Dírbheathaisnéis 5 – Amanna Cinniúnacha!

Dírbheathaisnéis 5 – Amanna Cinniúnacha!

Dírbheathaisnéis 5 – Amanna Cinniúnacha!

I ndiaidh an ghnímh, tá sé furasta líon beag amanna cinniúnacha a fheiceáil, a raibh tionchar mór acu ar threo do shaol. I mo shaol féin, dornán dóibh a raibh tionchar láidir acu orm. Seo cúpla ceann.

Réamhrá

Ar dtús, ba cheart dom an bealach a réiteach, ionas go mbeidh tuiscint agat faoin gcúlra. Lagrachán a bhí ionam nuair a bhí mé sa bhunscoil. Bhí an t-ádh dearg orm fiú go raibh mé beo fós, tar éis dom babhta dona niúmóine a bheith orm nuair a bhí mé ach cúig bliana d’aois. Bhí mé tinn arís nuair a bhí mé seacht mbliana d’aois, agus tar éis sin bhí an t-asma orm dona go leor. Dá bhrí sin, ní raibh mé páirteach i spóirt mhachaire, murab ionann agus formhór na daltaí sa scoil. Ach bhí cíocras eolais agam faoi gach rud, ach go háirithe faoin eolaíocht. Fuair mé cóipeanna den iris ‘Look and Learn’ gach seachtain, agus léigh mé gach rud iontu. Bhí mé tógtha le rúndiamhra na cruinne, agus bhí sé deacair a chreidiúint go raibh na scéalta san iris sin fíor. Ach bhí! Bhí sé dochreidte dom go rabhamar go léir ag taistil ar phláinéad beag neamhthábhachtach, ag rothlú timpeall réalta neamhthábhachtach, i réaltra neamhthábhachtach sa mhórchruinne féin. Nuair a bhreathnaigh mé suas sa spéir, chonaic mé na réaltaí agus na réaltraí thuas ansin, agus bhí a fhios agam fiú mar bhuachaill, go raibh mé ag breathnú i bhfad siar na milliúin bliain.  Coincheap mór do ghasúr beag é sin, agus thug sé tuiscint uileghabhálach dom faoin gcine daonna agus ár ról beag sa mhórchruinne sin.  

Cigire!

Lá amháin, nuair a bhí mé sa séú rang sa bhunscoil, tháinig cigire ar cuairt. Bhí sé ag monatóireacht an ranga ar feadh tamaill, agus ag scríobh nótaí. Ansin, sheas sé suas agus shiúil sé go barr an ranga. Chuir sé é féin in aithne dúinn, agus ansin thosaigh sé ag cur ceisteanna orainn. Bhí go leor dóibh ag baint leis an eolaíocht agus an mhatamaitic – áiteanna súgartha domsa. D’éirigh na ceisteanna níos deacra, agus roimh i bhfad, ní raibh aon duine ach mise in ann iad a fhreagairt. Bhí mé in ann iad go léir a fhreagairt. Is maith is cuimhin liom cúpla dóibh: Cén fhad an ghrian uainn? Cad is brí le aerbhrú agus cad é an t-aerbhrú ag leibhéal na mara? Bhí ionadh mór ar an gcigire go raibh mé in ann a cheisteanna a fhreagairt, agus mhol sé mé agus dúirt sé gurb é sin an chéad uair a bhí dalta sa séú rang in ann iad a fhreagairt. Bhí ríméad an tsaoil orm. Chuaigh meas an chigire go smior ionam agus rith sé liom go raibh spéis mhór agam san eolaíocht agus matamaitic agus gur gníomhaíochtaí fiúntacha iad. Sa scoil agus sa tsochaí i mo thimpeall, chonaic mé cé chomh fiúntach is a bhí spórt, agus go háirithe an iománaíocht. Ach anois, thuig mé go raibh áit ag daoine cosúil liomsa, a raibh spéis acu san fhoghlaim, agus gur rud maith é sin, in ainneoin tuairimí go leor buachaillí sa rang. Mhothaigh mé go raibh dearbhú faighte agam. Ní ach uair amháin i lá amháin sa bhunscoil a bhí i gceist, ach san uair sin, las cigire anaithnid éigin bladhm mo dhúil sa léann – bladhm a d’fhás le himeacht ama, agus bladhm a spreag chun dul leis an scoláireacht.

Dearbhú

Ní cuimhin liom go cruinn cathain a tháinig Frank Dowling ar an láthair mar dhalta nua – b’fhéidir sa séú rang, nó b’fhéidir sa chéad rang ar an meánscoil. Cosúil leis an gcigire, cé nach raibh sé ann le fada, bhí tionchar mór aige orm. Bhí blas Sasanach ar a chuid cainte, mar bhí a theaghlach díreach tar éis bhogadh ó Shasana go hÉirinn. Éagsúil leis na daltaí eile, níor imir Frank iománaíocht, agus bhí suim mhór aige san eolaíocht. Is ar éigean a bhí mé in ann chreidiúint go raibh garsún eile cosúil liomsa ann. Roimh i bhfad, bhí dáimh ar leith eadrainn. Bhíodh díospóireachtaí bríomhaire againn ag plé ábhar eolaíochta, agus d’fhoghlaim mé go leor uaidh. Bhí níos mó eolais agamsa ar ábhair áirithe san eolaíocht agus níos mó eolais aige ar ábhair áirithe eile san eolaíocht. Bhíomar ag foghlaim óna chéile i gcónaí, rud a spreag an bheirt againn. Is cuimhin liom go háirithe am amháin, nuair a chuir Frank ceist orm agus é ag díriú ar mo dheasc: “An bord seo an gceapann tú go bhfuil sé neamhbhriste?” D’fhreagair mé go raibh sé láidir agus neamhbhriste. “Mícheart!” arsa Frank. “Níl ann ach spás folamh, agus buncháithníne ag eitilt anonn agus anall, ag taisteal ar luas lasrach tríd an spás sin!” Baineadh siar asam, mar chuaigh cad a dúirt sé in aghaidh gach rud a bhí mo chúig chéadfa ag insint dom. Ach ní mar a shíltear a bhítear, agus bhí a fhios agam go raibh gach rud déanta as móilíní; móilíní déanta as adaimh, agus adaimh déanta as leictreoin, prótóin agus neodróin. Mar sin, luigh a bhí le rá ag Frank le réasún, ach níor chuirna píosaí eolais sin le chéile riamh cheana. Thug sé léargas iontach dom agus thuig mé ansin go raibh gach gné den eolaíocht an-suimiúil dom, ó rudaí chomh beag nach féidir iad a fheiceáil, suas go rudaí chomh mór nach féidir iad a shamhlú.

Múinteoirí Randamacha!

Bhí tionchar mór ag an gcúpla teagmháil randamach thuasluaite orm, gan dabht ar bith.  Ní dhearna na daoine i gceist neamhshuim iomlán díom, ach thug siad aitheantas agus moladh dom agus níos tábhachtaí, threisigh siad mo dhearcadh faoin eolaíocht agus a luach. Dá bhrí sin, mhéadaigh m’fhéinmhuinín agus mo shuim san eolaíocht ón am sin amach. Ag breathnú siar, ritheann sé liom cé chomh tábhachtach agus a bhfuil daoine eile i do shaol, seachas do mhúinteoirí agus fiú do thuismitheoirí.  Creidim sa seanfhocal ón mBúda: “Nuair atá an dalta réidh, nochtfar an múinteoir!”

.

.

.

.

.

.

Plus ça change…

Plus ça change…

Dá mhéad a athraíonn cúrsaí is amhlaidh go bhfanann siad mar an gcéanna, nó mar a deirtear sa Fhraincis: “Plus ça change, plus c’est la même chose!” Cé go bhfuil an ráiteas sin fíor sa tslí nach n-athraíonn nádúr daonna, níl sé fíor sa tslí go bhfuil athruithe ag tarlú anois nach bhfacthas a leithéid riamh cheana.  Tá géarchéimeanna eisiacha ar siúl anois agus ní féidir linn dul sa seans go dteipfeadh orainn réitigh a aimsiú dóibh. Mar shampla, tá téamh domhanda ar siúl, de dheasca truailliú an atmaisféir, agus ní féidir linn neamhaird a thabhairt ar an bhfadhb sin níos mó. Go minic, tosaíonn athruithe, idir mhaith agus olc, in áit amháin, agus ansin scaipeann siad go háiteanna eile. Thosaigh téamh domhanda go príomha sna Stáit Aontaithe le hiomadú carranna, agus ansin nuair a d’éirigh tíortha eile níos saibhre, lean siad a sampla.

San alt a scríobhas an tseachtain seo caite, chuaigh mé siar ar bhóithrín na smaointe, ag cuimhneamh ar chúpla cáineadh a chuir mo mháthair in iúl dom ar a céad turas go California. Bhí an ceart ar fad aici maidir leis na fadhbanna ar dhírigh sí m’aird orthu, agus d’fhan a léargas grinn liom ó shin i leith. Is é an rud is iontaí faoi sin ná gur tharla an chuid is mó de na fadhbanna céanna in Éirinn níos déanaí, ag tosú i réimeas an Tíogar Ceilteach agus ag leanúint ar aghaidh go dtí an la atá inniu ann. Is maith is cuimhin liom fear an bheáir in “Tynan’s Bridge House Bar”, b’fhéidir gurb é an t-úinéir é, ag rá liom nuair a chuala sé go raibh mé i mo chónaí i gCalifornia, “Tógaimid ach amháin na rudaí maithe ó na Stáit Aontaithe, a mhic!” Ní raibh freagra borb ar bharr mo theanga agam, ach tá an freagra agam anois. “Lean ar aghaidh ag brionglóid, a mhic!” Dá mbuailfinn leis an leaid sin arís, bheadh a lán le rá agam dó agus mholfainn dó an t-alt seo a léamh!  Ar aon nós, seo cúpla sampla de na fadhbanna a chonaic mé ar dtús i Meiriceá, ach atá le feiceáil in Éirinn sa lá atá inniu ann.

Géarchéim Tithíochta

Dá aistí an chuma atá air tá sé fíor go bhfuil fadhbanna áirithe a éiríonn níos measa nuair a éiríonn tíortha níos saibhre. Is í an ghéarchéim tithíochta ceann amháin dóibh. Nuair a éiríonn tíortha níos saibhre, méadaíonn praghsanna tí. Idir 1996 agus 2006, mhéadaigh praghsanna in Éirinn faoi cheathair!  Bhí an tír roinnte ansin idir an saibhir agus an daibhir, ar bhonn úinéireacht tí. Ní raibh sé éasca do dhaoine agus go háirithe do cheannaitheoirí céaduaire teach nua a cheannach. Uaireanta, ní raibh sé ar a n-acmhainn teach a cheannach ar chor ar bith, agus dá bhrí sin, fágadh gan dídean iad agus bhí orthu codladh ar na sráideanna.

Bochtaineacht agus Inimirce

Suas go dtí am an Tíogair Cheiltigh, bhíodh na tonnta Éireannach ag dul ar imirce le gach cúlú eacnamaíochta dona sa tír. Ní bhíodh mórán ag iarraidh teacht isteach sa tír. Tháinig athrú ar chúrsaí go huile agus go hiomlán le teacht an Tíogair, agus thosaigh na tonnta ag gluaiseacht sa treo eile – isteach sa tír, teifigh agus lucht iarrtha tearmainn san áireamh, a raibh sé i ndán do go leor acu blianta a chaitheamh in Ionaid Soláthair Dhírigh. Tháinig go leor daoine i dtír ó thíortha eile san Aontas Eorpach freisin, agus iad ag lorg oibre. Chuir an líon sin brú mór ar infreastruchtúr na tíre, infreastruchtúr nach raibh iontach maith sa chéad áit. D’éirigh cúrsaí tithíochta níos measa, agus bhí brú breise ar Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte freisin.

Cúram Sláinte

Tá a fhios ag madraí an bhaile go bhfuil fadhbanna móra ag Feidhmeannacht na Seirbhísí Sláinte (HSE). Is cúis náire é go bhfuil na hospidéil róphlódaithe i gcónaí agus é mar sin le fada an lá, gan réiteach fiúntach le feiceáil fós. Cúpla mí ó shin, bhí timpeall 85,000 duine ag fanacht le leapacha d’othair chónaitheacha agus beagnach 500,000 duine ag fanacht le coinne ag clinic na n-othar seachtrach!

Eipidéim Drugaí

Chonaic gach duine an cheannlíne le déanaí: “Luach €157 milliún ar an gcócaon sa ghabháil drugaí ‘is mó i stair an stáit’. Tháinig na drugaí ó chairtéil i Meiriceá Theas agus tháinig dronga coireachta eagraithe as Éirinn agus an Bhreatain le chéile chun na drugaí a roinnt agus a dháileadh, cuid acu in Éirinn. Tá fadhb mhór cócaoin in Éirinn anois – fiú sa Ghaeltacht. Seo ceannlíne a bhí i dTuairisc le déanaí: “Fear 50 bliain d’aois gafa agus luach €105,000 cócaon faighte ag na Gardaí. Sin ach cúpla sampla, ach gan dabht tá an t-airgead ag daoine an cócaon a cheannach, agus tá an fhadhb seo ní hamháin sna cathracha, ach ar fud na tíre.

Foréigean agus Gunnaí

I gcomparáid leis na Stáit Aontaithe, níl fadhb mhór ann maidir le gunnaí foréigean. Ach is gá súil ghéar a choinneáil air, mar mhéadaigh an ráta dúnmharaithe faoi dhó an bhliain seo caite.

Conclúid

Ceapaim go n-éiríonn fadhbanna áirithe i dtíortha saibhre. Táthar ann fós a shéanann go bhfuil tír shaibhir againn, ach léigh mé san iris ‘Forbes Magazine’ le déanaí gurb í Éire an tír is saibhre in aghaidh an duine, ar an domhan mór! Níl na Stáit Aontaithe ach in áit 9!!!

Ar an drochuair, go bhfios dom, níl mórán déanta le fada ag ár rialtas chun dul i ngleic leis na fadhbanna thuasluaite. Ach tá athruithe móra ag teacht sa sféar polaitíochta agus Mary Lou McDonald agus Sinn Féin in áit mhaith ó thaobh an chéad olltoghchán eile de. Má thoghtar isteach iad, b’fhéidir go mbeidh siad in ann céim ar aghaidh a thabhairt, ó thaobh na bhfadhbanna móra sin. Murach sin, cá bhfios ach lá amháin go mbeidh gunnaí ar fáil go héasca sa tír seo freisin!

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

    

.

Trioblóid ar Neamh!

Trioblóid ar Neamh!

Fada ó shin, nuair a bhí m’athair díreach tar éis éirí as a phost i gColáiste Chiaráin, tháinig mo thuismitheoirí ar cuairt chugainn anseo i gCalifornia, ar feadh trí seachtaine. Thiomáineamar feadh an chósta, ó Los Angeles go San Francisco, agus trí go leor áiteanna ar an tslí. Bhí ionadh ar an mbeirt acu mar ní raibh an méid a chonaic siad i gCalifornia ag teacht leis na réamhthuairimí a bhí acu. Bhíomar go léir tógtha le háilleacht agus éagsúlacht na dtírdhreach a bhí le feiceáil fud fad an Stáit. Bhí ionadh ar mo thuismitheoirí freisin faoi cé chomh cairdiúil agus dea-mhúinte a bhí na daoine go léir ar chasamar orthu. Ní gearánta dóibh an aeráid Mheánmhuirí, ach an oiread.

Cé go bhfuair a dturas réidh leis an gcuid is mó dá n-imní faoin áit ina rabhamar inár gcónaí, ag an am céanna chuthaigh sé cúpla ábhar buartha nua dóibh, nó cúpla ceist, ar a laghad.

Daoine gan Dídean

Nuair a bhíomar ag siúl i gcroílár Los Angeles, bhí orainn siúl ar an mbóthar uaireanta, mar bhí daoine gan dídean ina luí ar an gcosán. Níorbh fhéidir linn gan iadsan a fheiceáil. Nuair a bhíomar slán sábháilte sa bhaile arís, ag ól cupán tae, chuir mo mháthair ceist orm: “Cán fáth a bhfuil daoine gan dídean anseo? Níl aon chiall leis. Ní tír shaibhir an tír s’againne, ach ní bhfaighfeá mórán daoine gan dídean ann. Cad atá ar siúl?” “Níl polasaithe sóisialta láidre i Meiriceá,” ba é m ’fhreagra, “neamhchosúil leis in Éirinn! Agus tá praghsanna tithíochta an-ard sa tír seo freisin, ionas go bhfuil sé deacair teach a cheannach!” Ach bhí orm a admháil gur ait an rud é, mar an gcéanna!

Bochtaineacht agus Inimirce

Uair eile, chuamar thar an teorainn idirnáisiúnta go Tijuana i Meicsiceo. Tír an-bhocht ba í Meicsiceo, agus atá fós. Bhí bruscar i ngach áit, agus go leor foirgneamh leathchríochnaithe le feiceáil. Ní raibh ach cúpla bóthar pábháilte le feiceáil, agus smúit bhóithríní a bhí i gceist den chuid is mó. Ní fhaca tú ar an mbóthar ach sean ghliogar de charranna agus trucailíní agus iad ag titim as a chéile. Ní raibh a lán siopaí nó bialanna sa chathair, ach an oiread. Baineadh stangadh as mo thuismitheoirí. Cheap siad gur fhás siad féin aníos i dtír bhocht, ach tar éis bochtaineacht Tijuana a fheiceáil, thuig siad nach raibh siad riamh chomh bocht le daoine i dtíortha de chuid an tríú domhan. Nuair a thug mo mháthair faoi deara cé chomh héasca a bhí sé dúinn teacht ar ais thar an teorainn go Meiriceá, nuair a bhí sé an-deacair do shaoránaigh Mheicsiceo an rud céanna a dhéanamh, chuir sí ceist eile orm. “Tá cuidiú de dhíth go géar ar na daoine bochta sin. Cén fáth nach gcuideodh an tír is saibhre le muintir na tíre in aici láimhe?” Rinne a ceist staic dom, mar bhí ábhar casta le plé – rialú inimirce. Dúirt mé nach raibh mórán eolais agam faoin bpolasaí inimirce sna Stáit Aontaithe, ach go raibh próiseas deacair i gceist chun teacht isteach sa tír go dlíthiúil, agus go raibh sé costasach é a dhéanamh. Bhí imní ar na hoifigigh Meiriceánaigh aon Mheicsicigh a ligin isteach sa tír, ar fhaitíos go bhfanfaidh siad ann go mídhleathach, agus bhí na milliúin duine ina gcónaí i Meiriceá gan chead, cheana féin.

Cúram Sláinte

Uair eile, nuair a bhíomar ag caint le chéile am lóin, tháinig ábhar chúram sláinte chun cinn. Ní raibh mo thuismitheoirí in ann a chreidiúint cé chomh daor is a bhí sé dul go dtí an dochtúir, nó go dtí an t-ospidéal. Ach nuair a chuala mo mháthair go gcuirfí abhaile tú ón ospidéal chomh tapa agus ab fhéidir, gan aon am duit bisiú, bhí ar buile. “Cén saghas chóras leigheas é sin – tá sé cruálach agus róchostasach – nach orainn atá an t-ádh dearg a bheith inár gcónaí in Éirinn!” Rinne mé lagiarracht an córas leigheas a chosaint, ag rá gur gá árachas sláinte a bheith agat, agus ansin nach raibh cúrsaí ródhona. Ach gur gá post a bheith agat chun a bheith cáilithe árachas sláinte a fháil. “Ach cad faoi na daoine dífhostaithe? Cad is féidir leo a dhéanamh má éiríonn siad tinn?” Chuir ceist mo mháthair dá treoir mé, agus ní raibh aon fhreagra agam.

Eipidéim Drugaí

Bhí eipidéim chócaoin ag réabadh na Stát Aontaithe ag an am sin, agus níorbh fhéidir an teilifís a chur ar siúl gan cloisteáil faoi ar an nuacht. “Cén fáth atá fadhbanna drugaí chomh mór sin ar siúl i Meiriceá, agus gach saghas duine ag mí-úsáid drugaí, ní hamháin daoine bochta éadóchasacha?” Arís, bhí mé sáinnithe ag mo mháthair!

Foréigean agus Gunnaí

Bhíodh eachtraí lámhaigh dhíchéillí uafásaigh ag tarlú sna Stáit Aontaithe beagnach gach lá (agus, ar an drochuair, tá fós), agus dúirt mo mháthair liom go raibh sé i bhfad níos dainséaraí i go leor áiteanna i Meiriceá ná i dTuaisceart na hÉireann féin, áit a raibh cogadh ar siúl ag an am sin. Ní raibh uirthi fiú ceist a chur orm, sa chás sin, mar bhí a fhios aici nach raibh freagra ar bith ar fáil don ghealtachas sin!

B’fhéidir go raibh sí ag iarraidh mé a mhealladh ar ais go hÉirinn agus rinne sí cás láidir, ach ní raibh sé ar intinn agam a leithéid a dhéanamh mar, chun an fhírinne a rá, bhí rudaí ag dul go maith dúinn agus bheadh sé deacair filleadh abhaile dá bhrí sin. Ach d’fhan ceisteanna mo mháthar liomsa ó shin i leith agus tá siad níos tábhachtaí sa lá atá inniu ann ná mar a bhí riamh.  Bheadh díomá ar mo thuismitheoirí a fhoghlaim go bhfuil go leor de na fadhbanna thuasluaite tagtha go hÉirinn anois.  Beidh tuilleadh le rá agam ar an ábhar sin an tseachtain seo chugainn!

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

    

.

Dírbheathaisnéis 5 – Amanna Cinniúnacha!

Dírbheathaisnéis 4 – Bulaíocht!

Is mór an trua é nach raibh aon chiall ná taithí agam nuair a bhí mé i mo ghasúr. Dá mba rud é go raibh mé ní ba chiallmhaire, is dóichí ná a mhalairt nach ndéanfaí bulaíocht leanúnach orm le blianta fada.

Cloigeann Urchair

Ní raibh a lán muinín agam asam féin mar ghasúr, toisc gur lagrachán a bhí ionam. Gasúr beag, íseal ba ea mé, agus bhí asma orm chun an dlaoi mhullaigh a chur ar an scéal sin.  Nó, lena chur ar bhealach eile, brionglóid bulaí a bhí ionam, agus seans beag go mbeinn in ann an fód a sheasamh ar mo shon féin.  

Ní raibh mé in ann gaisce fisiciúil a dhéanamh, ach bhí mé béalscaoilte go maith. Mar sin, bhí mé in ann drochainmneacha a thabhairt ar dhaoine agus maslaí a chaitheamh leo. Bhí go leor buachaillí ina gcónaí in eastát tithíochta gar do Bhóthair Phort Lairge, an áit a raibh cónaí orm. Uair amháin, bhuail le ceann acu, darb ainm Pádraig Ó Beannacháin, agus thug mé faoi deara ar an bpointe go raibh beagnach maol, mar bhí sé tar éis dordghearradh gruaige a fháil, rud nach bhfeicfeá ach go hannamh ag an am. Mar sin, Cloigeann Urchair (Bullet Head as Béarla) a thug mé ar an leaid seo, leasainm a scread amach in ard mo ghutha an chéad uair eile a chonaicé. Bhí mé sásta liom féin tar éis sin, agus chuir mé as mo cheann é ansin. Ar an drochuair, bhí an damáiste déanta, agus bheadh costas ard ar an bpíosa spraoi sin, caithfidh mé a admháil!

An Cadhnach sa tóir orm

Bhí (agus tá fós) eastát tithíochta darb ainm Gort na Learóige i bhfoisceacht scread asail de Bhóthar Port Lairge. De ghnáth, nuair a bhínn ag dul síos chuig an mbaile mór, théinn tríd an eastát céanna mar aicearra. An chéad uair eile a chuaigh mé tríd an eastát, tháinig baicle bheag aniar aduaidh orm. I bpreab na súl, bhítimpeallaithe acu, gan aon slí éalaithe agam. Léim mo chroí beagnach as mo chliabh le heagla, ach bhí mé sáinnithe i gceart. Ba é buachaill darb ainm Tomás Ó Cadhan an ceann feadhna, agus bhí na buachaillí eile i róil tacaíochta. Thosaigh an Cadhnach le mo cheastóireacht. raibh mé ag dul? Cén fáth? An raibh mé ag magadh faoi? Ag féachaint air? Ceisteanna mar sin, agus a údarás á chur i bhfeidhm aige orm os comhair a scuad. Is cuma m’fhreagraí, mar níor ghlac sé leo ar chor ar bith.  Go tobann, bhuail sé sa phus mé, agus ní raibh mé in ann bac a chur air. Lean sé ar aghaidh ansin, ag cur ceisteanna orm agus ansin ag tabhairt léasadh ceart dom. Roimh i bhfad, bhí mé i gcnap ar an talamh agus mo shrón ag cur fola, agus mé gortaithe agus pian ghéar orm. Ansin, d’ionsaigh siad go léir mé agus buaileadh an cac amach asam. D’imigh na diabhail chomh tapa is a tháinig siad, agus mé fágtha ar an talamh acu, agus drochbhail orm.  Ba shlí iontach é le haithne a chur ar mo chomharsana!

Ceachtanna Foghlamtha agam

I scoil an tsaoil, bíonn ceachtanna ar siúl an t-am go léir, ach is gá aird a thabhairt chun iad a fhoghlaim. Muna bhfoghlaimíonn tú ceacht, déanfaidh tú an botún céanna arís agus arís eile go dtí go bhfoghlaimíonn tú é! D’fhoghlaim mé cúpla ceacht as an drocheispéireas seo, agus ní dhearna mé dearmad orthu riamh ina dhiaidh! Bhí siad gafa go maith i gcúpla seanfhocal, mar a tharla!

Dearc chugat mar a dhearcas tú uait!

Ní raibh aon tuiscint agam go mbeadh impleachtaí leanúnach tar éis dom piocadh ar Phaidí Ó Beannacháin. Ghortaigh mé é, mar thug mé leasainm gránna air, gan cúis ar bith. Rinne mé bulaíocht ar Phaidí, mar cheap mé nach raibh sé láidir, agus nach mbeadh sé in ann díoltas a bhaint amach. Nach mise a rinne míléamh ar an scéal. Agus nach ngabhann uabhar roimh thubaiste freisin! D’ainneoin mo ghlicis ar scoil, bhí mé saonta go leor ar bhealaí eile. Ar aon nós, ní raibh aon súil agam ar ar thit amach mar iarmhairt mo bhómántacht, nó cén fáth.

Breathnaigh an abhainn sula dtéann tú ina cuilithe!

Deicheanna de bhlianta níos déanaí, tá a fhios go maith agam cad a tharla agus cén fáth.  Bhíomar in aicmí difriúla, mise agus Paidí – mise sa mheánaicme, Paidí agus a gcomharsana san eastát san aicme oibre. Nuair a chaith mé masla ar Phaidí, dar leis agus dar lena chairde, bhí mé ag caitheamh masla orthu go léir.  Cheap siad go raibh éirí in airde ionam, mar bhuachaill mheánaicmeach. Níor thuig mé an saghas naisc a bhí eatarthu, agus ní ba thábhachtaí ná sin, níor thuig mé an instinn phríomhúil a mhúscail mé iontu. Níor thuig mé, ach an oiread, go raibh rialacha difriúla agus luachanna difriúla ag baint leis an aicme a bhí i gceist.  Go háirithe, bhíodh an foréigean ba choitianta agus ní ba inghlactha san aicme oibre ná sa mheánaicme. Bhí mé aineolach ar fad ar chúrsaí mar seo, agus is daor a d’íoc mé as an mbotún sin.  

.

.

.

.

.

.

.

.

.

.

    

.

Tuairisc ó Mheiriceá – ‘Déjà Vu’?

Tuairisc ó Mheiriceá – ‘Déjà Vu’?

Beidh toghchán na hUachtaránachta ar siúl sna Stáit Aontaithe an bhliain seo chugainn. De réir cosúlachta, roghnófar na hiarrthóirí céanna a bhí ann an uair dheireanach – Donald Trump agus Joe Biden. Má tharlaíonn a leithéid, tá sé deacair a rá cé acu a bheadh an bua aige an t-am seo.siad ag iarraidh iad féin a chur chun cinn go mínáireach ach ag an am céanna, tá an nimh san fheoil ag an mbeirt iarrthóirí dá chéile. Cheapfá go mbeadh an bhéim ar na ceisteanna tábhachta a bheadh tionchar mór acu ar mhuintir na tíre.

Is í an eacnamaíocht an chloch is mó ar phaidrín mhuintir Mheiriceá maidir le todhchaí na tíre. Tar éis sin, is cúis imní dóibh an córas cúram sláinte agus rialú inimirce. Ach ní ar na ceisteanna móra sin atá na meáin dírithe, ar an drochuair. Bheadh sé oiriúnach dóibh aird a thabhairt do na ceisteanna sin, anailís a dhéanamh orthu, agus moltaí a fhorbairt bunaithe ar a dtaighde. Ach ní cuma leo, de réir dealraimh, mar tá siad ag déanamh scéal mór de rudaí eile ar fad.

B’fhéidir go bhfuil an ceart ag na meáin i gcás Donald Trump, mar tá a fhios ag madraí an bhaile gurb é Donald Trump féin agus gach rud a dhéanann sé a tharraingíonn aird an phobail i gcónaí – chonaiceamar é sin fiú nuair a bhí sé in oifig mar Uachtarán. Is iad na rudaí a dúirt sé nó a ghiolc sé a phléasc ar na meáin beagnach gach lá.  In ainneoin sin, rinne sé rudaí a thaitin go mór lena lucht leanúna freisin, gan dabht. Bhí ísliú cánach mar chuspóir Phoblachtánach, agus d’éirigh le Trump é sin a dhéanamh. Bhí tionchar mór ag Trump freisin ar an gcúirt is airde sa náisiún. Cheap sé trí bhreitheamh den Chúirt Uachtarach – Neil Gorsuch, Brett Kavanaugh agus Amy Coney Barrett – an méid is mó le beagnach 40 bliain.   Cheapfá go d’fhéadfadh na rudaí mídhleathacha, na rudaí mídhaonlathacha a rinne sé é a bhánú. Ach tá an ghnaoi atá ar Trump chomh láidir anois agus a bhí roimh na cásanna dlí atá ar siúl agus fiú roimh Eirí Amach 2021. Tá a lucht leanúna ag fanacht fíordhílis do Trump, agus creideann siad gach atá le rá aige – nár chaill sé an toghchán uachtaránachta i 2020, san áireamh. Is eisceacht pholaitiúil é Trump, gan dabht!  

Maidir le Biden, tá sé ag déanamh maith go leor mar Uachtarán go dtí seo, le cúpla eisceacht. Shínigh sé trí Bhille suntasacha chun $2 trilliún a chaitheamh as seo go ceann deich mbliana ar thosaíochtaí tábhachta a Pháirtí (na Daonlathaigh), cosúil le hathnuachan ollmhór infreastruchtúir, taighde ar fhuinneamh glan, cosaint na timpeallachta, taighde agus forbairt leathsheoltóra agus infheistíocht maidir le STEM (Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic). Thosaigh sé ag atógáil Eagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT), rud a bhí an-tábhachtach nuair a rinne an Rúis ionradh ar an Úcráin an bhliain seo caite. Dheisigh Biden formhór den damáiste a rinne Trump do cháil idirnáisiúnta na Stáit Aontaithe, cé go bhfuil i bhfad níos mó le déanamh. Biden ag obair go dian freisin chun muinín an phobail i gcóras daonlathais na Stáit Aontaithe a atógáil. Mar sin, tá go leor rudaí dearfacha déanta ag an Uachtarán Biden sa bhaile agus go hidirnáisiúnta.

Rinne Biden ceap magaidh de féin nuair a rinne sé praiseach den tarraingt amach as an Afganastáin. Gan dabht, bhí cosúlachtaí móra idir an oibríocht sin agus an méid a tharla i dtús na seachtóidí i Saigon.

Patrún an chlúmhillte!

Ach níl an bhéim ar na rudaí tábhachtacha thuasluaite a rinneadar nó ar na rudaí a gheallann siad do phobail Mheiriceá as seo amach. In ionad sin, tá na hiarrthóirí agus na meáin ag díriú airde an phobail ar a bhfeachtais clúmhillte in éadan a chéile. De ghnáth, is féidir le cáineadh amháin, is cuma an bhfuil sé fíor nó nach bhfuil, an oiread sin dochair a dhéanamh diarrthóir amháin go gcailleann sé nó sí an rás go minic, mar iarmhairt. Mar shampla, rinneadh an-dochar do Hilary Clinton i 2016, maidir leis an bhfreastalaí r-phoist príobháideach a bhíodh in úsáid aici le haghaidh r-phoist ghnó an rialtais. Nó b’fhéidir gur cuimhin leat an chonspóid faoi theastas breithe Barack Obama i 2012!

An babhta seo, is é an rud is mó a bhfuil imní ar phobal Mheiriceá faoi Joe Biden, Daonlathaigh san áireamh, ná a aois! Bheadh sé níos fearr an bhéim a chur ar cad atá déanta aige mar uachtarán go dtí seo, agus cad atá ar intinn aige a dhéanamh thoghtar é don dara téarma. Cleas an philibín atá i gceist leis a aois. Cé go bhfuil Donald Trump ach trí bhliain níos óige ná Joe Biden, níl mórán cainte faoina aois ar chor ar bith. Dála an scéil, bheadh Trump, mar Uachtarán Mheiriceá, in ann go leor damáiste a dhéanamh do dhaonlathas i Meiriceá agus ar fud na cruinne, is cuma cén aois é!  

Tá sé in am do phobal Mheiriceá díriú isteach ar na buncheisteanna, agus neamhaird a thabhairt don raiméis á scaipeadh sna meáin. todhchaí an daonlathais féin ag brath ar sin, agus ní hacmhainn dóibh Donald Trump a bheith mar uachtarán arís, is cuma cén aois iad na hiarrthóirí. Thosódh Trump amach mar uachtarán, b’fhéidir, ach chríochnódh a théarma mar dheachtóir, gan dabht. Ní hacmhainn do Mheiriceánaigh na maidí a ligean le sruth anois, nuair atá cinneadh chomh tábhachtach sin faoina gcóras rialtais ina lámha féin!  

gaGaeilge