Tá Jim Morrison tar éis aghaidh thuaidh Everest a dhreapadh. Lean na ceamaraí é féin agus Jimmy Chin suas an sliabh. Faoi bhun Jim tá fána ghéar sneachta, oighir agus carraige, le titim tuairim is 9,000 troigh ón mbarr go dtí an bun.

Ansin sciálann sé síos.

Ar chuid mhór den bhealach seo, dá dtitfeadh sé, ní bheadh aon seans aige é féin a stopadh. An “no-fall zone” a thugann siad air. Nuair a thagann sé ar charraig lom, caithfidh sé na scíonna a bhaint de agus é féin a ísliú le rópa sula leanann sé ar aghaidh.

Fiú agus mé slán sábháilte sa phictiúrlann, bhí mé ar imeall mo shuíocháin, ar eagla go sleamhnódh scí uaidh.

Ach éiríonn le Jim. Is é an chéad turas sciála síos an bealach seo riamh buaicphointe Everest: The Other Side, faoi stiúir Jimmy Chin agus Elizabeth Chai Vasarhelyi.

Fuair a bhean chéile agus a mbeirt pháistí óga bás i dtimpiste eitleáin i 2011. Cuireann sé síos ar an mbrón agus ar an rud beag a chuidigh leis tosú ag teacht chuige féin: áilleacht an dúlra a thabhairt faoi deara tríd an bhfuinneog.

Ceithre bliana tar éis na tragóide, bhuail sé le Hilaree Nelson agus thit sé i ngrá léi. Sléibhteoir agus sciálaí ab ea í. Bhí an dúil chéanna acu i sléibhte móra a dhreapadh agus ansin a sciáil anuas. Sna píosaí scannáin teaghlaigh, feicimid iad le beirt mhac Hilaree. Bheartaigh siad Everest a dhreapadh agus a sciáil anuas ón mbarr.

Míníonn Hilaree cad a mheallann chun na sléibhte í. Go hard sna sléibhte, dar léi, éiríonn an teorainn idir an saol fisiciúil agus an saol spioradálta níos tanaí. “Is beag nach féidir leat do lámh a shíneadh tríd go dtí an taobh eile.”

Ach ansin, i 2022, fuair Hilaree bás ar thuras traenála ar Manaslu i Neipeal.

Feictear an nóiméad sa scannán. Imíonn leac shneachta faoina cosa. Scuabtar chun siúil í.

Thóg sé tamall beag dom a thuiscint cad a bhí feicthe agam. D’fhiafraigh mé díom féin cén chaoi ar shocraigh siad na híomhánna sin a thaispeáint. Teastaíonn misneach de chineál eile ó Jim chun an nóiméad sin agus an méid a leanann é a roinnt linn. Fanann na ceamaraí leis agus é ag dul i ngleic leis an gcaillteanas sin.

In agallamh ar leith, cuireann Jim síos ar a bheith thuas go hard ar Everest. Bhraith sé a pháistí nach maireann taobh leis, ag gáire agus á spreagadh. Bhraith sé Hilaree ina theannta freisin agus é ag dreapadh aghaidh thuaidh Everest.

Tá sé ag iarraidh an tionscadal a bheartaigh sé féin agus Hilaree le chéile a chur i gcrích, in ómós di.

Téann Chin leis mar chomhpháirtí dreapadóireachta an uair seo, agus é ag tabhairt aghaidh ar na contúirtí céanna atá á scannánú aige. Iompraíonn muintir Sherpa na soláthairtí, daingníonn siad na rópaí agus cuireann siad an turas ar chumas na foirne.

Tugann an eagarthóireacht an saol sa bhaile agus an saol ar an sliabh le chéile. Nuair a fheicimid Jim ar Everest, tá an saol sin agus an méid atá caillte aige inár n-intinn. Bhí mé ag iarraidh go n-éireodh leis, ach thar aon rud eile, go dtiocfadh sé abhaile.

Feicim an grá atá taobh thiar de dhiongbháilteacht Jim. Feicim leithleachas freisin sna rioscaí a ghlacann sé, a d’fhéadfadh a theaghlach agus a chairde a fhágáil ina dhiaidh. Is cúis imní dóibh Jim a bheith imithe ar thuras dúshlánach sna sléibhte. Tuigim mealladh an dúshláin sin dó, ach ní hionann sin agus a rá gurbh fhiú an baol atá ag baint leis a ghlacadh.

Chuir sé The Summit, scannán faisnéise Nick Ryan, i gcuimhne dom. Insítear scéal Ger McDonnell, an sléibhteoir as Luimneach a fuair bás ar K2. Stop McDonnell agus é ag teacht anuas chun cabhrú le dreapadóirí eile a bhí sáinnithe ina gcuid rópaí.

Cuireann an dá scannán an cheist chéanna orm: cén fhreagracht atá ar an dreapadóir i leith daoine eile? I scéal Jim, smaoiním ar an teaghlach atá ag fanacht sa bhaile. I scéal McDonnell, tá daoine sáinnithe os a chomhair ar an sliabh agus seans aige cabhrú leo.

Ní scannán meidhreach é seo. Ach is scéal fíordhaonna é faoin ngrá, faoin gcaillteanas agus faoin sracadh le maireachtáil.

Is i bhfad ó na sléibhte a tharlaíonn ceann de na radhairc is mó a d’fhan liom. Tá Vasarhelyi ina suí le Chin ag bord an tseomra bia. Iarrann sí air na daoine a d’ith ag an mbord sin agus a fuair bás ó shin a chomhaireamh.

“B’fhéidir go dtógfadh sé tamall,” a deir sé tar éis sos gairid.

Tosaíonn siad ag lua ainmneacha.

Tá Everest: The Other Side ar cheann de na scannáin fhaisnéise is fearr dá bhfaca mé riamh.

gaGaeilge