Athbhliain faoi mhaise dhaoibh

Athbhliain faoi mhaise dhaoibh

Gach bliain gan teip, ar Oíche na Seanbhliana, théadh m’athair amach ar an doras tosaigh ar feadh tamaillín agus ansin thagadh sé isteach arís. Ní raibh a fhios agam cén fáth, agus níor chuir mé ceist air faoi, ach an oiread. Ach tar éis ceann dá chuid colún a léamh le déanaí, faoi dheireadh ceapaim go bhfuil a fhios agam anois cad a bhí i gceist. Baineann sé le stair a theaghlaigh féin, agus is é an rud ab fhearr dom a dhéanamh anois ná bogadh ar leataobh, agus lig duit an colún sin a léamh. Seo é.

An tráth seo bliana, téann seandaoine siar bóithrín na smaointe, mar tuigtear dóibh go bhfuil na blianta ag sleamhnú uathu ar nós na gaoithe, agus go bhfuil cloch eile ar a bpaidrín imithe trína méireanna, cloch nach bhfillfidh, agus is dócha go gcuireann sin a so-mharfacht fhéin i gcuimhne dóibh, mura n-éiríonn le tada eile sin a dhéanamh.  Mo chuidse de, tuigtear dom nach ndéanann sé maitheas ar bith do dhuine, bheith buartha, brónach, faoi na cúrsaí sin, mar níl le déanamh aige ach ceirín den díchuimne a chur leis, agus é fhéin a ullmhú don bhliain úr atá ag síneadh roimhe amach, faoi mar a bheadh turas dúshlánach ag síneadh roimh oilithreach, á mhealladh, is á spreagadh, chun tosaigh arís.

Nuair a smaoiním fhéin ar an tráth seo bliana, téann mo chuimhne siar láithreach chuig an áit in ar rugadh mé, in Iorras Domhnann i gContae Mhaigh Eo, sea, siar chuig an tír úd a shíneann ó “Chnocán a’ Líne go dté tú go dtí an Fál Mór.” Smaoiním, i dtosach báire, ar an taobh álainn sin tíre, gona páirceanna loma, sceirdiúla; coinlíní anseo, agus iomairí bainte san áit eile; linnte uisce thall, agus sraitheanna féarmhara abhus; ach tríd is tríd, bhí a chuma ar chuile shórt nár ró-mhéith an talamh a bhí leata os do chomhair amach, bíodh go raibh chuile chosúlacht ar chúrsaí, go raibh dian-saothrú á dhéanamh ar aon talamh cuir, a bhí le fáil sna bólaí thart timpeall. Amuigh ar imeall na spéire, bhí na hoileáin feistithe go daingean i bhfarraige tóigthe, garbh, guagach.

New Year Memories

Ach, thar aon rud eile, smaoiním ar Oíche Chinn Bhliana, agus ar na nósanna agus ar na cleachtaí a bhain leis an bhféile suimiúil sin.

Céard iad na nósanna atá i gceist agam, an ea?

Bhí, ar an gcéad ásc, na nósanna dúchasacha, nósanna ar nós na rúin athbhliana a dhéantaí go forleathan, an tráth sin. Ba ghnáth-ábhar cainte é i measc na cosmhuintire, an tráth sin é. 

“Cén rún athbhliana atá déanta agat fhéin don bhliain seo chugainn?” 

“Bhuel, tá socraithe agam éirí as an diabhal píopa seo, sin má fhágann Dia an tsláinte agam.”

Déarfadh fear nó bean eile go raibh siadsan meáite ar dhul go hAlbain, le roinnt pingneacha a shaothrú san athbhliain, le seo nó le siúd a dhéanamh. Bhí nós eile i measc daoine, an tráth sin, fáil réidh le salachar na bliana a bhí ar an dé deiridh. Sea, ghlanaidís agus sciúiridís iad fhéin, sa chaoi go mbeidís glan, néata, ag dul isteach thar thairseach na bliana nua dóibh. Ní bhíodh daoine sásta aon airgead a chaitheamh Lá Cinn Bhliana, nó chreid siad dá ndéanfaidís go leanfaidís an nós céanna sin ar feadh na bliana a bhí rompu amach.  Ó, mo dhearmad! bhí nós aisteach eile acu thiar inár measc an t-am sin freisin, agus b’in an pharáid tríd an mbaile, ag tosú ar bhuile an mheánoíche. Bhailíodh daoine óga an bhaile le chéile, i dtosach, agus duine ar bith a raibh aon chumas ceoil ann, bhíodh seisean ansin agus uirlis eicínt ceoil leis, agus ansin thosaíodh an ceol agus théadh an pharáid ó cheann ceann an bhaile, agus ceol agus gleáradh ar siúl acu agus iad ag fáiltiú roimh an bhliain úr.  Ar a mbealach ar ais, théidís isteach i dteach anseo is ansiúd agus chuirfí fáilte rompu, agus mhúchtaí a dtart tar éis tuirse na máirseála! 

Foreign Customs

Chomh maith leis na nósanna sin, bhí in ár measc freisin, roinnt nósanna a tógadh isteach ón iasacht.

Conas a tharla a leithéid?

Bhuel! an t-am sin, théadh roinnt mhaith de mhuintir na háite go hAlbain le fataí a phiocadh d’fheirmeoirí móra na tíre sin.  Ba spailpíní iad, agus ní gá a rá nach é saol an mhada bháin a bhíodh acu thall.  Ní gá ach Tubaiste “Kirkintulloch” a lua, le sin a chur abhaile ar éinne a chaith seal ina “Tatie Hoker” thall.  Ach ní chuige sin atá mé, ach chuige seo.  Minic a d’fhanadh lucht pioctha na bprátaí thall ar feadh tréimhe i ndiaidh dóibh deireadh na bprátaí a bheith pioctha acu.  Ag náibhíocht a théidís, de ghnáth, agus bhídís in Albain mar sin don bhféile is mó ag Albanaigh, sé sin, “Hogmaney”, nó Oíche Chinn Bliana, agus sa tslí sin, phiocadar suas nósanna Chinn Bhliana na tíre sin.  Chaith m’athair roinnt mhaith blianta thall, le linn a óige, agus mar sin, níorbh aon ionadh go leagtaí béim faoi leith ar an “Hogmanay”, sa teach s’againne. Ba é nós an “First Footer” an chéad cheann de na nósanna sin, a chuaigh i gcionn orm fhéin, agus mé ag fás aníos thiar.  B’in an nós a bhí acu fáilte faoi leith  a chur roimh an chéad fhear a bhuaileadh isteach thar thairseach chucu Lá Coille. Anois, ná ceap go bhfuilimse ag rá go dtarraingeodh bean mí-ádh, nó droch rath, ar theaghlach, dá dtarlódh go mba í an chéad chuairteoir, thar thairseach isteach chucu Lá Coille, ach nach bhfuil a fhios ag madraí an bhaile fhéin, gur mar sin a bhí cúrsaí in Iarthar na hÉireann, an tráth úd.  Chonaic mé fhéin, le mo shúile cinn, beirt iascaire ag iompú ar a sála abhaile, toisc gur bhean an chéad duine a bhuail leo, ar a mbealach chun na farraige. B’in mar a bhí an saol an t-am sin. Bhaineadh fir óga leas as an nós sin, agus théidís timpeall an bhaile, sa chaoi go mbídís maith go leor, nuair bhíodh cúrsa an bhaile tugtha acu.  Bhí col cúigir agam fhéin, agus bhí a nós fhéin aigeasean le fáilte a chur roimh an bhliain úr.  Bhí seanbhuidéal gan tóin aige, agus thart ar mheánoíche, thagadh sé amach ag binn a thí agus shéideadh trí rois chluaisphléascacha as, – roiseanna a chuirfeadh an Barr Bua a shéideadh an Fhiann fadó, i gcuimhne do dhuine, – ag fágáil slán ag an tseanbhliain, agus ag fáiltiú roimh an bhlain úr, nós adeireadh sé, a d’fhoghlaim sé le linn a óige, agus nach raibh sé de chroí aige an nós céanna sin a bhriseadh, ar feadh a shaoil uilig.  Tuigeadh dúinne go mba nós Albanach é an nós céanna sin freisin.

New Customs

Bhain na nósanna sin uilig le saol atá caite, caointe, adhlactha, anois, ach ní hionann sin is a rá nach bhfuil a nósanna fhéin ag daoine, sa lá atá inniu ann, nó tá, bíodh go bhfuil siad difriúil ar fad leis na nósanna a bhí acu fadó, ach ag an am gcéanna, feicfidh tú go bhfuil cosúlachtaí eatarthu freisin. Tóg mar shampla daoine ag séideadh adharca a ngluaisteán um mheánoíche Chinn Bhliana, nach cosúil é le nós mo chol cúigir? agus céard faoi nós na dtinte ealaíne a scaoiltear inairde sa spéir, agus na cloig a bhuailtear, le torann agus gleáradh a dhéanamh, le fáilte a chur roimh an bhliain úr? nach bhfuil cosúlachtaí idir sin agus an ceol agus an gleáradh a bhíodh ag óige an bhaile s’againne, fadó, agus iadsan ag fáiltiú roimh an bhliain úr, ina lá fhéin.  N’fheadar an ndéanann éinne rún athbhliana sa lá atá inniu ann, ach déarfainn go bhfuil daoine ann a leanann an nós céanna sin freisin.  Ach, nach cuma faoi sin, nó bíonn cineál eagla ar chuile dhuine againn agus muid ag buaileadh bóthair isteach trí chríocha úra na bliana nua.  Mar sin, an tráth seo bliana, guímse rath agus séan ar chuile dhuine dem’ léitheoirí. 

Athbhliain faoi mhaise dhaoibh uilig, agus gura seacht fearr a bheas muid uilig bliain ó anocht. 

Gluais: Bóithrín na smaointe, memory lane;  so-mharfacht, mortality;  talamh cuir, arable land;  ar an gcéad ásc, in the first place;  gleáradh, racket;  Lá Coille, New Year’s Day;  san athbhliain, in the new year;  “Tatie Hokers”, potato pickers.

Nollaig  Shona  Dhaoibh  Uilig

Nollaig Shona Dhaoibh Uilig

Réamhrá

Bhíodh m’athair faoi dhraíocht na Nollag gach bliain dá shaol. Is comhtharlú suntasach é go ndeachaigh sé ar shlí na fírinn aimsir na Nollag, sé bliain ó shin, in aois a cheithre bliana déag is ceithre fichid. Dá bhrí sin, cuimhním air ar bhealach speisialta ag an am seo den bhliain.
Ceapaim gur ómós cuí don scríbhneoir iontach sin, Peadar Bairéad, séasúr na Nollag a cheiliúradh leis – chomh maith agus is féidir, is é sin a rá – ina fhocail féin. Seo colún a scríobh sé roinnt blianta ó shin, atá chomh húr sa lá atá inniu ann agus a bhí sé nuair a scríobh sé é.

Happy Christmas All

Sea, tá an t-am sin den bhliain tagtha chugainn arís, an t-am sin a thugann deis dúinn uilig síocháin, agus dea-thoil, a léiriú don saol mór sin uilig, atá taobh amuigh dínn fhéin. Sea, agus an t-am sin freisin, a tugann deis dúinn dul siar bóithrín na smaointe, go dtí na laethe úd fadó, nuair a sheasamar ag breathnú le hionadh ar an mBeithilín álainn, a bhí socraithe go deas síochánta, i dTeach an Phobail, agus siar níos fuide fós, go dtí an chéad Mháinséar i mBeithil Ríoga, sa Tír Naofa fhéin, i dtús ré na Críostaíochta, nuair a rugadh Íosa sa Stábla, toisc nach raibh áit ar bith le fáil ag a mháthair, Muire, nó ag Iosaf, i dTeach Aíochta an bhaile, an oíche bheannaithe sin.

Christmas Night

Féach mar a chuir an file, Máire Mhac an tSaoi, é, ina dán “Oíche Nollag”, agus í ag rá go raibh dídean le fáil ag lucht an airgid sa Teach Aíochta céanna sin, an oíche úd, ach gur fágadh an Mhaighdean is a céile, gan bheith istigh le fáil acu, ach amháin i seanstáblán na mbeithíoch….

Bhí soilse ar lasadh i dtigh sin na haíochta,

Cóiriú gan chaoile, bia agus deoch,

Do cheannaithe olla do cheannaithe síoda,

Ach luífidh Mac Dé ins an tigh seo anocht.

Tá an file ag tagairt don nós a bhí beo, i measc Gael, an tráth úd, go mbíodh an Teaghlach Naofa ag fánaíocht timpeall an oíche sin, agus iad ag iarraidh bheith istigh a fháil i dteach eicínt, agus b’in an fáth a d’fhágtaí an doras ar leathadh, coinneall na Nollag ar lasadh, agus áit socraithe réidh dóibh ag an mbord, ag súil go dtiocfaidís ar chuairt chucu, an oíche bheannaithe sin. Féach arís mar a chuireann Máire Mhac an tSaoi é, i véarsa eile, sa dán céanna sin…..

 

Fágaidh an doras ar leathadh ina coinne,

An Mhaighdean a thiocfaidh is a naí ar a hucht,

Deonaigh do shuaimhneas a ligint a Mhuire,

Luíodh Mac Dé ins an tigh seo anocht.

Níl dabht ar domhan, ach gur éirigh leis an bhfile, dearcadh agus creideamh na cosmhuintire a thuiscint, agus a léiriú, i véarsaí an dáin álainn sin,  “Oíche Nollag”.

A Vigil kept

Ní raibh sé de nós ag an muintir thiar dul thar fóir, an oíche sin, le bia nó le deoch, nó bhí siad ag feitheamh ar theacht an Theaghlaigh Naofa ar chuairt chucu. Gnáth-shuipéar a bhíodh acu, fataí agus iasc, b’fhéidir, nó rud eicínt dá leithéid, mar nach mbeadh dinnéar mór na Nollag le hullmhú acu, an mhaidin dár gcionn, sé sin, i ndiaidh an Aifrinn, nó an mhaidin sin, bhí de nós ag chuile shagart trí hAifreann a rá, agus dá bharr sin, thosaídís go breá luath ar maidin, ag a leath i ndiaidh a hocht, b’fhéidir, agus bhíodh na daoine sin sa bhaile arís, thart ar a deich, agus ansin, thosaídís ar an ndinnéar a ullmhú. Sea, mh’anam, agus smaoinigh nach mbíodh gléasanna nua-aimseartha cócaireachta acu, an tráth sin, ní bhíodh, muis! nó ní bhíodh acu ach oigheann na dtrí chos agus pota, agus bhíodh orthu na gléasanna sin a oibriú ar an dtine oscailte. Mór idir inné agus inniu! 

How about toys then?

Céard faoi na gasúir, agus na girseacha, mar sin?

Cuirfidh mé geall, nach dtógfadh sé i bhfad orthu a gcuid féiríní Nollag a oscailt, nó ní thógfadh sé beirt, len iad a luchtú ar chairt! Tá mé ag caint faoi mo dhúiche fhéin, thiar in Iorras, i gContae Mhaigh Eo, dár ndóigh, agus ní bhíodh le fáil ag na gasúir ach guinnín, b’fhéidir, agus gluaisteáinín, nó a leithéid, sea, agus glac milseán agus torthaí, leis an stoca a líonadh. Agus céard faoi na girseacha? Bhuel, de ghnáth bhíodh bábóga le fáil acusan, agus milseáin agus torthaí freisin, b’fhéidir. Chaitheadh muid seal ag súgradh leis na féiríní Nollag sin, agus ansin, théadh cuid againn amach ar thóir an dreoilín, nó bhíodh muid ag fáil réidh do Lá an Dreoilín, nó b’in an lá i ndiaidh Lae Nollag.  Mura n-éireodh linn teacht ar dhreoilín an lá sin, agus geallaimse dhuit é, go mbíodh a fhios ag na dreoilíní céanna sin go raibh muidinne ar a dtóir an lá áirithe sin, nó ghlanaidís leo as ár mbealach go breá luath an mhaidin sin. Bhuel, mura n-éireodh linn teacht ar dhuine acu, séard a dhéanfadh muid ansin, nó fanacht go titim na hoíche, agus ansin, ní bhíodh sé ró-dheacair teacht ar ghealbhan codlatach sa bhundlaoi, agus dhéanfadh seisean chúis dúinn, an lá dár gcionn, ach gan ligint d’éinne teacht ró-chóngarach don éinín a bhí clúdaithe go maith i gcás againn!

Memories

Níl dabht ar domhan, ach go bhfilleann scaoth cuimhní orm, an tráth seo bliana, agus  mé ag dul siar bóithrín anacair, casta, spéisiúil, úd, na smaointe. Seo mar a labhair mé faoi chuid de na smaointe sin, i ndáinín a chum mé fhéin anuraidh……

 

Mámanna cuimhní carntha suas

I gcófra na gcuimhní cuachta,

Dul le Dreoilín, Aifreann luath,

Aingil is Aoirí ag cuartú,

 

Deasa deasa á roinnt go fial,

Bianna blasta á róstadh,

Féiríní Nollag á mbronnadh le croí,

Is breithlá Íosa á chomóradh.

 

They Chose a Goose.

Ní turcaí a bhíodh á róstadh acu don ócáid, an tráth úd, níorbh ea mh’anam, ach gé. Sea, Gé bhreá, phlucach, Gaelach, don Nollaig, agus nach muid a bhaineadh súlach agus toit as an ngé bhocht chéanna sin, agus ar deireadh thiar, nuair a bhíodh a cnámha creimthe go cliste, cúramach, againne, ní chaithimis na cnámha céanna uainn go fánach, ach oiread, ní chaitheadh muis! mar is amhlaidh a bhíodh tóir an domhain againn ar chnámha móra na sciathán, nó trína ngearradh go cúramach, d’fhéadfadh muid guinníní gé a dhéanamh astu, agus ansin, ní bhíodh uainn ach moilín beag adhmaid a raghadh trí chroí na cnáimhe sin, agus fata, le tosú ag scaoileadh urchair le chuile dhuine thart ar fud an tí. Nach againn a bhíodh an spórt! Cuirfidh mé geall, go mbainfeadh muid an oiread spóirt as na guinníní gé céanna sin, is a bhaineann gasúir an lae inniu as a gcuid Play Stations agus eile!  Sea, mór idir inné agus inniu. 

Ach le críoch oiriúnach a chur le píosa na seachtaine seo, b’fhéidir nárbh olc an smaoineamh é, Nollaig faoi shéan is faoi mhaise a ghuí ar chuile dhuine dem léitheoirí, agus gura seacht fearr a bheas chuile dhuine agaibh, bliain ó anocht. Agus sea, go mbeirimid beo ag an am seo arís.

 

Breith sa Stábla

Séasúr na Nollag ‘na rás chugainn,

Is cálóga bána anuas

Mar bhrat geal, naofa, glégeal,

Ag folach dúinn bruscar is smúit.

 

Ach istigh im chroíse, le díograis,

Ullmhóidh mé máinséar, le dua,

is glanfaidh mé bruscar na mblianta

As seanstáblán m’anama chrua.

 

Séasúr na Nollag ‘na rás chugainn,

Is an Naí naofa, neamhdha, anuas,

Ag ní, is ag slánú Chlann Éabha,

Is ag folach dúinn peaca is buairt.

 

Beithilín, a Crib;  máinséar, manger;  teach aíochta, an Inn;  Teaghlach Naofa, the Holy Family;  girseacha, young girls;  guinnín, a little gun;  sa bhundlaoi, in the eave of the house; creimthe, picked;  cálóga bána, white flakes (of snow)

 

Ar Sciatháin Túis Nua

Ar Sciatháin Túis Nua

“Cuir chugam iad, na daoine gan dídean, buailte le hanfaí,

Ardaím mo lampa in aice an dorais óir!”

  • Inscríbhinn ar Dhealbh na Saoirse, Nua Eabhrac.

Ba cheart dúinn go léir, go háirithe Uachtarán agus rialtas Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM), na focail thábhachtacha sin a choinneáil i gcónaí os ár gcomhair. Faoi láthair, áfach, tá neamhaird á tabhairt orthu ag an rialtas. Mar shampla, tá ICE (gníomhaireacht forfheidhmithe dlí imirce) agus an Garda Náisiúnta (fórsa míleata) ag cur drochbhail ar go leor daoine sa tír, saoránaigh san áireamh. Chonaiceamar go léir na taifeadtaí: léimeann fir i maisc amach as veain agus gabhann siad daoine ón tsráid, agus ní fheictear cuid acu arís mar go gcuirtear in ionad coinneála iad áit éigin. Caithfimid dul i ngleic leis an iompar sin gan stad, gan staonadh, agus ár mbunphrionsabail a athbhunú.

Léiríonn an scéal fíor agus stairiúil seo a leanas luachanna SAM mar a bhídís agus mar ba cheart a bheidís arís.

Buíochas le Nancy Kramer (Meiriceánach a bhfuil cónaí uirthi i Julian, San Diego, sna Stáit Aontaithe) as a scéal féin a roinnt linn. Is inspioráid agus eiseamláir í dúinn, mar is féidir linn freisin beart a dhéanamh de réir ár mbriathar. Seo an cheist dúinn a mhaireann i dtíortha daonlathacha: Cad is féidir liom a dhéanamh inniu a fheabhsóidh ár dtír agus a chinnteoidh cothrom na Féinne do gach duine atá ann faoi láthair, beag beann ar dhath a gcraicinn ná ar a gcreideamh.

Ar Sciatháin Túis Nua le Nancy Kramer

Mar aeróstach le Pan Am, chonaic mé paisinéirí de gach saghas — réaltaí Hollywood, bannaí ceoil cáiliúla, oifigigh rialtais — agus fiú cúpla ceiliúr pósta ar bord. Ach ba iad na heitiltí ab fhearr liom ná iad siúd inar thugamar ar bord grúpaí dídeanaithe ó Mhainile agus ó Bhancác.

Dúradh linn sna seisiúin eolais go mbeadh cúl an eitleáin líonta le dídeanaithe, rud a bhí eagraithe ag rialtas na Stát Aontaithe agus ag gníomhaireachtaí athlonnaithe cosúil leis an gCoiste Tarrthála Idirnáisiúnta (Béarla: International Rescue Committee (IRC)). Cuireadh in iúl dúinn go mbeadh paisinéirí ann gan ach cúpla focal Béarla acu, a dteastódh cúnamh uathu le rudaí bunúsacha cosúil le criosanna sábhála agus leithris.

De réir mar a d’osclaíodh doirse an bhus ag bun ár n-eitleáin de chuid Boeing 747, tháinig teaghlaigh amach agus iad dallta ag an ngrian, máithreacha le greamanna ar lámha beaga. Ní raibh an chuid is mó dóibh riamh ar aerárthach roimhe seo. Chonaic mé cailín beag agus í reoite ag bun staighre gorma Pan Am, eagla a craicinn uirthi roimh thorann na n-inneall, agus greim an fhir bháite aici ar bhríste a hathar.

Tháinig siad i ngrúpaí ciúine beaga, dídeanaithe ó oirdheisceart na hÁise, cuid acu le naíonáin ar a ndromanna in iompróirí éadaigh; cuid eile le súile folmha a léirigh uafáis nach bhféadfaimis a shamhlú. Bhí oibrithe deonacha ón IRC á dtreorú. Bhí málaí beaga canbháis ag gach teaghlach, málaí geala bána le litreacha gorma móra orthu: IRC. Bhí a giuirléidí beatha uilig laistigh de na málaí beaga sin.

Cuireadh éadaí a bhí oiriúnach do thaistil ar fáil do na teaghlaigh a bhí ag imeacht, le go mbeidís “curtha i láthair go deas” nuair a shroichfidís tíortha an Iarthair, mar bhí a fhios ag na gníomhaireachtaí go bhféadfadh an chéad imprisean tionchar a imirt ar an gcaoi a gcaithfí le dídeanaithe ina bpobail nua. Ba iad an IRC agus carthanais chreidmheacha a bhronn na héadaí seanfhaiseanta dóibh: léinte cnaipí agus brístí d’fhir; gúnaí nó blúsléinte cuibhiúla do mhná; seaicéid éadroma nó geansaithe don aimsir fhuar sna Stáit Aontaithe; bróga nó cuaráin athláimhe le stocaí.

Ar bord, chabhraíomar leo socrú síos i sraitheanna ar chúl an eitleáin. Bhí boladh éadrom de spíosraí anaithnide agus de dheatach adhmaid sa chábán, amhail is dá mbeadh an turas ó champaí na Téalainne fós leo. Chuala mé go leor acu ag rá go ciúin “Cảm ơn” nó “go raibh maith agat” agus mé ag taispeáint dóibh conas an crios sábhála a dhaingniú.

Le linn an éirí de thalamh, lig a lán paisinéirí osnaí astu nó chaoin siad go bog agus muid ag ardú. Bhí súile na leanaí leathoscailte idir iontas agus eagla. Do na daoine fásta, ba shiombail é torann an éirí de thalamh de dhóchas agus de chlabhsúr an-bhrónach. An bhfeicfidís a dtír, stollta ag coimheascar, riamh arís?

Nuair a bhíomar cothromaithe san aer, d’ullmhaíomar béilí ríse a raibh níos mó taithí acu orthu ná ar ár mbia san Iarthar. Dhoirteamar cupáin tae dóibh, agus chuir cuid acu a gcnapanna ime fillte isteach ann. Léigh mé go n-ólann muintir Neipeal tae le him geaca (Béarla: yak butter), agus ní raibh mé cinnte an raibh siad ar an eolas faoi sin nó an raibh mearbhall orthu faoin im.

Rinne máthair óg a raibh leanbh ina baclainn aici, comhartha gur theastaigh cabhair uaithi chun buidéal a théamh. Thug mé go dtí cócaireán an eitleáin é, agus nuair a d’fhill mé, lúb sí a ceann agus sruthán deora ar a leicne. Bhí siad chomh cúthail, chomh ciúin, thar a bheith béasach agus fíorbhuíoch. Thug mé bioráin bheaga sciatháin phlaisteacha de chuid Pan Am do na páistí — nóiméad gairid áthais ar a dturas scanrúil agus mothúchánach.

Bhí codladh corrach ar roinnt paisinéirí, ag preabadh ina ndúiseacht le gach tréimhse shuaiteachta, ach bhí daoine eile ina suí go docht agus ina dtost ar feadh uaireanta, ag coinneáil greim ar mhálaí na Croise Deirge ina nglúine amhail is gur seaicéid tarrthála iad. Roinneadh na málaí seo sna campaí dídeanaithe mar chuid den ullmhúchán taistil — le cáipéisí riachtanacha cosúil le foirmeacha I‑94, taifid leighis, páipéir urraíochta, agus le roinnt rudaí pearsanta cosúil le grianghraif, éadaí traidisiúnta, nó cuimhneachán teaghlaigh.

De réir mar a shroicheamar Los Angeles, d’éirigh an ghrian os cionn an Aigéin Chiúin agus bádh an cábán le dath an óir. Den chéad uair, chonaic mé meathgháirí agus chuala mé cogair sceitimíneacha. Shiúil na hoibrithe deonacha trí na pasáistí ag míniú cad a tharlódh san aerfort: fir agus mná ag fanacht chun fáilte a chur rompu, chun tithe a thabhairt dóibh, chun cabhrú leo tús úr a chur lena saolta.

Nuair a thuirlingíomar i Los Angeles (LAX), phléasc an t-eitleán le bualadh bos shéimh, scaipthe, i meascán d’fhaoiseamh agus d’iontas. Agus muid ag inleadh chuig an ngeata, d’amharc mé amach ar an tarmac, áit a raibh grúpa Meiriceánach ag fanacht le blaincéid, comharthaí agus ainmhithe stuáilte. Tharraing mé anáil dhomhain, ag iarraidh na deora a choimeád faoi cheilt.

Bhí grá agam don eitilt i gcónaí, mar go raibh sí in ann daoine agus áiteanna a cheangal le chéile. Ach ar na heitiltí sin, thuig mé go bhféadfadh aerárthach níos mó ná paisinéirí a iompar — d’fhéadfadh sé todhchaí iomlán a iompar.

 

Cothromaíocht Oibre agus Saoil – Bernie Clarke

Cothromaíocht Oibre agus Saoil – Bernie Clarke

Nóta don léitheoir: Ní fíor gach rud sa scéal seo. Mar shampla, b’fhéidir go raibh fadhb bheag le turgnamh ceimice uair nó dhó, ach sin an méid. Mar bhuachaillí sna déaga, bhíodh ár gcuid samhlaíochta ar shiúl sa chloigeann againn. Mar sin, tá gnéithe den scéal bunaithe ar ár dtuairimí shuibiachtúla in ionad ar na fíricí loma.

Bhí múinteoirí iontacha i gColáiste Chiaráin, agus bhí siad an-éagsúil óna chéile. Chuaigh gach duine acu i bhfeidhm orm ar bhealach éigin. Ba mhaith liom labhairt faoi mhúinteoir áirithe a léirigh an chothromaíocht idir an obair agus an saol pearsanta — Bernie Clarke.

Ba mhúinteoir óg é Bernie Clarke ag an am — b’fhéidir go raibh sé sna luath-tríochaidí. Fear réchúiseach, séimh, galánta ba ea é. Cé nárbh fhear ard é, tharraing sé aird in ainneoin sin. Bhí sé i gcónaí gléasta go néata, ag caitheamh seaicéad spóirt de shaghas éigin, go minic ceann le patrún seic air. Bhí a chuid gruaige chomh dubh le gual. Chomh maith leis sin, ní raibh roic ina éadan, mar ba dhuine socair é, nár éirigh buartha go héasca.

Cé go raibh go leor de na múinteoirí eile ag cur roinnt ama bhreise isteach ar chúrsaí scoile, ní dhearna Bernie a leithéid de ghnáth. In ainneoin sin, múinteoir an-mhaith a bhí ann — duine an-suáilceach. Ní raibh bagairt an strapa ina rang, agus níor úsáid sé pionós corpartha ná teanga ghéar orainn riamh. Bhaineamar leas as an eolas sin — ní rabhamar ró-mhúinte ina rang! Slua spleodrach a bhí ionainn, a dhaltaí, agus uaireanta bhí sé deacair a chloisteáil cad a bhí á rá ag Bernie sa rang. Rud eile a thaitin linn ná, murab ionann agus roinnt múinteoirí eile, ní thugadh Bernie aon obair bhaile dúinn ar chor ar bith. Bhíomar an-bhuíoch as sin, mar bhíodh an iomarca obair bhaile againn cheana féin. Bhíodh scoil ar siúl gach lá, ach amháin an Domhnach, ag an am sin — leathlá Dé Céadaoin agus Dé Sathairn. Agus bhíodh orainn staidéar a dhéanamh san oíche gach uile lá ar feadh timpeall dhá nó trí huaire. Ach bhímis gnóthach an t-am ar fad le hobair bhaile sna hábhair eile, agus bhí sé deacair dúinn gach rud a chríochnú in am.

Ceimic le Caor Thine

Mhúin Bernie ceimic dúinn, ábhar nach raibh ró-shuimiúil dúinn ar dtús. Ina ranganna bhímis ag gáire agus ag scigireacht, ag caitheamh liathróidí páipéir in aghaidh a chéile nuair nach raibh Bernie ag breathnú. Ó am go chéile, bhris ar an bhfoighne ar Bernie, agus d’ardaíodh sé a ghlór:

“Ah seo anois, a bhuachaillí, glacaigí go réidh ansin é!”

Bhímis ciúin ar feadh tamaillín big, ach roimh i bhfad thosódh an ruaille buaille arís.

Ach chloisfeá biorán ag titim aon uair a fuair Bernie triaileadán, nó próca, nó ceimiceáin. Bhí sé chun turgnamh ceimice a dhéanamh. Bhí a fhios ag madra an bhaile cad a tharlódh ansin. Theipeadh go tubaisteach ar gach turgnamh! Torthaí contúirteacha — pléasc, nó boladh aisteach, nó fiú caor thine! Ní fhéadfaimis guaim a choinneáil orainn féin; bhíodh sé chomh greannmhar sin. Ag an deireadh, ba é seo a bhíodh le rá ag Bernie:

“Ah bhuel, a bhuachaillí, sin an bunsmaoineamh, ar aon nós!”

Is maith is cuimhin liom an uair a rinne dalta amháin aithris ar Bernie. Ghoid an dalta gloine a raibh potaisiam inti. Chuaigh sé go dtí an leithreas, agus chaith sé píosa de isteach i mbabhla leithris. Bhí pléasc mhór, agus caitheadh suíochán an leithris suas san aer le neart na pléisce. Doirteadh gach a raibh sa bhabhla freisin. Tháinig an dalta bocht amach as an leithreas agus é in aimhréidh, agus bhí sé fliuch le huisce agus aon rud eile a bhí sa bhabhla. Chaill sé an éisteacht ar feadh tamaillín freisin. Ní raibh an coláiste ró-shásta, ach an oiread, agus ba bheag nár cuireadh amach as an scoil é mar gheall ar a mhí-iompar uafásach sin. Cuireadh an tsaotharlann cheimice faoi ghlas tar éis sin, agus níor tharla a leithéid riamh arís.

An Dá Thrá a Fhreastal

Seachas na turgnaimh cheimice, bhíodh ócáidí eile a tharraingíodh ár n-aird sa rang. Sna laethanta díreach roimh scrúduithe scoile, dhéanadh Bernie achoimre ar gach rud a mhúin sé dúinn sa téarma sin. Ach bhí a fhios ag an domhan agus a mháthair go dtabharfadh Bernie leideanna don rang faoi na ceisteanna a bheadh ar an bpáipéar scrúdaithe. Níor theastaigh uainn Bernie a ligean síos ach an oiread, agus mar sin chaithimis roinnt ama ag staidéar ár nótaí ó na ranganna deireanacha sa téarma. Níor ligeamar síos é, fiú uair amháin.

Maidir le paisean Bernie, bheadh ort dul amach ar an gcúrsa gailf chun é sin a fheiceáil. D’inis m’athair dom faoi Bernie, mar d’imir m’athair galf freisin, ar an gcúrsa céanna. Dúirt sé liom go raibh cis ar Bernie thart ar a cúig.

“Níl cis mar sin ach ag na hamaitéaraigh is fearr sa spórt,” arsa m’athair.

Thuig mé ansin cén paisean a bhí ag Bernie — an galf. Bhíodh sé amuigh ar an gcúrsa gach seans a bhí aige, ag cur feabhais ar a chuid scileanna, bail ó Dhia air.

D’fhoghlaim mé go leor ó Bernie chomh maith leis an gceimic. D’fhoghlaim mé go bhfaigheann tú na torthaí atá uait nuair a dhíríonn tú d’aird agus d’fhuinneamh ar do phaisean, agus bíonn saol níos fiúntaí agus níos sásúla agat dá bharr. Ní hé sin le rá nach ndéanann tú aon rud eile — cinnte dearfach, déanann tú. Bíonn tú in ann rudaí eile a dhéanamh go hiontach freisin nuair a chuireann tú an struchtúr ceart i bhfeidhm.

Sin go díreach an rud a rinne Bernie. Bhí a fhios aige gurbh é an fíor-phaisean a bhí aige ná an galf. Mar mhúinteoir, bhí sé in ann a bheith ar an gcúrsa gach lá sna laethanta saoire, go háirithe sa samhradh. Tháinig a phaisean agus a ghairm bheatha le chéile go hiontach dó, agus bhí sé in ann an dá thrá sin a fhreastal.

Táim cinnte go ndeachaigh Bernie ar scor ón múineadh blianta fada ó shin. Chuirfinn geall, áfach, go bhfuil sé fós ag imirt gailf!

Litir ó Mheiriceá – Tugadh drochíde ar chónaitheoir fadtéarmach sna Stáit Aontaithe!

Turas Siúlóra – Ó Bhriseadh go Biseach

Turas Siúlóra – Ó Bhriseadh go Biseach

Ba thubaiste torthaí na X-ghathanna — cnámh na lorga (tibia) briste, díreach ag an bpointe ina gceanglaíonn sí leis an rúitín. Bhí mé den tuairim go raibh rud éigin ní ba thromchúisí ná cos leonta i gceist, mar bhí pian ghéar i mo chos, go háirithe san oíche. Ach bhí mé ag séanadh na fírinne, a bhí ag stánadh orm anois.

Ag Glacadh leis an bhFírinne

De ghnáth tagann biseach ar rúitín casta i gceann sé go hocht seachtaine, ach tógann briseadh beagnach an dá oiread sin — suas le ceithre mhí. Ó, a Dhiabhail!

Ciallaíonn an bhuatais leighis ar mo chos nach mbeidh mé ag siúl ná ag tiomáint go dtí go bhfaighidh mé cead ón dochtúir — rud a chuireann teorainn throm orm ar feadh tamaill fhada. Mothaím cosúil le duine a bhfuil tréimhse phríosúnachta gearrtha air. Ceithre mhí!” arsa an breitheamh, agus casúr á bhualadh aige ar an mbord.

Cuireann radharc na buataise i gcuimhne dom mo laethanta scoile i gColáiste Chiaráin, áit a mbíodh imreoirí iománaíochta gortaithe ó am go ham, agus plástar Pháras á chaitheamh acú a bhíodh clúdaithe le graifítí. Bhí gortú mar chuid nádúrtha den saol spóirt sin. Ach níor imir mé iománaíocht ar fhoireann riamh, agus mar sin ní raibh mé gortaithe riamh — go dtí seo.

Tá an leigheas nua-aimseartha imithe i bhfad chun cinn. In ionad phlástair Pháras, tá buatais leighis agam atá i bhfad níos éasca a chaitheamh. Murab ionann agus plástar, is féidir an bhuatais a bhaint díom sa leaba.

Tá maidí croise éadroma alúmanaim agam agus scútar glúine beag freisin — uirlisí riachtanacha chun meáchan a choimeád ón gcos go dtí go mbeidh an chnámh cneasaithe ar ais le chéile.

Talamh Neamhchoitianta

Níor bhris mé cnámh riamh roimhe seo, mar sin is talamh nua iomlán an próiseas seo dom. Seachas an imní faoi staid an ghortaithe féin, bhí mé buartha nach mbeinn in ann aon aclaíocht a dhéanamh ar feadh tamaill.

Ní dheachaigh an íoróin amú orm ach an oiread. Bhí sé beartaithe agam lá sosa a ghlacadh ar lá an timpiste. Ach nuair a bhí mé gar do shliabh beag, ní fhéadfainn gan dul suas air ar an toirt. Siúlóid éasca a bhí i gceist — ní raibh sé cosúil le go leor siúlóidí eile a rinne mé: siúlóidí trasna an Chainneoin Mhóir agus sna Piréiní, sna hAlpa agus sna Himiléithe, mar shampla. Is cúis náire dom gur ar chosán beag áitiúil a tharla an timpiste seo — ach, ar shlí eile, b’fhéidir gur rud maith é freisin, mar d’éirigh liom teacht anuas go dtí mo charr, cé go raibh mé ag siúl go bacach.

Breithiúnas an Leighis

Thug an coslia scéal idir mhaith agus olc dom. Ar an dea-uair, níor bhog an blúire cnáimhe agus bhí sé i dteagmháil le cnámh na lorga fós. Mar sin, ní raibh gá le máinliacht. Ach ní bheinn in ann aon mheáchan a chur ar an gcos gortaithe ar feadh míosa ar a laghad. Má leanaim a threoracha go cúramach, áfach, beidh mé ar ais ar mo sheanléim faoi dheireadh — in ann gach rud a dhéanamh chomh maith agus a bhí mé roimh an timpiste. Bainfidh mé an cuspóir sin amach, ionas go mbeinn in ann a bheith sna sléibhte arís roimh i bhfad.

Tuairimí Éagsúla

Tá tuairimí éagsúla ag daoine maidir le cad a tharla dom. Mar shampla, chas mo bhean chéile agus mise le cara le haghaidh an lóin le déanaí, agus mise ag caitheamh buataise agus ag siúl le maidí croise.

Dúirt sí liom go gcuirfeadh timpiste mar sin “ceann faoi” ar dhuine. Dúirt sí freisin gur inis sí dá cairde fúm, agus go ndúirt siad: “Thit Mick? Mick? Conas a d’fhéadfadh Mick titim?” Sin iad na smaointe a d’fhan liom, greamaithe i gcúl m’intinne.

Níor tháinig ceann faoi orm maidir leis an timpiste, ar chor ar bith. Ach bhí aithreachas orm faoi cad a tharla, mar thug mé léim an chait sa ghríosach, agus mar sin ní raibh mé ullmhaithe i gceart don tsiúlóid.

Is léir ón abairt “ní fhéadfadh Mick titim” go raibh tuairimí míréasúnta ag na daoine a dúirt an méid sin. Cá bhfuair siad tuairim mar sin? – ní uaimse! Ar aon nós, is féidir le haon duine a bheith gortaithe, is cuma cén méid taithí atá acu. Is duine ar leith é an lúthchleasaí nach mbíonn riamh gortaithe. Dála an scéil, thit mé go minic ar chosáin thar na blianta; is é an difríocht an uair seo ná go bhfuil na hiarmhairtí níos troime agus níos soiléire do dhaoine eile.

Ní bhíonn néal gan ghealán

Den chéad uair, beidh mé ag maireachtáil le míchumas. Cé go bhfuil an t-ádh dearg orm go mbeidh biseach iomlán orm, tabharfaidh an míchumas seo peirspictíocht luachmhar dom.

Beidh cur chuige solúbtha agam, agus mé díchumasaithe ar feadh seala i ndiaidh na timpiste. Tá mé meáite ar mo sheacht ndícheall a dhéanamh gan aon am a chur amú. Beidh mé gnóthach idir níos mó léitheoireachta agus scríbhneoireachta i nGaeilge agus i mBéarla. Beidh mé in ann níos mó ama a chaitheamh ag foghlaim conas an giotár a sheinm. Beidh níos mó ama agam sosanna a ghlacadh agus machnamh a dhéanamh. Ach chomh maith leis sin, beidh saol nua — saol difriúil — agam, mar dhuine faoi mhíchumas. Beidh go leor le foghlaim agam faoin saol sin, agus roinnfidh mé na ceachtanna sin leat de réir a chéile.

Agus nuair a fhillfidh mé faoi dheireadh ar an gcosán arís le fuinneamh nua, tá súil agam nach iad mo chnámha amháin a bheidh níos láidre — ach mo spiorad féin freisin.

 

Litir ó Mheiriceá – Tugadh drochíde ar chónaitheoir fadtéarmach sna Stáit Aontaithe!

Mícheál Ó Duibhir, Fíor-Fhear na hAthbheochana

Mícheál Ó Duibhir, Fíor-Fhear na hAthbheochana

Bhí mé an-sásta a bheith i mo scoláire ag freastal ar Choláiste Chiaráin i gCill Chainnigh. Mar pháiste, bhí fiosracht nádúrtha agam faoin domhan agus faoi na réaltaí thuas sa spéir. Ón nóiméad a d’oscail mé leabhar faoi phláinéid, réaltaí agus réaltraí, bhí mé ar fad faoi gheasa. I m’intinn óg, ba dhraoithe iad Newton, Galileo, Descartes agus Einstein agus a leithéid, a bhí tar éis tuiscint a fháil faoi phrionsabail agus dlíthe na fisice. Dar liomsa, saghas draíochta a bhí i gceist, mar bhí fisiceoirí mór le rá in ann intinn Dé féin a léamh agus bunphrionsabail an nádúir a nochtadh. Ní haon ionadh é, nuair a d’fhreastail mé ar mo chéad ranganna sa Choláiste, go raibh ríméad an tsaoil orm nuair a fuair mé amach go raibh an fhisic agus an cheimic mar ábhair ar an gcuraclam.

Cé go raibh beagnach gach múinteoir sa scoil thar barr, le heolas agus grá domhain dá n-ábhair acu, sheas múinteoir amháin amach mar an té a d’oscail doirse na bhféidearthachtaí dom — agus ba é sin ár múinteoir fisice, an tUasal Micheál Ó Duibhir.

Thosaigh sé ag múineadh i gColáiste Naomh Ciarán i 1967 tar éis dó deich mbliana a chaitheamh ag múineadh i nDún Pádraig, Contae an Dúin. Chaith sé tríocha a ceathair bliain san iomlán ag obair i gColáiste Chiaráin — tréimhse fhada a chuaigh i bhfeidhm ar ghlúnta a scoláirí. Agus mé i mo dhéagóir, ardsagart ag altóir na heolaíochta ba é Micheál.

Máistircheardaí

Fear measartha íseal, láidir ba ea an tUasal Ó Duibhir, le fuinneamh bríomhar agus greann géar spraíúil. Murab ionann agus cuid mhaith de mhúinteoirí na linne, níor bhain sé úsáid riamh as pionós corpartha. Chruthaigh sé spás sábháilte dúinn inar bhraith muid saoirse intleachtúil. Ní hé sin le rá nach raibh sé in ann smacht a choinneáil orainn — bhí, gan amhras. D’úsáid sé idir ghreann agus scigaithris orainn nuair ba ghá.

Is cuimhin liom uair amháin nuair a bhí mé ag caint agus ag gáire gan srian ina rang agus é féin ag iarraidh muid a mhúineadh. D’fhéach sé orm, súil ghéar dáiríre air, agus dúirt sé liom, ag fuaimniú gach siolla go mall agus go soiléir:

“Anois, a Mhichíl, díreach toisc gur leas-phríomhoide é d’athair…”

Ba leor an leath abairt. Bhris gach buachaill amach ag gáire; dhearg mé le náire. As sin amach, bhí mé chomh ciúin le taibhse sa tsaotharlann fhisice.

Bhí cur chuige modheolaíoch ag Micheál a bhí thar a bheith éifeachtach agus suimiúil. Ba thuras iomlán eolais gach ceacht — ó chúlra staire go díorthú teoiriciúil, agus ar deireadh go cruthúnas eimpíreach.

Nuair a mhúin sé ceacht dúinn ar an bhfad fócasach i lionsa, níor thosaigh sé le cothromóidí, ach le scéal na n-eolaithe a mhúnlaigh ár dtuiscint: Kepler, Huygens, Newton, Descartes agus Gauss. Chuir sé ina luí orainn go raibh muid ag glacadh le hoidhreacht intleachtúil aoibhinn. Ansin tharraing sé léaráid ghlan ar an gclár, ag taispeáint conas a lúbann gathanna comhthreomhara solais trí lionsa agus a dtagann siad le chéile, agus dhíorthaigh sé foirmle an lionsa thanaí don fhad fócasach.

Ba chosúil le breathnú ar cheardaí oilte ag a bhinse a bheith ag féachaint ar Mhicheál ag obair — beacht, foighneach, lángafa lena ábhar.

An Modh Eolaíoch

Níor fhág sé riamh an teoiric mar rud teibí. I gcás an fhaid fhócasaigh, roinn Micheál muid inár mbeirteanna, le lionsa, réad agus scáileán ag gach foireann. Ár dtasc: tomhais, taifead, ríomh; ansin déan tástáil ar chomhoiriúnacht an toraidh leis an bhfoirmle.

Sa tslí sin, ní ceacht ar optaic amháin a bhí i gceist, ach ceacht freisin ar an modh eolaíoch féin: hipitéisí a fhoirmiú, iad a thástáil go dian, agus conclúidí a bhaint as fianaise inláimhsithe. Mhúin sé dúinn gur tábhachtach a bheith in ann obair as lámh a chéile freisin.

Chuaigh na ceachtanna sin i bhfad thar an bhfisic, mar mhúin siad scileanna eile dúinn freisin – cur chuige eolaíoch ar aon tasc, agus comhoibriú i bhfoireann.

Ag breathnú siar, is féidir liom a rá le muinín gur chuidigh an tUasal Ó Duibhir le mo chosán a mhúnlú. Las sé spréacha na fiosrachta ionam – ní trí insint, ach trí thaispeáint conas a oibríonn prionsabail na fisice.

Chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm, gan dabht ar bith, ag uair chinniúnach i mo shaol. Ní haon timpiste é go ndearna mé staidéar ar an bhFisic i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath (UCD), agus ansin ar an Innealtóireacht Leictreach, agus ar deireadh bhain mé amach máistreacht in Innealtóireacht Leictreach agus Ríomhaireachta in Ollscoil California, San Diego.

Chaith mé formhór mo ghairm i dtaighde agus forbairt i réimse na gcumarsáidí gan sreang. Rianaíonn mo ghairm bheatha féin a bhfréamhacha siar go dtí na ceachtanna bunúsacha sin sa tsaotharlann fhisice agus ár múinteoir, Micheál Ó Duibhir.

Eolaí agus Staraí

Blianta fada ina dhiaidh sin, bhuail mé le Mícheál Ó Duibhir arís. Faoin am sin, bhí mise níos gaire do dheireadh mo shaoil oibre ná a thús. D’inis mé dó go soiléir an méid a bhí déanta aige dom agus an tionchar mór a bhí aige orm. Bhí sé séimh agus umhal, ach chonaic mé buíochas ciúin ina shúile.

Le linn na cuairte sin, nocht sé a dhara paisean: staraí áitiúil cumasach ba ea é. Le linn a shaoil ar scor, chuaigh sé i mbun scríbhneoireachta faoi stair Chill Chainnigh, ag nochtadh gnéithe nach raibh mórán clú orthu.

I measc a shaothar bhí The History of Cricket in County Kilkenny: The Forgotten Game, leabhar a thug léargas spéisiúil ar fhorbairt an CLG. Scrúdaigh sé an aicme uachtarach i gCill Chainnigh agus scríobh sé faoin áit ar tógadh é féin. Bhí lúcháir orm a fháil amach gurbh é an múinteoir a léirigh dom áilleacht an tsolais agus na gluaiseachta a bhí anois ag soilsiú coirnéil i bhfolach dár n-oidhreacht chultúrtha.

Fíor-Fhear na hAthbheochana

Chuir scéala bháis Mhichíl brón mór orm – chuaigh sé ar shlí na fírinne i mí Feabhra 2025. Cuireann na focail sin slí na fírinne Micheál in iúl dom, mar mhúin sé dúinn ina rang cad í an fhírinne san eolaíocht agus cén tslí an fhírinne sin a chruthú.

Tá a íomhá beo bríomhar i m’intinn chomh cruinn, beacht agus a lá a tharla sé: é ag barr an ranga sa tsaotharlann fhisice, cailc ina lámh aige, agus an leamhgháire cineálta sin ar a bhéal roimh na focail nach bhféadfá dearmad a dhéanamh orthu –

“Anois, a Mhichíl…”

Táim fíorbhuíoch gur tugadh an deis dom mo bhuíochas a ghabhail dó faoina raibh déanta aige domsa agus faoin tionchar dearfach, leanúnach a bhí aige orm.

Ag machnamh ar a shaol, tuigim go maith gur beag múinteoir mar é atá ann. Léiríonn 44 bliain ag múineadh cé chomh díograiseach agus a bhí Micheál. Chreid sé go láidir i gcumhacht an oideachais saol a scoláirí — agus fiú an tsochaí féin — a athrú go dearfach.

D’fhoghlaim mé fisic gan stró ina rang, ach d’fhoghlaim mé rud eile freisin, rud níos bunúsaí: smaointeoireacht loighciúil agus praiticiúil. Sin rud a bhíonn úsáideach dom i ngach gné de mo shaol. Fiú anois, agus mé ag scríobh, mothaím macallaí na gceachtanna sin: a ghuth i mo chluas ag tabhairt moltaí dom —

“Bí cruinn agus beacht. Bí ag smaoineamh go soiléir, go loighciúil, agus tabhair faoi gach fadhb le fiosracht agus le meas ar an bhfírinne.”

Mar a dúirt Máirtín Ó Néill i bhfógra báis sa Record 2025 (St Kieran’s College), ba é Mícheál Ó Duibhir “fear Chiaráin le go leor tréithe — eolaí agus staraí, fíor-fhear na hAthbheochana.”

Is annamh a bhaineann múinteoirí amach na ceannlínte, ach athraíonn siad an domhan go ciúin, go domhain — intinn i ndiaidh intinne, glúin i ndiaidh glúine. Sheas Micheál mar shampla den mhúinteoir foirfe — mar réalta eolais dom féin i gcónaí. Ní dhéanfaidh mé dearmad air go deo na ndeor.

 

Litir ó Mheiriceá – Tugadh drochíde ar chónaitheoir fadtéarmach sna Stáit Aontaithe!

gaGaeilge