Baineadh agus bainfear triail as go leor cineálacha Rialtais sa saol peacach agus brónach seo. Ní ligeann aon duine air go bhfuil an daonlathas foirfe nó críonna go hiomlán. Go deimhin, tá sé ráite gurb é an daonlathas an cineál Rialtais is measa ach amháin na cineálacha eile go léir a dtriailtear iad ó am go chéile.”

Winston Churchill

.

Córas Leochaileach

Bíonn an Daonlathas faoi bhagairt i gcónaí. Ó am go ham, tuigeadh do bhunús na ndaoine go raibh teipthe ar an gcóras leochaileach sin agus nach raibh an dara rogha acu ach iompú ar chóras éifeachtach éigin eile, a d’fhéadfadh cinneadh cinnte a dhéanamh, agus ansin go bhféadfaí an cinneadh sin a chur i bhfeidhm, beag beann ar aon duine, agus gan cur isteach ó aon duine. Tharla a leithéid, is dócha, idir an dá Chogadh Dhomhanda, nuair a thaobhaigh tíortha áirithe le córas deachtóireachta, toisc go bhfacthas do dhaoine áirithe agus do ghrúpaí áirithe sna tíortha sin go raibh gá lena leithéid, le dul i ngleic le deacrachtaí sóisialta agus polaitíochta a linne.

L’Etat c’est Moi !

Ní gá a rá go raibh córas dá leithéid i bhfeidhm i Ré na Ríthe Lánchumhachta freisin, tráth a d’fhéadfadh Rí na Fraince a dhearbhú, gurbh eisean an Stát …l’Etat c’est moi. I gcás dá leithéid, ní bhíodh de chead ag aon duine cur isteach ar chinneadh an Rí, nó bhí a chumhacht bunaithe ar an bprionsabal, gurbh ó Dhia na Glóire féin a fuair na Ríthe céanna sin a gcumhacht, agus dá bhrí sin, bhí de dhualgas ar an saoránach glacadh le reacht an Rí, ar an tuiscint gurbh ‘in toil Dé. D’imigh sin áfach, is tháinig seo, agus sa lá atá inniu ann, deamhan mórán ríthe lánchumhachtacha fágtha ar an saol seo, agus is é an Daonlathas an córas rialaithe atá i mbéal gach aon duine. Ní fhágann sin go bhfuil an córas gan locht, nó thar mholadh beirte mar, nuair a thagann an crú ar an tairne, bíonn air srianadh a dhéanamh ar shaoirse na saoránach, agus dlíthe smachtúil a reachtú, le smacht iomlán a fháil ar an daonra ar mhaithe lena bpobal. Laige eile sa daonlathas is ea go dtugann sé chuile dheis do choirpigh, agus d’antoiscigh de chuile chineál, a gceirdeanna frithshóisialta a chleachtadh faoi shúile an Stáit féin. Tagann sé dian go maith ar an gcóras déileáil leo, nó caithfidh an córas feidhmiú de réir dlí, fad is atá chuile chead ag na dreamanna eile úd, feidhmiú gan aird dá laghad a thabhairt ar na dlíthe sin. na struis sin le feiceáil go soiléir i Meiriceá faoi láthair.

Iarracht Trump a fheallmharú

Chualamar go léir an nuacht faoin iarracht Donald Trump a fheallmharú, a tharla le déanaí. Tá sé dochreidte gurb é sin an dara hiarracht é a mharú taobh istigh de dhá mhí. Ar an drochuair, ní rud nua é sin, agus bhí go leor iarrachtaí uachtaráin agus iar-uachtaráin Stát Aontaithe Mheiriceá a fheallmharú in imeacht na mblianta. Ach cén fáth a dtarlaíonn a leithéid? Níl cúis amháin i gceist. Uaireanta, ní bhíonn an feallmharfóir sásta leis a rialtas agus go háirithe leis an uachtarán. Uaireanta eile, bíonn meabhairghalar agus seachrán ar an bhfeallmharfóir. Pé scéal é, ní ceart aon pholaiteoir a mharú, is cuma cén fáth. Ní bheadh aon chóras in ann feidhmiú le fada nglacfaí le cliseadh den saghas sin, an Daonlathas san áireamh.

Dangerous Times!

Córas leochaileach is é an córas daonlathais agus tá dualgas ar an bpobal é a chosaint i gcónaí. Bíonn orthu a bheith páirteach agus gníomhach. Is gá don phobal agus dá bpolaiteoirí a gcuid easaontais a réiteach go síochánta, trí idirbheartaíocht agus trí na boscaí ballóide, in ionad trí fhoréigean. Mar is eol dúinn go léir in Éirinn, theip ar an bhforéigean aon fhadhb a réiteach i dTuaisceart na hÉireann ar feadh 30 bliain (1968-1998). Ach tar éis idirbheartaíocht dheacair idir an dá thaobh (dílseoirí agus poblachtánaigh), bheartaíodar fáil réidh leis na gunnaí, agus an bosca ballóide a úsáid ina ionad sin. D’éirigh leis an bpróiseas síochána sin agus an comhaontú ag baint leis –Comhaontú Aoine an Chéasta. Tá an tsíocháin i réim sa Tuaisceart le 26 bliain anuas agus níl deireadh déanta fós. Níl sé éasca aistriú mar sin a dhéanamh, agus ní tharlaíonn sé go minic. Sin an fáth go bhfuil cúrsaí i Meiriceá chomh dainséarach faoi láthair méadaíonn foréigean in aghaidh polaiteoirí na rioscaí go n-imeofar cúrsaí as smacht.

Solutions?

Cad is féidir a dhéanamh chun dul i ngleic leis an bhfadhb sin i Meiriceá? Gan dabht, is gá an tseirbhís rúnda a fheabhsú, agus tá an rialtas ag obair ar sin faoi láthair. Cé gur rud maith é sin, tá an rialtas ag tabhairt faoi na muilte gaoithe mura dtéann siad i ngleic leis an mbunfhadhb – airm ionsaithe. Meastar go bhfuil suas go 40 milliún dóibh i Meiriceá faoi láthair, agus níl aon rud dearfach faoi sin. Bhí cosc ar airm ionsaithe (AR-15 mar shampla) ó 1994 go 2004, ach dhiúltaigh an Chomhdháil an cosc a athnuachan ansin. go bhfuil formhór an phobail ar son an choisc, rithfeadh an reachtaíocht sa Seanad faoi láthair de dheasca nach mbeadh a dhóthain (60) seanadóirí ar a shon. B’fhéidir go bhfuil sé in am do gach seanadóir tús áite a thabhairt do leas na tíre ar a leas féin agus an rud ceart a dhéanamh. Agus ba cheart do gach polaiteoir ráitis a mhúsclódh fuath a sheachaint freisin agus dea-shampla a thabhairt dá bpobal.

.

gaGaeilge