Is comhtharlúint é go raibh colún agam le déanaí dar teideal ‘Saint gan Staonadh’, ag plé ar mhí-úsáid chumhachta i réimsí éagsúla réimse na polaitíochta san áireamh. Léigh mé nuacht le déanaí a chuir idir iontas agus déistin orm – bhí ceannaire an DUP, Sir Jeffrey Donaldson, éirithe as a phost, agus é cúisithe as líomhaintí gnéis ‘stairiúla’. An chéad smaoineamh a bhí agam ná ‘dochreidte’! Ach ansin, tháinig ábhar mo cholún ar ais dom, agus ansin cheap mé go mb’fhéidir nach raibh sé chomh dochreidte sin tar éis an tsaoil. Tarlaíonn rudaí cosúil leis sin go minic sna Stáit Aontaithe, agus de ghnáth, tar éis do pholaiteoirí na cúisimh a shéanadh, faoi dheireadh ciontaítear iad den chuid is mó. Cé nach bhfuil cuma rómhaith ar chás Jeffrey Donaldson, fágaimis don chúirt obair amach an ciontach é. Beag beann ar sin, beidh ar pholaiteoirí sa Tuaisceart dul i ngleic le tírdhreach nua polaitíochta gan mhoill, agus b’fhéidir fís nua a chumadh sa phróiseas sin. Beidh cobhsaíocht pholaitíochta idir dhá cheann na meá, agus deacair go leor anois a thuaradh céard a tharlóidh. San idirlinn, cé hé Jeffrey Donaldson, agus cad iad na himpleachtaí ag baint le ceannaireacht nua an DUP?

Jeffrey Donaldson

I 1968, mar urlabhraí an bhinse tosaigh i Rialtas na Breataine, thug Enoch Powell óráid chonspóideach faoi ‘Aibhneacha Fola’, ag gríosú a lucht leanúna chun fuatha in aghaidh daoine de chine daite. De dheasca a óráide, tugadh bata is bóthar dó mar urlabhraí, ach d’fhan sé mar bhall den Pháirtí Coimeádach, nach raibh fáilte roimhe, go dtí 1974. I mí Dheireadh Fómhair 1974, fuair Powell dídean sa Pháirtí Aontachtach Uladh (UUP) agus na dílseoirí ag cur síos air mar fháidh agus ansin toghadh é mar MP sa Dún Theas. Dúirt Powell in óráid amháin go dteipeann gach gairmréim pholaitiúil sa deireadh – rud a bhí ar eolas go maith aige féin.

Maraíodh col ceathrar Jeffrey, Samuel Donaldson, i bpléasc de chuid an IRA i 1970, nuair a bhí ag obair don Chonstáblacht Ríoga Uladh (RUC). Spreag sé sin Jeffrey Donaldson chun saoil pholaitiúil.

Chuir Jeffrey Donaldson tús lena ghairmréim pholaitiúil féin timpeall 40 bliain ó shin mar ghníomhaire toghlaigh do Enoch Powell ó 1983 go 1985. I 1985, thosaigh sé ag obair mar chúntóir pearsanta d’iarcheannaire Pháirtí Aontachtach Uladh James Molyneaux.

I 1997, nuair a d‘éirigh an tUasal Molyneaux as a phost, d’éirigh le Jeffrey Donaldson suíochán i nGleann an Lagáin a ghlacadh. I 2003, i measc a fhreasúra in aghaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta agus ceannaireacht David Trimble, d’fhág sé an UUP agus chláraigh sé leis an DUP in éineacht le hArlene Foster. Ceapadh é mar cheannaire an DUP i 2021, tar éis do Edwin Poots éirí as an bpost gan ach trí seachtaine aige sa ról.

Mar cheannaire an DUP, rinne Jeffrey Donaldson baghcat dhá bhliain ar institiúidí polaitiúla Thuaisceart Éireann i Stormont, mar agóid faoi shocruithe trádála iar-Brexit. Tar éis idirbheartaíochtaí fada, d’aontaigh an DUP filleadh ar Stormont i mí Feabhra, 2024, tar éis comhaontú nua a fháil agus sraith dearbhuithe maidir le seasamh bunreachtúil Thuaisceart Éireann laistigh den Riocht Aontaithe. Tharla na líomhaintí tromchúiseacha do Jeffrey Donaldson agus é i mbarr a réime. Maidir lena bhí le rá ag a mheantóir, Enoch Powell go dteipeann gach gairmréim pholaitiúil sa deireadh is cosúil go dtiocfaidh an tuar faoin tairngreacht i gcás Jeffrey Donaldson.

Cad a dhéanfar anois?

Nuair a tháinig na líomhaintí chun solais, chuir oifigigh pháirtí an DUP Jeffrey Donaldson ar fionraí ón bpáirtí agus ceapadh an leascheannaire Gavin Robinson d’aon ghuth mar cheannaire eatramhach. Is é an tUasal Robinson an MP do Bhéal Feirste Thoir agus rinneadh leascheannaire an DUP de i mí an Mheithimh 2023. Is iar-Ardmhéara Bhéal Feirste é agus toghadh don pharlaimint den chéad uair é in 2015. Tá a sheasamh polaitiúil beagnach mar an gcéanna le seasamh Jeffrey Donaldson, agus reáchtáil sé feachtas rathúil ceannaireachta dó i 2021.

Dar le Sinn Féin agus an DUP, níl aon riosca do chobhsaíocht pholaitíochta an Tuaiscirt. nach gcreidim go bhfuil sé sin fíor, tuigim gurb é sin an rud is fearr dóibh a rá. an t-éiceachóras pholaitiúil leochaileach anois, agus éasca a bhriseadh. Níl an dúch tirim fós ar chinneadh Jeffrey Donaldson stad a chur le baghcat Stormont, cinneadh nach raibh tacú láidir aige sa DUP. Seans maith go dtapódh iad atá in aghaidh na cinniúna sin an deis é a athoscailt agus céim ar gcúl a thabhairt. Ar an taobh eile den argóint, tá brú mór ar an DUP gan dul ar ais go córas mífheidhmiúil sa Tuaisceart, córas ina mbíonn gach duine thíos leis, a lucht leanúna san áireamh.

Bímis go léir ag súil go mbeidh ciall agus guaim bheag ag gach páirtí polaitiúil sa Tuaisceart agus go háirithe ag an DUP in uair na cinniúna seo, agus sa tslí sin go bhfanfaidh an tsíocháin i réim. Mar is eol dúinn go léir, ní féidir linn go deo talamh slán a dhéanamh den staid pholaitiúil, go háirithe sa Tuaisceart!

.

gaGaeilge