C.E.A.R.T.A 
Is cuma liom
sa foc faoi aon gharda, 
Duidín lásta, tá mise ró-ghasta, 
Ní fheicfidh tú mise i mo sheasamh ró-fhada

Sin véarsa rapcheoil a chanann banna hip-hop ó Iarthar Bhéal Feirste darb ainm Kneecap. Má fhéachannar an scannán leis an teideal céanna cloisfidh tú an t-amhrán á gcanadh acu. Más Gaeilgeoir tú, níl an dara rogha agat ach an scannán seo a fheiceáil. Scannán tábhachtach neamhbhalbh atá i gceist, le hatmaisféar buile agus aicsean gan stad.

Tugann an scannán léiriú duairc dúinn ar an nglúin ó Iarthar Bhéal Feirste a dtugtar “The Ceasefire Babies” orthu agus ar rugadh iad tar éis Chomhaontú Aoine an Chéasta 1998. Cé nach raibh cogadh ar siúl i dTuaisceart Éireann ó shin i leith, is cosúil go bhfuil iarsmaí an uafáis sin fós le brath fada ina dhiaidh sin i mbealaí éagsúla. Feiceann tú na hiarsmaí sin go soiléir sa scannán agus baill an bhanna agus a gcomhghleacaithe fós ag déileáil le ceisteanna comhionannais cultúrtha. Cé go bhfuil an cogadh thart le fada, leanann an streachailt ar aghaidh i slí níos síochánta, i gcruth rapcheoil as Gaeilge san áireamh.

Ba rogha dhána é do bhaill Kneecap a bpáirt féin a dhéanamh sa scannán. miste cúpla aisteoir mór le rá a bheith sa scannán freisin – Michael Fassbender san áireamh.

Tháinig ábhar an scannáin nuair a bhí gluaiseacht náisiúnta ar siúl i dTuaisceart na hÉireann chun Gaeilge a chaomhnú agus chun stádas oifigiúil a fháil di. Faoi dheireadh, ritheadh acht tábhachtach i Westminster sa bhliain 2022 – ‘The Identity and Language (Northern Ireland) Act 2022’ – a thug stádas oifigiúil don teanga den chéad uair. Níl ann ach an chéad chéim i dtreo comhionannais cultúrtha dóibhsean a bhfuil an Ghaeilge mar pháirt dá gcultúr i dTuaisceart na hÉireann. Feiceann tú an streachailt díreach roimh rith an achta trí lionsa an bhanna agus a gceoil.

An Príomhphlota

Mangairí drugaí in Iarthar Bhéal Feirste iad Liam agus Naoise. Poblachtach láidir é athair Naoise (Fassbender), a d’inis dóibh go bhfuil gach focal Gaeilge labhartha mar philéar ar son saoirse na hÉireann. D’fhoghlaim siad an ceacht sin, agus anois úsáideann siad an teanga mar gléas troda in aghaidh na n-údarás. Nuair atá Liam á gceistiú ag na peelers’ (póilíní), ní labhraíonn sé ach as Gaeilge. Fostaíonn na póilíní múinteoir ceoil darb ainm JJ Ó Dochartaigh mar aistritheoir. Nuair a léann JJ a bhfuil scríofa ag Liam ina leabhar nótaí, tuigeann sé ar an bpointe go bhfuil an-ghealladh faoi Liam. Is mar sin, de thimpiste, a thosaíonn an banna.amhrán darb ainm ‘C.E.A.R.T.A.’ scríofa ag Liam agus Naoise, agus tugann JJ cabhair dóibh taifead a dhéanamh i stiúideo garbh atá aige ina gharáiste. Cuireann siad ainmneacha stáitse orthu féin, Móglaí Bap (Naoise), Mo Chara (Liam) agus DJ Próvaí (JJ), tugann siad an t-ainm Kneecap ar an mbanna, agus tosaíonn siad ag déanamh gigeanna. Gigeanna beaga ar dtús i bpubanna ina bhfuil seanleaideanna ag ól Guinness nach bhfuil a fhios acu sa diabhal cad atá ar siúl. Ach diaidh ar ndiaidh, méadaíonn an tóir ar Kneecap. Bíonn Naoise, Liam agus JJ ag snortáil agus ag caitheamh gach saghas druga agus bíonn siad i gcónaí ar tí imeacht ó smacht, ar aon dul lena n-íomhá phoiblí, mar reibiliúnaigh chultúrtha agus urlabhraithe neamhbhalbha dá nglúin sa Tuaisceart.

Fo-phlotaí

Tá cúpla scéal eile atá casta go leor fite fuaite isteach leis an bpríomhscéal.

Tá athair Naoise, Arlo, ar a theitheadh le 10 mbliana anuas. Ball de ghrúpa paraimíleata ba ea é agus bhréagnaigh sé a bhás féin chun éalú ó na húdaráis. Bíonn sé deacair do Naoise agus dá mháthair leanúint ar aghaidh agus Arlo as láthair. Ach bíonn i dteagmháil le Naoise go rúnda. ról tábhachtach ar Arlo ag an deireadh, nach nochtfaidh mé anseo.

De dheasca a gcuid liricí gáirsiúla frith-Bhreatanacha, éiríonn Kneecap conspóideach leis na póilíní, agus go háirithe leis an mBleachtaire Ellis. Níl sí sásta a fháil amach go bhfuil Liam i mbun caidrimh lena neacht Georgia, ar Protastúnach í. Tarlaíonn cúpla rud aisteacha ansin maidir le hEllis agus le Georgia, ach ní inseoidh mé níos mó anseo.

Agus ansin tá an brúghrúpa darb ainm Radical Republicans Against Drugs. Tá siadsan ag iarraidh stop a chuir leis an mangaireacht drugaí chúlsráide atá ar siúl, agus mar sin bíonn siad i gcoimhlint le Liam agus Naoise. Arís, ní nochtfaidh mé na sonraí anseo.

Conclúid

Déanann an scannán ficseanú ar stair Kneecap. Is aoibhinn liom an coincheap lárnach, is é sin baill an bhanna ag iarraidh a gcearta cultúrtha a chaomhnú agus a leathnú trí úsáid na Gaeilge páirt lárnach dá gcultúr. Ní hamháin sin, ach úsáideann siad seánra ceoil atá oiriúnach dá n-iarrachtaí hip-hop. Tá stair fhada le hamhránaithe hip-hop ag úsáid an mheáin chun fadhbanna sóisialta a léiriúN.W.A, Public Enemy, Kendrick Lamar agus Childish Gambino gan ach roinnt bheag dóibh siúd a lua. Mar sin, ní haon ionadh go bhfuil slí mhaireachtála iomarcach ag baill Kneecap cuid den phost atá ann dá leithéid de popréaltaí.

Tógann an banna cur chuige úr, cur chuige ceannródaíoch chun cearta mionteanga na Gaeilge a chur chun cinn, agus léiríonn sé sin go bhfuil an teanga beo, bríomhar agus tábhachtach, go háirithe sa Tuaisceart faoi láthair. Is páirt dá stair agus bhféiniúlacht an Ghaeilge, beag beann ar a reiligiún. Fad is a bheidh daoine óga cosúil le Liam, Naoise agus JJ ag úsáid na teanga i slite nua-aimseartha agus á caomhnú, is ábhar dóchas é dúinn go léir. Agus caithfimidne sa Deisceart – áit ina bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga oifigiúil na tíre le fada an lá ceist a chur orainn féin – an féidir linn níos mó a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn anseo?

.

gaGaeilge