Cuireann an easpa tacaíochta ón rialtas dár dteanga dhúchais gruaim orm. Léigh mé alt i ndiaidh ailt ar tuairisc.ie le déanaí, ag plé na scéalta uafásacha dar le meath na Gaeilge. Bíonn rud amháin á rá ag an rialtas ach a mhalairt á dhéanamh aige. Tá sé soiléir go bhfuil an rialtas ag tabhairt neamhaird dár dteanga. Cén saghas rudaí atá i gceist? Níl spás iad go léir a lua anseo, ach seo cúpla sampla.

Bíonn daoine in ann poist a fháil ag déileáil le cúrsaí teanga agus cúrsaí Gaeltachta, nach bhfuil Gaeilge acu! Mar shampla, san aimsir atá thart, ceapadh cúpla duine mar Airí na Gaeltachta, nach raibh Gaeilge líofa acu Joe Mac Hugh agus Jack Chambers san áireamh. Tá Teachta Dála Catherine Connolly buartha go bhfuil sé fós ag tarlú– fiú ina contae dúchais (Contae na Gaillimhe)! Agus é ag labhairt os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Thomas Byrne go raibh súil aige go rachadh an plean náisiúnta earcaíochta i ngleic leis an bhfadhb, ach dúirt sé freisin go raibh sé den tuairim go raibh “dualgas morálta” ar oifigigh a bhíonn freagrach as cúrsaí Gaeilge an teanga a fhoghlaim.

Agus céard faoi Breanndán ó Beaglaíoch, a bhí ag troid le Comhairle Contae Chiarraí ar feadh 15 bliana mar gheall ar phleananna chun teach beag a thógáil ar thalamh a mhuintire ar leithinis an Daingin! Thug an Ciarraíoch foláireamh go bhfuil pobail na Gaeltachta i mbaol an teanga a chailleadh gan dlíthe nua a thógadh tús áite do mhuintir na Gaeltachta tithe a thógáil ar a thalamh féin, agus bánú na Gaeltachta a sheachaint.

Nó céard faoi Cormac Chambers, Príomhoide Ghaelscoil Lios na nÓg i Raghnallach. Seo a bhí le rá aige. “Toisc nach bhfuil gaelcholáiste sa cheantar, cailltear go leor páistí as an gcóras gaelscolaíochta. Is scannal é seo agus taispeánann sé easpa measa an stáit agus na Roinne Oideachais ar fhorbairt na Gaeilge agus na gaelscolaíochta.”

Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go bhfuil an Ghaeilge fágtha in áit na leathphingine, nuair a bhíonn buiséad na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán á leithroinnt. “Má bhreathnaíonn muid ar bhuiséad na Roinne, tá méadú ollmhór ar an gcaiteachas atá ar an gComhairle Ealaíon, mar shampla, agus ar na healaíona ar fad,” a dúirt , “agus ag an am céanna, thóg airí sinsearacha éagsúla cinneadh sa Roinn sin go bhfáiscfí an t-anam as foilsitheoireacht na Gaeilge.”

Thomas Byrne ar an gcéad aire stáit Gaeltachta a ghlac leis an bhfianaise dhobhréagnaithe go bhfuil sé ina éigeandáil ó thaobh labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht.Tá géarchéim ann, níl aon dabht faoi sin.

Réiteach Inoibrithe?

Cé go bhfuil abhcóidí polaitiúla láidre againn ar son cearta teanga, níl sé d’acmhainn acu na hathruithe riachtanacha a dhéanamh, mar níl an chumhacht acu go díreach. Táim ag labhairt faoi laochra teanga cosúil le: An Coimisinéir Teanga – Séamas Ó Concheanainn Uasal; An Bainisteoir Gearán – Órla de Búrca Uasal; An Teachta Dála Caitríona Ní Chonghaile; An Teachta Dála Éamon Ó Cuív; An Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh (Cathaoirleach), an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee. Tá eagraíochtaí iontacha ann freisin ag troid ar son na Gaeilge, eagraíochtaí cosúil le Conradh na Gaeilge agus a Ard-Rúnaí Julian de Spáinn. Tá siadsan agus a leithéid ag cur in iúl don rialtas le fada an lá go bhfuil géarchéim na teanga ar siúl agus go bhfuil dualgas ar an rialtas céimeanna a thabhairt chun í a chaomhnú agus fiú a leathnú. Bheadh náire ort dá bhfaca tú cad atá ar siúl maidir le Breatnais sa Bhreatain Bheag! Agus céard faoin Tuaisceart – nach scéal dochreidte é cad atá déanta ar son na Gaeilge sa Tuaisceart – áit ina bhfuil sé i bhfad níos deacra cearta teanga a fháil? Ceapaim go bhfuil síolta an réitigh le feiceáil sa scéal sin.

Gníomhaíochas polaitiúil!

Go mion minic, bíonn polaiteoirí in ann neamhaird a thabhairt do ghníomhaithe Gaeilge, agus cúrsaí Gaeilge a chur ar an méar fhada. Is é sin díreach a tharla sa Tuaisceart. Cé go raibh aitheantas oifigiúil don Gaeilge geallta i gComhaontú Aoine an Chéasta 1998, tugadh neamhaird dó. Ach níor ghlac na gníomhaithe Gaeilge leis sin, agus reáchtáil siad slógaí agóide ag éileamh stádas oifigiúil do Ghaeilge. Thosaigh níos mó ná 50 gníomhaí teanga an Dream Dearg (brúghrúpa ar son cearta teanga) sa bhliain 2016, agus d’eagraigh siad agóid mhór i mBéal Feirste in 2017 – Lá Dearg! Mháirseáil timpeall 15,000 duine ar Halla na Cathrach i mBéal Feirste, ag éileamh Acht na Gaeilge a bheith rite, rud a bhí geallta ag rialtais na Breataine agus na hÉireann sa bhliain 2006. Bhí leithscéal éasca ag rialtas na Breataine le Breatimeacht, agus níor tugadh aon aird do chúrsaí na Gaeilge le linn na Breatimeachta.

Ach níor stad an Dream Dearg ag iarraidh a chuspóir a bhaint amach, agus nuair a bhí an Bhreatimeacht curtha i gcrích le tamall, d’eagraigh siad ollagóid in 2022, inar mháirseáil níos mó na 17,000 duine ar son cearta teanga. Ag deireadh na bliana céanna, ritheadh ‘The Identity and Language (Northern Ireland) Act 2022’ in Westminster, ag tabhairt stádas oifigiúil don Ghaeilge sa Tuaisceart, agus na buntáistí éagsúla ag baint leis an stádas sin. Mar a dúirt Churchill féin – Ná géill go deo!

Agus sin an bealach chun tosaigh in Éirinn freisin. Is gá dúinn an rialtas a thabhairt chun cuntais maidir le heaspa a thacaíocht don teanga, maidir le hAcht na dTeangacha a chur i bhfeidhm i gceart agus chun na fadhbanna éagsúla thuasluaite a réiteach. Agus sin an bealach chun tosaigh in Éirinn freisin. Is gá dúinn an rialtas a thabhairt chun cuntais maidir le heaspa a thacaíocht don teanga, maidir le hAcht na dTeangacha a chur i bhfeidhm i gceart agus chun na fadhbanna éagsúla thuasluaite a réiteach. Cén fáth nach n-eagródh an Dream Dearg nó a leithéid slógaí agóide ag Teach Laighean i mBaile Átha Cliath, ag éileamh go gcuirfear plean sonrach i bhfeidhm gan mhoill chun dul i ngleic leis an ngéarchéim teanga atá admhaithe ar deireadh thiar thall ag an rialtas féin? Cén fáth nach n-oibreodh a leithéid?

Nuacht te-bruite – buinneáin ghlasa!

Agus an t-alt seo ag dul go preas, chonaic mé go raibh agóid ag Teach Laighean faoi ghéarchéim tithíochta na Gaeltachta díreach tar éis tarlú. I measc an lucht agóide, bhí muintir na Gaeltachta, muintir an phobail, agus ionadaithe ó eagraíochtaí éagsúlaConradh na Gaeilge, an Mheitheal Náisiúnta Pleanála Teanga, BÁNÚ, an Dream Dearg, Aontas na Mac Léinn in Éirinn, Aontas Daltaí Iar-Bhunscoile na hÉireann agus CATU Ireland [Aontas do Phobail is do Thionóntaí]. Maith sibh go léir! Tá súil agam go mbeidh agóidí mar seo ar siúl chomh minic agus is gá, chun toil a phobail agus gealltanais an rialtais maidir le cearta teanga a chur in iúl go poiblí agus ar bhealach nach féidir leis an rialtas neamhaird a thabhairt dóibh a thuilleadh!

.

.

.

.

.

.

.

.

.

gaGaeilge