Dírbheathaisnéis 8: Filleann an Feall!

Dírbheathaisnéis 8: Filleann an Feall!

 

Thóg sé roinnt mhaith ama dom socrú síos mar scoláire cónaithe i gColáiste Chiaráin, agus ní raibh sé éasca i gcúpla slí. Gan dabht, bhíodh sé fuar sa gheimhreadh, go háirithe inár suanliosanna móra, mar cé go raibh radaitheoirí ar na ballaí, ní raibh aon teas i lár na seomraí sin. Ní raibh ach blaincéid éadroma againn sna leapacha, agus uisce fuar inár mbáisíní níocháin. Ní raibh an bia a fuaireamar sa phroinnteach go blasta, ach amháin na milseoga! Ach diaidh ar ndiaidh chuaigh mé i dtaithí ar na deacrachtaí sin agus tar éis tamaill níor chuir siad isteach ná amach orm. Ar an drochuair, gasúr beag, leochaileach a bhí ionam. Dá bhrí sin, ní raibh mé in ann iománaíocht a imirt go maith mar bhall foirne, agus aon uair ar bhain mé triail as, gortaíodh mé. Ach ba bhreá liom liathróid láimhe a imirt, mar ní spórt teagmhála é sin. Imreoir réasúnta maith a bhí ionam, agus bhain mé an-taitneamh as an spórt sin le linn mo sa mheánscoil. Ní raibh na bulaithe sa bhaile in ann teacht isteach ar thailte na scoile, agus buntáiste mór ba ea é sin. Ní dhearnadh aon bhulaíocht orm i gColáiste Chiaráin riamh, agus ceapaim nárbh aon dochar é go raibh m’athair ag múineadh sa scoil chéanna.

Múinteoirí agus Ábhair.

Ní raibh ach múinteoir amháin agus cúpla ábhar á staidéar againn sa bhunscoil – Gaeilge, Béarla, Suimeanna agus Creideamh. Chun an fhírinne a rá, bhí sé ró-éasca dom, agus bhínn dubh dóite ann. Ní raibh sé mar sin i gColáiste Chiaráin ar chor ar bith. Bhí go leor ábhar againn: Gaeilge, Béarla, Laidin, Gréigis, Fraincis, Eolaíocht, Stair, Tíreolaíocht, Ealaín agus Saoránaíocht. Thaitin na hábhair go léir go mór liom agus b’aoibhinn liom a bheith ag foghlaim gach saghas ruda. Idir rang amháin agus an chéad rang eile, bhíodh sos beag againn, agus nuair a d’fhillimis ar ais go dtí ár seomra ranga, bhíodh múinteoir eile ag fanacht linn chun a ábhar a múineadh dúinn. Bhí dúshláin éagsúla ag baint le gach ábhar, agus ní fhéadfainn srian a choinneáil ar an bhfiosracht nádúrtha a bhí agam. B’aoibhinn liom mo shamhlaíocht a úsáid, agus pictiúir a fheiceáil le m’intinn. Bhí go leor le foghlaim de ghlanmheabhair againn mar pháirt dár n-oideachas, ach ní raibh mé róthógtha leis an ngné sin de. B’fhearr liom na cúiseanna agus an loighic a bhí taobh thiar den eolas a thuiscint.

Spreagograis formhór na múinteoirí go mór mé, mar chuir siad a gcroíthe agus a nanamacha sa mhúinteoireacht, agus bhí sé sin tógálach. Níor úsáid na múinteoirí sin aon phionós corpartha mar bhí na scileanna acu jab iontach a dhéanamh. Ba chúis lúcháire dúinn é sin, agus bhímis ag súil go mór le ranganna na múinteoirí sin. Ar an drochuair, ba ghnáthrud é pionós corpartha a ghearradh ar dhaltaí in Éirinn ag an am, cé gur bhris sé na rialacha a bhí ag an roinn oideachais. Ó mo thaithí féin, bhraith cúpla múinteoir nárbh ar mhaithe na daltaí a bhí siad ag múineadh agus go minic ní raibh suim ar bith acu san ábhar a bhí á múineadh acu ach oiread. D’úsáididís an tslat chun iallach a chuir orainn aird a thabhairt dóibh de dheasca iad a bheith lofa mar mhúinteoirí.

Scéal Nollag

Bhí cara amháin agam sa scoil ar dtús – Nollaig ab ainm dó. Buachaill an-chliste, an-daingean, fiú ceanntréan a bhí ann. Bhuel, bhí múinteoir Laidine againn ar mhaith leis pionós corpartha a úsáid go flúirseach. Ag deireadh gach ranga, scríobhfadh sé stór focal ar an gclár dubh, agus uimhir ina dhiaidh – 1, 2 nó 4. Sin cé mhéad buille a gheofá le gach focal a bheadh mícheart agat sa scrúdú a tharlódh an chéad rang eile. Is maith is cuimhin liom an sléacht as éadan a tharlaíodh gach rang. Ba ghearr go mbíodh allas ar an múinteoir as an saothar ag baint leis an tslat a thabhairt do scoláirí, agus líne dóibh ag fanacht lena seal. Ag breathnú siar anois, gníomh barbartha, brúidiúil agus dochreidte a bhíodh i gceist. Cibé a tharla dó, fuair Nollaig cúpla ceann mícheart ag tosú an téarma, agus bualadh go dona é. Bhí an phraiseach ar fud na mias ansin, agus thosaigh Nollaig feachtas frithbheartaíochta síochánta mar agóid.

Ceapaim nach ndearna Nollaig aon staidéir don rang as sin amach. Bualadh go dona é ag tús gach ranga, agus is cuimhin liom é a fháil 32 buille, agus tharla sé sin níos mó ná uair amháin. Ach buachaill an-diongbháilte a bhí i Nollaig, agus dá mhéad ar bualadh é, is ea is lú staidéar a rinne sé, in ainneoin go raibh an múinteoir céanna againn ar feadh trí bliana! Níor stad an múinteoir stuacach dá bhualadh, ach an oiread. Ach níor éirigh leis an múinteoir Nollaig a bhriseadh síos, agus sa bhealach sin, chuir Nollaig é de dhroim seoil.

Tar éis scrúdú na hArdteistiméireachta, d’fhreastail Nollaig ar an ollscoil, agus bhain sé amach céim bhaitsiléara sna healaíona. Chuaigh sé le múinteoireacht bunscoile mar a ghairm agus tar éis tamaill ceapadh é mar phríomhoide na scoile. Ní call dom a rá nár leag sé lámh ar pháiste riamh! Ach tá casadh eile sa scéal. Lá amháin, agus Nollaig ina tríochaidí, buaileadh cnag ar a dhoras. D’oscail sé é, agus cé a bhí ann ach a iar-mhúinteoir Laidin! Níor aithin an múinteoir an t-iarscoláire a ndearna sé céasadh coirp agus intinne air ar scoil. Ach d’aithin Nollaig a chráiteoir ar an toirt! Thosaigh a Neimisis ag caint. Bhí sé ag seasamh mar iarrthóir i dtoghchán áitiúil agus ag iarraidh vótaí a mhealladh. “An féidir liom brath ort do vóta a chaitheamh ar mo shon?” a d’fhiafraigh sé de Nollaig.

“Bhuel,” arsa Nollaig, “Dá mba tusa an duine deireanach fágtha ar an gcruinne, ní thabharfainn mo vóta duit. Imigh anois, a leadaí, agus ná tar ar ais anseo go deo!” Fágadh a mhúinteoir gan focal, agus ansin faoi dheireadh d’aithin sé a iarscoláire.  Ach sula raibh seans aige focal eile a rá, dhún Nollaig an doras ina aghaidh. Mar a deir an seanfhocal: filleann an feall ar an bhfeallaire!

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Tuairisc ó Mheiriceá – Feileon!

Tuairisc ó Mheiriceá – Feileon!

 

Ar 17 Deireadh Fómhair, 1931, san Fhoirgneamh Chónaidhme i Chicago, ciontaíodh Al Capone as imghabháil cánach ioncaim. Ní raibh sé sin i measc na gcoireanna ba thromchúisí ina aghaidh, ach ba é an cás b’éasca don FBI a bhuachan. Gearradh téarma príosúin aon bhliain déag ar Capone. Tar éis dó trioblóid a chothú i bpríosún in Atlanta, bogadh go hAlcatraz é, áit ina raibh sé scoite amach ón saol mór. Ligeadh amach é tar éis seacht mbliana go leith i 1939, ach bhí sé ag dul i léig ó thaobh a shláinte de (bhuail stróc é agus tholg sé sífilis). Ní raibh sé in ann níos mó damáiste a dhéanamh agus fuair sé bás i 1947.

Agus mé ag léamh faoi cad atá ar siúl maidir le Donald J. Trump le déanaí, feictear dom go bhfuil cosúlachtaí láidir idir Capone agus Trump. Chun an fhírinne a rá, tá na cosúlachtaí sin an-soiléir do go leor daoine – Donald J. Trump san áireamh! Cuireann Trump é féin i gcomparáid le hAl Capone. Bhí miotal i gcnámha Capone,” a dúirt Trump ag cúpla cruinniú halla an bhaile le déanaí. Ach “ní raibh sé díotáilte ach uair amháin; Táimse díotáilte ceithre huaire.” (Díotáladh Capone sé huaire ar a laghad.) “Má d’fhéach tú ar Capone sa bhealach mícheart, dhéanfadh sé smionagar duit!” a mhínigh Trump. Tá sé bródúil as a bheith cosúil le ceann feadhna ar bhuíon coirpeach.

Feileon!

Feicim patrún i gcás Trump. Nuair nach n-éiríonn leis a bhfuil uaidh a fháil, diúltaíonn sé é agus cuireann sé an milleán ar na Daonlathaithe. Sin a tharla leis an toghchán uachtaránachta 2020, agus tá an rud ceannann céanna ag tarlú maidir leis na cásanna cúirte ina aghaidh. Tá sé ag rá gur feachtas géarleanúna atá ar siúl sna cúirteanna, eagraithe ag an Uachtarán Biden agus a rialtas. Níl an ceart aige faoi sin, agus is rud dainséarach bréaga mailíseacha mar sin a scaipeadh.

Ach in ainneoin aon rud a mhaíonn nó a shéanann sé, is é Donald J. Trump an chéad iaruachtarán ar ciontaíodh é mar fheileon. Chaill sé cás feidearálach (sin an fáth gur feileon anois é) agus cúpla cás sibhialta freisin cheana féin, agus tá trialacha eile fós le críochnú. Seo léargas ar na cásanna go léir agus a stádas.

Stát Nua-Eabhrac: Calaois

I dtitim na bliana 2022, chomhdaigh Ard-Aighne Nua-Eabhrac, Letitia James, cás sibhialta i gcoinne Trump agus a iarchúntóir Allen Weisselberg, ag líomhain scéim inar thuairiscigh Trump go calaoiseach luach maoine áirithe chun a bhille cánach a ísliú agus téarma a iasachtaí a fheabhsú.

Rialaigh an Breitheamh Arthur Engoron ar 16 Feabhra go gcaithfidh Trump $355 milliún móide ús a íoc. Tá cosc trí bliana freisin ar a chuideachta aon ghnó a dhéanamh i Stát Nua-Eabhrac.

Ar 25 Márta, an lá a bhí sé ceaptha bannaí a phostáil, laghdaigh cúirt achomhairc an méid a chaithfidh sé a phostáil go $175 milliún. Tá sé i gceist aige achomharc a dhéanamh, le spriocdháta sa samhradh seo.

Manhattan: Clúmhilleadh agus Ionsaí Gnéis

I mí na Bealtaine 2023, tháinig giúiré ar an gconclúid go ndearna Trump ionsaí gnéis agus clúmhillte ar an scríbhneoir E. Jean Carroll, agus bronnadh $5 milliún uirthi. Nuair a shéan Trump é sin go poiblí ansin, thug Carroll cás clúmhillte agus éileamh ceallraí ina éadan. I mí Eanáir, bronnadh $83.3 milliún do Carroll sa chás sin.

Tá achomharc déanta ag Trump sa dá chás, agus phostáil sé banna don $83.3 milliún i mí an Mhárta. Le linn an dara triail, lean sé ag maslú Carroll, rud a d’fhéadfadh dul ina aghaidh san achomharc.

Manhattan: Hush Money

I mí an Mhárta 2023, chomhdaigh an tAighne Dúiche Manhattan Alvin Bragg cúisimh fheileonachta i gcoinne Trump, ag líomhain gur fhalsaigh an tiaruachtarán taifid ghnó mar chuid de scéim chun airgead a íoc le mná a dúirt go raibh caidreamh collaí acu le Trump, agus chun faisnéis a choinneáil ón bpobal ar eagla go mbeadh drochthionchar aici air sa toghchán uachtaránachta.

Cuireadh tús leis an triail ar an 15 Aibreán agus chríochnaigh sí lena chiontú ar an 30 Bealtaine. Tá an phianbhreith sceidealaithe don 11 Iúil.

Is é an chéad chéim mhór eile ná pianbhreith a ghearradh, rud a thiocfaidh ach laethanta roimh Choinbhinsiún Náisiúnta na Poblachta. Gheall Trump achomharc a dhéanamh ansin, ach san idirlinn is feileon é!

An Roinn Dlí agus Cirt: Doiciméid Mar-a-Lago

Tá Jack Smith, abhcóide speisialta sa Roinn Dlí agus Cirt de chuid na Stát Aontaithe, tar éis 37 feileonacht a ghearradh ar Trump maidir le cáipéisí rúnaicmithe a bhaint as an Teach Bán nuair a d’fhág sé a oifig. In ainneoin iarratas i ndiaidh iarratais ag éileamh na cáipéisí a thabhairt ar ais, thug Trump neamhaird don rialtas, agus faoi dheireadh gabhadh na cáipéisí a bhí fós ar iarraidh.

Ní tharlóidh an cás seo go dtí 20 Eanáir, 2025 ar a luaithe. Cás tábhachtach é seo, mar chuir Trump an tír i mbaol, ó thaobh slándáil náisiúnta de.

Contae Fulton: Treascairt Toghcháin

Thug an tAighne Dúiche Fani Willis cás ollmhór i gcoinne Trump agus 18 duine eile, ag líomhain go ndeachaigh siad i mbun comhcheilge chun toghchán 2020 a ghoid.

Níl seans ar bith go dtosóidh an cás seo roimh an toghchán, mar tá agóid dhlíthiúil in aghaidh Willis le réiteach ar dtús.

An Roinn Dlí agus Cirt: Treascairt Toghcháin

Thug an tAbhcóide Speisialta Smith ceithre chás i gcoinne Trump freisin maidir lena iarracht fanacht i gcumhacht tar éis dó toghchán 2020 a chailleadh. Tá an cás seo sa chúirt i Washington, D.C.

Díotáladh Trump ar 1 Lúnasa, 2023. Níl an cás ag dul ar aghaidh go dtí cinneadh na Cúirte Uachtaraí ag freagra na ceiste: ar cheart don iaruachtarán a bheith díolmhaithe ó ionchúiseamh?

Conclúid

Beidh Trump gnóthach sa chúirt le fada an lá mura dtoghfar é mar uachtarán. Má bhuann sé an toghchán, déanfaidh a seacht ndícheall fáil réidh leis na cásanna go léir! Nach tráthúil! Seo an duine a bhíonn ag bleadracht an t-am go léir faoi na coirpigh de gach saghas atá ag teacht ina sluaite isteach thar teorainn. Ach ar amharc sé air féin sa scáthán, le déanaí?

Dearg le Fearg!

Dearg le Fearg!

Cuireann an easpa tacaíochta ón rialtas dár dteanga dhúchais gruaim orm. Léigh mé alt i ndiaidh ailt ar tuairisc.ie le déanaí, ag plé na scéalta uafásacha dar le meath na Gaeilge. Bíonn rud amháin á rá ag an rialtas ach a mhalairt á dhéanamh aige. Tá sé soiléir go bhfuil an rialtas ag tabhairt neamhaird dár dteanga. Cén saghas rudaí atá i gceist? Níl spás iad go léir a lua anseo, ach seo cúpla sampla.

Bíonn daoine in ann poist a fháil ag déileáil le cúrsaí teanga agus cúrsaí Gaeltachta, nach bhfuil Gaeilge acu! Mar shampla, san aimsir atá thart, ceapadh cúpla duine mar Airí na Gaeltachta, nach raibh Gaeilge líofa acu Joe Mac Hugh agus Jack Chambers san áireamh. Tá Teachta Dála Catherine Connolly buartha go bhfuil sé fós ag tarlú– fiú ina contae dúchais (Contae na Gaillimhe)! Agus é ag labhairt os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Thomas Byrne go raibh súil aige go rachadh an plean náisiúnta earcaíochta i ngleic leis an bhfadhb, ach dúirt sé freisin go raibh sé den tuairim go raibh “dualgas morálta” ar oifigigh a bhíonn freagrach as cúrsaí Gaeilge an teanga a fhoghlaim.

Agus céard faoi Breanndán ó Beaglaíoch, a bhí ag troid le Comhairle Contae Chiarraí ar feadh 15 bliana mar gheall ar phleananna chun teach beag a thógáil ar thalamh a mhuintire ar leithinis an Daingin! Thug an Ciarraíoch foláireamh go bhfuil pobail na Gaeltachta i mbaol an teanga a chailleadh gan dlíthe nua a thógadh tús áite do mhuintir na Gaeltachta tithe a thógáil ar a thalamh féin, agus bánú na Gaeltachta a sheachaint.

Nó céard faoi Cormac Chambers, Príomhoide Ghaelscoil Lios na nÓg i Raghnallach. Seo a bhí le rá aige. “Toisc nach bhfuil gaelcholáiste sa cheantar, cailltear go leor páistí as an gcóras gaelscolaíochta. Is scannal é seo agus taispeánann sé easpa measa an stáit agus na Roinne Oideachais ar fhorbairt na Gaeilge agus na gaelscolaíochta.”

Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go bhfuil an Ghaeilge fágtha in áit na leathphingine, nuair a bhíonn buiséad na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán á leithroinnt. “Má bhreathnaíonn muid ar bhuiséad na Roinne, tá méadú ollmhór ar an gcaiteachas atá ar an gComhairle Ealaíon, mar shampla, agus ar na healaíona ar fad,” a dúirt , “agus ag an am céanna, thóg airí sinsearacha éagsúla cinneadh sa Roinn sin go bhfáiscfí an t-anam as foilsitheoireacht na Gaeilge.”

Thomas Byrne ar an gcéad aire stáit Gaeltachta a ghlac leis an bhfianaise dhobhréagnaithe go bhfuil sé ina éigeandáil ó thaobh labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht.Tá géarchéim ann, níl aon dabht faoi sin.

Réiteach Inoibrithe?

Cé go bhfuil abhcóidí polaitiúla láidre againn ar son cearta teanga, níl sé d’acmhainn acu na hathruithe riachtanacha a dhéanamh, mar níl an chumhacht acu go díreach. Táim ag labhairt faoi laochra teanga cosúil le: An Coimisinéir Teanga – Séamas Ó Concheanainn Uasal; An Bainisteoir Gearán – Órla de Búrca Uasal; An Teachta Dála Caitríona Ní Chonghaile; An Teachta Dála Éamon Ó Cuív; An Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh (Cathaoirleach), an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee. Tá eagraíochtaí iontacha ann freisin ag troid ar son na Gaeilge, eagraíochtaí cosúil le Conradh na Gaeilge agus a Ard-Rúnaí Julian de Spáinn. Tá siadsan agus a leithéid ag cur in iúl don rialtas le fada an lá go bhfuil géarchéim na teanga ar siúl agus go bhfuil dualgas ar an rialtas céimeanna a thabhairt chun í a chaomhnú agus fiú a leathnú. Bheadh náire ort dá bhfaca tú cad atá ar siúl maidir le Breatnais sa Bhreatain Bheag! Agus céard faoin Tuaisceart – nach scéal dochreidte é cad atá déanta ar son na Gaeilge sa Tuaisceart – áit ina bhfuil sé i bhfad níos deacra cearta teanga a fháil? Ceapaim go bhfuil síolta an réitigh le feiceáil sa scéal sin.

Gníomhaíochas polaitiúil!

Go mion minic, bíonn polaiteoirí in ann neamhaird a thabhairt do ghníomhaithe Gaeilge, agus cúrsaí Gaeilge a chur ar an méar fhada. Is é sin díreach a tharla sa Tuaisceart. Cé go raibh aitheantas oifigiúil don Gaeilge geallta i gComhaontú Aoine an Chéasta 1998, tugadh neamhaird dó. Ach níor ghlac na gníomhaithe Gaeilge leis sin, agus reáchtáil siad slógaí agóide ag éileamh stádas oifigiúil do Ghaeilge. Thosaigh níos mó ná 50 gníomhaí teanga an Dream Dearg (brúghrúpa ar son cearta teanga) sa bhliain 2016, agus d’eagraigh siad agóid mhór i mBéal Feirste in 2017 – Lá Dearg! Mháirseáil timpeall 15,000 duine ar Halla na Cathrach i mBéal Feirste, ag éileamh Acht na Gaeilge a bheith rite, rud a bhí geallta ag rialtais na Breataine agus na hÉireann sa bhliain 2006. Bhí leithscéal éasca ag rialtas na Breataine le Breatimeacht, agus níor tugadh aon aird do chúrsaí na Gaeilge le linn na Breatimeachta.

Ach níor stad an Dream Dearg ag iarraidh a chuspóir a bhaint amach, agus nuair a bhí an Bhreatimeacht curtha i gcrích le tamall, d’eagraigh siad ollagóid in 2022, inar mháirseáil níos mó na 17,000 duine ar son cearta teanga. Ag deireadh na bliana céanna, ritheadh ‘The Identity and Language (Northern Ireland) Act 2022’ in Westminster, ag tabhairt stádas oifigiúil don Ghaeilge sa Tuaisceart, agus na buntáistí éagsúla ag baint leis an stádas sin. Mar a dúirt Churchill féin – Ná géill go deo!

Agus sin an bealach chun tosaigh in Éirinn freisin. Is gá dúinn an rialtas a thabhairt chun cuntais maidir le heaspa a thacaíocht don teanga, maidir le hAcht na dTeangacha a chur i bhfeidhm i gceart agus chun na fadhbanna éagsúla thuasluaite a réiteach. Agus sin an bealach chun tosaigh in Éirinn freisin. Is gá dúinn an rialtas a thabhairt chun cuntais maidir le heaspa a thacaíocht don teanga, maidir le hAcht na dTeangacha a chur i bhfeidhm i gceart agus chun na fadhbanna éagsúla thuasluaite a réiteach. Cén fáth nach n-eagródh an Dream Dearg nó a leithéid slógaí agóide ag Teach Laighean i mBaile Átha Cliath, ag éileamh go gcuirfear plean sonrach i bhfeidhm gan mhoill chun dul i ngleic leis an ngéarchéim teanga atá admhaithe ar deireadh thiar thall ag an rialtas féin? Cén fáth nach n-oibreodh a leithéid?

Nuacht te-bruite – buinneáin ghlasa!

Agus an t-alt seo ag dul go preas, chonaic mé go raibh agóid ag Teach Laighean faoi ghéarchéim tithíochta na Gaeltachta díreach tar éis tarlú. I measc an lucht agóide, bhí muintir na Gaeltachta, muintir an phobail, agus ionadaithe ó eagraíochtaí éagsúlaConradh na Gaeilge, an Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga, BÁNÚ, an Dream Dearg, Aontas na Mac Léinn in Éirinn, Aontas Daltaí Iar-Bhunscoile na hÉireann agus CATU Ireland [Aontas do Phobail is do Thionóntaí]. Maith sibh go léir! Tá súil agam go mbeidh agóidí mar seo ar siúl chomh minic agus is gá, chun toil a phobail agus gealltanais an rialtais maidir le cearta teanga a chur in iúl go poiblí agus ar bhealach nach féidir leis an rialtas neamhaird a thabhairt dóibh a thuilleadh!

.

.

.

.

.

.

.

.

.

Kunza!

Kunza!

 

 

 

Ó am go ham, bíonn scéal spreagúil agam faoi athbheochan mionteanga áirithe nach bhfuil ach beo ar éigean. Tá scéal agam inniu faoi aiséirí mionteanga na nDúchasach sa Ghaineamhlach Atacama – mionteanga a d’imigh in éag dar le hUNESCO timpeall 1949 nuair a cheapadh nach raibh fiú duine amháin in ann í a labhairt.

Kunza

 

sceitse greannmhar sa seanscannán ‘Monty Python and the Holy Grail’. fear amháin ag iompar fir bhoicht ar a ghualainn, ag iarraidh é a chur ar chairt atá ag bailiú daoine marbha le linn na Plá Móire sa Bhreatain. Ach tá an fear bocht beo fós, agus deir sé “Níl mé marbh!” Líne cháiliúil í sin sa scannán.

 

Nuair a chuala mé faoin mionteanga ‘Kunza’, cuireadh an líne sin i gcuimhne dom. Mar is é an scéal céanna atá i gceist maidir le Kunza. Fógraíodh go raibh Kunza marbh ach bhí sí beo ar éigean. Tá cainteoirí Kunza ann fós, agus anois tá siad ag iarraidh an teanga a athbheochan.

 

Impireacht na Spáinne

 

Cainteoir Kunza is í Ilia Reyes-Aimani atá ag iarraidh an teanga a choimeád beo. Tá amhráin cumtha aici chun dathanna agus uimhreacha a mhúineadh do pháistí. Ball den treibh Atacameño í – treibh a sháraigh gach dúshlán leis na cianta cairbreacha. Maireann an treibh sa Ghaineamhlach Atacama – ceann de na háiteanna is tirime faoin spéir. na réileáin salainn, na haltáin agus na hósaisí faoi smacht ag na hAtacameño le níos mó na 11,000 bliain. Ach le teacht na Spáinneach sa 17ú haois, cuireadh brú mór ar a gcultúr agus a dteanga agus diaidh ar ndiaidh chuaigh an scéal sin in olcas. Is scéal é sin atá ar eolas go maith againn, nuair a chuireann impireacht cine cloíte faoi chos, ag iarraidh a theanga agus a chultúr a scriosadh, agus na Dúchasaigh a thabhairt chun sibhialta. An gcuireann sé sin dada i gcuimhne duitpobal na hÉireann agus Impireacht na Breataine, b’fhéidir? Don chéad uair, sa bhliain 1993, thug an tSile aitheantas do Bhundúchasaigh na tíre, leis an Acht Phobal Dúchais.

 

Ábhar riachtanach sa scoil

 

Ón bhliain 2017, tá dualgas dlíthiúil ar gach scoil sa tSile a bhfuil níos mó ná 20% daltaí dúchasacha ag freastal uirthi, teanga dhúchais a mhúineadh ann. I scoil amháin i gKalama, baile mianadóireachta lonnaithe in ósais san fhásach, múintear Kunza do dhaltaí suas go dhá bhliain déag d’aois. Deir Melissa Arenas Alabena, príomhoide na scoile, go bhfuil Kunza ar chomhchéim le haon ábhar eile sa scoil, agus go bhfuil sí bródúil go bhfuil daltaí na scoile ag foghlaim Kunza.

 

Thomas Finke

 

Tá Thomas Finke ag múineadh Kunza sa scoil sin. D’fhás sé aníos ag labhairt idir Spáinnis agus Kunza. Nuair a bhí sé féin ina dhalta ar scoil, bhíodh imní ar a mhúinteoirí mar d’úsáideadh sé focail agus frásaí nár thuig siad. Ní raibh a fhios acu go raibh sé ag labhairt Kunza! Fiú ar imeall an ghaineamhlaigh, bíonn na dúchasaigh in ann talmhaíocht inbhuanaithe a chleachtadh, Thomas Finke san áireamh. córas uisciúcháin á úsáid aige, agus cainéil uiscithe ag stiúradh uisce ó shruthán beag anuas trí geataí isteach i gcúpla cuibhreann, ina ndéantar diansaothrú ar arbhar Indiach ann. Tá teach gloine aige freisin, ina bhfásann cairéid, trátaí agus biatas. Ní ghlacann sé le measúnú UNESCO go bhfuil teanga Kunza marbh. Níl muid marbh, níl ár gcultúr marbh agus níl ár dteanga mharbh, a deir sé – agus is ardeiseamláir é féin den fhíric sin. Tá sé thar a bheith dearfach go mbeidh sé in ann cabhrú le hathbheochan na teanga, ach ag an am céanna glacann sé leis go mbeidh sé an-dúshlánach é a dhéanamh. Tomás ag cur beart le briathar, áfach, agus é ar tí cúrsa ar líne a sheoladh dóibh siúd atá ag iarraidh Kunza a fhoghlaim.

 

Celine Navadas

 

Tugann an fhianaise ar na machairí le fios go bhfuil an ceart ag Tomás agus go bhfuil Kunza fós beo. Gach bliain i mí Dheireadh Fómhair, glanann na fir na cainéil uisciúcháin le tionlacan amhráin as Kunza á gcanadh ag na mná. Is deasghnáth ársa é darb ainm ‘Talator’. Agus í anois ina seachtóidí, thosaigh Celine Navadas ag glacadh páirte sa searmanas bliantúil seo breis is leathchéad bliain ó shin, agus níl deireadh déanta fós aici!

 

Conclúid

 

Mar a deir an seanfhocal: Fonn a dhéanas fiach! Guímid gach rath ar na hAtacameño lena n-iarrachtaí a dteanga dhúchais a athbheochan – ach an oiread linn féin!

 

 

 

 

.

 

 

 

 

.

 

 

 

 

.

 

 

 

 

.

 

 

 

Cúpla Ceist orm!

Cúpla Ceist orm!

Tá togra a bhí idir lámha agam curtha i gcrích faoi dheireadh, agus tá mo shuíomh www.mickgb.com beo anois. Ar dtús, chuir mé an suíomh le chéile chun mo cholúin sheachtainiúla don ‘Kilkenny People’ a chur ar líne, ionas go mbeadh siad go léir ar fáil go héasca ar líne.

Suíomh dátheangach atá ann, agus leagan Gaeilge agus Béarla ar fáil le gach alt scríofa agam le cúpla bliain anuas. Tá fuaimrian ar fáil, ag úsáid intleacht shaorga (AI) chun an téacs Gaeilge a léamh amach. Agus tá teanglann.ie ar fáil freisin, ionas gur féidir leat brú ar fhocal chun a bhrí a fháil amach, díreach ar an leathanach atá á léamh agat. Chuir mé mo cholúin go léir i gcartlann ar an suíomh, mar tá beagnach trí chéad dóibh scríofa agam suas go dtí seo. Rith sé liom go mbeinn in ann scríbhinní m’athar a uaslódáil freisin, agus líon mé cartlann eile le 805 colún uaidh.

Is léiriú é seo ar cad is féidir le duine amháin a dhéanamh as a stuaim féin chun cabhrú le hathbheochan na teanga.

Bhí mé i dteagmháil le www.peig.ie maidir le mo shuíomh, agus chuir siad cúpla ceist orm. D’fhoilsigh siad na ceisteanna agus mo fhreagraí i gcolún ar a suíomh, agus seo a leanas an colún céanna.

.

A person wearing a hat Description automatically generated

Cúpla Ceist le Micheál Bairéad

Is scríbhneoir agus colúnaí é Mícheál Bairéad a bhunaigh suíomh gréasáin dhátheangach mar chartlann dá scríbhinní, mickgb.com. Chuireamar cúpla cheist air faoina shuíomh gréasáin agus a chúlra mar scríbhneoir.

Inis dúinn píosa fút féin.

Micheál Bairéad is ainm dom agus is Éireannach mé atá i mo chónaí sna Stáit Aontaithe le blianta fada. Cé gur rugadh i gContae Mhaigh Eo mé, d’fhás mé aníos i mBaile Átha Cliath agus i gCill Chainnigh. Caithim cuid mhaith ama in Éirinn, agus is aoibhinn liom freastal ar thumchúrsaí Gaeilge gach seans a bhíonn agam. Tar éis dom éirí as mo phost mar innealtóir leictreonach agus ríomhaireachta, bhí mé in ann mo chuid Gaeilge a athbheochan.

Cathain ar thosaigh tú ag scríobh?

Colúnaí seachtainiúil ab ea m’athair ar feadh 40 bliain, ag scríobh don pháipéar áitiúil darb ainm ‘Kilkenny People’. De réir mar a d’éirigh m’athair níos sine thosaigh mé ag cabhrú leis. Roimh i bhfad bhí sé mar m’eagarthóir, agus mé féin mar an scríbhneoir. Chuaigh m’athair ar shlí na fírinne ag deireadh 2019, ach lean mé ar aghaidh leis an gcolún, atá á scríobh agam fós.

Cad a spreag thú chun an suíomh mickgb.com a bhunú?

Cé go bhfuil suíomh ag an bpáipéar ar an idirlíon, ní raibh mo cholún ar fáil ann. D’iarr mé ar fhoireann an pháipéir mo cholún a chur ar fáil, ach ní raibh ach cúpla ceann le feiceáil ar an suíomh, agus ní raibh sé éasca iad a aimsiú. Chomh maith leis sin, bhí suim ag Gaeilgeoirí i gCill Chainnigh a bheith in ann mo cholúin a fháil ar líne.

Is chuige na cúiseanna sin go díreach a chinn mé mo shuíomh féin a chur le chéile. Rith sé liom go mbeadh buntáistí eile ag baint leis sin freisin. Bheinn in ann bailiúchán mo scríbhinní a stóráil ar líne. Agus bheinn in ann bailiúchán scríbhinní m’athair a stóráil ar an suíomh freisin, mar bhí go leor scríofa aige a bhí agam ar mo ríomhaire. Dhear agus d’fhorbair mé suíomh idirlín d’eagraíocht neamhbhrabúis nuair a chuaigh mé ar scor ar dtús, agus mar sin bhí an teicneolaíocht ag baint le suíomh gréasáin ar eolas agam. Thug mé faoin obair agus roimh i bhfad bhí mo shuíomh faoi lán seoil. Rinne mé leasuithe agus athruithe tar éis sin.                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                                              

Cad é an dúshlán ba mhó a bhí romhat agus an tionscadal faoi bhun agat?

Is é an dúshlán is mó atá agam anois ná mo shuíomh a fhógairt go poiblí, chun úsáid na teanga a chur chun cinn, agus chun cabhrú le daoine atá ag foghlaim ná ag feabhsú a gcuid Gaeilge.

Dúirt tú go raibh d’athair, Peadar Bairéad, ina scríbhneoir freisin. Inis dúinn píosa faoi agus faoina scríbhneoireacht.

Rugadh Peadar Bairéad in Iorras in iarthuaisceart Chontae Maigh Eo agus bhí cónaí air i gCill Chainnigh sula bhfuair sé bás sa bhliain 2019.

Múinteoir Ghaeilge, agus scríbhneoir prós agus filíochta ab ea Peadar Bairéad. Foilsíodh ceithre chnuasach filíochta (Duilleoga Fómhair, Cleití na hAislinge, Fataí Rómhair agus An Fómhar Deireanach) leis, chomh maith lena dhírbheathaisnéis (Doirse Dé). Bhí sciar maith dá chuid filíochta ar chúrsaí scoile agus léinn. Foilsíodh scríbhinní Pheadair i go leor irisí: Feasta, Comhar, An Sagart, An Timire, Anois, agus Scéala Éireann san áireamh. Colúnaí seachtainiúil ab ea é sa Kilkenny People freisin, ó 1979 – 2018. Tá 805 dá cholúin ar fáil ar mo shuíomh.

Chun scríbhinní Micheál agus Peadar a léamh, breathnaigh ar mickgb.com.

Tá súil agam go mbainfidh tú féin sult as mo shuíomh, agus go gcuirfidh tú daoine eile ar an eolas faoi!

.

.

gaGaeilge