I gCathair Las Vegas bíonn an bua ag ‘an teach’ i gcónaí

Rinne mo dheartháir céile dianstaidéar ar chórais chearrbhachais do mheaisíní sliotán agus rúiléid ar YouTube. Ag féachaint ar na himreoirí ar an scáileán, shílfeá gur ar éigean a d’fhéadfaidís airgead a chailleadh.

Bhí mo dheirfiúr agus a fear céile ar cuairt ó Éirinn. Thug mo bhean chéile agus mé féin go Vegas iad ar feadh trí oíche, ónár dteach i gContae San Diego. Dé Máirt, chuamar suas trí Bhearnas Cajon, an bealach sléibhe idir imchuach Los Angeles agus an fásach. Ar an taobh eile den mhótarbhealach, bhí leoraithe, SUVanna agus carranna sáinnithe sa trácht.

Leanamar orainn i dtreo Vegas gan mhoill. Timpeall cúig uair an chloig sa charr. Ní raibh sé sin ródhona.

San óstán New York-New York, ní raibh cuisneoir ná gléas caife inár seomra. Ní raibh fiú buidéal uisce sa seomra agus muid i lár fhásach Mojave.

Bhí caife, uisce agus gach rud eile ar domhan ar fáil san óstán, ach ní raibh siad saor in aisce. Gheofá Americano i Starbucks sa chasaíne ar phraghas millteanach ard: $10. Ach sin Vegas sa lá atá inniu ann.

Bhí béile iontach againn i mbialann Síneach san óstán darb ainm Chin Chin an chéad tráthnóna sin. Ansin bhí deis ag mo dheartháir céile triail a bhaint as na córais chearrbhachais a bhí ar eolas aige.

Bhí mo dheirfiúr agus a céile i Las Vegas blianta roimhe sin, ach tá athruithe móra tagtha ar an gcathair idir an dá linn. San am atá thart, bheifeá in ann geall chomh beag le 25 cent a chur i meaisín sliotáin chun imirt, i gcomparáid le $5 sa lá atá inniu ann. Bhíodh freastalaithe ag tairiscint deochanna duit an t-am go léir, rud a tharlaíonn go hannamh faoi láthair.

Tá na meaisíní i bhfad níos mó anois. Tuilleadh soilse, scáileáin níos mó, cluichí níos casta. Agus itheann siad d’airgead gan trua gan taise.

D’amharcamar ar thriúr ag meaisíní sliotán digiteacha taobh le taobh. Bhí beagnach céad dollar de chreidmheas ag gach duine acu.

Mhéadaigh fear amháin a gheall faoi dhó agus faoi thrí. Is ar éigean a mhair sé nóiméad. Níor mhair an bheirt eile ach cúpla nóiméad.

Bhí na trí iarmhéid imithe gan mhoill.

Bhí méid airgid curtha i leataobh ag mo dheartháir céile don chearrbhachas gach tráthnóna. Oíche Dé Máirt, chuir sé a chuid airgid sa mheaisín rúiléide gan aon bhua.

An dara hoíche, an scéal céanna a bheag nó a mhór.

Dhún go leor de na seanbhuféanna saora le linn COVID agus níor oscail siad arís. Tháinig bialanna galánta ina n-áit. Bialanna daora den chuid is mó.

Sa lá atá inniu ann, ní thagann ach thart ar an gceathrú cuid den ioncam ó chearrbhachas sna casaíní ar an Strip i Vegas. Tagann an chuid eile ó sheomraí, bia, siamsaíocht agus caiteachas eile.

Bhí sé mar sin dúinn freisin. Chaitheamar an chuid ba mhó dár gcuid airgid féin ar sheomraí, béilí agus seónna, seachas ar chearrbhachas.

D’fhreastalaíomar ar sheó na Australian Bee Gees ar an dara hoíche. Thug físeáin agus grianghraif ar an scáileán taobh thiar de na hamhránaithe siar muid go blianta agus áiteanna eile, ach go háirithe go Sasana sna seascaidí agus sna seachtóidí.

Rinne an t-amhránaí iarracht nótaí arda dodhéanta Barry Gibb a bhaint amach. Níorbh aon Barry Gibb é. Ach ba chuma. Faoi dheireadh an tseó, bhí gach duine ag damhsa.

Thiomáineamar trí Red Rock Canyon freisin, páirc álainn tamall gearr ón gcathair sa charr. Leath bealaigh tríd an turas, d’iompaigh an aimsir. Thiomáineamar an chuid eile den chiorcad gan stopadh. Ba leor na rabhaidh faoi thuilte tobanna dúinn.

Mar sin féin, dúirt mo dheirfiúr gurbh é an turas sin go Red Rock Canyon an rud ba mhó a thaitin léi sa cheantar.

An tráthnóna deireanach, bhí béile iontach eile againn, i mbialann Iodálach darb ainm Il Fornaio an uair seo.

An oíche dheireanach sin, bhí bua beag ag mo dheartháir céile sa chasaíne agus thóg sé a chuid airgid amach. Níor chúitigh an bua sin caillteanais an chéad dá oíche, ach b’fhearr é ná a dhath.

Dúirt sé go raibh seans mór ann go raibh na tionchairí ar YouTube i bpócaí na gcasaíní.

Bhí a sháith de Vegas aige agus bhíomar go léir réidh le filleadh abhaile.

Dé hAoine, stopamar ag baile tréigthe darb ainm Calico Ghost Town ar an mbealach abhaile.

Sa seanbhaile mianadóireachta airgid sin, chuaigh mo bhean chéile agus mo dheirfiúr ag breathnú sna siopaí ar an sean-nós a bhí ar oscailt. Bhrúigh mo dheartháir céile agus mé féin leathdhoirse an tsalúin ar oscailt agus chuamar isteach.

Bhí an teocht os cionn céad céim Fahrenheit. D’iarr mé uachtar reoite ar an bhfear beáir.

Bhí sé chomh borb ina fhreagra gur bhraith mé go raibh rud amaideach iarrtha agam. Ghlac mé le deoch shúilíneach ina áit.

Mar a tharla, bhí siopa uachtair reoite gar don salún. Ach ní dúirt fear an bheáir faic faoi sin.

Go raibh míle maith agat, a bhuachaill bó.

Níos déanaí, bhí mo dheartháir céile agus mé féin inár suí amuigh ar bhinse sa scáth ag baint súimíní as ár ndeochanna. Chonaic beirt thurasóirí ó Oirthear na hEorpa muid. Tháinig duine acu anall chugam, shuigh sí taobh liom agus chuir sí a lámh timpeall orm. Ansin ghlac a cara grianghraf.

“Tá tú ag teacht go hOirthear na hEorpa linn,” arsa an bhean liom, agus an bheirt acu ag gáire.

Sula raibh a fhios agam cad ba cheart dom a dhéanamh, bhí an grianghraf tógtha agus iad imithe as radharc.

Tar éis Calico, thángamar anuas trí Bhearnas Cajon gan mhoill. Bhí an t-ádh dearg orainn, gan dabht.

Bhíomar tar éis ithe go maith agus taitneamh a bhaint as an gceol i Vegas. Thaitin Red Rock go mór le mo dheirfiúr. Ach bhí cuid den sean-Vegas a chuamar ar a thóir imithe.

Tháinig mé abhaile leis an bhfliú.

Ar a laghad, ní raibh aon táille bhreise air sin.

gaGaeilge