Ó am go ham, tarraingítear ár naird ar thragóid éigin ag baint le handúil sna drugaí nó alcóil. Le déanaí, tháinig fiosrúchán faoi bhás an aisteora cháiliúil Matthew Perry (Chandler Bing sa dráma grinn suímh ‘Friends’ a craoladh ó 1994-2004) chun críche. D’eisigh Perry cuimhní cinn bliain roimh a bhás, darb ainm ‘Friends, Lovers and the Big Terrible Thing ina raibh sonraí uafásacha faoina streachailt chun andúil a shárú. Ag an am, dúirt sé go raibh sé saor ó dhrugaí le bliain go leith anuas. Níos lú ná bliain ina dhiaidh sin, bhí sé marbh. Ar dtús, dúirt an cróinéir gur timpisteach a bhádh ina thobán te, mar thoradh ar mheascán de dhrugaí a bhí tógtha aige agus galar croí a bhí air. Ach osclaíodh fiosrúchán nua i mí na Bealtaine, 2024 chun a fháil amach cén fáth go raibh an oiread sin den druga céataimín (Ketamine as Béarla) ina fhuil. Bhí Perry ag baint úsáide as teiripe insileadh céatamín chun dianchóireáil a dhéanamh ar dhúlagar agus imní, ach bhí an seisiún deireanach aige níos mó ná seachtain roimh a bhás.

An Dochtúir agus an Bhanríon Céataimín

Bhí an méid céanna céatamín i bhfuil Perry agus a mbeadh agus é in úsáid mar ainéistéiseach ginearálta. Cá as ar tháinig sé? Tuairiscíodh sa ‘Los Angeles Times i mí an Mheithimh gur éirigh le himscrúdaitheoirí fostaithe ag an Roinn Póilíní Los Angeles, an Riarachán Forfheidhmithe Drugaí Feidearálach agus Seirbhís Phoist na Stáit Aontaithe daoine áirithe a cheangail le soláthar céataimín. Scéal dochreidte ba ea é, agus cúisíodh cúigear maidir le bás Perry. Nuair a d’iarr Perry ar a dhochtúir rialta níos mó céataimín a ordú , dhiúltaigh sé é a dhéanamh. Ansin d’aimsigh Perry dochtúir eile nach mbeadh fadhb aige leis sin- an Dochtúir Salvador Plasencia. Líomhnaíonn ionchúisitheoirí gur bhain Plasencia úsáid as éadóchas agus andúil Perry, chun airgead a fháil. Bhí dochtúir eile, Dochtúir Mark Chavez, ag cabhrú le Plasencia, agus ag fáil céatamín dó go mídhleathach. Ní raibh scrupall ar bith iontu, agus sheol Plasencia téacs chuig Chavez, ag rá: “Ní fheadar cé mhéad a íocfaidh an dúramán seo.” Níl aon dabht ach go raibh Plasencia agus Chavez den tuairim gur tálaí airgid a bhí i Perry. Agus bhí an ceart acu, maidir leis an airgead ar aon nós. D’íoc Perry $55,000 in airgead tirim as dosaen fial céataimín an mhí dheireanach dá shaol. Ach ní chosnaíonn fial céataimín ach $20 de ghnáth! Cén saghas dochtúra a dhíolann drugaí ar phraghas scannalach d’othar a bhfuil fadhb andúile aige? Cén saghas dochtúra a thagann i dtír ar ghalar a othar féin? Cén saghas dochtúra a bhíonn chomh santach sin go maródh sé a othar féin? Ní dochtúir an duine sin, i mo thuairim, ach mangaire drugaí nach cuma leis ach faoin airgead.

Bhí gréasán coiriúil eile ag obair freisin, agus ag soláthar drugaí do Perry. Bhí mangaire drugaí agus dáileoir céataimín darb ainm Jasveen Sangha agus ar a dtugtar ‘an Bhanríon Céataimín’ uirthi, ag soláthar céataimín do Perry trí mhangaire drugaí eile, darb ainm Erik Fleming. Bhí aithne ag Perry ar Fleming mar roimh dó a bheith ina mhangaire drugaí, bhí Fleming ina stiúrthóir scannán in Hollywood. Thug Fleming 50 fial céataimín do chúntóir pearsanta Perry, fear darb ainm Kenneth Iwamasa. Thugadh Iwamasa instealltaí céataimín do Perry gach lá – thug sé 27 instealladh dó sna cúig lá suas go bás Perry, agus 3 instealladh dó ar lá a bhás. Ní raibh Iwamasa cáilithe instealltaí céataimín a thabhairt do Perry, ach thaispeáin Placensia dó conas é a dhéanamh.

Cúisíodh an cúigear (Plasencia, Chavez, Sangha, Fleming agus Iwamasa) as coireanna éagsúla ag baint le dáileadh céataimín agus le bás Perry. Phléadáil Plasencia agus Sangha neamhchiontach, ach phléadaíl Chavez, Fleming agus Iwamasa ciontach.

Pianbhreitheanna?

Cad atá i ndán don chúigear, maidir le pianbhreitheanna? I gcás iadsan a phléadáil ciontach, ghearrfadh téarma príosúin suas go 10 mbliain ar Chavez, suas go 15 bliain ar Iwamasa agus suas go 25 bliain ar Fleming. I gcás Sangha agus Plasencia, má chiontaítear iad as gach cúiseamh ina n-aghaidh, is dóichí ná a mhalairt go gcaithfidh an bheirt acu a saol i bpríosún.

Conclúid

Druga andúile is é céataimín, a úsáidtear mar ainéistéiseach agus mar theiripe le haghaidh dúlagar. Is substaint rialaithe é agus druga neamhdhleathach. Fuair Perry é mar theiripe ar dtús, ach ansin d’éirigh sé tugtha do chéataimín. Ba rogha uafásach é druga andúile mar seo a thabhairt d’andúileach, agus bhí a fhios ag gach duine gurb andúileach é Perry. Ní ba mheasa ná sin, in ionad cabhair a thabhairt dó, bhain a dhochtúir, a chara agus a chúntóir pearsanta buntáiste as a ghalar, agus mharaigh siad é faoi dheireadh. Tá súil agam go gcaithfidh gach duine den chúigear coirpeach sin tamall fada i bpríosúin as a gcoireanna uafásacha. B’fhéidir go gcuirfidh sé sin teachtaireacht shoiléir in iúl do choirpigh eile ag smaoineamh ar rud mar sin a dhéanamh.

.

.

.

gaGaeilge