Fiú cúpla lá ó shin, ní raibh cuma mhaith ar chúrsaí i Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM), más Daonlathaí thú. Roimh an díospóireacht idir Trump agus Biden ar an 27 Meitheamh, bhí Biden chun deiridh sna pobalbhreitheanna píosa maith. Bhain an díospóireacht sin stangadh asam, agus mé ag féachaint ar Biden ag streachailt i ngach slí. Bhí sé ríshoiléir domsa nach raibh sé in ann smacht a choimeád ar a smaointe ar chor ar bith, agus raiméis á rá aige níos mó ná cúpla uair. Is cúis náire é chomh huafásach agus a bhí an díospóireacht, agus na hiarrthóirí ag argóint faoi cé is fearr ag imirt gailf, nuair atá gach saghas faidhbe le réiteach sa tír agus ar domhan. Tar éis an drochthaispeántais sin, chuaigh cúrsaí in olcas do Biden ó thaobh na bpobalbhreitheanna de. Tháinig maolú ar a thacaíocht fiú ina pháirtí féin, agus thosaigh Daonlathaithe mór le rá ag rá go raibh sé in am do Biden machnamh a dhéanamh an mbeadh sé ceart dó leanúint ar aghaidh lena iarracht ar an uachtaránacht. Mhéadaigh an liosta daoine sin lá i ndiaidh lae. Ar dtús, níor éist Biden leo, ag rá gur le Dia amháin a n-éistfeadh sé.

Iarraidh Mharfach

Ansin tugadh iarraidh mharfach ar Trump ag slógadh polaitiúil. Rinne piléar gránú ar chluas Trump, roimh mharú an fheallmharfóra teipthe ag naoscaire de chuid na rúnseirbhíse. Thapaigh Trump an deis sin gan mhoill agus go hinstinneach. D’éirigh Trump ina sheasamh arís, suaite gan a bheith buailte, sruth fola ar a aghaidh, a dhorn san aer, bratach SAM ag foluain taobh thiar de. Tharraing grianghrafadóir pictiúr chumhachtach an uafáis, agus leis sin bronnadh stádas an laoich, stádas diaganta ar Trump. Thug eispéireas a neasbháis fuinneamh athnuaite dfheachtas Trump ag daingniú dearcadh an phobail gur íospartach na nDaonlathaithe é. Deirtear gur ionann pictiúr agus míle focal, agus is luachmhaire an pictiúr íocónach sin ná na céadta milliún dollar i bhfógraí feachtais. Ar dtús, ceapadh go mbainfeadh an nuacht sin aird an phobail de dheacrachtaí Biden. Ach lean agus mhéadaigh na gearáin ghlóracha ag impí ar Biden éirí as a iarratas ar an uachtaránacht. Ansin, tháinig COVID ar Biden, agus bhí air féinleithlisiú sa bhaile.

Athrú Meoin

Cé go raibh sé tinn, lean an brú ar Biden agus bhí sé i dteagmháil le daoine sa pháirtí a raibh meas mór aige orthu chun cúrsaí a phlé faoina chás. Bhí níos mó ama aige cúrsaí a phlé lena theaghlach féin freisin. Cibé ar siocair leis, chaith Biden isteach an tuáille ar an 21 Iúil, agus mhol sé Leasuachtarán Kamala Harris chun a áit a líonadh. Ba rud an-deacair do Biden éirí as mar sin, ach rinne sé é ar mhaithe a pháirtí agus ar mhaithe na tíre – agus ní ar a leas féin. Nach mór an chodarsnacht idir Biden agus Trump. D’éirigh Biden as a iarratas ar an uachtaránacht nuair nár ghá dó. Rinne Trump gach iarracht fanacht mar uachtarán nuair a bhí an toghchán uachtaránachta caillte aige. Sin an difríocht idir daonlathaí agus uathlathaí.

Kamala Harris

Thug formhór na nDaonlathaithe a dtacaíocht do Harris gan mhoill. Níor chuir aon Daonlathaí eile a (h)ainm sa rith, ach oiread. Bhí go leor síntiúis á dtabhairt d’fheachtais Harris tar éis do Biden tarraingt amach. Is dócha gur bhailigh feachtas Harris níos mó airgid i dtréimhse 24 uair ná aon iarrthóir eile i stair SAMtimpeall 100 milliún dollar! Mar sin, tá sé soiléir go bhfuil tacaíocht an phobail aici. tacaíocht formhór na dtoscairí (2,688 as beagnach 4,000 agus é seo á scríobh) sa pháirtí faighte aici freisin. agus roghnaíonn siadsan cé sa pháirtí a sheasfaidh don uachtaránacht. Mar sin, tá sé beagnach cinnte go roghnóidh na Daonlathaithe Harris chun seasamh don uachtaránacht in aghaidh Trump.

An bhfuil SAM réidh?


Dá mbeadh an bua ag Harris, bheadh ​​sí ar an gcéad bhean, ar an gcéad bhean de Dhath agus ar an gcéad duine de bhunadh na hÁise Theas
mar uachtarán SAM. Tá go leor daoine ar an eite dheas sna Stáit Aontaithe atá thar a bheith coimeádach agus a mbeadh deacrachtaí acu le hathruithe mar sin. Ar an lámh eile, tá go leor daoine ar an eite chlé ag iarraidh athruithe mar sin ar a laghad. Tá muintir SAM deighilte go hiomlán ó thaobh na polaitíochta de, agus feictear an deighilt sin go soiléir agus go pearsanta ina roghanna uachtaránachta – Trump agus Harris. Tá Trump agus Harris gob ar ghob sna pobalbhreitheanna faoi láthair. Níl a comhiarrthóir leasuachtaránachta ainmnithe ag Harris fós, agus d’fhéadfadh an cinneadh sin tionchar mór a imirt ar thorthaí an toghcháin. Tá pleananna na bPoblachtach ina gcíor thuathail le tarraingt amach Biden, agus tógfaidh sé tamaill dóibh straitéis nua a chumadh. Mar sin, ní féidir an toradh a thuar ar bhealach ar bith cinnte fós. Ach is féidir é seo a rá go cinnte– beidh seans i bhfad níos fearr anois ag na Daonlathaithe go leor buanna a bhaint amach ag gach leibhéal – Teach na nIonadaithe, an Seanad agus an Uachtaránacht – ná nuair a bhí Biden ag seasamh don uachtaránacht. A bhuí le neamhleithleasachas Biden, seans go mbogfaimid ar aghaidh mar dhaonlathas i Meiriceá, agus bua againn ar an uathlathas go ceann píosa eile!.

gaGaeilge