Tuairisc ó Mheiriceá – tír gafa idir dhá thine Bhealtaine!

 

Más Daonlathaí tú, tromluí amach is amach a bhí sa díospóireacht uachtaránachta a tharla ar an 27 Meitheamh. Bhí Biden míshocair ar a chosa agus é ag siúl amach ar an stáitse roimh an díospóireacht, i gcodarsnacht le Trump. Ba dhrochthuar é sin maidir lena raibh i ndán dúinn. Labhair Biden i nglór lag, leamh agus aontonach. Tháinig mearbhall air ó am go ham agus é ag iarraidh sonraí a thabhairt chun cuimhne. Uaireanta, tháinig focal amháin amach nuair a bhí focal eile i gceist. Mar shampla, dúirt sé trilliúnaithe nuair ba cheart dó billiúnaithe a rá. Uaireanta eile, chaill sé snáithe a smaointe go hiomlán, agus ag an am céanna bhí cuma air go raibh sé trí chéile. Mar shampla, nuair a bhí sé ag cáineadh Trump mar gheall ar an méid a chuir sé leis an bhfiachas náisiúnta, seo a dúirt Biden:“Táimid in ann gach duine aonair … a dhéanamh incháilithe do gach rud a d’éirigh liom a dhéanamh leis an, uh, leis — leis an Covid, uh gabh mo leithscéal, le, ag déileáil le, gach rud atá le déanamh againn, uh … féach … más rud é … bhuaigh muid Medicare faoi dheireadh.”

D’fhreagair Trump gan mhoill agus straois ó chluas go cluas air: “Bhuel, tá an ceart aige, bhuail sé Medicare. Bhuail sé chun báis é.”

D’inis Trump a mhála bréag dúinn le linn na díospóireachta, agus ní raibh Biden in ann na miotais a bhréagnú go háititheach ar chor ar bith. Mar shampla, chuir Trump an milleán ar Nancy Pelosi faoin ionsaí ar an gCaipeatól ar Eanáir 6, 2021. Dúirt sé go n-ardódh Biden cánacha faoi cheathair, go maródh sé páistí tar éis dóibh teacht chun an tsaoil, agus go raibh an geilleagar ba láidre riamh ann i réimeas Trump. Dúirt sé go raibh 18,19 nó fiú 20 milliún inimirceach ag tógáil “Black jobs agus Hispanic jobs agus go mbeidh na cúrsaí ba mheasa riamh le feiceáil faoi uachtaránacht Biden.

Bhí Biden ar a chosaint an chuid is mó den am, agus níor ionsaigh sé Trump ach cúpla uair. Mar shampla, dúirt sé gur ciontaíodh Trump ar chúisimh a bhain leis a dhlúthchaidreamh leis an réalta phornagrafaíochta Stormy Daniels, agus go raibh ‘moráltacht chait strae’ ag Trump.

Dá dhonacht a bhí an díospóireacht ar dtús, chuaigh cúrsaí in olcas le gach nóiméad dá ndeachaigh thart. Agus é ag druidim le deireadh na díospóireachta, is ag argóint faoi cé acu is fearr mar ghalfaire, in ionad a bheith ag plé na bhfadhbanna móra maidir leis a bpleananna sa bhaile agus thar sáile. Agus faoi dheireadh chonaiceamar iad ag tabhairt ainmneacha ar a chéile: hiompraímis muid féin ar nós páistí,” a dúirt Trump le Biden. “Is páiste tusa,” a d’fhreagair Biden. Is léiriú beacht é sin ar an díospóireacht, ar an drochuair.

Anailís

Níl mé in ann rud dearfach a rá faoin díospóireacht féin, bhí sé chomh dona sin. Ní raibh aon rud substaintiúil le foghlaim ó na hiarrthóirí uachtaránachta maidir leis a bpolasaithe, nach raibh ar eolas againn cheana féin. Ach d’fhoghlaim mé cúpla rud spéisiúil, mar sin féin, maidir le Biden agus Trump.

Biden

Ba é an cinneadh ba mheasa ar fad é do Biden a bheith páirteach sa díospóireacht. Níl aon dabht faoi sin. Ní raibh sé sa riocht gur chóir dó a bheith ar an stáitse sin ar chor ar bith. B’fhéidir nár aithin Biden é sin, mar ní raibh sé ag smaoineamh go soiléir. Ach nach bhfaca a lucht láimhseála nó fiú a bhean chéile go raibh rud éigin cearr leis – rud níos measa ná slaghdán, i ndáiríre? gach cuma ar an scéal freisin go raibh fadhb éigin ag an Uachtarán Biden le tamall anuas; b’fhéidir fadhb atá ag éirí níos measa le himeacht ama.

go leor déanta ag Biden ina chéad téarma, agus geilleagar láidir sa tír faoi láthair. Ach ní raibh sé in ann liosta a bpríomhéachtaí a chur in iúl dúinn go láidir. Níor chuir sé in iúl dúinn ach oiread cad atá ar intinn aige a dhéanamh má thoghtar é arís.

Trump

Bhí Trump ag scilligeadh éiligh mar is gnáth dó – ag insint bréag go mion is go minic. Bhí ardán mór aige chun a chacamas a scaipeadh, agus níor chaill sé deis é a dhéanamh. Thug sé sonc nó dhó do Biden freisin, ach rinne Biden an jab sin dó féin, i ndáiríre. D’imir Trump cluiche cliste, agus bhí bua mór aige in aghaidh Biden, ar an lá.

Conclúid agus Moladh

Bhí cúpla rud ríshoiléir dom tar éis na díospóireachta. Níl sna hiarrthóirí uachtaránachta ach ceannairí, mar dhea, nach bhfuil ar bun acu ach buaileam sciath. Ach taobh thiar dóibh, tá meaisíní polaitiúla cumhachtacha scanrúla (Poblachtaigh agus Daonlathaithe) ag feidhmiú in aghaidh a chéile, agus clár oibre acu atá an-difriúil le chéile. Creideann na Poblachtaigh gurb í an bealach amháin dóibh a gcumhacht a choimeád sa todhchaí ná na rialacha a athrú ar mhaithe leo féin. Ní bheadh an lámh uachtar acu i gcóras polaitiúil daonlathach, agus mar sin d’athróidís go córas forlámhach, le deachtóir i gceannas agus cumhacht aige/aici ar chomhionann le rí/banríon. Déan dearmad ar scaradh na heaglaise agus an Stáit, mar bheadh fealsúnacht agus moráltacht Bunúsaíochais Críostaí mar threoirphrionsabail an rialtais. Chomh maith leis sin, bheadh fealsúnacht sheicteach, urchóideach, forchiníoch ag cur leis. Go hachomair, bheadh Stáit Aontaithe Mheiriceá cosúil le ‘Republic of Gilead’, an tír dhiostóipeach a chum Margaret Atwood ina húrscéal ‘The Handmaid’s Tale’.

Bheadh na Daonlathaithe ag iarraidh an córas polaitiúil daonlathach a choimeád agus saoirse agus cearta na saoránach a chaomhnú agus a leathnú, beag beann ar dhath an chraicinn, inscne, creideamheitneacht. Bheadh ar dhaoine agus ar chomhlachtaí saibhre a gcion féin a íocadh maidir le cánacha. Bheadh dualgas ar an rialtas seirbhísí slándála sóisialaí agus seirbhísí sláinte phoiblí a sholáthar.

Ní dhearna na Daonlathaithe aon mhaith dúinn nuair a thugadar a dtacaíocht iomlán do Joe Biden. Bhí a fhios acu go raibh fadhbanna móra leis an gcinneadh sin, agus in ionad iarrthóir eile a ullmhú don phost, lean siad ar aghaidh d’ainneoin a mbarúla ar an gceist. Chuir siad i bponc lucht leanúna a bpáirtí, mise san áireamh. I mo thuairim, an rud is fearr a d’fhéadfadh Joe Biden a dhéanamh anois ná tarraingt amach as an rás gan mhoill – ach beag an baol.

Mo mholadh do vótálaithe sa toghchán uachtaránachta? Ná bac le haon rud eile ach caith do vóta ar son Biden más fearr leat tír dhaonlathach a bheith ann, nó ar son Trump más fearr leat tír cosúil le ‘Republic of Gilead’ a bheith ann. Tá sé chomh simplí sin!

.

gaGaeilge