Cé go bhfuil roinnt dóibh briste suas ag na póilíní, tá go leor suíomhanna campála lonnaithe ar thailte ollscoileanna ar fud an domhain go fóill, mar bheart dlúthpháirtíochta le muintir Gaza, agus chun agóid shíochánta a dhéanamh in aghaidh an tsléachta gan trua gan taise atá á dhéanamh ag Fórsaí Cosanta Iosrael (IDF) ar mhuintir Gaza. Meastar go bhfuil, ar a laghad, 35,000 duine básaithe agus 78,000 gortaithe de bharr na troda uafásaí seo. Thosaigh an cogadh le hionsaithe sceimhlitheoireachta gan choinne ón ngrúpa sceimhlitheoireachta Hamas ar an 7 Deireadh Fómhair, 2023. Maraíodh timpeall 1,200 duine agus fuadaíodh 250 duine san ionsaí sin. Gheall rialtas Iosrael deireadh a chur le Hamas dá bhrí sin. Thosaigh Iosrael ionsaí talún sa Stráice Gaza ar an 27 Deireadh Fómhair, 2023, agus níl siad críochnaithe fós. Ar an drochuair, is iad sibhialtaigh Gaza is mó atá buailte leis an gcogadh. Níl mórán foirgneamh fágtha ina seasamh sa stráice, agus tá ganntanas bia ann anois. Níl a dóthain bia nó uisce glan ag níos mó ná milliún duine, nó leath an daonra sa Stráice. Is tubaiste mhór é sin mar atá sé, agus tubaiste níos nó ag bagairt ar mhuintir Gaza – go háirithe má dhéanann an IDF tréanionsaí ar chathair Rafah, ina bhfuil níos mó ná 1.5 milliún duine ann anois, an chuid is mó dóibh teifigh ó áiteanna eile i nGaza.

Tacaíocht gan choinníoll

Chuir ionsaí Hamas uafás ar thíortha ar fud an domhain, agus thuig gach tír go mbeadh freagra láidir ó Iosrael. Sheas na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach go daingean le hIosrael agus thuigeadar go raibh ceart ag Iosrael a thír a chosaint agus frithionsaí a dhéanamh ar Hamas agus iad a chloí. Thuig siad freisin gur cheart go mbeadh an pionós ag teacht leis an gcoir, agus go raibh dualgas idirnáisiúnta ar Iosrael marú sibhialtach neamhchiontach a sheachaint. Ach rinne an IDF ionsaí i ndiaidh ionsaithe gan idirdhealú, agus ar an meán, faigheann leanbh bás in Gaza gach deich nóiméad. Níl sé seo inghlactha agus gach seans go bhfuil Iosrael ag briseadh an dlí idirnáisiúnta. Ach in ainneoin gach rud, na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach mhall a seasamh a bhogadh agus a dtacaíocht a tharraingt siar go dtí go gcomhlíonann Iosrael a dualgais idirnáisiúnta. Tá na Stáit Aontaithe ag soláthar arm ionsaitheach d’Iosrael fós, nuair is rímhaith atá a fhios acu cad a dhéanfar leo.thagann an cur chuige sin go maith le dearcadh formhór an phobail san iarthar.

Agóid Phoiblí

Nuair a tharlaíonn difríocht shuntasach idir polasaithe an rialtais agus dearcadh a phobail, léiríonn an pobal a mhíshásamh agus go minic téann siad ar na sráideanna ag agóidíocht agus eagraíonn siad mórshiúlta agóide. Tá sé fíor anois maidir le Gaza, agus bíonn mórshiúlta agóide ar siúl in Éirinn, sna Stáit Aontaithe agus i go leor tíortha eile, ag éileamh stad don ár uafásach atá ar siúl ann.

Tá gluaiseacht agóide ag teacht chun cinn in ollscoileanna ar fud an domhain freisin, agus campaí bunaithe ag mic léinn ar thailte a n-ollscoileanna. Bhí na mic léinn in Ollscoil Columbia i measc na gcéad daoine a bhunaigh campaí, agus scaip an ghluaiseacht sin go campais ar fud na tíre, ó California go Ohio go Georgia. Ansin, scaip sé ar fud an domhain, go hollscoileanna in Éirinn san áireamh agus i gColáiste na Trinóide go háirithe. Tá liosta éileamh eisithe ag na mic léinn, ag iarraidh go n-eiseodh a n-ollscoileanna ráiteas ag cáineadh Iosrael agus go stopfaidís ag déileáil le comhlachtaí Iosraelach, agus go háirithe na comhlachtaí a bhfuil baint acu le sárú ar chearta an duine in aghaidh na bPalaistíneach. Ar champas Columbia, ghlac na mic léinn seilbh ar fhoirgneamh na hollscoile (Halla Hamilton). Dá bhrí sin chuir uachtarán na hollscoile glaoch ar na póilíní. Tháinig siad isteach ar an gcampas agus dhún siad síos an campa agus ghabh siad níos mó ná 300 duine. Gabhadh 2200 duine in iomlán ar fud na tíre ar champais ollscoileanna. Tá cúpla ollscoil sna Stáit Aontaithe – Ollscoil Brown, Ollscoil Northwestern, Ollscoil Rutgers, Ollscoil Minnesota, UCLA agus Ollscoil California i Riverside san áireamh, ag rá go dtógfaidís céimeanna maidir le dífheistiú a dhéanamh.

Léaró Dóchais

Cuireadh suas os cionn 40 puball ar champas Choláiste na Trinóide ar an 3 Bealtaine, agus dá bhrí sin, eagraíodh cruinniú idir an ollscoil agus an lucht agóide ar an 6 Bealtaine. Ghéill an ollscoil do roinnt éileamh á rá go gcuirfear stad le hinfheistíocht i dtrí chomhlachtaí Iosraelacha atá ar an liosta atá ag Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine de chomhlachtaí a bhfuil baint acu le lonnaíochtaí mídhleathacha Iosrael. Gheall an ollscoil freisin tascfhórsa a bhunú chun iniúchadh a dhéanamh maidir le hinstitiúidí Iosraelacha, agus chun ocht scoláireacht a chur ar fáil do scoláirí i nGaza. Cé nár ghéill an ollscoil le gach éileamh an lucht agóide, agus cé nár stad an lucht agóide lena feachtas, is dea-chomhartha é go bhfuil an dá pháirtí ag caint agus ag déanamh dul chun cinn le chéile. Agus an t-alt seo ag dul chun preasa, tá Uachtarán Biden díreach tar éis lasta mór buamaí a choinneáil siar ó Iosrael – 1,800 buama a bhfuil 2,000 punt meáchain iontu agus 1,700 buama a bhfuil 500 punt meáchain iontu. Sin céim sa treo ceart, agus seans maith go raibh tionchar nach beag ag na hagóidí síochánta, sna hollscoileanna san áireamh, ar chinneadh an Uachtaráin Biden. Más ea, léiríonn cé chomh cumhachtach is atá agóidí síochánta in aghaidh foréigin neamhshrianta!

.

.

gaGaeilge