M’Iarmhúinteoir Gaeilge!
Fógra: Beidh Micheál Ó’Diarmada ag tabhairt léachta ar an 16 Márta ag 7:30 p.m. i dteach tábhairne Bollards i gCill Chainnigh. Beidh sé ag díriú ar na focail Gaeilge a bhí coitianta sa Bhéarla agus é ag fás aníos. Beidh sé ag caint freisin ar an gcanúint dhifriúil sa chontae. Déanfaidh sé tabhairt freisin do chúpla amhrán Gaeilge a bhain le Cill Chainnigh agus a logainmneacha. Beidh an oíche idir shiamsúil agus fhaisnéiseach.
————————————————————————————————-
Ní raibh cliú agam ag an am, ach bheadh tionchar mór agus leanúnach ag m’iarmhúinteoir Gaeilge, Micheál Ó’Diarmada, orm le fada an lá.
Bhí ardchaighdeán Gaeilge ag gach múinteoir Gaeilge i gColáiste Chiaráin, Micheál Ó’Diarmada san áireamh. Bhí Micheál mar mhúinteoir agam sa cheathrú agus cúigiú bliain ar scoil, suas go dtí an Ardteistiméireacht.
Fear óg bríomhar ba ea Micheál ag an am. Mar go raibh sé chomh hóg sin, bhí sé in ann a dhaltaí a thuiscint go maith. Chomh maith leis sin, ba dhuine de na buachaillí é, dar linn. Cén fáth? Bhris sé an deighilt idir an múinteoir agus an dalta, rud nach bhfacthas go minic, go háirithe ag an am sin, sna seachtóidí in Éirinn. Bhain stíl thiarnúil leis an gcuid is mó de mhúinteoirí sa tír, curtha i bhfeidhm leis an tslat! Chuir an tslat teorainn chrua idir an múinteoir agus daltaí a rang. Agus rinne sé sin damáiste don chaidreamh eatarthu.
Níor úsáid Micheál an tslat riamh. Níor chuir sé pionós d’aon saghas orainn. D’úsáid roinnt mhaith múinteoirí an tslat mar mhaide croise, agus bhíodar ag brath air chun smacht a choimeád sa rang, agus chun brú a chur orainn obair baile a dhéanamh. Ach seo an rud draíochtúil agus fiú ait i slí – níor choimeád Micheál smacht orainn! Níor chuir sé brú orainn obair baile a dhéanamh, ach an oiread. Níor ghá dó mar bhí trust aige asainn agus againn as! Tá sé chomh simplí leis sin, ach cumhachtach ag an am céanna.
Sa lá atá inniu ann bíonn daltaí in ann ceisteanna a chur ar an múinteoir agus comhrá a bheith acu leis, gan srian. Ach ag an am sin, áfach, bhíodh an chumhacht go léir ag an múinteoir, agus ní raibh dalta in ann labhairt gan a lámh a ardú ar dtús chun cead an mhúinteora a fháil. Múinteoir forásach a bhí i Micheál, agus bhí sé chun tosaigh ar lucht na linne maidir le cleachtadh múinteoireachta. Bhí cur chuige cairdiúil agus ionchuimsitheach aige, agus dá bhrí sin bhí timpeallacht réchúiseach sa rang, ina rabhamar níos oscailte agus ina raibh sé níos éasca dúinn rudaí nua a fhoghlaim. Níor bhraitheamar aon bhagairt ó Micheál riamh.
Bhí acmhainn grinn an-díreach ag Micheál, rud a neartaigh an nasc eadrainn sa rang. Bhí leabhar ar an gcuraclam – Tóruigheacht Dhiarmada agus Ghráinne – nach raibh éasca a léamh ná a thuiscint. De ghnáth, bheadh sé pianmhar an leabhar sin a léamh agus plé a dhéanamh air sa rang. Ach ní raibh sé mar sin dúinn – a mhalairt ar fad. Chuir Micheál an bhéim ar an scéal féin, a phlota agus na carachtair, agus ansin tharraing sé isteach muid sa díospóireacht. D’inis sé jócanna dúinn, ag an am céanna agus a bhí sé ag míniú pointe gramadaí nó brí focail. Chuir sé ceisteanna géara orainn freisin, nach rabhamar in ann a fhreagairt gan tuiscint an ábhair a bheith againn. Chuireamar ceisteanna ar Mhicheál freisin, ar dtús chun an t-ábhar a bhí idir lámha againn a thuiscint, agus ansin chun a cheisteanna a fhreagairt. Bhíomar ag comhrá le chéile agus le Micheál go nádúrtha as Gaeilge le linn an ranga agus muid ag foghlaim na teanga labhartha ag an am céanna. Cuimhnigh nach raibh béim ar an teanga labhartha ag an am sin, agus go minic múineadh Gaeilge amhail ba theanga mharbh a bhí i gceist. Bhí fonn orainn Gaeilge a fhoghlaim, idir labhartha agus scríofa, mar eispéireas taitneamhach a bhí i gceist i gcónaí. Ní haon ionadh é, mar sin, nach raibh mórán deacrachtaí againn – daltaí Mhichíl – leis an scrúdú Gaeilge san Ardteistiméireacht. Ar son gach dalta a raibh an t-ádh air Micheál a bheith aige mar mhúinteoir, mise san áireamh – buíochas ar leith duit, a Mhichíl!