chomh maith. Ní raibh an dara rogha agam ach freastal ar an gcúrsa seo!

Bhí na seacht rang eile níos ginearálta agus an bhéim ar Ghaeilge labhartha. Shínigh mo bhean chéile suas le ceann dóibh agus thaitin an cúrsa go mór léi.  Bhí sceideal gnóthach againn, agus ranganna ar siúl gach lá (Luan go hAoine) óna deich a chlog ar maidin go dtí am lóin at a haon, agus arís óna trí go dtí a cúig a chlog sa tráthnóna.

Bhí deichniúr i mo rang, agus bhí múinteoir iontach againn darb ainm Dubhán. Bhí aithne agam air cheana féin, mar mhúin sé an t-ardrang dúinn i nGleann Fhinne an tseachtain roimhe. Fear an-eolach ar ábhar na Gaeilge is ea Dubhán, agus PhD idir lámha aige in Ollscoil Uladh, ar na laoithe Fiannaíochta. Is scríbhneoir cruthaitheach é freisin, agus tá cnuasach filíochta foilsithe aige darb ainm ‘IDEO Locator’. Leag Dubhán amach an cúrsa bunaithe ar an téacsleabhar a scríobh Éamonn Ó Dónaill MA, Gramadach gan Stró.  Mhúin Éamonn an cúrsa céanna blianta ó shin, ag úsáid a leabhar féin.

B’aoibhinn liom an cur chuige a bhí ag Dubhán. Níor thosaigh sé le caibidil 1, caibidil 2 agus mar sin tríd an leabhar, leathanach i ndiaidh leathanaigh. In ionad sin, roghnaigh ábhair shuimiúla, agus ansin mhúin sé ceachtanna ag plé na n-ábhar sin agus ag úsáid an leabhair chun léargas a thabhairt dúinn. Rinneamar obair bhaile as an leabhar freisin, chun na pointí a chur ina luí orainn.

Seo a leanas cúpla sampla den ábhair.

Aidiachtaí sa Tuiseal Ginideach: Ní raibh a fhios agam roimh an rang seo go bhfuil trí dhíochlaonadh den aidiachtaí! D’fhoghlaimíomar fúthu agus faoi na rialacha ag baint leo.

Uimhreacha: Thum Dubhán go domhain isteach san ábhar seo, agus d’fhoghlaimíomar rudaí mar seo: tús na chéad seachtaine, ach tús an dara seachtain; deireadh na haon bhliana fada móire agus luach an dá theach déag.  

Ainm briathartha – tuiseal ginideach: De ghnáth bíonn an tuiseal ginideach seo mar an gcéanna leis an aidiacht briathartha. Mar shampla: ag caitheamh tobac, ach lucht caite tobac, ag glanadh na leithreas, ach fear glanta na leithreas.

Foirm an ainmnigh in ionad an ghinidigh: ábhar deacair é seonuair a thagann dhá (nó níos mó) fhocal le chéile sa tuiseal ginideach cad iad na hathruithe is gá a dhéanamh dá bhrí sin? Is gá foghlaim faoin Aonad Brí (Cinnte agus Éiginnte) ar dtús, chun a thuiscint na rialacha ag baint leis. Sampla: ag plé fhadhbanna mhac Sheáin.

Leaganacha cainte: mar shampla – Ní chreidim a dheise a bhí an teach; ‘níl fear dá láidre nach lagaíonn an aois é; ‘dá chliste tú, tá mise níos cliste; ‘tá an fear ag dul i laige.

Níl spás agam ábhair eile a lua, ach thóg na samplaí thuasluaite blas beag duit den chúrsa. Bhí seachtain iontach againn ag foghlaim an t-am go léir, agus gan dabht beidh mé ar ais chun freastal ar chúrsa eile roimh i bhfad. Má tá suim agat feabhas a chuir ar do chuid Gaeilge, molaim go hard na cúrsaí a chuireann Oideas Gael ar siúl i nGleann Cholm Cille agus bíonn cúrsaí ar fáil ar líne freisin!

.

.

.

.

.

.

Gleann Cholm Cille!

Gleann Cholm Cille!

Gleann Cholm Cille

Braillín na ngort ag cur thar maoil

Tonnta ag sleamhnú síos an gleann

Ag titim i dtreo na farraige laistíos

Chuig an áit is áille ar an domhan

.

Gleann Cholm Cille an t-ainm atá air

‘s ní fhaca mé a leithéidse riamh

Muintir iontach chroíúil ina gcónaí ann

Is stair faoi leith ag baint leis an suíomh

.

Lonnaithe i nGaeltacht Dhún na nGall

In áit álainn, iargúlta amuigh faoin tuath

Tagann daoine anseo as gach uile aird

Chun Gaeilge a labhairt gan stró is gan dua

.

Chuaigh tú go smior ionam, Ó Gleann Cholm Cille

Táim curtha faoi dhraíocht agat amach is amach

Táim athraithe ó bhonn mar bhog tú mo chroí

Braithfidh mé uaim thú is mé ar ais i mo theach

.

Gleann Cholm Cille Ó Gleann Cholm Cille

Níl do leithéid ar fáil, bíodh sé sean nó nua

Gleann Cholm Cille Ó Gleann Cholm Cille

Beimid ar ais le chéile, bíodh sé mall nó luath

.

Níl aon argóint faoi áilleacht Ghleann Cholm Cille. Ba bheag nár baineadh mo shúile as mo cheann nuair a bhíomar ag tiomáint an bóthar ó Ard an Rátha síos agus nochtadh radharc dochreidte os ár gcomhar amach, ag síneadh síos go dtí an fharraige lonrach, agus baile Ghleann Cholm Cille ina shuí in ucht an ghleanna, cóirithe i bhfráma na gcnoc maorga a thiteann le fána go géar isteach sna tonnta coipeacha ar chladach an Aigéin Atlantaigh. Is deacair cur síos a dhéanamh ar an áit seo, gan dul leis an bhfilíocht, chun na mothúcháin ag baint leis an radharc a chur in iúl duit. Sin an fáth a scríobh mé an dán thuasluaite. Scríobh mé gearrdhán as Béarla freisin – seo é:

Glencolmcille

Fresh green-fielded quiltwork spills,

Pleats and folds tumbling down hills,

Gliding through glistening, gulleted glen,

Riven by meandering river Murlin

Cloud-swaddled as it cradles spangled sainted land,

Then Softly surrenders to the sea’s silver sand.

.

Tá go leor le moladh faoin nGleann agus a cheantar, maidir leis na gníomhaíochtaí atá ar fáil. Tá ceanncheathrú Oideas Gael ar imeall an bhaile, agus eagraíonn siad cúrsaí Gaeilge ó thús deireadh an tsamhraidh, ar gach leibhéal. Tá cúrsaí eile ar fáil freisin – seandálaíocht agus cnocadóireacht san áireamh – go léir as Gaeilge. Bíonn daoine ag casadh le chéile i nGleann Cholm Cille a bhfuil grá cultúir agus teanga go láidir acu, agus cé gur Éireannaigh an chuid is mó dóibh, bíonn eachtrannaigh páirteach freisin. Beidh mé ag scríobh alt faoi na cúrsaí céanna in alt eile, ach inniu tá léargas ginearálta ann, faoi Ghleann Cholm Cille agus an ceantar ina bhfuil sé suite.

Áiseanna agus lóistín

Tá siopaí, bialanna, tithe tábhairne agus garáiste sa bhaile. Is féidir lóistín leaba is bricfeasta nó árasáin féinfhreastal a fháil, ach bíonn an-tóir orthu. Mar sin, tá sé deacair go leor aon saghas lóistín a fháil sa bhaile féin agus go minic bíonn ar dhaoine lóistín a fháil in áit éigin eile, cosúil le Na Cealla Beaga, agus ansin a bheith ag comaitéireacht chuig an nGleann.

Slí Cholmcille agus Turas Cholmcille

Téann Slí Cholmcille ó Ghleann Cholm Cille in Éirinn go hOileán Í in Albain, ag déanamh cuairt ar láithreacha a bhaineann le beatha agus le traidisiún an Naoimh. Tá an tSlí seo mar mhacasamhail an Camino de Santiago sa Spáinn. Gach bliain, bíonn oilithreacht a heagrú ag comharchumainn Ghaeltachta agus ceantair phleanála teanga. Bíonn treoraithe sléibhe agus cainteoirí dúchais ag treorú na siúlóidí, de ghnáth.

I nGleann Cholm Cille féin, leanann Slí Cholmcille bealach Thuras Cholmcille. Téann daoine ar oilithreacht i nGleann Cholm Cille gach bliain idir an 9ú Meitheamh (féile an Naoimh) agus an 15ú Lúnasa (féile na Deastógála). Tá roinnt seanchloch (siar go dtí 3000 RCh) agus gallán (siar go dtí 500-700 AD) le feiceáil ag na 15 suíomh atá mar stadanna ar an turas.

An Clachán

Osclaíodh an ‘clachán’ i 1967, mar thogra pobail bunaithe ag an Athair Mhic Daibhir, sagart cáiliúil a bhunaigh go leor scéimeanna sóisialta. Tá seacht dteach ceann tuí lonnaithe faoin sliabh in aice leis an trá mhór, a thugann léargas don chuairteoir ar shaol na háite sna 18ú, 19ú agus 20ú céadta in iarthar Dhún na nGall. Tá siopa ceardaíochta agus caife deas ann freisin.

Conclúid

Is áit iontach álainn iargúlta é Gleann Cholm Cille, le go leor áiseanna agus gníomhaíochtaí ar fáil ann. Mholfainn go hard duit cuairt a thabhairt air agus go háirithe má tá tú ag iarraidh feabhas a chur ar do chuid Gaeilge.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge