Léirmheas Leabhair – The Plot!
Réamhrá
Léigh mé leabhar suntasach ar na mallaibh darb ainm ‘The Plot’, scríofa ag Jean Hanff Korelitz agus foilsithe i 2021. Tá seacht leabhar eile scríofa aici, agus spreag ceann amháin ‘You should have Known’ an mionsraith ‘The Undoing’ ar HBO/MAX (ardán sruthaithe). Is as Nua Eabhrac í ó dhúchas, ach bhí cónaí uirthi in áiteanna eile, Princeton New Jersey agus an Riocht Aontaithe san áireamh. Chas sí le Paul Muldoon den chéad uair i Londain. Chas sí leis arís an bhliain ina dhiaidh sin i Yorkshire, nuair a d’fhreastail sé ar chúrsa filíochta ina raibh Muldoon mar mhúinteoir ann. Is file cáiliúil é Muldoon, ó Chontae Ard Macha ó dhúchas. Is minic a chuirtear Muldoon i gcomparáid le Séamus Heaney, comhfhile Thuaisceart Éireann, agus cara agus meantóir le Muldoon.
The Plot
Scríbhneoir ba ea Jake nach raibh ina chéad leabhar ach rith searraigh. Rinne sé iarracht i ndiaidh iarrachta leabhar eile a scríobh a n-éireodh chomh maith leis a chéad leabhar, ach theip air. Ansin rinne sé an chéad rud eile a d’fhéadfadh sé smaoineamh air – mhúin sé rang scríbhneoireachta.
Mhaigh scoláire amháin ina rang go raibh an plota is fearr aige riamh agus gur féidir le haon duine leabhar iontach a scríobh bunaithe ar an bplota sin. Uair amháin, roinn an fear sin – darb ainm Evan Parker – cad a bhí ar intinn aige mar phlota. Ar an drochuair, níor scríobh Evan an leabhar sin. Nuair a rinne Jake taighde faoi Evan níos déanaí, fuair sé amach go raibh sé marbh.
Mar sin, shocraigh Jake an leabhar a scríobh agus rinne sé é. Tharla rud dochreidte ansin – bhí an-éileamh ar an leabhar a scríobh sé dar teideal ‘The Crib’. Bheadh Steven Spielberg mar stiúrthóir ar an scannán bunaithe ar ar leabhar. Ansin, chas Jake le bean darb ainm Anna, thit siad i ngrá agus tar éis tamaill phósadar. Gan dabht, bhí Jake ar mhuin na muice anois agus an saol ina shuí ar a thóin aige. Ach thosaigh an caisleán cártaí ag guagadh nuair a fuair Jake r-phost anaithnid ag rá: is gadaí tú! Chuir an r-phost an-imní ar Jake, agus bhí eagla air go mbéarfaí air mar chaimiléir déanta a ghoid plota an leabhair – ceann de na coireanna is measa a d’fhéadfadh údar a dhéanamh. Cad ba cheart do Jake a dhéanamh? Ar dtús, bhí sé ag súil nach bhfaigheadh sé aon teachtaireachtaí eile – ach ag brionglóid a bhí sé. Níor stad na teachtaireachtaí ar chor ar bith, agus diaidh ar ndiaidh d’éirigh cúrsaí níos measa agus faoi dheireadh ba ghá do Jake dlíodóirí a fhoilsitheora a tharraingt isteach.
Tá snáithe eile sa scéal seo i bhfoirm caibidlí ón leabhar samhailteach a scríobh Jake (‘The Crib’), atá fite fuaite le caibidlí ‘The Plot’. Tá dhá réadúlacht chomhthreomhara ag bogadh ar aghaidh le chéile, agus tú ag fáil níos mó eolais ón dá ceann an t-am go léir. Ciúta liteartha an-éifeachtach é sin, a chuireann leis an teannas agus an plota go mór. Ar aon nós, thuig Jake nach raibh an dara rogha aige ach a fháil amach cé a sheol na teachtaireachtaí chuige, agus cén fáth. Níor thóg sé a lán ama do Jake agus é ag obair mar bhleachtaire agus ag dul ó áit go háit, a fháil amach rudaí aisteacha. An rud ab aistí a fuair sé amach ná nár shamhlaigh Evan an plota ar chor ar bith. Ní nochtfaidh mé aon rud eile ar eagla go mhillfinn an scéal, ach is féidir liom a rá go bhfuil cúpla cor agus casadh eile fágtha duit fós sa scéal.
Moltaí
Níl ‘The Plot’ ar nós leabhar James Patterson nó Lee Child. Bogann an scéal ar aghaidh níos moille agus tá na caibidlí níos faide. Ach tá níos mó ná scéinséir i gceist anseo freisin. Tá téamaí á plé ag an údar atá tábhachtach sa lá atá inniu ann. Mar shampla, an féidir plota a ghoid ar chor ar bith – cad iad na rialacha ag baint leis sin? Níl sé éasca an cheist sin a fhreagairt i ré an idirlín agus na meán sóisialta gan trácht ar Intleacht Shaorga.
Bhí sé an-suimiúil an tslí ar shnigh an t-údar sleachta ón leabhar samhailteach ‘The Crib’ tríd an leabhar seo freisin, ag roinnt an plota a bhí ag Evan ar dtús báire.
Mholfainn duit ‘The Plot’ a léamh, ní hamháin mar scéinséir, cé gur scéinséir maith é, ach mar phíosa litríochta freisin, a théann níos doimhne ná úrscéal bleachtaireachta ó thaobh forbairt na gcarachtar agus a phléann le téamaí tábhachtacha an aimsir seo.