Fadó, fadó sa Chlochaois, i ré órga rac-cheoil, nuair a bhí na sárghiotáraíthe i mbarr a réime, is iomaí laoch fordhaonna a bhí ann. Ní féidir iad go léir a lua, ach ina measc bhí: Jimi Hendrix, Stevie Ray Vaughan, Eddie Van Halen, Eric Clapton, Jimi Page, Rory Gallagher, Eric Bell, Gary Moore agus Johnny Fean. Bhí giotáraí eile darb ainm Peter Frampton, arb as Sasana é, ag déanamh go maith freisin suas go dtí lár na seachtóidí, ach ní raibh an cháil idirnáisiúnta bainte amach aige fós. D’athraigh gach rud dó sa bhliain 1975. Ach tá mé rud beag chun tosaigh orm féin.

Laethanta Luatha

D’fhreastail Peter Frampton ar an meánscoil chéanna le David Bowie, agus Bowie trí bliana níos sine ná é. Bhí bannaí ceoil ag an mbeirt acu, agus go minic sheinnidís le chéile idir na ranganna. Sa bhliain 1966 ag aois 16, thosaigh Frampton mar ghiotáraí agus amhránaí don bhanna ‘The Herd’, agus bhain trí dá gcuid amhrán na cairteacha amach sa Ríocht Aontaithe. Sa bhliain 1969, d’fhág sé ‘The Herd’ agus chuaigh sé isteach i mbanna eile darb ainm ‘Humble Pie’. Tar éis cúpla bliain agus ceithre albam, d’fhág sé an banna sin chun dul amach as féin.

Frampton Comes Alive!

Is beag rath a bhí ar a chéad iarrachtaí, leis na halbaim ‘Wind of Change’, Frampton’s Camel’ agus Somethin’s Happening’. Chuaigh a chéad albam eile, ‘’Frampton’, eisithe i 1975, suas na cairteacha go dtí uimhir a 32. I mí an Mheithimh 1975, rinne Frampton ceolchoirm ag an ‘Winterland Arena’ i San Fransisco, agus rinneadh taifeadadh de. Ba é sin bonn ceart faoin albam dúbailte ‘Frampton Comes Alive’, eisithe i 1976. Bhí an t-albam sin sna cairteacha ‘Billboard 200’ ar feadh dhá bhliain, agus as sin chaith sé deich seachtaine ag barr na gcairteacha. Rinne trí amhrán ón albam go han-mhaith mar shingilí freisin – Show Me the Way’, ‘Baby, I Love Your Way’ and ‘Do You Feel Like We Do’.

D’eisigh Frampton a chéad albam eile ‘I’m in You’ sa bhliain 1977, agus cé go ndearna sé maith go leor, ní raibh sé ar chomhchéim le ‘Frampton Comes Alive’. Díreach dhá bhliain tar éis eisiúint a albaim ‘Frampton Comes Alive’, gortaíodh go dona é i dtimpiste ghluaisteáin. Ina dhiaidh sin, bhí sé ag streachailt le mí-úsáid drugaí. Cé gur lean Frampton ar aghaidh ag seinm ceoil suas go dtí an lá atá inniu ann, bhí a ré thart agus chuaigh sé i ndearmad de réir a chéile.

Aiséirí

Nuair a chuala mé le déanaí go mbeadh ceolchoirm ag Frampton i San Diego, cheannaigh mé cúpla ticéad ar an toirt. Cé gur chuimhin liom go maith ‘Frampton Comes Alive’, cosúil le beagnach gach duine eile ar chomhaois liom, ní raibh cliú ar bith agam cad a tharla dó san idirlinn. Ansin, léigh mo bhean chéile alt faoi Frampton sa nuachtán áitiúil. Diagnóisíodh go raibh galar meathlúcháin neamhchoitianta air i 2019, a lagódh na matáin ina lámha diaidh ar ndiaidh. Cé go samhlófá go mbeadh sé sin mar an gcéanna le breith bháis do Frampton, ní bheadh an ceart agat. Dhiúltaigh sé scun scan géilleadh don ghalar sin, agus beagnach mar ghníomh dúshlánach, d’fhógair sé roinnt dát úra dá chamchuairt dhomhanda. Bhí air athruithe a dhéanamh maidir leis an tslí ar úsáid sé a mhéara mar ní raibh siad chomh láidir agus a bhídís, agus bhí air cuid mhaith cleachtaidh a dhéanamh freisin. Tar éis dó an turas sin a chríochnú, d’eagair sé turas eile – ‘Never Ever Say Never Tour’, mar bhí a mhéara maith go leor fós.

Ceolchoirm

Bhí suíocháin iontacha ag mo bhean chéile agus mé féin ag an ‘Rady Shell’ i San Diego. Thosaigh an cheolchoirm ag 7:30 p.m. agus níos stad an ceol go dtí beagnach 10 p.m. Bhí gach ball den bhanna ceoil ina suí, mar bhí ar Frampton a bheith ina shuí de bharr an ghalair. Ach nuair a chuamar i dtaithí ar sin, rinneamar dearmad air gan mhoill – bhí an ceol chomh maith sin. Chasadar na hamhráin mhóra go léir, agus bhí siad thar barr. Tá glór iontach ag Frampton fós, mar ní dhearna an galar aon damáiste dá ghlór. Tháinig a mhac, Julian Frampton, ar an stáitse le ‘Rebel Rebel’, amhrán cáiliúil David Bowie, a chanadh, agus bhí sé thar barr mar amhránaí. Mhol sé a athair ag rá gur fear spreagúil agus trodaí misniúil is ea é, a bhfuil sé an-bhródúil as. Aontaím go huile agus go hiomlán leis an dearcadh sin, agus is spiorad dochleite é Peter Frampton, a thógann suas ár gcroíthe, ní hamháin mar shárcheoltóir, ach mar ardeiseamláir dúinn go léir!

.

.

.

gaGaeilge