An Namhaid Laistigh

Tá gach rud iompaithe bunoscionn i Stáit Aontaithe Mheiriceá (SAM) faoi láthair, agus is mór an trua é. Ní féidir le haon tír eile muinín a bheith aici as SAM níos mó. Braitheann sé go bhfuil an tUachtarán Trump ag iompú go dtí an taobh eile – taobh na Rúise. Tá sé ag tabhairt aire na huibhe circe don Rúis, agus ag an am céanna ag tabhairt droim láimhe dá Chomhghuaillithe, an tAontas Eorpach (Éire san áireamh!), an Úcráin, Ceanada agus Meicsiceo, chun ach cúpla a lua. Beidh droch-chríoch leis an scéal seo, gan dabht ar bith.

Fiú amháin sna Stáit Aontaithe féin, tá Trump agus a mhaidríní lathaí ag caitheamh le sciar mór dá saoránaigh féin amhail gur namhaid iad. Tá a chomhghuaillí mór, Elon Musk, ag tabhairt bata agus bóthair do na mílte fostaí ag obair don rialtas, i slí atá brúidiúil agus cruálach agus, dé réir dealramh, mídhleathach freisin. Cuireann sé sin i gcuimhne dom scannán darb ainm ‘Up in the Air’, le George Clooney sa phríomhról, agus an dualgas aige bata agus bóthar a thabhairt do dhaoine ar fud na tíre. Nuair a mholann a bhas dó go mbeadh sé níos fearr a obair a dhéanamh ar ‘Zoom’ nó a leithéid, bíonn fadhb mhór aige leis an gcur chuige sin, mar tá coinsias aige.

Téann Musk cúpla céim níos faide ná seo, mar thug sé bata agus bóthar do go leor daoine ag an am céanna, le r-phost amháin. Níl bun ná barr leis atá a dhéanamh aige, agus tá go leor daoine ag fulaingt mar iarmhairt. Seo cúpla scéal pearsanta ó dhaoine a chaill a phoist fheidearálacha le déanaí.

Samantha Leach

Bhí áthas ar Samantha Leach ocht mí ó shin. Fuair sí an post a thaitin go mór léi sa Bhiúró Feidearálach Greanadóireachta agus Priontála, ag obair le foireann a raibh meas aici ar a scileanna agus a díograis.

Tháinig laghdú ar an lúcháir sin níos luaithe an mhí seo. Fuair sí amach (le r-phost) go raibh sí i measc na mílte fostaí de chuid an rialtais fheidearálaigh ar promhadh, ar bhriseadh as a bpoist go tobann iad. Cuireadh an tarcaisne i gceann na héagóra nuair a léigh sí gur theip uirthi a dualgais a chomhlíonadh sa phost. Ach fuair Samantha an rátáil is airde – cúig as a cúig, ina hathbhreithniú is déanaí maidir le comhlíonadh a dualgais.

“Bhí mé go maith, go han-mhaith ag an obair a bhí faoi chaibidil agam. Rinne mé gach rud i gceart – go litriúil! Ach in ainneoin gach rud, tugadh an doras dom. Ba mhillteanach an bhuile é sin, do dhuine cosúil liomsa nach bhfuil uaim ach a bheith san áit is dual dom, ag cur le rath an rialtais fheidearálaigh”.

Tony Ruiz

Briseadh as a phost Tony Ruiz, arb as Orange County, California é, ar 3 Feabhra, díreach deich lá sula raibh deireadh lena thréimhse phromhaidh mar Ionadaí Seirbhíse ag obair sa Roinn um Ghnóthaí Iarshaighdiúirí.

Dúirt an t-iarshaighdiúir airm míchumasach gur earcaíodh é tar éis 15 bliana san earnáil phríobháideach, chun cabhair a thabhairt d’iarshaighdiúirí maidir le héilimh shochair a bhí acu – mar shampla, cabhair le páipéarachas chun gnáthamh leighis a cheadú, nó chun céile a chur ar pholasaí. Dúirt Tony gur minic a láimhseálann sé suas le 40 éileamh in aghaidh an lae.

Bhí alltacht agus uafás air nuair a léigh sé ina litir foirceanta go raibh caighdeán a oibre do-ghlactha. I mí Lúnasa seo caite, bhí Tony ar an chéad fhostaí ina rannóg a bhuaigh gradam “fostaí an ráithe”, a raibh duais airgid $1,000 ag dul leis.

“Tá tú ag insint dom (go bhfuil) duine de na fostaithe is fearr, ar bronnadh airgead air, agus a bhí ina fhostaí an ráithe …gur duine gan mhaith ná maoin mé?” ar seisean.

Bhí sé deacair do Tony fiú an teach a fhágáil ar dtús agus tá sé ag tógáil roinnt ama chun teacht chuige féin tar éis a tharla dó.

“Tá mé croíbhriste, tá mé trína chéile,” a dúirt Tony. “Ní dóigh liom go bhfuil sé seo tuillte ag aon fhostaí feidearálach Meiriceánach, go háirithe iarshaighdiúir.”

Anailís

Tá go leor damáiste déanta ag Musk agus a fhoireann don rialtas feidearálach agus a fhostaithe. Chonaiceamar Musk ar an stáitse le sábh slabhrach ag taispeáint cé chomh dírithe is atá sé ar bhearta costchiorraithe sa rialtas. Is dóigh gur sháraigh Musk a údarás agus gur sháraigh sé dlíthe a thugann cosaint d’fhostaithe feidearálacha. Dhírigh sé ar an FAA (Údarás Eitlíochta feidearálach), USAID (Gníomhaireacht na Stáit Aontaithe um Fhorbairt Idirnáisiúnta) agus NASA (Riarachán Náisiúnta Aerloingseoireachta agus Spáis), fiú ag iarraidh USAID a dhúnadh. Bíonn Musk á iompar féin amhail is gur cuid dá ghnólachtaí é rialtas SAM. Ach níl an rialtas ann chun brabús a dhéanamh, ach ar mhaithe pobal na tíre.

Níl airí Trump sásta le cúrsaí mar atá siad faoi láthair agus Musk ag cur a ladar ina ngnóthaí. Cé gur thug Musk an bhróg do go leor daoine, is ar na hairí amháin atá an fhreagracht pholaitiúil as a ndearna sé. Bhí cruinniú teasaí sa teach bán le déanaí, le Trump, a airí agus Musk sa seomra. Bhí argóint mhór idir Musk agus cúpla Rúnaí, agus go háirithe an Rúnaí Stáit Marco Rubio, a bhfuil USAID faoina cheannas. Rinne an cinneadh ansin nach mbeadh Musk in ann an bóthar a thabhairt go díreach d’fhostaithe feidearálacha níos mó. Cuirfidh sé moltaí chun cinn ar an ábhar, ach beidh an chumhacht ag na hairí iad a ghlacadh nó a dhiúltú.

Coimhlint cumhachta atá ar siúl, idir Musk agus airí Trump. Buaileadh buille ar Musk leis an gcinneadh ina mbeidh sé ina mholtóir gan cumhacht gníomhaithe aige. Ach ní buille maraithe é sin fós, agus ceapaim nach ngéillfidh Musk leis gan troid. Ach ba cheart go mbeadh an chumhacht ag airí Trump, agus mar sin is dóigh go dtabharfaidh siad an lá leo. Gan dabht, tá an tóin ag titim as plean Musk, agus é féin agus Trump go muineál i gcásanna dlí. Chomh maith leis sin, tá míshásamh an phobail ag treisiú maidir le gníomhartha Musk. Tá sé soiléir nach mbeidh aon dúil ag Trump nó a airí dul níos faide síos an bóthar céanna. Dúirt Trump féin gur gá dóibh sceanóg a úsáid in ionad tua, mar tuigeann sé na rioscaí polaitiúla ag baint le cur chuige Musk suas go dtí seo. Tá súil agam go mbeadh ar rialtas SAM caitheamh mar is cuí leis a lucht oibre, agus go gcuirfear stad le drochíde a thabhairt do na daoine breátha ionraice sin atá mar chnámh droma an rialtais!

 

 

 

 

 

 

gaGaeilge